Tag Archive : An Stát

Misneach agus leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

D’fhreastal urlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó Luain, ar chruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné ag a pléadh an Bille nua chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Bhí suas le tríocha moladh seolta ag Misneach ag an gCoiste roimh réidh, ina measc moltaí faoin nGaeilge a chosaint sa láthair oibre, cead an teanga a úsáid sna cúirteanna a dheimhniú agus go mbeadh ainmneachaí comhlachtaí as seo amach i nGaeilge amháin.

Léigh Ó Luain ráiteas gairid amach roimh dó ceisteannaí a fhreagairt ar na moltaí: Read More

AG BRIONGLÓIDIGH FÉ THORAIGH: i lár Anfa an Nualiobrálachais

Bhíos ar bhád mór farantóireachta le déanaí ag dul trasna Mhuir Éireann. Is tábhachtach an turas agam é. Ar nós na mílte eile, thall i London a saolaíodh mé do bheirt imirceach Éireannach. Ábhar machnaimh bheith ag filleadh i dtreo na háite ar saolaíodh mé ach nárbh as mé, ag samhlú mo mhuintire ag tabhairt fén dturas céanna. Bheartaíos, de bharr an mhaoithneachais seo, tús aistir a chaitheamh i mo sheasamh ar deic agus mullaí Bhinn Éadair a fhaire á slogadh ag íor na spéireach.

Theastaigh uaim féachaint cén fhad thógfadh sé ar na faoileáin éirí as bheith ag guardall timpeall an árthaigh siar is aniar, agus filleadh ar chóngaracht an chósta ar chuma eitleog.

Níl samhlaoid is mó i m’aigne ná an fharraige. Ár gcuid amhrán ar maos léi. Gan treabh againn nár ghaibh duine dá sinsear thairsti tráth. D’fhiafraíos d’antraipeolaí cad ba dhóigh leis a thug ar na dreamanna is luaithe an turas a thabhairt an chéad lá. Dúirt sé gur dhóichí gur ag teitheadh a bhíodar. Read More

Más ag labhairt ar Chearta Teanga atá muid

[Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i 2015, ach tá go leor de na hargóintí ann fós tráthúil go maith nuair a thagann sé chuig stádas na Gaeilge sa stát]

An Bunreacht, Airteagal 8: ”Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.”

Tá fhios ag Tadhg an mhargaidh nach bhfaighidh tú seirbhís fríd Ghaeilge i mórchuid na n-oifigí poist fríd an tír seo. Tá fhios againn uilig nach mbeidh ach maslaí agus droch-mheas i ndán duit, cuid mhaith den am má labhraíonn tú Gaeilge le Garda.

Read More

Seasann Misneach le Feachtas Comharthaí Sráide Chorcaí

Beidh an Chomhairleoir Diarmaid Ó Cadhla, agus beirt chomhghleacaithe leis, Tom O’Connor agus Tony Walsh, ós comhar na cúirte den tarna uair i gCorcaigh an tseachtain seo chugainn de bharr gníomh díreach ar chomharthaí sráide a rinne siad i Mí Feabhra.

Tá an triúr mar bhaill de Feachtas Comharthaí Sráide Chorcaí a rinne comharthaí ar a bhfuil ainm an Banríon Victoria luaite a scriosadh ag tús na bliana. Tá an stát tar éis na fir a chúiseamh as damáiste coiriúil a dhéanamh.

D’iarr Ó Cadhla go reáchtálfar an triail trí Ghaeilge, ach dhiúltaigh an breitheamh dó.

Read More