Tag Archive : athbhreithniúchas

An t-athbhreithniúchas le sonrú arís le linn an Lae Cuimhneacháin

Rinne na staraithe athbhreithnitheacha an chuma a chur ar an scéal gur athmhachnamh cothrom a bhí ar bun acu. Ach ba thionscadal frithphoblachtach é ó thús.

Is fíor go raibh léamh náisiúnach ar an stair chun cinn i ndiaidh bhunú stát na sé chontae fichead in 1922, stair a rinne ceiliúradh ar lucht 1916. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-athbhreithniúchas chun cinn níos déanaí san fhichiú haois, níor deineadh iarracht an scéal a leathnú.

Deineadh iarracht an scéal a iompú bun os cionn. D’áitigh na staraithe athbhreithnitheacha go minic gur gníomh neamhréasúnach, foréigneach agus seicteach a bhí sa réabhlóid. Ar an láimh eile de, áitíodh go raibh riail na Breataine nua-aimseartha agus pragmatach. 

Ní scoláireacht oibiachtúil a bhí anseo. Ba léiriú é ar mhianta polaitiúla na bunaíochta ó dheas, go háirithe le linn an chogaidh ó thuaidh. Theastaigh ón mbunaíocht chéanna deighilt a chruthú idir an poblachtachas sa tuaisceart agus pobal na sé chontae fichead.

Ba bhealach traidisiún na réabhlóide a cheistiú le measúlacht na bunaíochta a léiriú don Bhreatain agus don mheánaicme sheoiníneach in Éirinn.

D’eascair an tuiscint nua ar an gCéad Chogadh Domhanda as an gcur chuige athbhreithnitheach céanna. Dúradh gur laochra dearmadta a bhí sna hÉireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine. Úsáideadh an Lá Cuimhneacháin mar ghléas “athmhuintearais”, chun náisiúnaigh agus aontachtóirí a thabhairt le chéile.

Ach ní chuimhnítear ariamh ar an Lá Cuimhneacháin ar na cúiseanna ar tharla an Chéad Chogadh Domhanda, is é sin an iomaíocht idir lucht rachmais na mórchumhachtaí laistigh den chóras caipitleach-impiriúlach; iomaíocht a bhásaigh na milliúin fear den lucht oibre sna trinsí.

Úsáidtear an Lá Cuimhneacháin mar léiriú ar chumhacht agus dlisteanacht reatha an impiriúlachais Bhriotanaigh go fóill, agus ó thuaidh léiríonn sé forghabháil leanúnach na sé chontae, agus tugtar dlisteanacht do na haontachtóirí antoisceacha nach mbeidh spéis acu in Éirinn aontaithe go deo.

Nuair a úsáideadh lionsa eitnea-reiligiúnda, seachas aicme, chun teacht ar chomhréiteach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ó thuaidh ar cheisteanna cultúrtha, oidhreachta agus cuimhneacháin, is léir nach mbeadh tuiscint bhreise stairiúil i gceist ach laochadhradh ar an gCéad Chogadh Domhanda agus comhionannas do chultúr choilíneach.

Cuirtear an bhéim ar Éireannaigh a bheith “aibí” agus na fir a throid ar son na himpireachta a thabhairt chun cuimhne. Ag an am céanna, níl aon fhéinmhachnamh ar bun ag stát na Breataine, bíodh sin i dtaobh cuimhneacháin, staire nó, mar a léirigh an cinneadh faoi Dhomhnach na Fola le déanaí, cóir.

Táthar de shíor ag súil go ndéanfaidh an dream a ndearnadh coilíniú orthu athbhreithniú ar a stair. Ag an am céanna leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá don impireacht.

Cuirtear ar ceal comóradh na nDúchrónach agus an RIC go hiomlán

Bhí cúpla seachtain chrua ag an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Cirt Charlie Flanagan bocht. Ó d’fhógair siad go ndéanfar comóradh ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, Póilíní Chathair Átha Cliath, agus na Dúchrónaigh, d’iompaigh sciar maith de phobal na hÉireann ina gcoinne.

Labhair maoir chathrach, comhairleoirí chontae, páirtithe polaitiúla, ceardchumainn agus an ghnáthdhuine amach mar gheall ar an maslú seo. Tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil olltoghchán ar na bacáin agus go mbeidh an fhrithfhreagairt fheargach seo ón bpobal ar an gceist seo mar chuid lárnach de sin.

Bhí an t-athbhreithniúchas i ndiaidh dul rófhada. Is féidir bunús an scéal seo maidir leis an athbhreithniúchas in Éirinn le blianta beaga anuas a fheiceáil i gcuairt Bhanríon Shasana sa mbliain 2011. Nó, go deimhin, d’fhéadfaimis dul siar chomh fada leis an gcluiche rugbaí idir Éire agus Sasana i bPáirc an Chrócaigh sa mbliain 2007.

Sa dá chás, rinneadh iarracht normalú a dhéanamh ar an ngaol idir Éire agus Sasana. Is é sin le rá, go ndéanfar dearmad ar an eilifint sa seomra. Ligfí i ndearmad go raibh forghabháil fós á déanamh ag Sasana ar na Sé Chontae ó thuaidh.

Mar chuid den dioscúrsa seo, agus mar aon le seifteanna na n-athbhreithniúchóirí frith-phoblachtacha ag dul i bhfad siar, tosaíodh ar lúbadh níos déine a dhéanamh ar stair na hÉireann san fhichiú haois.

Cuireadh an polasaí seo i bhfeidhm ach go háirithe le linn de “deich mbliana na gcuimhneachán”, tréimhse a thosaigh i 2013 agus a mhairfidh go dtí 2023. Dúradh ar dtús gur chóir ómós a léiriú do na hÉireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda.

Ina dhiaidh sin, rinneadh comóradh ar saighdiúirí na himpireachta céanna a chur Éirí Amach 1916 faoi chois. Dúradh go rabhamar “aibí” as seo a dhéanamh. D’éirigh le rialtas Fhine Gael ag an am an scéal a cheilt rud beag i measc chomóradh mhóir an stáit ar na hÓglaigh agus na comóradh éagsúla pobail a bhí ar bun.

Céard a d’athraigh an babhta seo agus iarracht á dhéanamh acu an RIC agus na Dúchrónaigh a chomóradh? Cúpla rud, ar a laghad.

Ar an gcéad dul síos, bhí dlisteanacht de shaghas éigin ag rialtas na Léinte Gorma i 2016. Toghadh iad arís i ndiaidh cúig bliana dóibh a bheith ag cur an mhilleáin ar Fhianna Fáil agus an ghéarchéim eacnamaíochta as na polasaithe nualiobrálacha uilig a bhí á gcur i bhfeidhm acu. Chomh maith leis sin, díríodh go leor feirge an tráth sin ar na fealltóirí i bPáirtí an Lucht Oibre.

Anois tá Fine Gael i rialtas mionlach ina n-aonar. Tá beagnach ceithre bliana caite acu, i lár “borradh eacnamaíochta”, le polasaithe a chur i bhfeidhm a leigheasfadh géirchéimeanna na gcóras tithíochta agus sláinte.

Is níos measa atá cúrsaí éirithe agus, lena chois sin, tagann scannal i ndiaidh scannail chun solais maidir le caimiléireacht árachais nó caiteachais i measc an pháirtí. Tá sciar maith den phobal dubh dóite d’Fhine Gael agus sotal a gceannairí.

Mar sin féin, tá cúrsaí stairiúla, cuimhne agus béaloidis ag baint le freasúracht an phobail i leith na Dúchrónaigh chomh maith. Tá cuimhne ag daoine i gceantair éagsúla ar na coireanna cogaidh a rinne na Dúchrónaigh le linn chogadh 1919-21. Bíodh sin ar a gcuid muintir féin nó ar bhailte, amhail Baile Brigín, agus cathracha ar nós Corcaigh, a dódh chun talaimh.

Tuigtear don phobal gur fórsa sceimhlitheoireachta a bhí sna Dúchrónaigh agus gur chuid den RIC a bhí iontu. Anuas ar sin, tuigtear gur ghlac an RIC féin páirt i gcuid mhaith den sceimhlitheoireacht chéanna, ainneoin iarrachtaí Flanagan an dallamullóg a chuir orainn trí ghnáth-fhórsa póilíneachta a ghlaoch orthu.

De bharr na cumhachta a bhfuil ag an bhfocal “Tan”, ligeadh i ndearmad, rud beag, na coireanna ina raibh an RIC páirteach le linn an naoú haois déag. Chuireadar Cogadh na nDeachúna faoi chois sna 1830í agus rinneadar díbirt ar tionóntaí as a gcuid tailte le linn an Drochshaoil sna 1840í.

Sna 1880í scaoil an fórsa a ngunnaí ar léirsitheoirí le linn Chogadh na Talún. Maidir le Póilíní Chathair Átha Cliath, is iadsan a bhris léirsiú na n-oibrithe ar Dhomhnach na Fola le linn Fhrithdhúnadh 1913, inar maraíodh beirt, agus inar gortaíodh na céadta.

Ainneoin iarrachtaí na bunaíochta an t-ábhar seo a dhéanamh “casta” agus “coimpléascach”, tá droim láimhe tugtha ag muintir na hÉireann don athbhreithniúchas gan srian ar dheireadh thiar thall. Agus is maith an rud é sin.

Is gá an comóradh seo a chur ar ceal go hiomlán anois.