Tag Archive : Gaelscolaíocht

Athrú polasaí dearfach Scoil Uí Dhálaigh, ach naimhde na Gaelscolaíochta ina aghaidh

Tá nath cainte sa Bhéarla a deir go bhfuil dhá rud cinnte sa saol, “an bás agus an cháin”. Ach, tá rud eile cinnte, is é sin go dtiocfaidh frith-Ghaelachas na meán chun cinn nuair atá an Ghaeilge i mbéal an phobail. 

Bhí an Ghaelscolaíocht i mbéal an phobail le linn ré an Tíogair Cheiltigh agus an earnáil ag fás. Nuair a d’áitigh David McWilliams go raibh an Ghaelscolaíocht ag borradh i measc na meánaicme ina leabhar The Pope’s Children: Ireland’s New Elite a foilsíodh in 2005, tháinig freagra ó na seoiníní sna meáin. 

Leag McWilliams an iomarca béime ar Ghaelscoil nó dhó i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun teacht ar an tátal gur rud meánaicmeach go príomha a bhí sa Ghaelscolaíocht.

Cé go bhfuil claonadh i dtreo na meánaicme i mBaile Átha Cliath gur chóir dul i ngleic leis, bunaíodh Gaelscoileanna i gceantair lucht oibre chomh maith. Ar an meán, tá formhór na nGaelscoileanna sa tír, thuaidh agus theas, lonnaithe i gceantair nach bhfuil chomh rachmasach sin, ach atá faoi bhun na meánlíne saibhris.

Ba chuma le hiriseoirí amhail Sarah Carey agus Kate Holmquist faoi na fíricí sin. Agus iad ag scríobh ar The Irish Times in 2008, áitíodh gur “cinedheighilt oideachasúil agus shóisialta” a bhí sa Ghaelscolaíocht.

Ó tháinig borradh nua faoin nGaeilge sna healaíona le blianta beaga anuas agus ó tugadh ardán nua don teanga sa dioscúrsa polaitiúil le feachtas uachtaránachta Catherine Connolly, tá lucht a cáinte sna meáin, leithéidí Sarah Carey agus Alison O’Connor, á nochtadh féin arís.

Seanscéal agus meirg air. Na focail atá á n-úsáid anois ná gur “teanga eisiach” í an Ghaeilge, de dheasca nach labhraíonn “an tromlach” í go laethúil, inimircigh ina measc. Imríonn “an t-eisiamh” seo leatrom ar an tromlach, a mhaítear. 

Agus bhí cuid den chur chuige sin le brath sa tuairisciú a rinneeadh san Irish Independent ar pholasaí nua Scoil Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin. Tá an Ghaelscoil tar éis tús áite a thabhairt do Ghaelcholáistí an cheantair, Gaelcholáiste Mhá Nuad go príomha, i dtaobh dhaltaí rang 6 a sheoladh ar aghaidh.

Is cosúil go raibh go leor daltaí ag roghnú dul ar aghaidh go Coláiste Chiaráin i Léim an Bhradáin, iar-bhunscoil lán-Bhéarla, atá níos gaire. 

Anois, níl Gaelcholáiste Mhá Nuad i bhfad ar shiúil ó Scoil Uí Dhálaigh. Ach léirigh taighde a rinne Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí go bhfuil tábhacht ar leith do dhaltaí freastal ar iar-bhunscoil atá logánta agus a bhfuil a gcairde ón gceantar ag freastal uirthi chomh maith.

Mar sin, tá an ceart ag Scoil Uí Dhálaigh iarracht a dhéanamh páistí a spreagadh fanacht le chéile mar dhaltaí Gaelscolaíochta agus an t-achar gairid taistil a thabhairt orthu féin le dul go Má Nuad.

I roinnt mhaith ceantar níl aon chomhthuiscint idir na Gaelscoileanna agus an Gaelcholáiste i dtaobh iarracht a dhéanamh daltaí a sheoladh ar aghaidh go leibhéal na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Uaireanta baineann seo le fealsúnacht an phríomhoide sa Ghaelscoil nár cheart cur isteach ar rogha an tuismitheora. In amanna eile baineann sé le heaspa comhréitigh idir na príomhoidí ag an dá leibhéal. 

Tá ceantair atá an-mhaith ag cur daltaí ar aghaidh idir an dá leibhéal Gaelscolaíochta, Mar shampla i gCeatharlach tuairiscítear go dtéann 100% de dhaltaí ó Ghaelscoil Eoghan Uí Thuairisc ar aghaidh go Gaelcholáiste Cheatharlach.

Tá an Gaelcholáiste úd sách láidir de bharr an pholasaí seo, murab ionann agus ceantair eile ina bhfuil líon na ndaltaí sa Ghaelcholáiste áitiúil níos laige.

Seachas tuairisciú ar an athrú polasaí i Scoil Uí Dhálaigh ar bhealach dearfach, chinn an Irish Independent an cheannlíne “Cuireann Gaelscoil i gCill Dara cosc ar iar-bhunscoil lán-Bhéarla cuairt a thabhairt ar dhaltaí rang a 6”. Fuair an nuachtán greim ar litir ó phríomhoide Choláiste Chiaráin, Mark Neville, a luaigh go raibh “díomá ollmhór” air faoin athrú polasaí. 

Sa mhullach air sin, luaigh Neville gur “theastaigh uainn tuismitheoirí Scoil Uí Dhálaigh a chur ar a suaimhneas … go bhfuil fáilte roimh dhaltaí uile Léim an Bhradáin chuig ár scoil agus go bhfuil meas againn ar rogha clann rochtain a fháil ar a scoil phobail áitiúil”.  

Dár ndóigh is córas iolrach atá sa chóras oideachais sa stát sé chontae fichead a thugann rogha do thuismitheoirí. Ach tagann cineál iolrachais Neville salach ar chur chun cinn na Gaelscolaíochta ar chóir tús áite a thabhairt dó ar bhonn athbheochana agus díchoilínithe.

Tháinig an t-iolrachas chun cinn nuair a caitheadh an athbheochan agus díchoilíniú i dtraipisí sna 1960í. An toradh air sin ná go bhfuil imeallú déanta ar an nGaeilge agus ar an nGaelscolaíocht sa chóras oideachais, agus go mbíonn ar thuismitheoirí troid go fíochmhar lena n-aghaidh.

Ainneoin fhoilsiú pholasaithe nua na Roinne Oideachais le coicís anuas is léir nach mbeidh athrú mór ar an gcur chuige imeallaithe sin. Níl an Roinn Airgeadais, atá i gceannas ar na ranna eile ó bunaíodh an stát, sásta an t-infheistiú a dhéanamh atá de dhíth chun spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, de bharr go gcosnódh sé an iomarca ar an stát. Tá leas á bhaint as an iolrachas mar leithscéal, ach is é an nualiobrálachas an bunús leis an easpa caiteachas radacach. 

Go híorónta, tá polasaí athbheochana agus díchoilínithe níos fadradharcaí ag an mBreatain Bheag, tír nach bhfuil iomlán neamhspleách. Faoin bpolasaí sin táthar sásta an caiteachas a dhéanamh agus dul in adharca le naimhde na teanga thall a bhaineann leas as an “eisiamh” agus “an t-iolrachas” chun beag is fiú a dhéanamh den tionscadal athbheochana agus díchoilínithe.

Pádraig Ó Snodaigh, An Snodach, imithe ar shlí na fírinne

Tá Pádraig Ó Snodaigh, laoch mór na Gaeilge, na litríochta Gaeilge agus na gníomhaíochta Gaeilge, imithe ar shlí na fírinne agus é naoi mbliana le cois an cheithre scór. Cuireadh an Snodach i Reilig Naomh Fionntán i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite i ndiaidh a shochraide in Eaglais Pheadair agus Phóil, Baile Dúill.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, go raibh Pádraig ‘mar laoch ríthábhachtach do ghluaiseacht na Gaeilge’ agus gur spreag a shaol grá don teanga i measc na mílte.

Bhí Ó Snodaigh pósta leis an dealbhóir Cliodhna Cussen, agus bhí seisear mac acu: Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. Rugadh Ó Snodaigh i gCeatharlach in 1935. Chuaigh sé ag obair leis an mBord Soláthair Leictreachais sular bhog sé chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann, áit ar oibrigh sé mar choimeádaí cúnta. 

Idir 1970-73 bhí Ó Snodaigh ina chomheagarthóir ar an iris chléach phoblachtach Ghaeilge Pobal. I lár na seachtóidí bhí sé ina eagarthóir ar Carn, iris an Chonartha Cheiltigh. Bhí sé go fóill ag scríobh do Carn agus ina bhall den Chonradh Ceilteach nuair a básaíodh é. Bhíodh sé de nós aige ailt a scríobh de láimh i gcónaí, seachas leas a bhaint as ríomhairí.

Mhol a chomhghleacaithe san eagraíocht é as a intleacht, a acmhainn ghrinn thur, agus a dhúthracht do chultúr agus neamhspleáchas na dtíortha Ceilteacha.

In 1980 bhunaigh sé Coiscéim, a chuir os cionn 1,300 leabhar i gcló thar na blianta. Chuir sé litríocht agus filíocht na Gaeilge i lár an aonaigh agus chuir sé saothar le scríbhneoirí agus filí móra na Gaeilge, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, Chaitlín Maude agus Thomáis Mhic Shíomóin, i gcló.

B’fhile é an Snodach chomh maith agus áirítear leithéidí Cumha agus Cumann (1985) agus Ag Druidim le 80 (2017) i measc na gcnuasach a d’fhoilsigh sé féin.

Lena chois sin, ba staraí é agus spéis ar leith aige i dtréimhse na réabhlóide. Chuir sé peann le pár agus chuir sé in eagar an tsraith thábhachtach Macallaí na Cásca, sraith leabhar a thug léargas ar ghnéithe logánta, domhanda, pearsanta, fealsúnachta agus teanga Éirí Amach 1916.

Maidir lena staireolaíocht, níor chuir sé aon fhiacail ann i leith na staraithe athbhreithnitheacha, mar a léirigh foilsiú Two Godfathers of Revisionism: 1916 in the Revisionist Canon in 1991. Saothar tábhachtach a bhí, agus atá, in The Hidden Ulster: Protestants and the Irish Language, a cuireadh i gcló trí huaire (1973, 1977, 1995) agus a d’fhág lorg dearfach ar Phrotastúnaigh an tuaiscirt atá ag tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge sa lá atá inniu ann. 

Poblachtach go smior a bhí sa Snodach agus sheas sé le poblachtaigh agus náisiúnaithe na sé chontae le linn an chogaidh fhada, agus bhí meas ag muintir Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin ó thuaidh air i gcónaí.

Mar ghníomhaí Gaeilge le linn a shaoil agus mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1974 agus 1979 bhí sé ina cheannródaí. Bunaíodh An Siopa Leabhar agus cuireadh Seachtain na Gaeilge ar bun in athuair faoina cheannaireacht. Thacaigh sé go mór le gluaiseacht na Gaelscolaíochta a bhí ag teacht in inmhe an tráth céanna.

Agus é ag scríobh do Comhar in 1989 dúirt sé gur ‘cath cúlgharda’ a bhí sna Gaelscoileanna ina raibh ‘an pobal Gaelach ag léiriú míshástacht leis an gcúlú ó aidhmeanna fógraithe an stáit sa Phoblacht agus in éadan ionraí an stáit sna sé chontae’.

Chuir sé an Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn sna seachtóidí chomh maith, a baineadh amach mar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) nach mór tríocha bliain ina dhiaidh sin.

Bhí Ó Snodaigh lárnach, chomh maith, san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse a cuireadh ar bun sna hochtóidí agus a bhain a sprioc amach le bunú TnaG (TG4 ina dhiaidh sin) in 1996. Bhí sé sásta dul i mbun an ghnímh dhírigh nuair ba ghá. Ag tús an fheachtais chuidigh sé le Ciarán Ó Finneadha meirge a chrochadh ar aeróg chumarsáide RTÉ i nDomhnach Broc chun aird a tharraingt ar neamairt an stáisiúin i leith na teanga.

Dúirt iaruachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, faoi ghníomhaíocht Ghaeilge an tSnodaigh,

‘Thaisteal sé an tír ar fad ag cur fhealsúnacht an Chonartha chun cinn agus ag spreagadh daoine chun craobhacha nua a bhunú. Chuir sé béim ar leith ar dhaoine óga a mhealladh isteach san eagraíocht agus mná a thabhairt chuig leibhéal ceannasaíochta san eagraíocht chomh maith. Smaointeoir a bhí ann, intleachtóir a bhí ann, ach do creid sé san agóidíocht mar mhodh oibre in obair an Chonartha’.

Fear ildánach, fathach fir, Gael, poblachtach. Go gcodlóidh an Snodach go sámh i measc laochra na nGael.

Bréag-ilchultúrachas Educate Together

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh roinnt laethanta ó shin go mbeadh dhá scoil lán-Ghaeilge le hoscailt i gContae Átha Cliath.

Go luath ina dhiaidh do McHugh an dea-scéal a fhógairt, scríobh Educate Together chuig an Roinn Oideachas.

Seachas fáiltiú leis an gcinneadh, mar a dhéanfadh fíor-eagraíocht ilchultúrtha, chuireadar achainí ina choinne.

An chúis atá leis an achainí ná go ndéanfadh dhá Ghaelscoil bhreise i gContae Átha Cliath bac a chur ar thuismitheoirí a “rogha oideachais” a dhéanamh dá gclann.

I gceann de na scoileanna, an scoil atá beartaithe do Theach Sagard/Iarthar na Cathrach, is ar bhonn ilchreidmheach a bheidh sí á reáchtáil.

Mar sin, is ríléir gur in aghaidh na teanga atá an eagraíocht Educate Together seachas i bhfabhar oideachais ina bhfuil éiteas ilchultúrtha ann.

Is ag iarraidh bheith ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin agus a bheith ag dul in iomaíocht leis an nGaelscolaíocht atá an eagraíocht seo.

Is bréag ilchultúrachas atá anseo.

Tá iarracht á déanamh a chur in iúl go bhfuil claonadh éigin ag an stát i leith na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta nuair a deir na staitisticí uilig, mar aon leis an stair, gurb é a mhalairt de scéal é i ndáiríre.

Tá neamhaird á déanamh ag Educate Together ar an staid reatha maidir leis na teangacha in Éirinn mar atá.

Tá sé áiféiseach go dteastaíonn uathu a rá nach bhfuil “rogha” ann i leith na scolaíochta Bhéarla, ó tharla gur pobal mionlaithe iad cainteoirí Gaeilge in Éirinn.

An tseachtain seo caite rinne bean chróga Éireannach de shliocht na hAfraice cáineadh orthu siúd a bhí á maslú go ciníoch.

Iriseoir is ea Zainab Boladale le RTÉ agus rinne sí agallamh as Gaeilge mar gheall ar an scéal seo. An toradh a bhí air seo ná gur náirigh sí na bréag-tírghráthóirí a bhí á maslú.

Is í an Ghaeilge ceann de na láithreacha catha inar féidir linn bua a bheith againn ar na faisitigh.

Is teanga í ar féidir léi an pobal a thabhairt le chéile, is cuma cibé cúlra eitneach gurb as duine.

B’fhiú do Educate Together seo a thuiscint seachas a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur faoi chois.

Ní mó go mbeidh siad pioc níos fearr ná na seóiníní nó na coilínigh a tháinig rompu má leanann siad leis an ngeáitsíocht sin.