Category Archive : Ailt Staire

Shadia Abu Ghazaleh, 1949-1968

Rugadh Shadia Abu Ghazaleh ar an 8 Eanáir 1949 in Nablus, a bhí faoi riail na hIordáine ag an am. Fuair sí a hoideachas ag Scoil Fatimid do Chailíní agus ina dhiaidh sin ag Scoil Al-Aishinyah. Is ann, le linn na 1960í, a chuaigh sí isteach i nGluaiseacht Náisiúnach na nArabach (GNA). Fiú agus í óg bhí dúisithe go polaitiúil agus tiomanta saoirse a bhaint amach dá thír dhúchais.

In 1966 bhog sí go Caireo na hÉigipte chun staidéar a dhéanamh ar an tsocheolaíocht agus an tsíceolaíocht ag Ollscoil Ain Shams, a bhí i bPoblacht Aontaithe na nArabach an tráth sin. Ach i ndiaidh d’Iosrael forghabháil a dhéanamh ar an mBruach Thiar le linn Chogadh na Sé Lá in 1967, chinn Abu Ghazaleh filleadh ar an mbaile. 

Theastaigh óna chlann go bhfanfadh sí slán i gCaireo ach roghnaigh sí an streachailt ina n-áit sin. Agus í ar ais in Nablus lean sí ar aghaidh ag staidéar in Ollscoil An-Najah, ach faoin am seo bhí sí ag iompú níos mó i dtreo na frithbheartaíochta. 

Go luath ina dhiaidh sin ghlac sí ballraíocht leis an eagraíocht nuabhunaithe, an Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne (FPSP). D’éirigh an eagraíocht úd as iarbhaill de chuid an GNA a thuig go raibh deireadh tagtha leis an bPan-Arabachas agus go gcaithfeadh Palaistínigh troid ar a son féin trí mhodh na láimhe láidre.

Ba ghearr go raibh Abu Ghazaleh i measc baill ceannaireachta an FPSP agus bhí sí i measc na gcéad mná a bhí mar fedayeen (trodaithe ar son na saoire) sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil. D’eagraigh sí buíonta míleata agus bhí sí ina cheannaire in eachtraí míleata, rud a léirigh briseadh iomlán ó ról traidisiúnta na mban sa Phalaistín mar chúramóirí clainne.

Chreid sí in aontacht an streachailte pholaitiúil, cultúrtha agus armtha; gluaiseacht amháin uileghabhálach ar son na saoirse. Léig sí béim ar an eagrúcháin comhchoitinn, an t-oideachais, agus an disciplín straitéiseach. Chaithfeadh eagraíocht a bheith soiléir ar chúrsaí polaitiúil agus ina chultúr réabhlóideacha sula dtabharfaí faoi ghníomhartha armtha, dár le Abu Ghazaleh.

Ar an 28 Samhain 1968, agus gan í ach naoi mbliana déag d’aois, fuair Abu Ghazaleh bás nuair a phléasc buama a bhí á réiteach aici ina theach. Ba í an chéad mhairtíreach baineannach de chuid an FPSP í. Ainmníodh iar-bhunscoil in Gaza ina dhiaidh in 2014. I mí na Nollag 2023 thuairisc Al-Jazeera go ndeachaigh Airm Iosrael i mbun áir ar pháistí agus mná sa scoil nuair a scaoil siad leo. Tháinig gaolta iad siúd a maraíodh ar seachtar corpán i dtrí sheomra ranga éagsúla.

Mar sin féin, in ainneoin an slad, tá dóchas le brath fós sa ghlúin óg a mhaireann sa Phalaistín, atá go fóill i mbun oideachais, i mbun streachailte, agus iad ag samhlú agus ag obair i dtreo saol saor ón leatrom, mar a shamhlaigh Abu Ghazaleh.

Tomás Osborne Dáibhís agus forbairt an coinsias náisiúnaigh

Rugadh Tomás Dáibhís (1814-45), a bhí ina Éireannach Óg, file, agus iriseoir, i Mala, Co. Chorcaí. Ba é an mac is óige le James Thomas Davis, máinlia míleata de shliocht Breathnach agus Sasanach, agus Mary Atkins, a bhog ar ball go Baile Átha Cliath, áit ar cheannaigh sí teach ar Shráid Bhagóid.

Cé gur mhaígh muintir a athar go raibh siad go hiomlán Sasanach, b’iníon le hÓ Suilleabháin Beara a shin-seanmháthair, rud a dhearbhaigh a oidhreacht Ghaelach. Seans maith go raibh Dáibhís, tríd an nasc sin le muintir Uí Shuilleabháin, gaolta le Dónal Ó Conaill, cé nach raibh a fhios ag ceachtar acu. Agus é óg chaith Dáibhís a shaoire i dTeampall Doire i gCo. Thiobraid Árann, ceantar ina raibh cuimhne láidir ar 1798 agus an Ghaeilge fós i réim ann.

Níor thiontaigh Dáibhís i dtreo náisiúntacht na hÉireann de splanc nó thar oíche. Ach i dteannta grúpa beag mac léinn Protastúnacha agus Caitliceach i gColáiste na Tríonóide chabhraigh sé le hathréimniú coinsias náisiúnta na hÉireann i dtreo deireadh na 1830í.

Ghlac sé ról an uachtaráin ar chumann staire an choláiste agus d’fhorbair sé a smaointe i dtrí léacht thábhachtacha. Cé nár úsáid sé an focal “náisiúnachas” riamh, ba é an cur síos a bhí aige ar an náisiúntacht ná aontas idir Éireannaigh beag bean ar a gcúlraí agus nasc láidir acu lena bhfód dúchais. 

Níor mhór don náisiúntacht seo “neamhaird a dhéanamh den tsainaicme agus a bheith saor ó pháirtithe”, agus a bheadh ionadaíoch ar gach “cine” (an focal “race” a tuigeadh mar “pobal” an t-am sin, rud nach dtuigeann faisistithe an lae inniu) sa tír.

Ní fhéadfadh an náisiúntacht seo a bheith “Ceilteach ná Sacsanach – níor mhór dó a bheith Éireannach”. Ainneoin claontachtaí agus laigí intleachtach Choláiste na Tríonóide, is ann a forbraíodh an idéal is láidre agus is stuama de náisiúntacht na hÉireann sa ré nua-aimseartha.

Rinne Dáibhís staidéar ar an dlí i Londain in 1838, chuaigh sé ar shiúlóidí sa Bhreatain Bheag, agus glacadh leis mar abhcóide an bhliain chéanna. Ach níor chloígh sé leis an dlí agus níor fhág sé Éire arís.

Níl bun ná barr leis gur ghlac sé, mar a maíomh ar ball, leis an náisiúnachas rómánsach Gearmánach agus Francach chuige féin agus é ag taisteal ar an Mór-Roinn. Baineadh leas as an miotas seo chun beag is fiú a dhéanamh de na hÉireannaigh Óga mar dhream a bhí idéalach rómánsach agus a bhí faoi thionchar tíortha iasachta.

Idir 1839 agus 1843 scríobh Dáibhís prós agus véarsaí do The Citizen, iris i mBaile Átha Cliath a bhí báúil do na Fuigeanna ach a léirigh gnéithe de náisiúntacht na hÉireann. Bhí meas aige ar pharlaimint Grattan ach chuir sé as dó mar ba léir, ar sé, “nár caitheadh an tsaoirse a buadh i dtraipisí chomh héasca ariamh”, rud a chinntigh go rithfí Acht an Aontais i ndiaidh Éirí Amach 1798.

I dtaobh cheist na talún, ba cheist “beatha nó bás don chosmhuintir” a bhí ann. Chuir tiarnaí talún neamhláithreacha as go mór do Dháibhís. “Is ann d’Éirinn, agus tá na milliúin ag saothrú ar son uasaicme ghallda fad is a lobhann an chosmhuintir ar a dtailte dúchasacha”

Idir na blianta 1842 agus 1845 ba é The Nation príomhnuachtán tuairim pobal na hÉireann. Bhí Cathal Gabhánach Ó Dubhthaigh ina eagarthóir agus ba é Dáibhís an príomhscríbhneoir. In amanna scríobhadh é nach mór 15,000 focal an eagráin. I mbailéid ar nós The West’s Asleep (1843) agus A Nation Once Again (1844) agus ina phrós láidir ar chúrsaí polaitíochta, ealaíona, talmhaíochta, eacnamaíochta agus cúrsaí eachtracha, chuir Dáibhís smaointe faoi bhráid an phobail a raibh sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar an náisiúntacht Éireannach agus saoirse a bhaint amach.

Bhí an míleatachas mar théama lárnach ina chuid filíochta, i measc téamaí eile. In A Song for the Irish Militia (1845), scríobh sé gurb é “claíomh an tsaighdiúra amháin is féidir an síol a cuireadh go cróga a bhaint”. Ach níor chreid sé sa mhíleatachas gan chiall ná gan straitéis agus rinne sé achainí ar dhaoine a bheith críonna, foighne a bheith acu agus láidreacht a léiriú tríd an disciplín;

“Ní crógacht ná cruach amháin, áfach,

A chuirfeas ríl ar an Sasanach;

Ach saíocht, obair ó lá go lá,

Go dtiocfaidh barrachas an ghrá”

Tháinig na hÉireannaigh Óga le chéile thart ar Dháibhís sna 1840í. Ina measc bhí Ó Dubhthaigh, Seán Mistéil, Liam Mac Gabhann Ó Briain agus daoine eile nach iad. D’fhógair Dáibhís gurb é “Ourselves Alone” manna an ghrúpa.

Chuaigh Dáibhís in adharca le hÓ Conaill agus an tArd-Easpag Seán Mac Éil ar cheist na gcoláistí tuata faoi úinéireacht an stáit. Chreid na Caitlicigh chráifeacha gur “coláistí neamhdhiaga” a bheadh iontu. Ach dár le Dáibhís ba bhunús riachtanach den náisiúntacht ionchuimsitheach é an t-oideachas imeasctha.

Ní raibh spéis ag Dáibhís óráidí a thabhairt ná a bheith ina cheannaire agus chreid sé go raibh cumhacht níos mó sa pheann ná san óráidíocht. Scríobh sé tuairiscí cuimsitheacha ar cheist na talún, an oideachais agus chumhacht mhíleata impireacht na Breataine. Scríobh sé ar son bhorradh na litríochta Éireannaí, chaomhnú na Gaeilge (ainneoin nach raibh sé líofa é féin), agus athbheochan ar thraidisiún ealaíona na meánaoiseanna. 

De dheasca na tréaniarrachta bhí sláinte Dháibhís imithe in olcas faoin mbliain 1845. Ina óráid dheireanach labhair sé ar son athmhuintearas sa ghluaiseacht ar son Reipéil a bhí scoilte idir Éire Óg agus Éire Aosta, an dream a d’fhan dílis d’Ó Conaill, faoin tráth sin. I mí Lúnasa scríobh sé eagarfhocal a cháin “forlámhas na ndéantúsóirí” agus tíorántacht lucht an rachmais ar lucht oibre Shasana.

Fuair sé bás roimh a 31ú breithlá. Bhí slua ollmhór agus tírghráthóirí na hÉireann i measc an tslua a lean a chónra thar bhochtáin na Saoirsí a bhí i mbun caointe go Reilig Chnoc Iaróm.


Bunú Scoil Éanna, an 8 Meán Fómhair 1908

Rinne Pádraig Mac Phiarais cáineadh géar ar an gcóras oideachais coilíneach in Éirinn, na scoileanna náisiúnta, ina phaimfléid The Murder Machine. Ba chóras é, dár leis, a chuir cos ar bolg ar spiorad na ndaltaí agus a bhrú an teanga agus cultúr go leataobh. An réiteach air seo ná córas oideachais a bhunú a raibh sé mar “sprioc cabhrú leis an bpáiste a bheith ina leagan is macánta agus is fearr de féin”.

D’fhorbair spéis an Phiarsaigh san oideachas as an dual a bhí aige in athbheochan na Gaeilge. Bhunaigh sé Scoil Éanna ar an 8 Meán Fómhair 1908 ag Teach Fhiodh Cuillinn in Raghnallach. Ghlac an Piarsach ról an phríomhoide agus bhí Tomás Mac Donnchadha in éineacht leis mar leas-phríomhoide.

Ar lá a oscailte bhí dhá scór dalta ag freastal ar an scoil, ach chuaigh sin i méid agus faoi dheireadh na bliana bhí an ceithre scór ann. D’fhás na huimhreacha ar bhonn leanúnach idir 1908 agus 1909. D’áitigh an Piarsach in 1909 nárbh ann do bhuachaill sa scoil “nach dtagann ó theach ina bhfuil traidisiún an tsaothraithe ar son na hÉireann, traidisiúin litríochta, scolártha nó seirbhís pholaitiúil”.

Tionscadal clainne a bhí i Scoil Éanna ar bhealaí go leor. I measc na mball foirne bhí: Liam Mac Phiarais, deartháir le Pádraig, a mhúin ealaíon; Mairéad Nic Phiarais, deirfiúr leis, a mhúin an Fhraincis; agus Máire Bhríd Bean an Phiarsaigh, máthair na clainne, a mhúin ceol. Chabhraigh an bheirt bhan le cúrsaí riaracháin chomh maith sna blianta tosaigh.

Cruthaíodh atmaisféar clainne, neamhinsititiúideach, a d’fheil do na buachaillí “lácha agus leochaileacha”. B’inspioráid traidisiún Gaelach an altramais don Phiarsach. Shamhlaigh sé an scoil mar mhacasamhail de chór buachaillí Eamhain Macha. Tagraíodh do Chú Chulainn chomh minic sin sna ranganna go ndúirt na buachaillí, agus iad ag magadh, gur “ball foirne dofheicthe” a bhí sa laoch Fiannaíochta.

Roghnaíodh an “an modh díreach”, bunaithe ar mhodh a bhí á úsáid sa Bheilg, mar mhodh múinte. Is é bunús an mhodha ná go dtumtar sa teanga an dalta agus go bhfoghlaimítear an teanga tríd an gcomhrá, an gníomh agus ábhar múinte físiúil.

Mar sin ba é Scoil Éanna an chéad scoil tumoideachais, an chéad Ghaelscoil. Níor múineadh ach na hábhair eolaíochta, nach raibh an téarmeolaíocht Ghaeilge forbartha iontu go fóill, trí Bhéarla. Ba é “neart in ár lamhaibh, fírinne in ár dteangthaibh, glaine in ár gcroíthe”.

Bhain an scoil cáil amach go sciobtha as na drámaí a léiríodh ann. Léiríodh saothar de hÍde agus Standish O’Grady. Agus d’fhreastail pearsanra cultúrtha mór le rá, leithéidí Eoin Mhic Néill, Úna Ní Fhaircheallaigh, Éamoin Uí Mháirtín, Mháire Ní Éideáin, agus W.B. Yeats, ar na drámaí. Scríobh an Piarsach drámaí ar nós Mac-Ghníomharta Chúchulainn chun idéalacha gaisciúla a spreagadh i measc na ndaltaí. Nascadh an lúthchleasaíocht agus an corpoideachas le neart an náisiún. Ar ball thosaigh Con Colbert ag baint leaa as an modh druileála Sualannach a leag an bhéim ar an disciplín agus ar mháirseáil.

Fás, forbairt agus láthair nua

Faoin scoilbhliain 1909-10 bhí 130 dalta ag freastal ar an scoil agus bhraith an Piarsach go raibh Teach Fhiodh Cuillinn róbheag. In 1910 bhog Scoil Éanna chuig an Eirmeatáiste, teach a tógadh san ochtú haois déag, in Ráth Fearnáin, a bhí amuigh faoin tuath an tráth sin agus caoga acra de choillte, páirceanna agus uisce thart air.

Bhí baint ag Roibeárd Emmet leis an áit; rud a spreag na daltaí. Spreagadh na daltaí i dtaobh an nádúir de chomh maith agus chaith siad am ag faire ar an nádúr, ag fás plandaí i gcuibhrinn sa ghairdín, agus eiseamail a bhailiú d’iarsmalann na scoile gan “rudaí fiáine” a ghortú.

Nuair a bhog na buachaillí go Ráth Fearnáin osclaíodh Scoil Íde do chailíní i dTeach Fhiodh Cuillinn, agus reáchtáladh é ar na prionsabail chéanna le Scoil Éanna.

Múinteoirí agus curaclam

Tháinig léachtóirí mór le rá, ina measc Alice Stopford Green, Dubhghlas de hÍde, Edward Martyn, Sarah Purser, Eoin Mac Néill agus W.B. Yeats, chun léachtaí a thabhairt. I measc na múinteoirí bhí Pádraic Colum, William Clarke, Joseph Carroll, Dr Patrick Doody, Tomás MacDomhnaill, Michael MacRuaidhrí, Standish O’Grady, agus Michael Smithwick. 

D’fhoilsigh na daltaí a n-iris féin, An Scoláire, agus chuaigh siad i mbun staidéir ar réimse leathan ábhar lenar áiríodh an gharraíodóireacht agus an Éigipteolaíocht. Ach i ndiaidh don scoil bogadh thit líon na ndaltaí. I 1910-11 bhí seachtó dalta i Scoil Éanna, ach i ndiaidh 1912 ní raibh níos mó ná seasca dalta ann. In 1915, bliain roimh an éirí amach, ní raibh ach ocht mbuachaill agus fiche thar cheithre bliana déag d’aois a d’fhan don dá théarma.

Bhí an Piarsach gafa i ndiaidh 1912 leis an bpolaitíocht réabhlóideach agus, anuas air sin, bhí deacrachtaí airgeadais ag an scoil; ba iad seo an dá phríomhchúis leis an meath a tháinig ar líon na ndaltaí i Scoil Éanna.

Éirí Amach 1916

Bhí tionchar ollmhór ag an scoil ar chúrsaí in 1916. Chomh maith leis deartháireacha Mhic Phiarais agus Tomás Mac Donnchadha, mhúin Éamon Ceannt agus Con Colbert sa scoil. Ghlac cúig dhalta dhéag páirt san éirí amach. Ina measc bhí leithéidí Dheasún Uí Riain, a throid in Ard-Oifig an Phoist agus a bhí ina údar ar ball, agus Sheosamh Mhic Shuibhne, naoscaire in Ard-Oifig an Phoist a cuireadh i ngéibheann in Frongoch ar ball.

I ndiaidh an Éirí Amach ghlac na Sasanaigh seilbh ar an Eirmeatáiste. D’athoscail Máire Mhic Phiarais an scoil arís i dTeach Fhiodh Cuillinn, agus d’fhill siad ar Ráth Fearnáin in 1919. Chaith Seosamh Mac Donnchadh seal gairid mar phríomhoide sular gabhadh é. Níorbh fhear gnó a bhí sa Phiarsach agus bhí an scoil i sáinn airgeadais sna blianta i ndiaidh dó a bheith curthua chun báis. D’ainneoin iarrachtaí na clainne dúnadh an scoil in 1935. 

Fágadh an Eirmeatáiste le hoidhreacht ag an Seanadóir Mairéad Nic Phiarais. Nuair a bhásaigh sise in 1969 fágadh an láthair ag an stát. Is iarsmalann atá i Scoil Naomh Éanna sa lá atá inniu ann. Agus tá Gaelscoil Lios na nÓg, a bunaíodh in 1996, lonnaithe i dTeach Fhiodh Cuillinn.

An samhlódh an Piarsach, a d’fhág oidhreacht na Gaelscolaíochta againn agus é ag obair faoi riail Shasana, go mbeadh stráicí móra de stát na sé chontae fichead gan Ghaelscoil, agus contaetha iomlána gan Ghaelcholáiste, 104 bliain i ndiaidh “neamhspleáchas” a bhaint amach?

Scoil Éanna: freagra radacach an Phiarsaigh ar oideachas coilíneach Shasana, 8ú Meán Fómhair 1908

Rinne Pádraig Mac Phiarais cáineadh géar ar an gcóras oideachais coilíneach… “an meaisín dúnmharaithe”. Ba chóras é a chuir cos ar bolg ar spiorad na ndaltaí agus a bhrú an teanga agus cultúr síos.

Bhunaigh sé Scoil Éanna ar an 8 Meán Fómhair 1908 ag Teach an Chuillinigh in Raghnallach. Ghlac an Piarsach ról an phríomhoide agus bhí Tomás Mac Donnchadha in éineacht leis mar leas phríomhoide.

Ar lá a oscailte bhí dhá scór dalta ag freastal ar an scoil, ach chuaigh sin i méid agus faoi dheireadh na bliana bhí an ceithre scór ann. Tionscadal clainne a bhí ann: Liam, Mairéad agus Máire Bhríd ar an bhfoireann.

Chruthaíodh atmaisféar clainne. Bhí Cúchulainn mar “bhall foirne dofheicthe”. Roghnaíodh an modh díreach; tumoideachas iomlán. Ba é Scoil Éanna an chéad Ghaelscoil!

Tháinig cáil ar an scoil as a drámaí gaisciúla agus a spiorad réabhlóideach. Spreag saothair agus teagasc an Phiarsaigh idéalachas, misneach agus dílseacht don náisiún i measc na ndaltaí.

Bhí an lúthchleasaíocht agus an disciplín lárnach i Scoil Éanna. Mhúin Con Colbert druileáil agus máirseáil; ullmhúchán fisiciúil agus intinne don ghlúin réabhlóideach a bhí ag teacht chun cinn.

Bhog an scoil go dtí an Eirmeatáiste i Ráth Fhearnáin in 1910; láthair a raibh baint ag Roibeárd Emmet leis. Spreag an nasc stairiúil seo tuiscint réabhlóideach i measc na ndaltaí.

Bhí tionchar ollmhór ag Scoil Éanna ar Éirí Amach 1916. Mhúin Ceannt agus Colbert ann; ghlac cúig dalta dhéag páirt san éirí amach. Ba lárionad réabhlóideach í an scoil.

An shamhlódh an Piarsach go mbeadh stráicí móra de stát na Sé Chontae Fhichead gan Gaelscoil, agus contaetha iomlána gan Gaelcholáiste, 104 bliain i ndiaidh “neamhspleáchas”?

Gwynfor Evans, fathach náisiúnach na Breataine Bige, 1912-2005

Beidh mórshiúl neamhspleáchais ag YesCymru in Aberystwyth sa Bhreatain Bheag ag deireadh na míosa, an 26 Meán Fómhair.

Tá borradh faoi náisiúnaigh na tíre ó bhuaigh Plaid Cymru toghchán stairiúil don Senedd thiar i mí na Bealtaine. 

Is cinnte go bhfuil tionchar ag polaitíocht na Ríochta Aontaithe trí chéile ar theacht chun cinn na náisiúnach sa tír. Le siléigeacht agus meath Pháirtí an Lucht Oibre a chuir chun cinn clár nualiobrálach ar feadh na mblianta fágadh rogha lom don tír: páirtí forásach mar Plaid Cymru nó páirtí antoisceach frith-Bhreathnach cosúil le hAthchóiriú. Is é an rogha seo a thug cúrsaí go cnámh na huillinne agus a thug an bua do Plaid Cymru sa deireadh. Fúthusan a bheidh sé anois beart a dhéanamh de réir briathair agus leas an ghnáthdhuine sa tír a chosaint.

Ach níorbh é teacht in inmhe Farage amháin ba chúis le borradh Plaid Cymru. Ar feadh breis agus leathchéad bliain tá obair mhall ar bun ag an bpáirtí dul chun cinn a dhéanamh i measc an phobail. Rugadh duine de chinn feadhna Plaid Cymru, Gwynfor Evans, an tráth seo bliana, ar an 1 Meán Fómhair 1912. 

Bhí Evans, Plaid Cymru agus gluaiseacht neamhspleáchas na Breataine Bige fite fuaite san fhichiú haois. Bhuaigh Evans fothoghchán tar éis bhás duine de na daoine ba thábhachtaí sa tréimhse sin, Megan Lloyd-George, iníon leis an iar-phríomhaire Liobrálach David Lloyd George.

Deir an gníomhaire agus amhránaí mór le rá Dafydd Iwan faoi Evans, “gan Gwynfor Evans i gceannas ar Plaid Cymru seans nach mhairfeadh an páirtí chun na buanna toghchánaíochta a baineadh amach ar ball a bhaint. Bhí tionchar nach beag ar chúrsaí níos leithne ná polaitíocht pháirtí.”

Le linn an fheachtais olltoghchánaíochta in 1979 gheall Margaret Thatcher i bhforógra na dTóraithe go mbunóidís bealach teilifíse Breathnach. Laistigh de bhliain, bhí an gealltanas caite ar leataobh ag na Coimeádaithe. Ní raibh Evans sásta scaoileadh leo agus ligean dóibh dul siar ar an ngealltanas agus chuaigh sé ar stailc ocrais chun brú a chur ar an rialtas.

Dar ndóigh bhí cáil amach ar Thatcher as bheith stuacach. Bhraith daoine nach ngéillfeadh sí d’éileamh Evans go gcoinneofaí an gealltanas. Léiríonn comhaid ó chruinnithe rialtais an ama go raibh buairt uirthi “dá ngeallfaimis ar an gceist seo, an dtabharfadh daoine eile dúshlán dúinn chomh maith? Nach mbeimis ag tabhairt ugach do náisiúnachas na Breataine Bige?”

Ach ghéill an rialtas sa deireadh. D’fhógair an Rúnaí Baile Willie Whitelaw go mbunófaí S4C, agus seoladh an bealach teilifíse ar deireadh in 1982.

Bhí idé-eolaíocht láidir idir-Cheilteach ag Evans chomh maith agus bhí sé ina bhall den Chonradh Ceilteach ar feadh na mblianta. Feictear an friotal seo a leanas uaidh á roinnt ar na meáin shóisialta go mion minic:

“Is éard is brí go polaitiúil leis an mBriotanachas ná Sasanachas a chlúdaíonn na hAlbanaigh, na Breatnaigh agus na hÉireannaigh i gcultúr na Sasanach”.

Na Sandinistas agus gníomh an Pháláis Náisiúnta, Lúnasa 1978

Faoi dheireadh na 1970í bhí Nicearagua i lár géarchéim thromchúiseach. Bhí ríshliocht Somoza, le tacaíocht SAM, i gceannas trí smacht a choinneáil ar an nGarda Náisiúnta. Bhí greim ag an gclann Somoza ar fhormhór na talún agus an tsaibhris, agus bhain siad leas as an stát mar ghnó clainne. Bhí smacht géar ann ar an bhfreasúra polaitiúil, bhí an chaimiléireacht faoi bhláth agus an éagothroime as cuimse. Bhí smacht ag uasaicme bheag bídeach ar chúrsaí tráchtála agus maoine fad is a bhí formhór na Nicearaguach beo bocht.

Chuaigh cúrsaí in olcas i ndiaidh feallmharú eagarthóir La Prensa, Pedro Jaoquín Chamorro, an guth ba láidre sa tír i gcoinne Somoza. Creideadh go raibh baint ag daoine laistigh den réimeas leis an bhfeallmharú. Go dtí sin bhí codanna éagsúla den tír easaontaithe, ach i ndiaidh fheallmharú Chamorro, tháinig cumainn ghnó, an cliarlathas Caitliceach, grúpaí mac léinn, agus lucht intleachtúil a bhí ar deoraíocht le chéile in éadan Somoza. 

Bhí geilleagar na tíre ag dul go tóin poill chomh maith. Bhí fiacha an stáit ag ardú fad is a ghearr Somoza cánacha nua chun a líonraí pátrúnachta a choinneáil. Faoi lár 1978 ba bheag an dlisteanacht a bhí fágtha ag an réimeas.

Tháinig Fronta Náisiúnta na Saoirse Sandinista chun cinn sna 1960í. Ba ghrúpa treallchogaíochta Marxach iad na Sandinistas a tháinig faoi anáil gluaiseachtaí frith-impiriúlach, náisiúnacah agus réabhlóideacha sóisialta.

Throid siad cogadh treallchogaíochta ar bheagán acmhainní ar feadh na mblianta. Ach faoi 1978, bhí an t-atmaisféar sa tír tar éis athrú. Faoin tráth sin bhreathnaigh ógánaigh na cathracha, oibrithe, agus codanna den mheánaicme ar an FNSS mar an t-aon fhórsa a d’fhéadfadh deireadh a chur le riail Somoza.

Ba sa chomhthéacs seo a lainseáil an FNSS a ghníomh ba mhó go dtí sin: hníomh an Pháláis Náisiúnta, a tharla ar an 22 Lúnasa 1978. Agus iad faoi cheilt mar bhaill den Gharda Náisiúnta, chuaigh fiche-ceathair cománlach faoi cheannaireacht Edén Pastora (“Comandante Cero”) ar ruathar ar an bPálás Náisiúnta in Managua. “Fág an bealach, seo linn el Hombre”, a dúirt duine de na cománlaigh agus iad ag teacht i dtreo an pháláis. Cheap cuid den Gharda Náisiúnta gur Somoza a bhí ag teacht seachas a gcuid naimhde. 

Mharaigh na Sandanistas roinnt gardaí, gortaíodh tuilleadh, agus ghlac siad seilbh ar an bpálás ina raibh os cionn 1,500 duine. Tá an eachtra ar cheann de na heachtraí ba mhó giall i stair Mheiriceá Theas.

Bhí feisirí, oifigigh, gaolta le Somoza agus iriseoirí istigh sa Phálás faoi smacht na Sandinistas. Bhagair Pastora ar lucht tacaíochta an réimis, fad is a ghabh na cománlaigh baill foirne an rialtais. Ach ní fhéadfaidís smacht a choinneáil ar an méid a bhí ag tarlú agus d’éiligh na céadta trí fhuinneoga an pháláis. Scaoil na Sandinistas na páistí agus mná saor ina dhiaidh sin.

D’éiligh na réabhlóidithe go scaoilfí saor príosúnaithe polaitiúla, go n-íocfar airgead fuascailte, agus go ndéanfar communiqué leis an ngrúpa a chraobhscaoileadh, chomh maith le gealltanas go scaoilfí amach as an tír go sábháilte iad.

Bhí faitíos ar Somoza, agus é faoi bhrú mór go poiblí cheana féin, go ngortófaí go leor de na gialla, agus mar sin chuaigh sé i mbun idirbheartaíochta leis na Sandinistas.

Tar éis daichead a cúig uair an chloig rinne an rialtas craobhscaoileadh ar theachtaireacht na Sandinistas. D’fhág na cománlaigh go caithréimeach agus Panama mar cheann scríbe acu. Bhailigh na sluaite ar na sráideanna agus iad ag fágáil agus iad ag scairteadh “Síos le Somoza!” agus “Viva Sandinista!”.

Chuir an ruathar an lasair sa bharrach. Léiríodh laigí an réimis agus bhí cáil amach anois ar na Sandanistas. Ba thús é an ruathar a spreag réabhlóid an bhliain ina dhiaidh sin a chuir deireadh le riail éagórach Somoza.

Lily O’Brennan, Gníomhaí Chumann na mBan 1878-1948

Rugadh Elizabeth “Lily” O’Brennan i mBaile Átha Cliath ar an 20ú Lúnasa 1878. D’fhás sí aníos i gclann láidir náisiúnach a ghinfeadh daoine mór le rá i saol polaitiúil agus cultúrtha na tíre. Ba ghníomhaithe a raibh cur amach ag an bpobal náisiúnach orthu a deirfiúracha Áine agus Kathleen. Phós Áine Éamonn Ceannt, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, rud a chuir Lily ag croílár na n-eachtraí cinniúnacha i Réabhlóid na hÉireann 1916-23.

Is cosúil gur Fínín a bhí in athair O’Brennan. Le linn na hAthbheochana, chuir an chlann an O’ roimh an sloinne “Brennan”, rud a tharla in go leor cásanna ag an am. Chuir sliocht de mo chuid féin, a raibh an sloinne “Farrelly” orthu, O’ roimh a sloinne chomh maith. Gan dul ar seachrán, ach ba mhaith an rud é feachtas den sórt céanna a fheiceáil arís ach sloinnte a Ghaelú go hiomlán.

Tá zeitgeist díchoilínithe ann faoi láthair, agus d’fhéadfadh feachtas Ath-Ghaelú Chonradh na Gaeilge, ina lorgaítear coimitmint logainmneacha a úsáid, a chur in oiriúint do shloinnte. Bhí feachtais mar seo ann san am a chuaigh thart agus tá na cartlanna lán de scríbhneoirí Gaeilge ag impí ar an bpobal a n-ainmneacha Gaeilge a úsáid i bhfoilseacháin éagsúla; ach le cumhacht na meán sóisialta agus an borradh atá faoin nGaelachas faoi láthair seans go mbeadh glacadh maith lena leithéid de bheart?

Ach le filleadh ar O’Brennan. Amhail go leor den ghlúin náisiúnach seo, ba mhúinteoir í an bhean Bhleá Cliathach. Bhí sí ina drámadóir agus ina file chomh maith. D’éirigh go maith lena dráma May Eve in Stephen’s Green a léiríodh in 1912. Ach ba é an obair pholaitiúil an gad is gaire don scornach dar le O’Brennan. Bhí sí i láthair nuair a bunaíodh Cumann na mBan in Wynn’s in 1914, agus ba ghearr go raibh lámh lárnach aici mar eagraí.

Agus Éirí Amach 1916 ag teannadh léi, chabhraigh sí le trealamh a bhogadh, d’iompair sí teachtaireachtaí míleata, agus chruthaigh sí brat an Cheathrú Cathlán. Bhí sí lonnaithe ar Lána Mhuire Mhaith le linn an Éirí Amach. Gabhadh í leis an gcuid eile den gharastún sin agus coinníodh í i mBeairic Richmond agus i bPríosún Chill Mhaighneann ina dhiaidh sin. Scaoileadh amach í an lá céanna is a cuireadh a dheartháir cleamhnais, Ceannt, chun báis.

Chloígh O’Brennan leis an bpoblachtánachas i ndiaidh 1916. Bhí sí ar Ard-Chomhairle Chumann na mBan agus ina dhiaidh sin mar rúnaí ag Art Ó Ghríofa le linn idirbheartaíochta faoin gconradh.

Cé go raibh sí ag comhoibriú le toscaireacht an Chonartha Angla-Éireannaigh, thaobhaigh sí leis na hÓglaigh Frith-Chonartha le linn an Chogaidh Cathartha/na Frith-Réabhlóide. Chaith sí tréimhse ag feidhmiú le hoifig Erskine Childer sular cuireadh i ngéibheann arís í in 1922-23, áit ar ghlac sí páirt i stailceanna ocrais.

Ba náisiúnach cultúrtha díograiseach í agus scríobh sí ficsean faoin ainm cleite “Esther Graham” agus bhí lámh aici i mbunú Ghild na Scríbhneoirí Caitliceacha. Bhásaigh sí ar an 31ú Bealtaine 1948 agus thiomnaigh sí oidhreacht shaibhir ealaíon agus polaitiúil do na glúnta a tháinig ina diaidh.

Mikhail Bakunin, cuid dá shaol agus teoiric

Chuaigh Mikhail Bakunin ar shlí na fírinne an tráth seo bliana, Mí Iúil, sa bhliain 1876. Bhí Bakunin i measc mórlaochra na polaitíochta radacaí san naoú haois déag. Bhí lámh lárnach aige i mbunú theoiric an ainrialachais chomhchoitinn. Rugadh é in 1814. Ba de shliocht uaisle Rúiseach é. Ach dhiúltaigh sé dá chúlra go luath ina shaol agus do na buntáistí a bhain leis. Chuaigh sé i dtreo líonraí réabhlóideacha na hEorpa ina n-áit sin.

Thosaigh a aistear intleachtúil i measc na Hegelians-Cléacha. Ach ba ghearr gur chaith sé an fhealsúnacht theibí i dtraipisí. Bheartaigh sé dul i muinín an ghnímh dhírigh agus ghlac sé páirt sna réabhlóidí a bhí ag borradh san Eoraip le linn na 1840dí.

Bhí cáil amach air mar dhuine míleatach i ndiaidh réabhlóidí 1848-49 agus an pháirt a ghlac sé in éirí amach Phrág agus Dresden. D’íoc sé go daor as an mbaint a bhí aige leis na heachtraí sin. Gabhadh é, chaith sé tréimhsí ar deoraíocht agus na blianta i bpríosúin sa Rúis, roimh dó a bheith seolta chuig an tSibéir.

D’éirigh leis éalú ón tSibéir. Thaisteal sé tríd an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe sular fhill sé ar an Eoraip.

Dhaingnigh sé seo a stádas mar laoch i measc radacaithe na linne agus ba léir go raibh sé de mhisneach aige beart a dhéanamh de réir a chuid tuairimí polaitiúla.

Mhúnlaigh na blianta a chaith Bakunin sa tSibéir a straitéis fhadtéarmach. Thóg sé líonraí i measc na bPolannach, na Rúiseach agus na Sibéireach a bhí ar deoraíocht leis. Rinne sé staidéar ar choinníollacha na dtuathánach trí anailís a dhéanamh ar an méid a chonaic sé, agus chuir sé snas ar a theoiric gur gá don réabhlóid teacht ón mbun aníos seachas ó lucht comhcheilge éilíteach.

Ach ag croílár a theoirice áitíodh go raibh an stát leatromach, beag beann ar an dream a bhfuil smacht acu air.

Chun fíorshaoirse a bhaint amach, d’áitigh Bakunin gurb éigean comúin fheidearálacha féinrialaithe agus cumainn oibrithe a bhunú. Níor mhór na hinstitiúidí  seo a bheith eagraithe ón mbun aníos, seachas ón mbarr anuas, dar leis.

Ba shnámh in aghaidh easa agus cur amú ama an tsaoirse pholaitiúil gan an chothromaíocht eacnamaíochta i dtuairim Bakunin.

De bharr an chreidimh frith-údarásaigh seo bhíodh Bakunin in adharca le Karl Marx go minic. Chreid Marx gurb éigean stát idirthréimhseach a bhunú sula mbeadh saoirse iomlán ag an lucht oibre, ach cheap Bakunin gur leagan eile den smacht a bheadh sa mhéid sin. 

Tháinig an crú ar an tairne sa chath idé-eolaíochta áirithe seo sa Chéad Idirnáisiúntas. Sa deireadh, tugadh bata agus bóthar do Bhakunin in 1872, rud a mhúnlaigh an scoilt idir an sóisialachas Marxach agus an t-ainrialachas ar feadh na mblianta.

Tá na saothair God and the State agus Statism and Anarchy i measc na leabhar is tábhachtaí a d’fhoilsigh Bakunin. Is buntéacsanna iad go fóill dóibh siúd ar mhaith leo greim a fháil ar theoiric na n-ainrialaithe. Tá tionchar nach beag ag áitiú Bakunin ar son an ghnímh dhírigh, an díláraithe, agus an úinéireacht chomhchoitinn, ar ghluaiseachtaí go domhanda go fóill.

Bhásaigh Bakunin in Bern na hEilvéise in 1876. D’fhág sé oidhreacht shaibhir den radacachas frith-údarásach a bhfuil tionchar go fóill aige i streachailtí ar son na saoirse, an chomhionannais, agus an daonlathais ón mbun aníos.

Na hÉireannaigh i Meiriceá agus Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac, Mí Iúil 1863

Tharla Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac an tráth seo bliana, Mí Iúil, sa bhliain 1863. Bhí siad ar an gcorraíl ba mharfaí i stair na Stát Aontaithe. Fuair 105 duine bás agus rinneadh damáiste do shealúchais ar fud na cathrach. 

Ba é an tAcht um Choinscríobh don Aontas a spreag an chorraíl. Chuirfí iachall ar fhir troid ar son airm an Aontais sa Chogadh Cathartha a bhí ar bun le Cónaidhm an Deiscirt ó 1861 i leith. Ach bhí fearg ar lucht na círéibe faoi rudaí eile chomh maith. D’fhorbair na círéibeacha isteach ina éirí amach i gcoinne an údaráis fheidearálaigh, an rialtais Phoblachtaigh, agus Afrai-Mheiriceánaigh a bhí in iomaíocht leis na hÉireannaigh do na poist is measa sa chathair.

Bhí clásal san Acht um Choinscríobh a lig d’fhir shaibhre éalú ó dhul chun cogaidh trí $300 a íoc. Ní nach ionadh go raibh lucht oibre na cathrach, ach go háirithe na himircigh Éireannacha ina measc, ar buile faoin méid sin.

Bhris an foréigean amach ar an 13ú Iúil, nuair a bhailigh na sluaite lasmuigh den oifig choinscríofa sa Naoú Ceantar Comhdhála in Manhattan.

D’ionsaigh baill den “Black Joke”, fir dhóiteáin dheonacha, an oifig i ndiaidh beirt dá mbaill a bheith roghnaithe don choinscríobh. Scriosadh taifid den choinscríobh agus dódh an foirgneamh.

Rinne na póilíní agus buíonta beaga de shaighdiúirí iarracht an chorraíl a chur faoi chois, ach bhí na sluaite eagraithe go maith. Rinne siad creachadh ar shiopaí, scriosadh iarnróid, agus gearradh línte teileagraif. Anuas air sin, ionsaíodh siombailí a léirigh údarás na bPoblachtach a bhí i gceannas i Washington, tráth a raibh Nua-Eabhrac ag vótáil go mór ar son na nDaonlathach a bhí bunaithe in Halla Tammany.

De réir mar a scaip na círéibeacha d’fhorbair siad isteach i gcíréibeacha ciníocha. Tógadh Afrai-Mheiriceánaigh ó charranna sráide, ionsaíodh iad agus maraíodh iad. Dódh an Coloured Orphan Asylum agus ba bheag nár maraíodh na páistí ann. 

Faoin dara lá, bhí na hionsaithe ar dhaoine dubha ag éirí níos tréine. Chuaigh go leor de na hAfrai-Mheiriceánaigh i bhfolach nó theith siad ón gcathair. Ionsaíodh sibhialtaigh a bhí gléasta go maith, saighdiúirí, nó éinne a ceapadh go raibh siad báúil leis an rialtas Poblachtach. Maraíodh an Coirnéal Henry O’Brien tar éis dó iarracht a dhéanamh na sluaite a bhrú siar gan leas a bhaint as an lámh láidir.

Bhí deacracht ag na húdaráis na círéibeacha a chur faoi chois ar dtús. Bhí cuid mhaith de mhílíste Nua-Eabhrac fós in Pennsylvania i ndiaidh fheachtas Gettysburg. Ní raibh ach buíon bheag póilíní fágtha a d’fhéadfadh dul i ngleic leis na sluaite, nuair a tháinig reisimintí an Gharda Náisiúnta ar an bhfód agus thosaigh siad ag scaoileadh leis na sluaite.

Faoin tríú agus ceathrú lá bhí airtléire in úsáid agus bhí saighdiúirí ag dul ó theach go teach chun an chorraíl a chur faoi chois, ach go háirithe ar an Taobh Oirthearach Uachtarach, áit a raibh lucht na círéibe tar éis baracáidí a chur in airde chun iad féin a chosaint.

Tháinig deireadh leis na círéibeacha tar éis ceithre lá den fhoréigean. Maraíodh lucht na círéibe den chuid is mó, agus maraíodh dosaen Afrai-Mheiriceánach. Níor chuir na húdaráis áitiúla an dlí ar lucht na círéibe de bharr go raibh drogall ar na Daonlathaithe áitiúla pionóis ghéara a chur i bhfeidhm.

Tugadh an coinscríobh isteach arís faoi chosaint mhíleata i mí Lúnasa. Ach ní raibh glacadh maith leis i measc an phobail agus b’éigean don Aontas brath ar óglaigh, ina measc 180,000 saighdiúir Afrai-Mheiriceánach.

Cé go raibh na hÉireannaigh go mór chun cinn i measc lucht na círéibe, bhí go leor Éireannach i measc na bpóilíní, na saighdiúirí, agus an mhílíste chomh maith, rud a léirigh na deighiltí sa phobal Éireannach i Nua-Eabhrac ag an am.

Tá aird tarraingthe ag staraithe amhail Noel Ignatiev ar Chíréibeacha Choinscríofa Nua-Eabhrac 1863 mar chor cinniúnach i bhforbairt fhéiniúlacht na nÉireannach i Meiriceá mar dhaoine geala.

Ina leabhar How the Irish Became White áitíonn Ignatiev gur dhreap na hÉireannaigh dréimire ciníoch SAM trí iad féin a scaradh amach ó na hAfrai-Mheiriceánaigh agus iad a chur faoi chois. 

Tá samplaí i stair SAM inar léiríodh dlúthpháirtíocht idir an dá dhream, agus pléifear iad sin sa cholún seo amach anseo, ach ar an mórgóir tá sé deacair easaontú le tátal Ignatiev.

250 bliain de SAM, 250 bliain den chinedhíothú agus ciníochas

Tá SAM ag “ceiliúradh” 250 bliain a bhunaithe i mbliana. Ach déantar dearmad, i measc na nÉireannach atá faoi gheasa ag an áit ach go háirithe, gur bunaíodh SAM ar chinedhíothú dream amháin agus daoradh chun sclábhaíochta dream eile.

Tá torthaí na bpróiseas seo fós le brath i ngach gné de chultúr, sochaí agus polaitíocht SAM. Tá an ciníochas fite fuaite le saol laethúil SAM go fóill. Cé gur tháinig deireadh foirmiúil leis an sclábhaíocht in 1865 agus gur cuireadh an fhrithbheartaíocht bhundúchasach faoi chois ar deireadh in 1890 ag Wounded Knee, tá an meon a chuir bonn faoi na córais sin fós ann go smior i measc codanna móra den tsochaí.

Ar feadh níos mó ná 200 bliain bhí an ciníochas nasctha go dlúth le sochaí an Deiscirt. Sa chaoi chéanna, breathnaíodh ar na Bundúchasaigh mar dhream a gcaithfí fáil réidh leo chun “an náisiún” a leathnú amach.

Fiú dá mbeadh an t-ádh ar na hAfrai-Mheiriceánaigh nó Bundúchasaigh a bheith “saor” ní raibh meas madra orthu sa tsochaí ná sa stát.

Cuireadh na Bundúchasaigh go scoileanna cónaithe inar fáisceadh a gcultúr agus a dteangacha amach astu. Achtaíodh dlíthe Jim Crow i gcoinne na nAfrai-Mheiriceánach fiú i ndiaidh dheireadh chóras na sclábhaíochta.

Tá an creideamh i “ciníocha” bitheolaíocha, coincheap atá gan bunús eolaíoch, ar cheann de na hoidhreachtaí is contúirtí den sclábhaíocht. Ach glactar go forleathan leis an bhféinaithint chiníoch. Tá catagóirí amhail Geal, Dubh, Áiseach, agus Bundúchasach fós in úsáid, cé gur trí reachtaíocht choilíneach in Virginia agus Tuaisceart Carolina a cumadh iad an chéad lá. Ba é an creideamh san fhorchiníochas Geal agus an beag is fiú de dhaoine Dubha agus Bundúchasacha bunús chiníochas SAM.

Ní “rogha” a bhaineann leis an duine aonair é an ciníochas. I ndiaidh dó a bheith á threisiú ar feadh na nglúnta, feidhmíonn sé ar bhonn cultúrtha, institiúideach, agus ar bhonn aonair:

  1. Neartaíonn an ciníochas cultúrtha tuiscintí faoin gcéimlathas ciníoch sa saol laethúil
  2. Aistríonn an ciníochas institiúideach na tuiscintí sin, ar bhealach éagothrom, isteach i réimsí an oideachais, na tithíochta, na fostaíochta agus na póilíneachta.
  3. Coinníonn an ciníochas aonarach, bíodh sin go coinsiasach nó go fothchoinsiasach, na córais seo in situ

Nuair a thógtar na trí ghné seo san áireamh, bíonn praghas mór síceolaíochta agus sláinte le híoc acu siúd a fhulaingíonn dá bharr. Ar an mbealach seo, déantar gortuithe stairiúla na sclábhaíochta agus an chinedhíothaithe a threisiú sa lá atá inniu ann.

Tháinig an staraí Raphaël Lemkin aníos leis an téarma “cinedhíothú”. Agus é ag forbairt an téama, bhí staidéar ar scrios na mBundúchasach agus daoradh chun sclábhaíochta na nAfrai-Mheiriceánach ar bun aige. D’áitigh sé gur dhírigh an cinedhíothú ar ghrúpaí, seachas ar dhaoine aonair, agus é mar aidhm “cuid nó an t-iomlán acu a scrios”. Faoin sainmhíniú seo, is cinedhíothú a bhí sa sclábhaíocht agus i scrios na mBundúchasach.

Cuireadh bac ar sclábhaithe Afrai-Mheiriceánacha a dteangacha, ainmneacha agus reiligiún a úsáid, nó a gcultúr a choinneáil. Maraíodh iad nuair a dhiúltaigh siad. Fuair siad bás den ocras, deineadh ciapadh agus éigniú orthu agus cuireadh bac orthu clanna a thógáil. Díoladh páistí ar nós sclábhaí airnéise agus scaradh iad óna dtuismitheoirí.

Tagann na gníomhartha le sainmhíniú Lemkin ar an gcinedhíothú: marú baill ghrúpa, díobháil thromchúiseach a dhéanamh do chorp nó meabhair, cosc a chur ar bhreitheanna, agus páistí a aistriú trí fhórsa.

Tá ceist an raibh an rún ann dul i mbun an chinedhíothaithe, atá lárnach i sainmhíniú na Náisiún Aontaithe, soiléir sna taifid staire. Mhaígh úinéirí na sclábhaithe go hoscailte go raibh an ceart acu sa mhéid a rinne siad de bharr ísleacht na sclábhaithe.

Chreid siad go raibh an bhrúidiúlacht a d’úsáid siad de dhíth agus chun leasa an chórais. Léiríonn lámhleabhair, litreacha agus tráchtaireacht phoiblí straitéisí soiléire chun na sclábhaithe a choinneáil faoi smacht.

Bhí pátrún den chineál céanna mar a bhain sé le léirscrios na mBundúchasach. Roimh theacht na nEorpach, meastar go raibh 2 mhilliún Bundúchasach ina gcónaí san áit a d’fhorbródh isteach sna SAM.

Faoi 1890, ní raibh fágtha ach 8%-12% acu. Cé go raibh ról áirithe ag galair, ba iad na feachtais mhíleata, na háir, an t-aistriú trí fhórsa, agus goid talún a bhí mar an cor cinniúnach. Ceann i ndiaidh a chéile, chlis ar na náisiúin Bhundúchasacha, scriosadh a ndaonraí, agus cuireadh iad siúd a tháinig slán i bhfad ar shiúl óna dtailte dúchasacha.

Tá na héagóracha seo fós ina chnámh spairne agus ina cheist bheo nach bhfuil córas caipitlíoch-coilíneach SAM sásta, nó in ann fiú, a réiteach. Mar sin, ná ceiliúraimis 250 de SAM ná ról na nÉireannach a chruthaigh an impireacht sin.

Seasaimis leis na pobail atá ag fulaingt go fóill de bharr na himpireachta agus gníomhaímis chun titim na himpireachta céanna a fheiceáil.