Day: September 2, 2020

Is ionainn féin atá an chumhacht, ní in achainíocha

Tá tacaíocht á lorg d’achainí nua, a bhfuil baint aige le pobal na Gaeltachta, le roinnt laethantaí anuas. Is ar shuíomh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (European Citizens’ Initiative) atá an achainí.

De réir na hachainí seo, bheadh tacaíocht agus maoiniú breise ag dul do réigiún áirithe san Eoraip a bhfuil tréithe áirithe cultúrtha ag baint leo, an Ghaeltacht sa chás seo, dá nglacfaí leis na hathruithe dlí atá mollta ann.

Cé, ar ndóigh, go bhfuil muide i Misneach go láidir den tuairim go dteastaíonn tuilleadh infheistíochta agus cumhachta ón nGaeltacht, tá amhras mór orainn faoi chultúr na n-achainí gur léir dúinn a bhfuil greim aige ar ghluaiseacht na Gaeilge.

Cé go bhfuil Misneach tar éis roinnt achainí a scaoileadh i gcaitheamh na mblianta chun tacú le feachtais a tháinig ón mbun aníos ó phobal na Gaeltachta, ní chreideann muid go mbaineann aon achainí amach an méid a theastaíonn.

Níl aon cheo níos laige mar uirlis pholaitiúil ná achainí. Níor athraigh aon achainí a dhath a riamh agus ní athróidh choíche.

“Pressure valves” atá iontu leis an tuiscint a thabhairt do dhaoine go bhfuil siad i mbun agóidíochta nuair nach bhfuil.

Maidir leis an achainí áirithe seo atá dírithe ar an Aontas Eorpach agus stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta mar mhionlach le cearta áirithe laistigh den aontas sin, b’fhiú bheith airdeallach ar impleachtaí na hídé-eolaíochta a thagann leis an “mionlú”.

Is sna 1970idí a ghlac Stát an Sé Chontae Fhichead ballraíocht san Aontas Eorpach. Ní aon comhtharlúint é gur caitheadh togra na hathbheochana i dtraipisí go hiomlán ag an tráth céanna.

Bhain rialtas BÁC leas as ídé-eolaíocht an Aontais Eorpaigh, a dhírigh ar chearta teangacha mionlaithe, chun neamhaird a dhéanamh ar an  bhfíor-athbheochan agus athdháileadh cumhachta a bhí, agus atá, de dhíth chun go slánófar an Ghaeltacht agus an teanga.

Feictear anois le meath leanúnach na Gaeltachta, nach aon mhaith i ndáiríre na cearta mionlaigh seo mura bhfuil an stát sásta fíordhaonlathas a thabhairt don chosmhuintir inti.

I ndeireadh na dála, teastaíonn clampar má tá cluas éisteachta uainn ó uasaicme atá ar nós cuma liom faoin gcosmhuintir, sin nó (níos fearr aríst!) gníomh díreach le tarraingt ar ár son féin.