Day: July 13, 2021

Iascairí Mara na hÉireann i mbun Agóide

Thaisteal cabhlachán de 50 long suas abhainn na Life i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ba chun deacrachtaí an tionscadail iascaigh a léiriú do rialtas na Sé Chontae Fhichead a chuaigh na hiascairí i mbun agóide.

Tá iascairí mara na hÉireann, na cinn Ghaeltachta san áireamh, dearmadta ag an rialtas i mBaile Átha Cliath ó ghlac an stát ballraíocht san Aontas Eorpach sa mbliain 1972.

An tráth sin ba iad na feirmeoirí móra a bhí mar thosaíocht ag lucht na cumhachta. Dá bhrí sin, b’éigean do phobail an chósta soláthar dóibh féin agus rinneadh íobairt ar fhlaitheas mara an stáit.

Tá cúrsaí imithe in olcas le déanaí, áfach. I ndiaidh an mhargaidh Breatimeachta a rinneadh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, beidh iascairí na Sé Chontae Fhichead thíos leis.

Anuas air sin, tá riail nua de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann le meá na n-iasc ag dó na geirbe ar na hiascairí.

Lena ais sin, tá ceist an fhlaithis ina cnámh spairne. Bíonn trálaeir ollmhóra ón Spáinn agus ó thíortha eile nach í ag breith ar éisc amach ó chósta na hÉireann go minic.

Go bunúsach, beidh níos lú éisc á ngabháil ag na hiascairí agus, dá bharr sin, beidh sé níos deacra orthu slí bheatha a dhéanamh as seo amach. Bánófar pobail an chósta agus cuirfear, arís, le meath na Gaeltachta.

Ní fiú dúinn bheith ag trácht ar inbhuannacht an stoic éisc agus cúrsaí comhshaoil má tá cead a gcinn ag na trálaeir ollmhóra seo. Bheadh tionscadail iascaigh na hÉireann níos fearr do shláinte an stoic ná na báid mhóra milteacha seo.

I ndeireadh na dála, is gá dúinn cás na n-iascairí a thuiscint i dtéarmaí an chaipitleachais. Tá claonadh ag an gcóras eacnamaíochta caipitleach “lárnú”. Sé sin le rá, gur ríchuma le lucht an rachmais, agus an cleas polaitíochta a thacaíonn leo, faoi thionscadail bheaga nach féidir leo brábús ollmhór a bhaint uaidh.

Is ríchuma leo faoi phobail bheaga tuaithe, bíodh siad ar an gcósta nó ná bíodh, nuair a ghintear formhór an rachmais sna cathracha móra.

Ó bunaíodh an stát fágadh na feirmeoirí beaga, na hiascairí agus na tionscadail tuaithe beaga eile ar an trá fholamh. Cruthaítear polasaithe do na boic mhóra.

Ní gá ach breathnú ar leithéidí Kerry Group agus Glanbia agus na billiúin de brábús a ndéantar. Is amhlaidh an scéil leis na hollmhargaí cosúil le Tesco. Fós féin, fágtar na feirmeoirí beaga ar an ngannchuid.

Is mithid dúinn briseadh leis an gcóras caipitleach trí phróiseas díchoilínithe a chur ar bun – próiseas ina mbeadh an teanga, an cultúr, cumhacht, daonlathas agus maoin i seilbh an chosmhuintir, seachas i seilbh dream big ag barr an tsochaí.