Tag Archive : Streachailt Shóisialta

Easpa tuisceana ar ghluaiseachtaí go stairiúil i ndiúltú na heite clé liobrálach tacú leis na hagóidí breosla

Tá an eite chlé liobrálach tar éis seasamh náireach a ghlacadh le linn na n-agóidí breosla. Seachas tacú leis na hagóideoirí nó iarracht a dhéanamh dul i bhfeidhm orthu sheas siad ar an taobhlíne á gcáineadh.

Thacaigh leithéidí Misneach, Éirígí, Pobal Roimh Bhrabús agus Sinn Féin leis na hagóidí. Ach dhiúltaigh an sciar sin den eite chlé a bhfuil lucht tacaíochta meánaicmeach uirbeach acu den chuid is mó, na Glasaigh, na Daonlathaithe Sóisialacha agus an Páirtí an Lucht Oibre, tacú leis an ngluaiseacht spontáineach seo.

Cén chúis a bhí leis an diúltú seo? I gcás na bpáirtithe a dhiúltaigh tacaíocht, is léir de bharr a mbunúis mheánaicmigh nach dteastaíonn uathu dúshlán a thabhairt don status quo.

B’fhearr leo bainistiú a dhéanamh ar an gcóras caipitleach agus blúiríní beaga a bhaint de bhord lucht an rachmais don ghnáthdhuine. I dtaobh na ngnáthliobrálach de, chuir an ciníochas a bhí le sonrú ó dhream antoisceach a rinne iarracht seilbh a ghlacadh ar na hagóidí, agus a bhí mar urlabhraithe chomh maith, ó dhoras iad.

Tá sin intuigthe go pointe, ach gach uair a dhiúltaíonn daoine forásacha a bheith i láthair agus gluaiseacht ag borradh ón mbun aníos, neartaíonn cumhacht na heite deise i bhfad amach.

Seans go n-eascraíonn an diúltú seo ó phiúratánachas liobrálach, polaitíocht na féiniúlachta, cúrsaí aicme, an deighilt tuaithe/uirbeach, agus nósanna an chealchultúir.

Ach, thar aon rud eile, eascraíonn an diúltú ó easpa tuisceana ar ghluaiseachtaí sóisialta agus gluaiseachtaí ón mbun aníos i stair na hÉireann.

Is cinnte, faraor, go raibh tionchar láidir na heite dheise le brath ar an agóid. Is léir go raibh tromlach na n-urlabhraithe náisiúnta ar an eite dheis i bhfad amach.

Bhí a gcuid éileamh teoranta agus in amanna aisteach (mar shampla, dul i mbun druileáil ola amach ó Ghaillimh). Anuas air sin, is cinnte go ndearna feachtasóirí lánaimseartha dífhostaithe na heite deise iad féin a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath go háirithe.

Uaidh sin, d’éirigh leo iad féin a chraobhscaoileadh trí na meáin shóisialta agus cuma dheasach a chur ar an agóid. Ach chonacthas freisin in áiteanna eile, cur i gcás Laois agus Loch Garman, go raibh gnáthdhaoine chun cinn.

In áiteanna eile, Maigh Eo, mar shampla, cuireadh gríosóirí na heite deise as grúpaí WhatsApp. Bhí cruth agus dinimicí éagsúla ar na hagóidí in áiteanna éagsúla. 

Go stairiúil níor tharla borradh ón mbun aníos ar cheist ábharaíoch in Éirinn ariamh nach raibh casta go hidé-eolaíoch. Cur i gcás le linn Chogadh na Talún, bhí ar ghníomhaithe de chuid Chonradh na Talún agus gníomhaithe forásacha poblachtánach dul in adharca le sagairt agus le lucht coimeádach meánaicmeach, úinéirí na siopaí agus feirmeoirí rachmasacha.

Nuair a bhí Conradh na Talún á bhunú i Maigh Eo in 1879, bhí ar Fhíníní an fód a sheasamh i gcoinne dreamanna nár aontaigh siad leo. Cé go raibh Mícheál Mac Daibhéid, Fínín radacach, ag tiomáint bunú an Conradh sa chontae, bhí drogall ar Pharnell páirt a ghlacadh de bharr go raibh an eagraíocht ag teacht ón mbun aníos. Ach d’éirigh le Mac Daibhéid Parnell a mhealladh ar deireadh.

I gClár Chlainne Mhuiris i mí Iúil 1879 sin rinne sagairt iarracht rúin a rith ag cruinniú de chuid Chonradh Talún Mhaigh Eo. An aidhm a bhí ag na rúin ná ceisteanna faoin oideachas Caitliceach agus cumhacht saolta an Phápa a chur i lár an aonaigh. Ach dhiúltaigh Fíníní don iarracht ar an mbonn go scriosfaí bunús neamhsheicteach na gluaiseachta.

Nuair a bunaíodh Conradh na Talún i gCorcaigh i Meán Fómhair 1880, toghadh “Long” John O’Connor, ball de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ), mar rúnaí ar an eagraíocht. Thug sé a chéad óráid uaidh an mhí dár gcionn i mBeanntraí. Mhaígh O’Connor go raibh talamh uile na hÉireann faoi úinéireacht 742 tiarna talún nár dhein pioc oibre ina saol. Ba chosúil go raibh an ráiteas sin róradacach do na sagairt a bhí ar an ardán leis.

Le tacaíocht aire parlaiminte náisiúnaigh hoimeádaigh áitiúil, ruaigeadh O’Connor ón ardán. Dúirt na sagairt leis an slua gur chóir gníomhú ar son chearta na dtionóntaí agus na dtiarnaí araon, agus cháin siad an poblachtánach Corcaíoch as a argóintí ceannairceach agus sóisialach.

Lean feachtasóirí Fíníneacha de chuid Chonradh na Talún leo ag streachailt leis an taobh deasach den ghluaiseacht. Faoi 1881 fiú bhí fócas na hArd-Chomhairle an BPÉ, ar a raibh tiarna talún ar nós John O’Leary, dírithe ar an gceist náisiúnta amháin seachas ar an mborradh sóisialta.

Ach lean cinnirí áitiúla na heagraíochta orthu ag feachtasaíocht. Is fíor gur imir Parnell feall le Conradh Chill Mhaighneann agus nár baineadh fís Mhíchíl Mhic Dhaibhéid amach faoi athdháileadh náisiúnta ar an talamh. Ach briseadh cumhacht na dtiarnaí talún, agus sa mhéid sin laghdaíodh smacht an dreama is cumhachtaí agus is dílse don impireacht.

Nílim ag maíomh gur gluaiseacht é seo atá chomh cumhachtach nó chomh tábhachtach le ceann na mblianta 1879-1882, dár ndóigh.

Ach de réir mar a théann cúrsaí costais maireachtála in olcas de bharr boilsciú agus chíor thuathail an chaipitleachais is léir nach mbeidh deireadh leis an gceist seo go luath. Is léir nach mbeidh spéis ag na liobrálaithe aon tionchar a imirt ar chúrsaí; tá cuid mhór den locht ar an gcur chuige seo le fás an fhaisisteachais. 

Sa deireadh thiar, léiríonn na hagóidí seo cumhacht an ghnímh chomhordaithe agus an chur isteach. Léiríonn siad gur féidir le cúrsaí athrú nuair a ghníomhaíonn daoine le chéile, fiú go scaoilte; agus gur uirlis é an brú comhchoiteann atá fós in ann dul i bhfeidhm ar chórais fhréamhaithe.

An té a bheas ag fanacht ar éirí amach nó gluaiseacht “neamhthruaillithe” ón mbun aníos, beidh siad ag fanacht go brách. Is dócha nach dteastaíonn gluaiseacht atá in ann athrú suntasach a bhaint amach ón dream sin dáiríre.

Cath na staire beo i gCorcaigh go fóill agus díchoilíniú déanta ar chomharthaí sráide impiriúlacha

Is iomaí uair gur chualathas i léamh liobrálach na staire, “gurb ionann an stair ar fad”. Is é sin le rá go bhfuil an luach céanna ag insint staire amháin agus atá ag insint staire eile. Dár ndóigh, is truflais é an ráiteas sin. Mar is eol dúinn bíonn insintí éagsúla na staire in adharca lena chéile.

Cuir i gcás insint stair na hÉireann atá bunaithe ar cheart fhlaitheas na náisiúin agus an insint athbhreithnitheach fhrithnáisiúnach a dhéanann beag is fiú den cheart sin. 

Sampla eile den chur chuige liobrálach seo i leith na staire ná i gcás thírdhreach ár gcathracha agus bailte, áit a bhfuil ainmneacha, deilbheanna agus siombailí an choilínithe fós le feiceáil.

Maíonn na liobrálaithe gur “cuid den stair” iad na rianta seo ó ré na himpireachta. Agus, dá bharr sin, maítear gur gá iad “a chaomhnú inár dtírdhreach”. Ach tá feidhm agus cumhacht shíceolaíoch áirithe ag siombailí, ainmneacha, comharthaí, agus logainmneacha.

Mar is eol do Ghaeil, tá cumhacht an Bhéarla le sonrú sa ghibiris ghalldaithe dár logainmneacha Gaelacha fud fad na tíre. Tá cumhacht áirithe le sonrú chomh maith sna sráideanna agus bóithre a bhfuil ainmneacha chlanna ríoga Shasana orthu go fóill. 

Seans nach dtugann formhór na ndaoine mórán airde ar na siombailí seo. N’fheadar an gcothaíonn nó nach gcothaíonn siad meon Seoiníneach. Níor deineadh taighde soch-shíceolaíochta ar an gceist riamh, go bhfios dom.

Ach, níos mó ná aon rud eile, is léiriú iad ar an díchoilíniú nach ndeachthas fada go leor leis. Tá impleachtaí na heaspa díchoilínithe seo le sonrú mar a luaigh mé sna hainmneacha Béarla atá in áit ár logainmneacha ársa, in easpa físe fadradharcaí an stáit i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chóras oideachais, in úinéireacht talún atá go fóill faoi smacht tiarnaí talún coilíneacha, cuir i gcás Lios Mór agus Diúc Devonshire, agus sa chóras caipitlíoch coilíneach nár briseadh leis tar éis bhunú an tSaorstáit.

Is sa chomhthéacs seo a chuaigh Misneach agus Liú na Laoi i mbun gníomh díchoilínithe i gCorcaigh le linn dheireadh seachtaine na Cásca. Tá an chathair breac le comharthaí sráide a thugann ómós d’Impireacht Shasana.

Cé go ndeir muintir Chorcaí gur “reibiliúnaigh” iad, tugtar ómós do chlann ríoga Shasana ina dtírdhreach go fóill. Níl Baile Átha Cliath gan locht sa mhéid seo, dár ndóigh. Agus chuaigh Misneach i mbun gníomh den sórt céanna ann in 2024.

An babhta seo i gCorcaigh mhol Misneach agus Liú na Laoi gur chóir laochra Gael agus poblachtacha a chur in áit ainmneacha an choilínithe. Mar sin, d’athraíomar trí chomhartha i lár na cathrach.

Is ainm é Union Quay a léiríonn an scrios cultúrtha: tugtar ómós d’Acht an Aontais 1801. Reachtaíocht é seo a fuair réidh le parlaimint na hÉireann i ndiaidh Éirí Amach 1798. Mhaígh lucht cumhachta Shasana go gcruthófaí “aontacht”.

Ach i ndáiríre is tuilleadh den chur faoi chois a bhí i gceist. Déanann ainm na céibhe comóradh ar an imeallú bunreachtúil. Ní léiriú é an t-ainm ar na daoine a mhair, a d’oibrigh nó a labhair sa cheantar sin é. 

Mar sin, athraíodh ainm na céibhe go Cé Phádraig Uí Chuanacháin. Chaith Ó Cuanacháin, a rugadh i gCorcaigh in 1932, a shaol i mbun oibre i gcoinne thoradh an impiriúlachais. Ba dhíograiseoir Gaeilge é, a rinne feachtasaíocht ar a son i gcúlseomraí, seomraí boird agus ar na sráideanna.

Cuireadh i ngéibheann é sa Churrach in 1956 de bharr a sheasaimh phoblachtaigh, agus chaith sé seal sa phríosún arís sna 1970í. Nuair a scaoileadh saor é chinn sé ar an nGaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus a chur i lár an aonaigh i ngeilleagar na cathrach agus an chontae.

Chuir sé an chomharthaíocht dhátheangach chun cinn go mór mór agus bhí lámh aige i mbunú Gaelscoileanna ar fud Chúige Mumhan. Rinne sé athréimniú ar an nglór a rinne Acht an Aontais iarracht a chur faoi chois.

Comhartha eile a ndearnadh díchoilíniú air ná Albert Street. Cosúil le Union Quay, is comhartha aonteangach Béarla é seo. Ainmníodh Albert Street i ndiaidh an Phrionsa Albert tar éis dó féin agus an Bhanríon Victoria cuairt a thabhairt in 1849.

Agus an tír ag fulaingt sa Drochshaol, thug an chlann ríoga cuairt áiféiseach ar Éirinn lán de sheó agus searmanais. Tugann an t-ainm seo ómós don ríochas, ní don ghnáthphobal nó na daoine a d’oibrigh ar thaobh na habhann agus a d’fhulaing faoi riail Shasana. 

I gcodarsnacht leis an méid sin, chaith Muirgheal Bean Mhic Suibhne (Muriel MacSwiney mar is fearr aithne uirthi) a saol ag obair go díograiseach ar son na ndaoine. Rugadh i gCorcaigh í mar Muriel Frances Murphy in 1892 agus chuaigh sí leis an ngníomhaíocht chléach phoblachtach. Ghlac sí ballraíocht le Conradh na Gaeilge agus Cumann na mBan.

I ndiaidh bhás a fir Traolach Mac Suibhne, nó Terence MacSwiney mar is fearr aithne air, chuaigh sí i mbun feachtasaíochta go hidirnáisiúnta. 

Bhí sí chun cinn i bhfeachtais phoblachtacha agus ar son na n-oibrithe sna Stáit Aontaithe agus i bParás. Throid sí ar son an cheartais, i gcoinne na héagóra agus sheas sí leis na hoibrithe agus cosmhuintir an domhain i gcoinne lucht an cheannais.

Ainmníodh Bóthar Victoria as an mbanríon, dár ndóigh, “Banríon an Ghorta”. Ba chomóradh é seo ar an gcuairt ríoga in 1849, agus ba chomhartha é chun ómós a léiriú d’údarás na himpireachta. Ba iarracht é ainmniú an bhóthair cathair Éireannach a iompú ina chathair dhílis Sasanach nó, ar a laghad, ina chathair sheoinínteach.

A mhalairt a bhí ar bun ag Leslie Price de Barra, a rugadh in 1893. Ba chúiréir í in Ard Oifig an Phoist in 1916. Thug Seán Mac Diarmada ardú céime di agus d’iompair sí teachtaireachtaí agus armlóin i mbaol a báis le linn na réabhlóide. I ndiaidh an Éirí Amach chabhraigh sí le fás Chumann na mBan ó 17 gcraobh go 600 craobh. Bhí sí ina stiúrthóir ar Chumann na mBan ar ball, agus chuaigh sí i mbun obair dhaonnúil chomh maith. Bhí sí mar chathaoirleach ar Chumann Croise Deirge na hÉireann.

Chabhraigh sí le teifigh agus bhí lámh aici i mbunú Gorta, eagraíocht a thug cúnamh do dhaoine ocracha san Afraic. Mar sin, nár cheart ómós a thabhairt inar tírdhreach do dhuine a d’oibrigh i gcoinne an ghorta, seachas banríon a bhí ina ceann feadhna ar stát Shasana a rinne réabadh ar an tír sna blianta 1845-52 agus a bhuail buille láidir ar ár sochaí, teanga, cultúr agus geilleagar a bhfuilimid fós ag dul i ngleic leis inniu?

Ní mór do Chomhairle Cathrach Chathair Chorcaí, i dteannta comhairlí eile agus an rialtais chomh maith, polasaí díchoilínithe a chur i bhfeidhm.

I gCorcaigh go háirithe tá sé scannalach an bealach a bhfuil an stát ag caitheamh le Gael Taca, an eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Cuanacháin thuasluaite. Ba chóir an eagraíocht a mhaoiniú, infheistíocht a dhéanamh chun Cultúrlann Chorcaí a bhunú, agus dul i mbun bearta díchoilínithe ar an tírdhreach leis.

Is féidir cuimhneamh ar an stair go cinnte, an stair impiriúlach chomh maith. Ach is é an iarsmalann an áit do na siombailí sin, áit a ndéanfar comhthéacsú agus míniú orthu. Níor chóir go mbeidís fós scaipthe ar fud ár gcathracha go fóill tar éis 104 bliain den “neamhspleáchas”.

Cuirim an focal sin idir uaschamóga mar is stát spleách é na sé chontae fichead go fóill, mar is léir i dtaobh a stádais mar stát faoi smacht na bPoncánach go míleata agus go heacnamaíoch. Tá gaol díreach síceolaíoch ag an staid reatha sin leis an easpa díchoilínithe a deineadh san fhichiú haois agus a léirítear go fóill i gcuid mhaith comharthaí sráide impiriúlacha.

Mar sin, is cath comhaimseartha é an cath stairiúil; troidimis an dá chath i dteannta a chéile!

Ní Mór Tacú leis na hAgóideoirí Breosla

Ní buille aon uaire iad na hagóidí breosla atá ag tarlú ar fud na hÉireann anois. Is léiriú iad ar ghéarchéim i bhfad níos doimhne laistigh den chaipitleachas agus den impiriúlachas.

Le blianta fada, tá daoine tar éis rabhadh a thabhairt go gcuirfeadh córas eacnamaíoch atá bunaithe ar acmhainní a bhaint, ar chearrbhachas agus ar chorparáidí a chosaint brú ar ghnáth oibrithe i ndeireadh na dála.

Anois tá an crú ar an tairne, agus tá pobail ag fulaingt ina bpócaí, ina dtithe agus ina saol laethúil.

Tá an lucht ceannais pholaitiúil, agus baill den Chiorcal Órga, tar éis tacú go seasta leis na struchtúir a choinníonn an córas seo slán.

Mar thoradh air sin, brúitear costais na géarchéime anuas ar dhaoine, agus cosnaítear an dream le cumhacht agus le saibhreas.

Tá pionós á ghearradh ar ghnáthdhaoine as cinntí nach raibh aon bhaint acu leo. Ní mór dóibh siúd i gcumhacht glacadh le freagracht as aon chur isteach ar shaol daoine a tharlaíonn mar thoradh ar na hagóidí.

Cé go bhfuil meascán mianta aicmeach le sonrú sna hagóidí, agus cé go ndearna grúpaí i bhfad amach ar an eite dheis iarracht a gcuid scéalta míréasúnta féin a bhrú chun cinn, níor chóir beag is fiú a dhéanamh de na gearáin bhunúsacha atá ag croílár na hagóide ná de cheart feirmeoirí, tiománaithe trucail agus oibrithe dul i mbun gnímh.

I gceantair thuaithe agus sna Gaeltachtaí go háirithe, áit a bhfuil iompar poiblí teoranta nó nach ann dó ar cor ar bith, is riachtanas laethúil é breosla.

Ar deireadh thiar, léiríonn na hagóidí seo cumhacht an ghnímh chomhordaithe agus an cur isteach. Léiríonn siad gur féidir le cúrsaí athrú nuair a ghníomhaíonn daoine le chéile, fiú go scaoilte; agus gur uirlis é an brú comhchoiteann atá fós in ann córais fhréamhaithe a chroitheadh.

🇮🇪

The fuel protests now erupting across Ireland are not an isolated outburst but a symptom of a much deeper crisis within capitalism and imperialism.

For years, people have warned that an economic system built on extraction, speculation, and corporate protection would eventually turn its pressure onto ordinary workers.

That moment has arrived, and communities are feeling it in their pockets, their homes, and their daily lives.

Political leaders, and members of the Golden Circle, have consistently supported the structures that keep this system intact. As a result, the costs of crisis are pushed downward, while those with power and wealth remain insulated.

Ordinary people are being punished for decisions they did not make. Those in power must accept responsibility for any disruption to peoples’ lives occurring as a result of the protests.

While the protests contain a mix class interests, and far right groups have attempted to amplify their own unhinged narratives, this does not invalidate the core grievances or the right of farmers, hauliers and workers to mobilise.

In rural and Gaeltacht areas in particular, with limited or zero public transport, fuel is essential for daily life.

Ultimately, these demonstrations reveal the power of coordinated, disruptive mass action. They show that when people move together, even loosely, the ground can shift; and that collective pressure remains one of the few tools capable of unsettling entrenched systems.

Comharthaí i gCorcaigh athraithe i nGníomh Díchoilínithe

Chuaigh Liú na Laoi agus Misneach i mbun gnímh díchoilínithe i gCathair Chorcaí thar an deireadh seachtaine chun contrárthacht na “Cathrach Réabhlóidí”, mar a thugtar uirthi, a nochtadh. Cé go maíonn Corcaigh gur cathair radacach í, tá a sráideanna agus a spásanna poiblí fós lán de logainmneacha a thugann ómós d’Impireacht na Breataine, d’fhigiúirí ríoga, agus do reachtaíocht a rinne iarracht saol polaitiúil na hÉireann a chur faoi chois. Ní léiríonn na hainmneacha seo muintir Chorcaí ná na glúnta a throid ar son na féin‑chinntí, na dínite agus na Gaeilge.

Tarraingíonn ár ngníomh aird ar shráideanna ar nós Cé an Aontais, Sráid Albert, agus Bóthar Victoria. Ainmneacha iad seo a ndéanann ceiliúradh ar Acht an Aontais, cuairteanna ríoga le linn an Ghorta Mhóir, agus údarás na himpireachta. Creidimid go léiríonn na teidil seo scéal seanchaite agus éagórach atá fós le brath i dtírdhreach na cathrach.

Tá Liú na Laoi agus Misneach ag moladh ainmneacha eile atá fréamhaithe i stair Chorcaí féin: Pádraig Ó Cuanacháin, Muirgheal Mhic Shuibhne, agus Leslie Price-de Barra. Chaith a leithéidí siúd a saol le cúrsaí pobail, ceartas agus leis an nGaeilge. Is iad seo na scéalta ar chóir a bheith le feiceáil inár spásanna poiblí.

Táimid ag impí ar Chomhairle Cathrach Chorcaí próiseas foirmiúil a thosú chun logainmneacha na cathrach a dhíchoilíniú. Ní bhaineann sé seo le stair a scriosadh; baineann sé le ceartú, agus le cinntiú go léiríonn tírdhreach Chorcaí muintir, cultúr agus luachanna na cathrach sa lá atá inniu ann.

Liú na Laoi and Misneach undertook decolonial action in Cork City over the weekend to expose a contradiction at the heart of the so‑called “Rebel City”. While Cork prides itself on its radical history, its streets and public spaces remain filled with names that honour the British Empire, royal figures, and legislation that sought to suppress Irish political life. These names do not reflect the people of Cork, nor the generations who fought for self‑determination, dignity, and the Irish language.

Our action highlighted streets such as Union Quay, Albert Street, and Victoria Road. These names celebrate the Act of Union, royal visits during the Great Famine, and the authority of empire. We believe these titles represent an outdated and unjust narrative that continues to shape the city’s landscape.

Liú na Laoi and Misneach are proposing alternative names rooted in Cork’s own history: Pádraig Ó Cuanacháin, Muirgheal Mac Suibhne, and Leslie Price-de Barra. Such figures dedicated their lives to community, justice, and the Irish language. These are the stories that deserve visibility in our public spaces.

We are calling on Cork City Council to begin a formal process of decolonising the city’s place‑names. This is not about erasing history; it is about correcting it, and ensuring that Cork’s landscape reflects the people, culture, and values of the city today.

Stair ghairid Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe, Co. an Chláir

Ar feadh na nglún sheas an Coláiste Gaeilge, Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh, mar chomhartha beo den bhreac-Ghaeltacht in iardheisceart an Chláir, áit inar nascadh an teanga, an pobal agus an cultúr ar imeall an Atlantaigh. 

Bunaíodh an coláiste in 1912. Aimníodh é in ómós d’Eoghan Ó Comhraidhe, scoláire mór le rá as Dún Átha a bhí ar dhuine de mhórfhilí agus bailitheoirí béaloidis na hÉireann. Ba iad Neilí Ní Bhriain, gariníon an Éireannaigh Óig William Smith O’Brien, Seán Tóibín, agus Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coláiste agus iad faoi anáil fhís chumhachtach na hathbheochana.

Ní raibh an fhís sin gan bhunús. Léirigh daonáireamh 1911 go raibh 36,704 cainteoir dúchais fós i gContae an Chláir, a fhormhór acu i gCeann Léime, Cill Bheathach, Cros agus Carraig an Chabhaltaigh, ceantar ina raibh 90% den daonra fós ag labhairt na Gaeilge.

Ba iad na figiúirí seo a threoraigh Neilí: Gaeltacht bheo, ach leochaileach, a d’fhéadfaí a neartú trí choláiste samhraidh a bhunú ann agus lucht na hathbheochana a mhealladh chuig an gceantar.

Ag cruinniú poiblí i gCill Dalua ar 15 Deireadh Fómhair 1911 leag Neilí a fís amach go paiseanta. D’áitigh sí go dtógfaí “oileán Gaelach” sa cheantar, áit a ndíreodh craobhacha an Chonartha a gcuid fuinnimh agus a gcruthófaí athbheochan ón mbun aníos.

Bhí sí ag tagairt don rath a bhí ar choláistí eile, cuir i gcás Coláiste Chonnacht (1905) agus Coláiste Uladh (1906), agus bhí sí meáite ar an obair chéanna a dhéanamh i gCo. an Chláir.

D’fhás Coláiste Uí Chomhraidhe go tapa agus mealladh na mílte scoláirí ó gach cearn den tír. Bhí sé ina lárionad foghlama, ina chroílár pobail agus ina thaca don Ghaeilge i gceantar a bhí ag streachailt le cultúr an bháid bháin agus le brú ón mBéarla.

Cé gur baineadh “neamhspleáchas” amach in 1922, is í an fhírinne shearbh ná gur thréig an stát an ceantar seo. Trí fhaillí, easpa maoinithe, agus drogall maoin na tíre a athdháileadh go cothrom i dtreo an iarthair, lig an Saorstát don bhreac-Ghaeltacht seo agus cinn eile lena hais dul i léig san fhichiú haois. Nuair a dhún an coláiste in 2017, níorbh aon iontas é, ba thoradh an dúnadh ar na blianta d’imeallú stáit.

Ar an dea-uair, sheas oibrithe deonacha isteach sa bhearna, ag obair go crua chun an foirgneamh a chaomhnú agus athoscailt. Foilsíodh staidéar féidearthachta in 2022, ach fós níl obair thógála tosaithe, agus tá an pobal go fóill ag fanacht ar bheart de réir briathar ón gComhairle Contae agus ón stát.

Éirí Amach Wuchang, an 10 Deireadh Fómhair 1911

Faoi fhómhar na bliana 1911 bhí ríshliocht Qing sa tSín ar an dé deiridh. Bhí réabhlóid ar na bacáin in Wuchang, atá ar cheann de na trí chathair in Wuhan, áit a raibh grúpaí ar nós an Chumainn Fhorásaigh agus an Chumainn Litríochta i mbun comhcheilge chun ionsaí a dhéanamh ar mhonarcacht Manchu a bhí i gceannas ó na 1640í i leith.

Intleachtóirí ab ea na gníomhaithe a bhí dubh dóite leis an díospóireacht agus ar theastaigh uathu éirí amach armtha a chur ar bun.

Tharla éirithe amach i gcoinne Qing roimhe seo, an uair dheireanach ag Dumha an Bhlátha Bhuí in Aibreán na bliana 1911, ach theip orthu. Bhuail na réabhlóidithe ag cruinniú i mí Mheán Fómhair agus socraíodh ar éirí amach a chur ar bun d’Fhéile Lár an Fhómhair, ach cuireadh moill air go dtí níos déanaí sa mhí.

Lean na réabhlóidithe orthu ag tógáil buamaí i gceantar de Wuchang a bhí faoi smacht na Rúise, rud a thug cosaint áirithe dóibh ó údaráis Qing.

Ar oíche an 9 Deireadh Fómhair tharla tubaiste do na réabhlóidithe nuair a phléasc ceann de na buamaí trí thimpiste. Bhí póilíní an cheantair ar an láthair roimh i bhfad agus i dteannta damáiste na pléisce tháinig siad ar bholscaireacht, pleananna don éirí amach agus liostaí ballraíochta na réabhlóidithe.

Cé go raibh an ceantar lasmuigh de dhlínse Qing, thug na póilíní an fhianaise do na hoifigigh Qing go sciobtha. An mhaidin dár gcionn rinne údaráis Qing ruathair ar thithe na réabhlóidithe, gabhadh na dosaenacha acu, agus cuireadh triúr acu chun báis.

Go híorónta, malairt de thoradh a bhí ar intinn oifigigh Qing a bhí ag déanamh cos ar bolg ar fad. Lasadh splanc an éirí amach.

Chabhraigh ceann d’iarrachtaí nuachóirithe Qing dúshraith don réabhlóid a leagan. Ó 1905 ar aghaidh bhí an ríshliocht ag neartú a fhórsaí armtha agus é mar aidhm acu arm nua-aimseartha agus gairmiúil le traenáil i modhanna eolaíochta agus teicneolaíochta an Iarthair.

Mar a mhíníonn Ed McCord ina leabhar, The Power of the Gun, is í an aidhm a bhí ag an oideachas míleata gairmiúlacht na n-oifigeach a fheabhsú agus litearthacht na saighdiúirí a mhéadú. Den chéad uair, chreid mic na gclann uasaicmeach gur rud measúil a bhí i ngairm san arm.

Ach bhí toradh nach mbeifí ag súil leis ag na hathchóirithe seo. I scoileanna míleata sa tSín agus sa tSeapáin tumadh mic léinn i smaointeoireacht a cheistigh údarás Qing.  Chreid go leor acu go raibh gá go dtitfeadh monarcacht Manchu chun go láidreofaí an tSín.

Ó tharla gur buaileadh ríshliocht Qing in aghaidh na Seapáine in1894, Comhghuaillíocht na nOcht Náisiún in 1900 agus easpa cosanta a tugadh sa Chogadh Rúis-Seapánach in 1905, bhí bunús láidir ag an tuairim sin. Faoin mbliain 1911, agus cé gur cruthaíodh é chun an ríshliocht a chosaint, bhí an tArm Nua réidh le héirí amach.

Nuair a rinne oifigigh Qing na hamhrasáin a ghabháil i ndiaidh na pléisce ar an 9 Deireadh Fómhair thuig na saighdiúirí réabhlóideacha go raibh siad i mbaol. Chreid na saighdiúirí go ngabhfaí iad agus go gcuirfí chun báis go leor acu agus b’éigean dóibh gníomhú ar an bpointe boise.

Ar oíche an 10 Deireadh Fómhair chuaigh saighdiúirí an Airm Nua i mbun ceannairce. Chuir réabhlóidithe éadaí bána ar a gcuid airm chun go n-aithneofaí iad agus ghlacadar smacht ar láithreacha tábhachtacha míleata rialtais agus armlanna.

Theith an seanascal agus na ceannasaithe ba shinsearaí. Faoin mhaidin dár gcionn bhí Wuchang faoi smacht na reibiliúnach. Laistigh de roinnt laethanta bhí réigiún iomlán Wuhan faoina smacht.

Éifeacht na ndúradán a bhí ag Éirí Amach Wuchang i gcomhthéacs níos leithne na Síne. D’fhógair cúige i ndiaidh cúige saoirse ó Qing tar éis an éirí amach. Bhí tús le Réabhlóid Xinhai, a ainmníodh i ndiaidh na bliana 1911 ar an bhféilire Síneach.

Mar a tharla sé, ní raibh an té is mó a samhlaíodh leis an réabhlóid, Sun Yat-sen, fiú sa tSín ag an am. Le blianta fada, bhí Sun chun cinn i ngluaiseachtaí i gcoinne Qing, bhí lámh aige i mbunú gluaiseachtaí réabhlóideacha, agus in iarrachtaí ar éirithe amach, iarrachtaí ar theip orthu.

I mí Dheireadh Fómhair 1911, bhí Sun in Denver, Colorado, agus é i mbun maoiniú a fháil i measc an phobail Shínigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí tar éis fulaingt de bharr an chiníochais sa tír sin le fada. 

Agus é ina shuí in Óstán an Pháláis Dhoinn léigh Sun faoi Éirí Amach Wuchang sa nuachtán. Thuig sé go raibh tús curtha leis an éirí amach a raibh sé ag obair ar a shon le fada agus chuaigh sé i mbun a thurais chun filleadh ar an tSín a phleanáil.

Ar an mbealach abhaile dó thug sé cuairt ar ardchathracha na hEorpa chun gealltanais a fháil ó na mórchumhachtaí go bhfanfaidís neodrach faoin éirí amach. Agus na gealltanais faighte aige d’fhill sé ar an tSín i dtreo dheireadh mhí na Nollag.

Tháinig Sun i láthair in Guangzhou ar an 25 Nollaig 1911 agus seachtain ina dhiaidh sin toghadh é mar uachtarán sealadach Phoblacht na Síne. D’éirigh an t-impire deireanach Qing, Puyi, as an gcoróin go foirmiúil i Márta na bliana 1912, rud a chuir deireadh le níos mó ná 250 bliain de riail Manchu agus 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach.

Cé gur cor cinniúnach a bhí i réabhlóid 1911, níor dheireadh an scéil é. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí deacrachtaí ag an bpoblacht nua le taoisigh chogaidh áitiúla, bagairtí ó thíortha eachtrannacha, agus an scoilteadh polaitiúil.

Ach léiríonn bunús na réabhlóide a dheacair is atá sé cúrsaí a thuar. Theip ar shraith iarrachtaí deireadh a chur leis an Qing, in 1903, 1907 agus 1910. Ach de bharr na pléisce a tharla an oíche chinniúnach sin, thit sraith imeachtaí amach a d’athraigh stair na Síne.

Léiríonn Éirí Amach Wuchang nach dtarlaíonn réabhlóidí de bharr na pleanála foirfe i gcónaí, ach is féidir leo tarlú de bharr eachtraí fánacha agus an mhisnigh. Tháinig na blianta den fhrustrachas, eagrúchán agus idé-eolaíocht le chéile in am an ghátair. Athraíodh an tSín go buan, ó impireacht go poblacht, agus bheadh lorg na réabhlóide le brath ar feadh na mblianta.

Louis Blanc, leasaitheoir Útóipeach agus guth na n-oibrithe

Rugadh Louis Jean Joseph Charles Blanc ar an 29 Deireadh Fómhair sa bhliain 1811. Rugadh é i Maidrid na Spáinne agus ba as an Fhrainc dá tuismitheoirí. Ba ardchigire airgeadais faoi Joseph Bonaparte, dearthár Napoleón, é a athair.

I ndiaidh titim mhuintir Bonaparte, bhog clann Blanc ar ais chun na Fraince. Bhí tionchar ag an gcíor thuathail pholaitiúil agus an deoraíocht ar smaointeoireacht Blanc. Rinne Blanc staidéir ar an dlí i bPáras, ach mar gheall ar an mbochtaineacht agus cur faoi chois polaitiúil spreagadh é i dtreo na hiriseoireachta agus na critice sóisialta.

Bhí Blanc i measc na sóisialaithe luatha “Útóipeacha” sa Fhrainc. Ina saothar ón mbliain 1839-40, L’Organisation du travail, d’áitigh sé go raibh an iomaíocht a bhí lárnach sa tsochaí chaipitlíoch ag cothú na hainnise forleithne.

Bhí iad siúd a bhí lag á gcur faoi chois fad is a bhí lucht an rachmais ag déanamh go maith. Chun seo a chur ina cheart, mhol Blanc go gcabhródh an stát le bunú fiontar comharchumannach, nó “ceardlanna sóisialta faoi stiúir oibrithe, áit a mbeadh oibrithe a mbeadh an cumas acu i mbun saothair, agus daoine nach raibh sé ar a gcumas acu obair a thuilleadh i dteideal cúnaimh nó íocaíochtaí.

Is é ceann de na friotail is cáiliúla uaidh ná, “ó gach duine de réir a chumais, do gach duine de réir a riachtanas.” Níorbh aon idéalachas fileata é seo do Blanc, ach múnla coincréiteach; dhéanfadh comharchumainn le tacaíocht ón stát an fhostaíocht, dínit na n-oibrithe , agus dáileadh acmhainní níos cothromaí a chinntiú.

Nuair a bhain Réabhlóid Fheabhra 1848 bua amach i gcoinne Mhonarcacht mhí Iúil na Fraince, bhí an chumhacht pholaitiúil ag Blanc. Rinneadh ball den Rialtas Sealadach é agus bhí sé i gceannas ar Choimisiún na hOibre. D’éirigh le ceann dá chéad rún nuair a d’aontaigh an rialtas “go gcinnteofaí slí bheatha na n-oibrithe tríd an obair”.

Faoi thionchar Blanc bunaíodh na Ceardlanna Náisiúnta. Rinne na ceardlanna obair a thairiscint ar dhaoine dífhostaithe, go háirithe ar thionscadal móra poiblí, agus cuireadh smaointe comharchumannacha Blanc i bhfeidhm.

Ach bhí ró-éileamh ar na hoibrithe agus níor cuireadh a dhóthain maoinithe ar fáil dóibh. Le linn éirí amach “Laethanta mhíí an Mheithimh” rinne an rialtas cos ar bolg ar na hoibreacha. Cuireadh an milleán ar Blanc agus b’éigean dó teitheadh go Sasana.

D’fhan Blanc i Sasana go dtí titim an Dara Impireacht in 1870. Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc toghadh é chuig an gComhdháil Náisiúnta. Lean sé leis ag labhairt ar son na gceart oibrithe, leasuithe sóisialta, cearta vótála do chách, agus an prionsabal go raibh freagracht ar an stát fostaíocht a chothú.

Bhásaigh sé i Nollaig na bliana 1882 in Cannes.

Cé nár éirigh lena thionscadail ar fad, bhí lorg ollmhór ag a fhís; an stát leasa sóisialaí, coincheap “an ceart chun oibre”, ról na gcomharchumann agus ceardlanna sóisialta, agus an tuairim go mbaineann an tsaoirse pholaitiúil leis an gceart sóisialta agus eacnamaíoch chomh maith.

An Dr. Kathleen Lynn (1874-1955)

Chuaigh an Dr. Kathleen Lynn ar shlí na fírinne an tráth seo bliana sa bhliain 1955. Ba dhochtúir leighis agus gníomhaí polaitiúil í Lynn, a rugadh ar an 28 Eanáir 1874 i Mullach Faraidh, gar do Chill Ala i gCo. Mhaigh Eo. Ba í Kathleen an dara hiníon a rugadh. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aici agus ba é Robert Lynn, ministir de chuid Eaglais na hÉireann, agus Catherine Lynn a tuismitheoirí.

D’ainneoin go raibh sí gaolta leis an uasaicme agus gur fhás sí aníos go compordach, chaith sí a gairm ag plé leo siúd a bhí ar an ngannchuid. Is cosúil go raibh tionchar ag an mbochtaineacht agus gníomhaíocht talún a bhí le sonrú i gCo. Mhaigh Eo agus í ina páiste uirthi, óir theastaigh uaithi teacht ar réiteach polaitiúil agus pragmatach ar an gcruatan.

Fuair sí a hoideachas i Manchain agus Düsseldorf, agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar Choláiste Alexandra i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim ó Shráid Cecilia, scoil leighis na hOllscoile Caitlicí, in 1899 agus, i ndiaidh di tabhairt faoi obair iarchéime i Stáit Aontaithe Meiriceá, rinneadh comhalta de Choláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn í in 1909. Diúltaíodh post in Ospidéal Adelaide di de bharr a hinscne, ach d’éirigh léi taithí a fháil in Ospidéal Patrick Dun agus in Ospidéal an Rotunda.

Ba chúntóir cliniciúil í idir na blianta 1910 agus 1916 in Ospidéal Ríoga Victoria don Chluas agus Súil. Ba an chéad dochtúir baineann cónaithe í san ospidéal sin, ach níor tugadh cead di filleadh i ndiaidh Éirí Amach 1916. Bhí cleachtadh príobháideach aici ina teach cónaithe ag 9 Bóthar Belgrave, Ráth Maoinis, idir 1903 agus 1955.

Ba shufraigéid agus náisiúnaí í, agus tháinig sí faoi anáil Helena Molony, Constance Markievicz, agus Shéamuis Uí Chonghaile. D’oibrigh sí i dtithe anraith le linn Fhrithdhúnadh 1913, tráth a raibh sí go dlúth i measc bhochtáin Bhaile Átha Cliath.

Ghlac sí ballraíocht le hArm Cathartha na hÉireann (ACÉ) agus mhúin sí garchabhair do Chumann na mBan. Agus í ina príomhoifigeach leighis do ACÉ le linn Éirí Amach 1916, thug sí cúram dóibh siúd a bhí gortaithe ó Halla na Cathrach. Cuireadh i ngéibheann í le Helena Molony agus Madeline ffrench-Mullen i ndiaidh an Éirí Amach.

Ba shóisialaí díograiseach í chomh maith. Bhí sí mar leasuachtarán oinigh ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann in 1917 agus cháin sí droch-choinníollacha oibre na mban.

Le linn do Shinn Féin a bheith ag forbairt go polaitiúil in 1917 rinneadh leasuachtarán de choiste gnó an pháirtí í, agus sa tréimhse chéanna b’ionad lárnach teach Lynnn do mhná Shinn Féin agus Cumann na dTeachtairí, eagraíocht fheimineach poblachtach a rinneadh feachtasaíocht ar son tuilleadh ionadaíochta do mhná laistigh de Shinn Féin agus saol poiblí na hÉireann trí chéile.

Cuimhnítear ar Lynn chomh maith as Ospidéal Naomh Ultan do Pháistí a bhunú in 1919 in éineacht le ffrench-Mullen. Ba  é an aidhm a bhí ag an ospidéal áiseanna a chur ar fáil do leanaí bochta agus a máithreacha. Cé go raibh sí gníomhach i ndeisceart Thiobraid Árann le linn Chogadh na nDúchrónach chuaigh a seasamh náisiúnta i léig i ndiaidh 1923.

An bhliain sin toghadh í mar Theachta Dála do Shinn Féin ar an taobh frith-Chonartha, ach níor ghlac sí a suíochán de bharr pholasaí an neamhfhreastail. Níor éirigh léi a bheith tofa arís in 1927 ach bhí sí gníomhach ar chomhairle uirbeach Ráth Maoinis idir 1920 agus 1930, áit ar labhair sí ar son thithíocht mhaith agus an ghalarchoisc. 

Ag Ospidéal Naomh Ultán, spreag Lynn an taighde náisiúnta chun fáil réidh leis an eitinn. Sa bhliain 1937, chuir an t-ospidéal an t-ionaclú i bhfeidhm a chur stop leis an ngalar.

Bhí spéis aici i gcónaí i gcúrsaí péidiatraice agus thug sí cuairt in éineacht le ffrench-Mullen ar Mheiriceá in 1925 chun airgead a bhailiú agus staidéar a dhéanamh ar chúrsaí péidiatraic. Spreag cuairt an Dr Maria Montessori ar Ospidéal Naomh Ultan in 1934, Lynn le tuilleadh spéise a chur san oideachas óige.

Chuir sí an ghlaineacht agus an t-aer úir chun cinn i gcaitheamh a saoil. Bhí sí bainteach le An Óige, agus thiomnaigh sí a theach i nGleann Molúra don eagraíocht. Is féidir fanacht ann go fóill sa lá atá inniu ann. 

Tugadh sochraid iomlán mhíleata di nuair a bhásaigh sí i dteach altranais Naomh Muire i mBaile Átha Cliath in 1955.

Tá cuimhne uirthi i ngeall ar a gníomhaíochas polaitiúil agus sóisialta; bhí sí mar chuid de ghlúin réabhlóideach de mhná polaitiúla a tháinig chun cinn sna 1910í ach a chaith an chuid eile dá saoil i luathbhlianta an tSaorstáit, nuair a caitheadh fís na mban i dtraipisí, ag plé leis an bhfeimineachas trí chúrsaí máthartha.

Tá feachtas ar an bhfód le roinnt blianta Ospidéal Náisiúnta na bPáistí nua i mBaile Átha Cliath a ainmniú aisti.

An t-athbhreithniúchas i leith Dhónaill Uí Chonaill

Rinneadh comóradh ar an bhFuascailteoir, Dónall Ó Conaill, le déanaí ag a theach breá i nDoire Fhíonáin i gContae Chiarraí. Tá 250 bliain imithe ó rugadh Ó Conaill. Bhí caint ar shráid in Oileán Chiarraí agus Aerfort an Fhearainn Fhuair a athainmniú as. Tá súil agam nár éirigh leis na hiarrachtaí sin. Nach leor é go bhfuil príomhshráid na tíre ainmnithe in ómós dó? 

Dár ndóigh, thapaigh an t-aos polaitiúil, Fianna Fáil go háirithe, an deis dul i mbun plámáis faoin abhcóide mór le rá mar chuid den straitéis athbhreithnitheach staire fhrithphoblachtánach acu.

Nochtadh an amaidí seo in 2016 nuair a chroch an comhrialtas meirge ar Chearnóg an Choláiste le linn comóradh ar phoblachtánaigh a léirigh náisiúnaigh bhunreachtúla ar nós Uí Chonaill agus Sheáin Mhic Réamainn, a rinne tréaniarracht poblachtánaigh a threascairt.

Páirtí le tréithe an phoblachtánachais a bhí i bhFianna Fáil tráth dá raibh. Tá an idé-eolaíocht sin caite i dtraipisí acu le fada, dár ndóigh.

Ach is tairne eile sa chónra é an plámás a rinne an Taoiseach Micheál Martin ar Ó Conaill ag an gcomóradh air le déanaí. Tadhg an dá thaobhachas atá ar bun ag Martin. Labhraíonn sé ag uaigh Tone lá amháin, agus ag ócáid comórtha d’Ó Conaill lá eile. 

Sheas Ó Conaill glan i gcoinne phrionsabail Tone. Ba fhrithphoblachtánach é. Níor sheas sé ar son cairdss idir “Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí” mar a sheas Tone.

Bhí Ó Conaill ina bhall de mhílíste i mBaile Átha Cliath, Cór Airtléire na nDlíodóirí, a raibh sé mar aidhm acu Tone agus Emmet agus a gcomrádaithe sna hÉireannaigh Aontaithe a chuir faoi chois in 1798 agus 1803 faoi seach. 

Le linn réabhlóid Emmet in 1803 ghlac Ó Conaill páirt i gcuardaigh chun iarracht na nÉireannach Aontaithe a chur go tóin poill. Blianta ina dhiaidh sin, in 1842, d’fhógair sé os comhair aíonna ina theach breá ar Chearnóg Mhuirfean go raibh “an crochadh tuillte ag Emmet”.

Mhaígh Micheál Martin agus é ag labhairt gur “sheas Ó Conaill ar son na hionchuimsitheachta agus an chomhionannais”.

Cé gur fíor seo i gcomhthéacs a ráitis i leith chóras na sclábhaíochta, agus a chairdeas leis an “Ó Conaill Dubh”, Frederick Douglass, ba mhór an dochar a rinne sé d’idéal an chomhionannais idir Protastúnaigh agus Caitlicigh na nÉireannach Aontaithe i gcaitheamh a shaoil. 

Nuair a bhí caint ar na scoileanna náisiúnta a bhunú sna 1820í, ba ar mhúnla neamhsheicteach a moladh iad ar dtús. Ba ghearr go raibh Ó Conaill agus na heaspaig Chaitliceacha, ar theastaigh uathu smacht Caitliceach a chur i bhfeidhm sna scoileanna, glan in aghaidh na scoileanna. Thuigfeá dóibh, ar bhealach, mar bhí iarrachtaí ar bun le fada ag misinéirí Protastúnacha an cosmhuintir Chaitliceach a iompú. 

Ach, bhí fuath níos doimhne ag Ó Conaill ar choincheap an neamhsheicteachais, mar a léirigh a fhreasúra i leith na gcoláistí ríoga neamhsheicteacha, conspóid a thug an teannas idir na hÉireannaigh Óga agus Ó Conaill go cnámh na huillinne sna 1840í. De bharr nach raibh teagasc Caitliceach luaite leis na coláistí, ghlaoigh Ó Conaill “coláistí gan Dia” orthu. 

A mhalairt a bhí ar bun ag Davis. Agus é ag scríobh ar The Nation bhí iarracht á déanamh aige áit i sochaí na hÉireann a chruthú don mhionlach Protastúnach, agus leas á bhaint aige as an nGaeilge agus an náisiúnachas cultúrtha. Shamhlaigh Davis go bhféadfaí leas a bhaint as an oideachas, teanga agus cultúr chun pobal an dá dhreama eitnea-reiligiúnda sa tír a thabhairt le chéile.

Athbhreithniúchas lom atá ar bun ag Martin anseo, agus é ag déanamh tréaniarrachta náisiúnach Caitliceach seicteach ar nós Uí Chonaill a chur ar chomhchéim le poblachtánaigh ar nós Tone agus Davis a sheas ar son an bhráithreachais.

Tá neart eile a d’fhéadfaí a rá faoi Ó Conaill agus a sheasamh i leith na Gaeilge, ceardchumann, an lucht oibre, frithbheartaíocht radacach agus tuilleadh lena chois.

Ach mar a bhaineann sé leis an “gcomhionannas” a mhaíonn Martin faoi, is é malairt an scéil atá fíor. Cé gur chruthaigh an comhthéacs coilíneach an seicteachas in Éirinn, bhí ról lárnach ag Ó Conaill mar cheannaire na gCaitliceach i ndeighilt an dá phobail in Éirinn le linn an naoú haois déag.

Ceist na Tithíochta cíortha ag Comóradh ar Mháirtín Ó Cadhain

Reáchtáil Misneach BÁC comóradh ar Mháirtín Ó Cadhain le déanaí i  Reilig Chnocán Iaróm, mar atá déanta ag an eagraíocht le roinnt blianta anuas. Tugtar ómós do laochra mór an phobalactánchais ar bhonn rialta, agus is mithid an rud céanna a dhéanamh le laochra mór na Gaeilge amhail Ó Cadhain.

Ní ar mhaithe le searmanas amháin a dhéantar seo, ach chun fís Uí Chadhain a thabhairt chun cuimhne agus gníomhú dá réir. Mar a luaigh Rúnaí Misneach, Kerron Ó Luain, ag an gcomóradh, tá fís na hathghabhála a nascann an Ghaeilge isteach i streachailtí eile ábharaíoch fós thar a bheith dlisteanach. Agus dár ndóigh is féidir bunús na hidé-eolaíochta sin a chur in oiriúint don lá atá inniu ann agus muid ag bogadh i dtreo na Poblachta Nua.

Bhí anailís Uí Chadhain beacht, ach go háirithe ar cheist na Gaeltachta, dár ndóigh. Léigh Pat Ó hÍomhair sliocht a scríobh Ó Cadhain faoi bhás deichniúr spailpín ó Acaill in Albain in 1937. An córas sóisialta, córas caipitleach, ba chúis leis an imirce a thiomáin na himircigh as an nGaeltacht go críocha eile le hiad féin a chothú.

Luaigh Ó Luain go bhfuil an córas céanna fós ag tachtú na Gaeltachta – “tá an caipitleachas ag marú na Gaeltachta”, manna atá ag Misneach ó bunaíodh an eagraíocht. Is léir an fhírinne sa mhéid sin le staid reatha na géarchéime tithíochta. Go bunúsach, níl an rialtas sásta a lámh a chur sa mhargadh caipitleach tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá bob á bhualadh ag an rialtas ar lucht feachtais – rialtas a ligeann orthu go bhfuil spéis acu i réiteach na géarchéime. Eisítear ráitis faoi “féidearthachtaí a fhiosrú” faoi ról a thabhairt do Údarás na Gaeltachta i réiteach na faidhbe agus mar sin de, rud a chiallaíonn go mbeidh taighde éigin déanta a thógfaidh roinnt blianta, déanfar moltaí agus sin fágfar ar leataobh iad.

Is léir nach bhfuil i gceist ach moilleadóireacht shíoraí agus plámás. Ní gá ach breathnú ar an ngéarchéim tithíochta i gcoitinne.

Tá an rialtas ag eisiúint geallúintí folamha le os cionn deich mbliana, agus an ghéarchéim ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana. Mar sin ní mór a bheith cruthaíoch sa chur chuige chun an cheist a thabhairt go cnámh na huillinne.

Tá samplaí sa stair, i stair na Gaeltachta, gur féidir ceachtannaí a bhaint uathu. Mar shampla, bhain muintir Ráth Chairn bua mór amach i dtaobh na tithíochta de i lár na seachtóidí i ndiaidh dóibh seilbh a ghlacadh ar theach sa cheantar. I nDún Chaoin, in 1970/71, d’éirigh leis an bpobal a scoil a shlánú de bharr gur lean siad ar aghaidh á úsáid beag beann ar sprioc an rialtais é a dhúnadh. Beidh toradh teoranta ag an stocaireacht bhéasach sna seomraí boird i gcónaí.

Ní mór chomh maith go mbeadh éilimh measartha agus radacacha i measc na n-éileamh chun an ghéarchéim a réiteach. Léigh Clodagh Ní Mhurchú sliocht ó phaimfléid Uí Chadhain, Gluaiseacht na Gaeilge Gluaiseacht ar Strae, nuair a d’éiligh sé Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge mar réiteach radacach ar cheist an seachadadh idirghlúine agus úsáid laethúil na Gaeilge.

Bearta radacacha a bhí ar intinn ag Ó Cadhain, rud a spreag an cur chuige agus na buanna a bhain Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta amach sna seachtóidí agus ochtóidí.

Housing Issue Highlighted at Máirtín Ó Cadhain Commemoration

Misneach Dublin recently held a commemoration for Máirtín Ó Cadhain in Mount Jerome Cemetery, as the organisation has done for a number of years now. Great heroes of republicanism are honoured regularly, and it is high time that the same be done for the great heroes of the Irish language such as Ó Cadhain.

This is not done for ceremony alone, but to bring Ó Cadhain’s vision to mind and to act accordingly. As Misneach’s Secretary, Kerron Ó Luain, noted at the commemoration, the vision of reconquest that connects the Irish language with other material struggles is still entirely legitimate. And of course, the foundations of that ideology can be adapted to the present day as we move toward the New Republic.

Ó Cadhain’s analysis was precise, especially on the issue of the Gaeltacht. Pat Ó hÍomhair read an excerpt Ó Cadhain wrote about the death of ten migrant labourers from Achill in Scotland in 1937. It was the social system — a capitalist system — that caused the emigration which drove the migrants out of the Gaeltacht to other places in order to sustain themselves.

Ó Luain noted that the same system is still killing the Gaeltacht — “capitalism is killing the Gaeltacht,” a motto Misneach has held since the organisation was founded. The truth of that is clear in the current state of the housing crisis. Essentially, the government is not willing to intervene in the capitalist housing market in the Gaeltacht.

The government is duping campaigners — pretending to be interested in resolving the crisis. Statements are issued about “exploring possibilities” of giving Údarás na Gaeltachta a role in solving the problem and so forth, which means that some research will be carried out that will take several years, recommendations will be made, and then left aside.

It is clear that nothing is intended but endless delay and flattery. One need only look at the housing crisis in general.

The government has been issuing empty promises for over ten years while the crisis worsens year after year. For that reason, creativity is needed in the approach in order to bring the matter to a head.

There are examples in history — in the history of the Gaeltacht — from which lessons can be drawn. For example, the people of Ráth Chairn achieved a major victory regarding housing in the mid-1970s after they occupied a house in the area. In Dún Chaoin, in 1970/71, the community succeeded in saving their school because they continued using it regardless of the government’s intention to close it. Polite lobbying in boardrooms will always have only limited results.

There must also be both moderate and radical demands among the proposals to resolve the crisis. Clodagh Ní Mhurchú read an excerpt from Ó Cadhain’s pamphlet Gluaiseacht na Gaeilge Gluaiseacht ar Strae, in which he called for All-Irish Housing as a radical solution to the issue of intergenerational transmission and the daily use of Irish.

Radical measures were what Ó Cadhain had in mind, which inspired the approach and achievements of the Gaeltacht Civil Rights Movement in the 1970s and 80s.