Tá comhghuaillíocht lena n-áirítear an scothdeis in Aotearoa (“An Nua Shéalainn”) tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla.
Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí d’impigh feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.
Bhí ar na Maoraigh troid ar feadh na nglúnta chun a dteanga a chosaint. Ní raibh an Béarla riamh i mbaol. Ó 1847 ar aghaidh cuireadh cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionóis fisiciúil — rud a rinne dochar síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.
In 1900 tháinig os cionn 90% de pháistí Maorach isteach ar scoil ina chainteoirí dúchasacha. Faoi 1984 bhí an figiúr sin tite go 2%. Mar fhreagra bunaíodh Kaupapa Māori: Te Kōhanga Reo agus Te Kura Kaupapa Māori — iarrachtaí ón mbun aníos chun an teanga a athbheochan.
Is cuid de phátrún domhanda é seo: stáit choilíneacha i gCeanada, SAM, an Astráil, Iosrael, an Ind, san Eoraip, agus sna tíortha Ceilteacha ag léiriú cumhacht teanga lucht an choilínithe arís eile.
Roinnt blianta ó shin d’eagraigh Misneach imeacht darbh ainm “I dTreo an Díchoilínithe” ag a labhair an fhile Maorach Vaughan Rapatahana. Ghlaoigh sé “a many headed hydra” ar an mBéarla, mar léiriú ar ollchumhacht dhomhanda na teanga.
Agus an caipitleachas ag cliseadh os ár gcomhar, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mhionlaigh.
Is iad feidhm na n-ionsaithe seo ná dallamullóg a chur ar an mórphobal faoi chúis formhór a gcuid fadhbanna — an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil.
