Day: April 17, 2020

Sraith alt: #6 An Stát Nualiobrálach

Sa tsraith alt seo, rinneadh anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim corónach. Ina theannta sin, leagadh síos fís dhearfach den chineál sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

An babhta seo, breathnófar go tapa ar nádúr an stát nualiobrálaigh, rud atá tar éis an ghéarchéim a dhéanamh i bhfad níos measa, mar a mhínigh muid sna hailt eile.

Tugtar an “nualiobrálachas” ar an tréimhse reatha den chaipitleachas, tréimhse a thosaigh sna 70idí mar réiteach ar an ngéarchéim “stagflation” a bhí ann ag an am sin. 

De réir theoiric an nualiobrálachais, níor chóir don stát a ladar a chur isteach sa margadh ach amháin chun tacú leis na caipitlithe – chun tarrtháíl a dhéanamh ar bhancanna, mar shampla. 

Níor chóir baint mhór a bheith aige le polasaithe sóisialta eile – tithíocht, sláinte, oideachas, srl. Ar an drochuair, tá Éire an lae inniu ar cheann de na tíorta is nualiobrálaigh ar domhan, agus ní híonadh é, mar sin, nach raibh an stát sásta seirbhísí sóisialta a mhaoiniú go ceart go dtí seo. 

Ach anois, agus géarchéim i bhfad níos measa ná 2008 ag bagairt orainn, tá athrú port orthu, áfach.

Cé go bhfuil Varadkar agus an stát tar éis íocaíocht leasa sóisialaí a gheallúint ar feadh tréimhse dóibh siúd a chaill a bpost, ní leor an méid é, €350 do go leor daoine. Lena hais sin, táthar siúd atá fós ar ráta de €203. Ba chóir go mbeadh gach éinne ar an ráta ard.

Tá líon na ndaoine atá anois ag plé na féidearthachtaí a bhaineann le tuarastal uilíoch bunúsach méadaithe go mór de bharr na géarchéime seo.

Sa chomhthéacs níos leithne, tá an ghéarchéim tar éis a léiriú cé chomh treallach agus atá an córas eacnamaíoch nualiobrálach. Is é sin le rá nach féidir leis an gcóras croitheadh mar seo a sheasamh gan dul go tóin poill.

Fiú roimh an ngéarchéim seo bhí cúlú eacnamaíoch ar na bacáin cheana féin, agus leithéidí an IMF fiú ag rá le cúpla bliain anuas go raibh baol mór ar an ngeilleagar domhanda.

Níl ann ach gur chuir an galar seo luas faoi rud a bhí ag teacht luath nó mall ar aon nós.

Rud eile ná go léiríonn an ghéarchéim tábhacht an ghnáthoibrithe. Ní hiad na baincéirí ná lucht bainistíochta na gcistí fálaithe [hedge funds] atá riachtanach don sochaí, ach na banaltraí, dochtúirí, póirtéirí, tiomáinithe seachadta, múinteoirí, agus iad siúd a líonann na seilfeanna sna hollmharagaí.

Léirigh an ghéarchéim gur bréaga a bhí i síoráitimh na heite deise nach raibh go leor airgid againn do na seirbhísí sláinte, nach bhféadfaí reo cíosanna a chur i bhfeidhm, nó nach raibh sé indéanta teorann a chur ar taisteal eitleáin. 

Nach trua gur thóg sé chomh fada seo, agus géarchéim chomh tromchúiseach seo, chun na bunpholasaithe ciallmhara seo a chur i bhfeidhm?