Day: October 21, 2021

Na Gardaí – cén mhaith iad?

Le tamall anuas tá go leor cainte ann ar fud an domhain faoi “dhí-mhaoiniú” na bpóilíní, le fáil réidh leo mar institiúid. Is iomaí argóint a dhéantar ar a shon seo – mar shampla go mb’éifeachtaí i bhfad na hacmhainní a théann isteach i bpoll na póilíneachta a chaitheamh ar rudaí cosúil le hoibrithe sóisialta, seirbhísí meabhairshláinte, nó tacaíochtaí eile pobail. Tá carnán mór taighde ann a léiríonn go ngineann an caipitleachas coiriúlacht, agus ní dhéanann na póilíní tada leis seo a athrú, ach a mhalairt: coinníonn an córas seo daoine ar an ngannchuid, agus is é príomhról na nGardaí ná an córas a chosaint.

Tá fhios ag an saol nach bhfuil na Gardaí ann le breith ar choirpigh chorparáideacha nó ar bhilliúnaithe. Na coirpigh is mó amuigh, tá cead a gcinn acu – na bodaigh mhóra atá ag scriosadh an domhain ar mhaithe le brabús, na daoine saibhre seo nach n-íocann cáin, slíomadóirí a bhriseann aon dlí nach bhfeileann dóibh an fhad is atá an chuid eile againn ag sclábhaíocht le cíos a íoc agus brabús a dhéanamh ar son lucht an rachmais.

Táthar ann a deir nach bhfuil na Gardaí s’againne sa Daorstát cosúil leis na brúideanna i SAM nó i dtíortha eile. Ní aontódh muintir Terence Wheelock leat, leaid a dúnmharaíodh i stáisiún i mBÁC in 2005, ná George Nkencho, a caitheadh ag deireadh 2020, ná pobal na Gaeltachta i Maigh Eo, a d’fhulaing brúidiúlacht uafásach ó na Gardaí ar feadh blianta agus iad ag troid in aghaidh Shell. Ná déanaimis dearmad ach an oiread ar scannal Maurice McCabe, a léirigh doimhneacht na caimiléireachta atá sna Gardaí. Ar ndóigh, tá stair fhada den diabhlaíocht chéana sa PSNI, rud a leanann ar aghaidh inniu.

Ní bhaineann sé le daoine aonair sna póilíní. Baineann sé le nádúr na póilíneachta mar institiúid a thugann cumhacht do dhream beag, agus leis an ról atá acu chun an status quo a chosaint, cibé chomh mífheidhmiúil is atá sé.

Seans nach raibh ach taithí mhaith agatsa riamh leis na Gardaí, a léitheoir. Sa gcás sin, is dóiche ná a mhalairt nach as ceantar an-bhocht thú, nó nach teifeach thú, nó duine den lucht siúil, nó duine gan dídean. Gan trácht ar éinne a throid in aghaidh na dtáillí uisce, nó in aghaidh na bhfaisisteach, nó scriosadh na timpeallachta. Dá mba ea, tá sé ionann is cinnte go mbeadh scéal eile agat.

Aon rud maith a dhéanann na Gardaí, d’fhéadfaí a dhéanamh ní b’fhearr gan iad, ach seirbhísí sóisialta agus sláinte maithe poiblí a bheith againn. Agus tá samplaí go leor ann d’áiteanna ina bhfuil sin ag tarlú, cuid acu ag baint úsáid as cuir chuige bhundúchasacha a bhfuil rath inspioráideach orthu.

Cén bhaint atá aige seo leis na Gaeil a deir tú? Bhuel, ar ndóigh, níl na Gaeil scaipthe amach ón tsochaí – gach trioblóid atá ag an tsochaí trí chéile, tá sé ag na Gaeil freisin. Ach mar bharr air sin, is leis an gcóras caipitleach a chosaint atá na póilíní ann – agus mar atá mínithe go minic ag Misneach, sin an rud atá ag marú na Gaeilge, mar aon le gach dochar eile a dhéanann sé. Is cuma má bhíonn cuid acu ag freastal ar ranganna Gaeilge amach anseo, beidh sé fós mar dhualgas proifisiúnta ar na Gardaí córas frith-Ghaelach, frith-dhaonna a chosaint.

Ó tháinig na chéad fhórsaí póilíneachta proifisiúnta ar an bhfód sa 19ú haois (bunaithe ar thaithí na gcoilíneach in Éirinn), bhí siad ann le cur in éadan gach dul chun cinn sóisialta, gach forbairt i dtaobh cearta do dhaoine atá faoi chois, gach stailc agus agóid a d’éiligh ceartas, gach éagóir ar throid daoine ina haghaidh. Ní timpiste é go raibh siad ar an taobh contráilte den stair míle uair agus i míle áit.

Dá n-uireasa, ní bhfaigheadh daoine gan dídean bás ina gcodladh taobh amuigh d’fhoirgnimh fholmha, bheadh ar lucht an rachmais a maoin ollmhór a roinnt, bheadh muid in ann stop a chur le milleadh uafásach na timpeallachta.

Seasann na póilíní idir muid agus saol níos fearr. Faighimis réidh leo.

Más suim leat tuilleadh a fhoghlaim faoin cheist seo, ní rachaidh tú amú leis an fhíseán seo le “Thought Slime”, a leagann amach an cás ar bhealach snasta: All Cops are Bad.

le Ceadharlach Bealtaine

Is as iarthar na hÉireann Ceadharlach Bealtaine. Tá seantaithí acu ar dhiabhlaíocht na bpóilíní. Is fuath leo an córas lofa atá ag scriosadh an domhain agus tá ard-mheas acu ar na Zapatistigh agus grúpaí eile dá sórt atá ag troid ar son shaoradh na cosmhuintire idirnáisiúnta ón stát agus ón gcaipitleachas.