Day: May 22, 2020

Léirmheas leabhair: Hitching for Hope

Bhí am ann R. C. – roimh choróna! Bhí am ann go raibh cead ár gcinn againn dul ag spaisteoireacht timpeall na tíre gan aon srian dhá chiliméadar orainn!

Roinnt blianta ó shoin bhí srian de chineál eile orainn – srian eacnamaíochta toisc go raibh teipthe ar shláinte an Tíogair Cheiltigh.

Bhí easpa dóchais ollmhór le braith sa stát agus eagla ar dhaoine nach dtiocfadh an stát as an sáinn ina raibh sí, nach gcúiseofaí éinne des na baincéirí a bhí tar éis an stát a scrios lena gcraos agus nach dtiocfadh slite úra maireachtála chun cinn a chinnteodh nach dtarlódh a leithéad arís.

I 2013 agus an ghéarchéim eacnamaíochta faoi lán seoil fuair an t-údar, Ruairí McKiernan, cuireadh caint a thabhairt ag Scoil Samhradh MacGill. B’iad tuairimí muintir na hÉireann ar chás na tíre ábhar na cainte.

Agus é ag machnamh ar conas díriú ar chaint mar seo cheap McKiernan nach raibh aon rud fé ach dul i measc na ndaoine.

Mar sin chuaigh sé i mbun eachtraíochta, lena ordóg san aer ag síob-shiúl bhóithre na tíre. ‘Hitching for Hope’ a thug sé ar an turas – turas a bhí ag lorg tuartha dóchais agus an tír i ndroch-chaoi.

Agóidí agus scríbhneoir is ea McKiernan. Bheadh seanaithne ag muintir Ros Dumhaigh air, mar shampla. Is minic go bhfoilsítear altanna leis sna nuachtáin náisiúnta. Chuir sé tús le Spunout.ie – suíomh idirlíon a chuidigh go mór le guth agus cabhair a thabhairt do dhaoine óga.

Le blianta beaga anuas bhí dlúthbhaint aige le ‘Gaelic Voices for Change’ a tharraing imreoirí na gcluichí Gaelacha le chéile le haird a tharraingt ar ábhair ar nós meabharghalar.

Seans freisin go mbeadh aithne ag muintir an Spidéil ar a mháthair, Ann Keenaghan, a bhunaigh an t-ionad leighis, Ionad Bhríde, i mBaile Éamuinn, roinnt blianta ó shoin.

Séard atá sa leabhar ná dialann de shórt den am a chaith sé ar an mbóthar. Chuir sé leabhar an chraoltóra, Paddy O’Gorman, i gcuimhne dom – Queuing for a Living. Bhí leabhar O’Gorman, a foilsíodh é i 1994, bunaithe ar agallaimh raidió. Leabhar tábhachtach a bhí ann a thug deis chainte do dhaoine nach gcloisfeá uathu go hiondúil.

Tugann McKiernan an deis chéanna do an-chuid daoine ó ghach cearn den tír.

Mar aon le O’Gorman is beag de féin ná a chuid tuairimíochta a chuireann McKiernan sa leabhar. Tá cur síos aige ar a chlann agus an chomhairle a chur a sheanathair air, ach a bheag nó a mhór tá an leabhar dílis dos na daoine lenar bhuail sé.

Ina measc bhí: bean ón Pholainn a labhair leis faoi mhac tíre; lánúin ón Iodáil a thug síob dó thar cúpla lá; daoine a bhí ag freastal ar ionad buail isteach Cill Dá Lua; file a bhí ag campáil ar bharr Uisneach; ceannaí éisc ó Dhún na nGall; bean rialta agus mór, mórchuid eile.

Tá scéal gach duine agus a gcuid smaointe fíorspéisiúil.

‘Sé laige an leabhair, má tá laige ann, ná a laghad. Mar shampla, ní shroicheann sé

Gaeltacht na Rinne agus é cúpla míle ó thuaidh uaithi; nó ní shroicheann sé lár Uladh, Ciarraí ná Corcaigh.

Ba bhreá liomsa féin dá rachadh sé ar ais ar an mbóthar arís agus smaointe an chuid eile den tír a chruinniú mar tá sé go maith chuig an jab seo agus is soiléir nach leasc le héinne labhairt leis.

Mholfainn an leabhar d’éinne ar spéis leo guthanna gnáthdhaoine a chloisint. Bhaineas an-taitneamh as é a léamh agus mé ag smaoineamh ar an am R. C. go raibh cead ár gcinn againn dul amach ar an mbóthar, ordóg a ardú agus dul ag spaisteoireacht.

– Colm Ó Snodaigh

Ruairí McKiernan, Hitching for Hope: a Journey into the Heart and Soul of Ireland, (Chelsea Green Publishing, 2020), 240 lth.

Is féidir aon eolas faoin leabhar a fháil ar www.hitchingforhope.com

Is féidir eolas ar phodchraoladh rialta Ruairí ‘Love & Courage’ a fháil ag podcast@loveandcourage.org