Day: December 6, 2025

Athrú polasaí dearfach Scoil Uí Dhálaigh, ach naimhde na Gaelscolaíochta ina aghaidh

Tá nath cainte sa Bhéarla a deir go bhfuil dhá rud cinnte sa saol, “an bás agus an cháin”. Ach, tá rud eile cinnte, is é sin go dtiocfaidh frith-Ghaelachas na meán chun cinn nuair atá an Ghaeilge i mbéal an phobail. 

Bhí an Ghaelscolaíocht i mbéal an phobail le linn ré an Tíogair Cheiltigh agus an earnáil ag fás. Nuair a d’áitigh David McWilliams go raibh an Ghaelscolaíocht ag borradh i measc na meánaicme ina leabhar The Pope’s Children: Ireland’s New Elite a foilsíodh in 2005, tháinig freagra ó na seoiníní sna meáin. 

Leag McWilliams an iomarca béime ar Ghaelscoil nó dhó i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun teacht ar an tátal gur rud meánaicmeach go príomha a bhí sa Ghaelscolaíocht.

Cé go bhfuil claonadh i dtreo na meánaicme i mBaile Átha Cliath gur chóir dul i ngleic leis, bunaíodh Gaelscoileanna i gceantair lucht oibre chomh maith. Ar an meán, tá formhór na nGaelscoileanna sa tír, thuaidh agus theas, lonnaithe i gceantair nach bhfuil chomh rachmasach sin, ach atá faoi bhun na meánlíne saibhris.

Ba chuma le hiriseoirí amhail Sarah Carey agus Kate Holmquist faoi na fíricí sin. Agus iad ag scríobh ar The Irish Times in 2008, áitíodh gur “cinedheighilt oideachasúil agus shóisialta” a bhí sa Ghaelscolaíocht.

Ó tháinig borradh nua faoin nGaeilge sna healaíona le blianta beaga anuas agus ó tugadh ardán nua don teanga sa dioscúrsa polaitiúil le feachtas uachtaránachta Catherine Connolly, tá lucht a cáinte sna meáin, leithéidí Sarah Carey agus Alison O’Connor, á nochtadh féin arís.

Seanscéal agus meirg air. Na focail atá á n-úsáid anois ná gur “teanga eisiach” í an Ghaeilge, de dheasca nach labhraíonn “an tromlach” í go laethúil, inimircigh ina measc. Imríonn “an t-eisiamh” seo leatrom ar an tromlach, a mhaítear. 

Agus bhí cuid den chur chuige sin le brath sa tuairisciú a rinneeadh san Irish Independent ar pholasaí nua Scoil Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin. Tá an Ghaelscoil tar éis tús áite a thabhairt do Ghaelcholáistí an cheantair, Gaelcholáiste Mhá Nuad go príomha, i dtaobh dhaltaí rang 6 a sheoladh ar aghaidh.

Is cosúil go raibh go leor daltaí ag roghnú dul ar aghaidh go Coláiste Chiaráin i Léim an Bhradáin, iar-bhunscoil lán-Bhéarla, atá níos gaire. 

Anois, níl Gaelcholáiste Mhá Nuad i bhfad ar shiúil ó Scoil Uí Dhálaigh. Ach léirigh taighde a rinne Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí go bhfuil tábhacht ar leith do dhaltaí freastal ar iar-bhunscoil atá logánta agus a bhfuil a gcairde ón gceantar ag freastal uirthi chomh maith.

Mar sin, tá an ceart ag Scoil Uí Dhálaigh iarracht a dhéanamh páistí a spreagadh fanacht le chéile mar dhaltaí Gaelscolaíochta agus an t-achar gairid taistil a thabhairt orthu féin le dul go Má Nuad.

I roinnt mhaith ceantar níl aon chomhthuiscint idir na Gaelscoileanna agus an Gaelcholáiste i dtaobh iarracht a dhéanamh daltaí a sheoladh ar aghaidh go leibhéal na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Uaireanta baineann seo le fealsúnacht an phríomhoide sa Ghaelscoil nár cheart cur isteach ar rogha an tuismitheora. In amanna eile baineann sé le heaspa comhréitigh idir na príomhoidí ag an dá leibhéal. 

Tá ceantair atá an-mhaith ag cur daltaí ar aghaidh idir an dá leibhéal Gaelscolaíochta, Mar shampla i gCeatharlach tuairiscítear go dtéann 100% de dhaltaí ó Ghaelscoil Eoghan Uí Thuairisc ar aghaidh go Gaelcholáiste Cheatharlach.

Tá an Gaelcholáiste úd sách láidir de bharr an pholasaí seo, murab ionann agus ceantair eile ina bhfuil líon na ndaltaí sa Ghaelcholáiste áitiúil níos laige.

Seachas tuairisciú ar an athrú polasaí i Scoil Uí Dhálaigh ar bhealach dearfach, chinn an Irish Independent an cheannlíne “Cuireann Gaelscoil i gCill Dara cosc ar iar-bhunscoil lán-Bhéarla cuairt a thabhairt ar dhaltaí rang a 6”. Fuair an nuachtán greim ar litir ó phríomhoide Choláiste Chiaráin, Mark Neville, a luaigh go raibh “díomá ollmhór” air faoin athrú polasaí. 

Sa mhullach air sin, luaigh Neville gur “theastaigh uainn tuismitheoirí Scoil Uí Dhálaigh a chur ar a suaimhneas … go bhfuil fáilte roimh dhaltaí uile Léim an Bhradáin chuig ár scoil agus go bhfuil meas againn ar rogha clann rochtain a fháil ar a scoil phobail áitiúil”.  

Dár ndóigh is córas iolrach atá sa chóras oideachais sa stát sé chontae fichead a thugann rogha do thuismitheoirí. Ach tagann cineál iolrachais Neville salach ar chur chun cinn na Gaelscolaíochta ar chóir tús áite a thabhairt dó ar bhonn athbheochana agus díchoilínithe.

Tháinig an t-iolrachas chun cinn nuair a caitheadh an athbheochan agus díchoilíniú i dtraipisí sna 1960í. An toradh air sin ná go bhfuil imeallú déanta ar an nGaeilge agus ar an nGaelscolaíocht sa chóras oideachais, agus go mbíonn ar thuismitheoirí troid go fíochmhar lena n-aghaidh.

Ainneoin fhoilsiú pholasaithe nua na Roinne Oideachais le coicís anuas is léir nach mbeidh athrú mór ar an gcur chuige imeallaithe sin. Níl an Roinn Airgeadais, atá i gceannas ar na ranna eile ó bunaíodh an stát, sásta an t-infheistiú a dhéanamh atá de dhíth chun spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, de bharr go gcosnódh sé an iomarca ar an stát. Tá leas á bhaint as an iolrachas mar leithscéal, ach is é an nualiobrálachas an bunús leis an easpa caiteachas radacach. 

Go híorónta, tá polasaí athbheochana agus díchoilínithe níos fadradharcaí ag an mBreatain Bheag, tír nach bhfuil iomlán neamhspleách. Faoin bpolasaí sin táthar sásta an caiteachas a dhéanamh agus dul in adharca le naimhde na teanga thall a bhaineann leas as an “eisiamh” agus “an t-iolrachas” chun beag is fiú a dhéanamh den tionscadal athbheochana agus díchoilínithe.