Day: September 6, 2026

Misneach i gCathair Ard Mhacha

Sheol Rúnaí Ginearálta Misneach, an Dr. Kerron Ó Luain, a leabhar ar stair na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Ard Mhacha le déanaí, i gCathair Ard Mhacha ar dtús agus ansin i bPort an Dúnáin in Ionad Dhroim Chrí.

Rinne sé cur síos ar iarrachtaí gluaiseacht na Gaelscolaíochta córais oideachais agus meon na tíre a dhíchoilíniú le leathchéad bliain anuas.

Tá Misneach buíoch as an gcuireadh an leabhar a sheoladh sa cheantar agus seolann muid dlúthpháirtíocht do mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh ach go háirithe agus na Fir Bhuí ag bagairt an tseicteachais chaithréimigh orthu arís – léiriú eile ar an ngéarghá próiseas an díchoilínithe a chur thar abhainn ina iomláine agus deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann.

Beidh an leabhar á sheoladh i mBÁC ar an 1ú Deireadh Fómhair. Tuilleadh sonraí le fógairt i rith na seachtaine!