Month: December 2024

Comhaontú Sykes-Picot 1916 agus Réiteach San Remo 1920: bunús fhoréigean an Mheánoirthir?

Bíodh is go ndéanann staraithe na bunaíochta, na meáin chorparáideacha agus rialtais na dtíortha impiriúlacha iarracht é a cheilt, is é an coilíneachas, agus a oidhreacht fhuilteach leanúnach, an chúis le cuid mhór d’fhoréigean an domhain sa lá atá inniu ann.

I gcásanna áirithe agus iad ag fágáil críocha gafa – anseo in Éirinn le hAcht Rialtas na hÉireann (1920) agus i ndeisceart na hÁise le hAcht Neamhspleáchas na hIndia (1947) – rinneadh críochdheighilt ar náisiúin agus pobail, rud a chuir go mór leis an gcoimhlint sna blianta ina dhiaidh sin.

In amanna eile, tháinig na tíortha coilíneachta le chéile chun críocha a roinnt agus línte a tharraingt ar léarscáileanna le go mbainfidís brabús na n-acmhainní nádúrtha agus daonna ó thíortha an domhain. B’amhlaidh a tharla ag Comhdháil Bheirlín (1884) a roinn críocha na hAfraice idir na mórchumhachtaí.

Chuir an teannas idir na mórchumhachtaí céanna i ngeall ar a gcuid ‘maoine’ san Afraic – ar a nglaoitear an Sciobadh ar an Afraic (the Scramble for Africa) – go mór le briseadh amach an Chéad Chogaidh Dhomhanda in 1914.

Leanadh leis an gcur chuige céanna le linn na coimhlinte, fiú. Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda tháinig an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc le chéile faoi rún. Ainneoin gur bualadh ar an Entente ag Gallipoli agus sa Mheaspatáim, creideadh go mbeadh na críocha faoi smacht Impireacht na nOtamánach ar fáil tar éis dheireadh an chogaidh.

I dtreo dheireadh na bliana 1915 agus thús 1916 chuaigh Mark Sykes, príomhchomhairleoir na Ríochta Aontaithe ar an Neasoirthear, agus Francois Georges-Picot, dlíodóir ó thaobh gairme de agus taidhleoir don Fhrainc, i mbun margála chun na críocha Arabacha a roinnt.

Ba é aidhm na hidirbheartaíochta ná Impireacht na nOtamánach a dháileadh eatarthu, mar a ndéanfaí le cáca breithlae. Bhí súil ghéar acu ar an ‘ór dubh’ faoi thalamh agus ar bhealaí tráchtála agus míleata. Ag pointe amháin, bhí deis ann go dtiocfaí ar réiteach leis na Turcaigh a shásaigh an Ríocht Aontaithe agus na Rúisigh. Ach chuir an Fhrainc bac air sin agus d’éiligh ní hamháin smacht ar an tSiria, ach smacht ar an Tuirc chomh maith.

I ndeireadh na dála, aontaíodh go bhfaigheadh an Rúis críocha in aice Stráice na Bosparaise, Cathair Chonstaintín, agus cúigí in Oirthear na hAnatóile. Gheobhadh Impireacht na Breataine Basra agus deisceart na Measpatáime (an Iaráic sa lá atá inniu ann), agus bheadh an chuid i lár baill, lenar áiríodh an Liobáin, an tSiria agus an Chilic (cuid den Tuirc faoi láthair), faoi smacht na Fraince. Bheadh an Phalaistín ina ‘críoch idirnáisiúnta’.

Tháinig Comhaontú Sykes-Picot, 1916, mar a ghlaoitear air, salach ar an margadh a rinneadh idir Impireacht na Breataine agus na náisiúnaigh Arabacha as a gcuid tacaíochta i gcoinne na Otamánach. Ní mó ná sásta a bhí na dreamanna sin ar theastaigh an féinchinneadh uathu nuair a tháinig sé chun solais gur dhein na mórchumhachtaí comhaontú rúnda eatarthu féin.

I ndiaidh Réabhlóid na mBoilséiveach in 1917 fuarthas cóip de Chomhaontú Sykes-Picot i gcartlanna rialtais. D’fhoilsigh Leon Trotsky an chomhaontú sa nuachtán Izvestia agus nochtadh pleananna na mórchumhachtaí buntáiste a bhaint as na críocha úd.

Ghlaoigh Lenin, ‘comhaontú na ngadaithe coilíneacha’ ar an doiciméad tar éis dó é a léamh.

Mar sin féin, níor cuireadh Comhaontú Sykes-Picot i bhfeidhm ariamh. I ndiaidh 1916, tharla mórathruithe ar nós na réabhlóide sa Rúis, agus bunú Chonradh na Náisiún (1920), a bhain cuid den bhonn den chomhaontú. 

Ach, nuair a d’aontaigh Conradh na Náisiún Réiteach San Remo in 1920, bhí tionchar Sykes-Picot fós le sonrú ar an léarscáil agus bhí meon na n-impireachtaí fós chun cinn. Bunaíodh ‘mandáidí’ a thug smacht don Fhrainc agus Impireacht na Breataine ar na stáit nua Arabacha.

Gheall na himpiriúlaithe go bhfágaidís na tíortha sa todhchaí nuair a bhí siad ‘forbartha go leor’ – tuiscint a bhí fréamhaithe sa chiníochas agus sa choilíneachas.

Rinneadh dlisteanú chomh maith in San Remo ar Fhorógra Balfour (1917), a thug cead do na Síónaigh:

‘Cúige Uladh bheag dhílis Ghiúdach i muir Arabachais a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach’ (‘a little loyal Jewish Ulster in a sea of potentially hostile Arabism’), is é sin Iosrael, a bhunú. 

Tá toradh Fhorógra Balfour, Comhaontú Sykes-Picot, agus Réiteach San Remo fós le feiceáil go soiléir i sléachtaí an Mheánoirthir a leanann ar aghaidh gan stad.

Tarraingíodh línte sa ghaineamh a chruthaigh stáit as an aer a rinne neamhaird de phobail eitneacha agus reiligiúnacha, agus a chothaigh comhthéacs an fhoréigin sa tSiria, sa Phalaistín, san Iaráic, agus tíortha eile nach iad, a mhaireann go fóill os cionn 100 bliain níos déanaí.

Tá an nualiobrálachas tar éis neamhshuim vótálaithe a chothú, ach tá teipthe ar Shinn Féin agus an eite chlé daoine a shlógadh

Is beag faoiseamh é dóibh siúd atá thíos leis polaiteoirí ag maíomh go bhfuil a vóta tar éis fás.

Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht. Ní raibh aon bhorradh i dtreo Shinn Féin agus na hEite-Clé san olltoghchán. Dealraíonn sé go bhfuil cuid de vótaí Shinn Féin, óna buaic de 34% i bpobalbhreitheanna in 2022, imithe chuig páirtithe níos lú ar an lár-Chlé, neamhspleáigh, agus, b’fhéidir fiú, go dtí na faisistithe. 

Mar sin féin, níor tháinig ach timpeall 60% den phobal amach chun vótáil – an céatadán is ísle i dtoghchán sa stát ó 1923. Tá cúiseanna doimhne struchtúracha a chothaíonn drochfhreastal vótála.

Go hidirnáisiúnta, tá laghdú tagtha ar an ráta vótála ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i gcomhthéacs an nualiobrálachais – an córas geilleagrach ina maireann muid a fhágann cumhacht ollmhór i lámha lucht an rachmais.

Léirigh staidéar a déanadh in 2023, Turning off the base: Social democracy’s neoliberal turn, income inequality, and turnout, mar a d’fhorbair neamhshuim i measc vótálaithe an lár-Chlé.

Thagair an staidéar do ‘athruithe struchtúracha socheacnamaíocha, mar shampla an meath ar lucht oibre de bharr díthionsclaíochta agus domhandaithe, ach freisin athruithe beartais, cosúil le glacadh [na páirtithe lár-Chlé] le liobrálachas an mhargaidh’.

Tá páirtithe an lár-Chlé anois ar a sháimhín só le status quo a chothaíonn éagothroime ioncaim, córas tithíochta faoi threoir na mbanc agus na bhforbróirí, cúram sláinte leath-phríobháidithe, agus seirbhísí poiblí ar bheagán mhaoinithe.

Tá an daonlathas curtha ar leataobh ag billiúnaithe atá i bhfeighil an gheilleagair nualiobrálaigh, a bhfuil tionchar ollmhór acu ar an bpolaitíocht, agus a bhíonn i gceannas ar na meáin. Mura dtugann páirtithe an lár-Chlé dúshlán don chóras seo, ní slógfar daoine chun vótáil ar a son.

Sa mhullach air sin, is cosúil go bhfuil sé dodhéanta ag na páirtithe lár-Chlé aghaidh a thabhairt ar cheist na himirce laistigh de chomhthéacs caipitleach/impiriúlach. An bhfuil bealach ann, bunaithe ar anailís ábharach, atá idir phragmatach agus dhaonnúil?

Bealach a dhiúltaíonn do raiméis agus bréageolais faisisteach, ach atá réalaíoch faoin tionchar ar chomhdhlúthú an phobail nuair a thagann líon mór inimircigh isteach sa stát? Neosfaidh an aimsir.

Bhí cúiseanna eile le teip an lár-Chlé borradh a chuir fúthu: an easpa comhoibrithe á la gauche Française, struchtúir aicme agus tithíochta fadbhunaithe an stáit, na meáin deiseach atá ina namhaid, na naisc chumhachtacha atá go fóill idir pobail tuaithe agus leasanna na bhfeirmeoirí saibhre, agus géilleadh iomlán na gceardchumann do lucht an rachmais.

Thuigfeá neamhshuim an phobail i leith an ‘daonlathais’. Níl an ‘straitéis’ reatha atá ann faoi láthair chun vótáilte a stiúradh i dtreo an bhotháin toghchánaíochta ag obair. Caithfear gnáthdhaoine a chumhachtú. É sin, nó rachaidh daoine i dtreo na bhfaisisteach nó an indibhidiúlachais agus easpa spéise.

Cá bhfuil an ghluaiseacht pholaitiúil a nascann an troid ar son córas nua tithíochta, coinníollacha oibre agus costas maireachtála níos fearr, córais oideachais agus sláinte den scoth, agus an streachailt laethúil chultúrtha/díchoilíneach chun daoine a chumhachtú ar bhonn leanúnach?

Ba é an dúshlán suntasach deireanach don chóras in Éirinn an feachtas i gcoinne an Cháin Uisce, nuair a tháinig na céadta mílte amach ar na sráideanna agus cuireadh iallach ar an rialtas géilleadh. Faraor, níor cuireadh fuinneamh na gluaiseachta sin i dtreo feachtas tithíochta leanúnach ná athrú radacach níos leithne.

Tá cuid den dioscúrsa atá tagtha chun cinn ó chodanna den Eite-Chlé agus ó thacaithe Shinn Féin dochreidte – níl aon mhaith leis an gcur chuige go bhfuil ‘athrú ag teacht ach glacfaidh sé am’, do dhaoine óga atá ar tí eitleán a fháil go Sydney gan filleadh ar ais riamh, do dhaoine ar thralaithe ospidéil, agus dóibh siúd atá ar na sráideanna.

Tá gluaiseacht ón mbus aníos a bhfuil feachtais eile, seachas cinn toghchánaíochta, ina chroílár de dhíth go géar.

Níl aon chinnteacht ann go mbeidh na vótálaithe óga sin dílis do Shinn Féin agus don eite chlé go deo. Rachaidh cuid acu ar deoraíocht. Aistreofar dílseachtaí cuid eile má éiríonn leo fanacht agus a bheith ina n-úinéirí tí – cothaíonn úinéireacht maoine agus luachanna maoine laistigh den chomhthéacs caipitlíoch idé-eolaíocht indibhidiúlach.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuilimid i dtréimhse ina bhfuil an fórsa is mó ar an eite chlé, Sinn Féin, ag moladh foighne dá lucht tacaíochta, mar a rinne na Pairnellítigh agus na Redmondítigh fadó. Foighne go bhfaighimis d’Éire Aontaithe, foighne go mbainfear amach rialtas cléach i dTeach Laighean, foighne don ‘athrú’.

Mhol Páirtí Parlaiminteach na hÉireann foighne ar feadh leathchéad bliain nach mór, agus níor éirigh leo aon rud suntasach a bhaint amach – ní go dtí gur éirigh na Fíníní agus lucht athbheochana cultúrtha mífhoighneach leis an bhfanacht síoraí a tharla aon dul chun cinn i ndáiríre. Bunaíodh eagraíochta ón mbun aníos a d’fhág a lorg ar stair na hÉireann.

‘Crann na Saoirse’: Réabhlóid Háítí 1791-1804 agus an Ginearál Toussaint Louverture

Tá sé corradh agus 220 bliain ó bhain Háítí a neamhspleáchas amach, ach rinne na cumhachtaí coilíneachta a ndícheall an fhís a chuir faoi chois.

Cuireadh tús le Réabhlóid Háítí sa bhliain 1791 agus chríochnaigh sí in 1804 le neamhspleáchas Háítí ón Fhrainc. Ní hamháin gur chuir sí deireadh leis an sclábhaíocht ach ruaig sí smacht coilíneach na Fraince freisin.

Ba é Háítí an chéad phoblacht dhubh ar domhan agus an dara tír a bhain neamhspleáchas amach i gCríocha Mheiriceá tar éis na Stát Aontaithe. Spreag idéil Réabhlóid na Fraince, lena n-áirítear cearta an duine, saoránacht uilíoch, agus féinrialú, Réabhlóid Háítí.

San 18ú haois, ba í Saint-Domingue (an t-ainm a bhí ar an tír ag an am) an choilíneacht ba shaibhre i seilbh na Fraince. Dhéantaí siúcra, caife, indeagó, agus cadás a tháirgeadh trí shaothar sclábhaithe.

Ghin an choilíneacht saibhreas níos mó ná saibhreas trí choilíneacht déag Mheiriceá Thuaidh a bhí faoi smacht na Ríochta Aontaithe. 

Faoi 1789, bhí daonra Saint-Domingue roinnte ina chúig ghrúpa shainiúla: 40,000 plandóir geal (úinéirí na plandála) agus 40,000 petit blancs (“miondaoine geala”, ceardaithe, siopadóirí, agus múinteoirí); 30,000 duine dubh saor, cuid mhór acu níos saibhre ná na petit blancs; thart ar 500,000 duine dubh a bhí ina sclábhaithe; agus marúnaigh, sclábhaithe a theith isteach sna sléibhte.

In ainneoin dálaí cruálacha, bhí an pobal sclábhaithe i mbun frithbheartaíocht rialta, lena n-áirítear máistrí a nimhiú. I ndiaidh Réabhlóid na Fraince (1789) spreagadh gluaiseachtaí réabhlóideacha in Saint-Domingue, go háirithe  ina measc siúd a bhí faoi chois, a tharraing ar an Dearbhú um Chearta an Duine ón bhFrainc.

Sa bhliain 1790, chothaigh reachtaíocht Fhrancach, a thug féinchumhacht áitiúil do choilíneachtaí, teannas i Háítí. Ligeadh do dhaoine dubha saora a raibh maoin acu páirt a ghlacadh sa rialtas, ach fágadh na petit blancs as an áireamh.

Bhí coimhlint thríthaobhach ann idir plandóirí, petit blancs, agus daoine dubha saora. Idir an dá linn, agus iad spreagtha ag idéil réabhlóideacha, d’éirigh tromlach de na sclábhaithe dubha amach.

Ar an 21 Lúnasa, 1791, d’éirigh na sclábhaithe, faoi stiúir an iarsclábhaí Toussaint Louverture, amach in aghaidh na bplandóirí, agus d’éirigh leo smacht a ghlacadh ar thrian den oileán faoi 1792.

In ainneoin gur sheol an Fhrainc tuilleadh saighdiúirí thar sáile chun na sclábhaithe a chuir faoi chois, d’fhás an réabhlóid, agus bhí caillteanas suntasach ann – 100,000 sclábhaí dubh agus 24,000 duine geal marbh. Tháinig fórsaí na Ríochta Aontaithe i láthair in 1793 ach díbríodh iad faoi 1798, a bhuíochas, go príomha, ar cheannaireacht an Ghinearáil Louverture.

Faoi 1801, bhí an réabhlóid leathnaithe ag Louverture chuig coilíneacht Spáinneach in aice láimhe, Santo Domingo (an Phoblacht Dhoiminiceach sa lá atá inniu ann). Chuir sé deireadh leis an sclábhaíocht ansin agus dhearbhaigh é féin mar Ard-Ghobharnóir saoil na hEaspáinneoil.

Faoi 1802, bhí Réabhlóid Háití tar éis an fód a sheasamh níos faide ná Réabhlóid na Fraince. Chuir Napoleon Bonaparte, agus é ag iarraidh smacht na Fraince agus an sclábhaíocht a athbhunú, an Ginearál Charles Leclerc agus 43,000 saighdiúr go Saint-Domingue. Gabhadh Louverture agus tugadh chun na Frainc é.

Tar éis a ghabhála, dúirt sé,

‘Trí mo chur faoi chois, ní dhearnadh in Saint-Domingue ach stoc chrann na saoirse a ghearradh. Ach fásfaidh sé arís, óir tá a fhréamhacha domhain agus líonmhar’ (‘En me renversant, on n’a abattu à Saint-Domingue que le tronc de l’arbre de la liberté, mais il repoussera car ses racines sont profondes et nombreuses’).

Bhásaigh Louverture sa Fhrainc in 1803.

Leanadh leis an troid faoi cheannasaíocht Jean-Jacques Dessalines, ginearál Louverture agus iarsclábhaí, agus threoraigh sé na réabhlóidithe chun bua ag Cath Vertières ar an 18 Samhain, 1803. D’aithin an Fhrainc neamhspleáchas Háití go foirmiúil ar an 1 Eanáir, 1804.

Bhí scéal Háítí mar shiombail na saoirse agus é i mbéal phobail chríocha Mheiriceá. Ba é an chéad uair a d’éirigh le réabhlóidithe an sclábhaíocht a ruaigeadh agus spreagadh gluaiseachtaí eile dá bharr.

Mar sin féin, má bhain Háítí a saoirse amach cothrom agus 220 bliain ó shin, cén fáth a bhfuil sé fós ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan?

Eascraíonn bochtaineacht Háítí ó éagóracha stairiúla, lena n-áirítear ‘fiachas neamhspleáchais’ na Fraince, 150 milliún franc, a cuireadh i bhfeidhm in 1825, rud a rinne fíordhochar do gheilleagar na tíre ar feadh breis agus céad bliain.

Tar éis do Háítí neamhspleáchas a bhaint amach in 1804 rinne mórchumhachtaí mar an Fhrainc agus SAM, a bhí buartha go spreagfaí réabhlóidí sclábhaithe in áiteanna eile, leithlisiú eacnamaíoch ar an tír. 

D’fhág tionchair an choilíneachais, an chiníochais chórasaigh, agus an córas impiriúlach reatha Háítí beo bocht, rud a léiríonn an gá le díchoilíniú iomlán a thugann dúshlán beartas impiriúil reatha chomh maith.

‘Milleadh ár gcúise’: scoilt i measc Bhráithreachas na bhFíníní, Nollaig 1865

Faoi lár na 1860í ba ghluaiseacht ollmhór thras-Atlantach í gluaiseacht na bhFíníní agus codanna éagsúla di ag teacht salach ar a chéile.

Is iomaí uair a tharla scoilt i ngluaiseachtaí polaitiúla in Éirinn, agus is minic i measc poblachtach a tharla siad. Mar a dúirt Breandán Ó Beacháin, is é an chéad mhír ar chlár oibre aon eagraíochta ná an scoilt. An tráth seo den bhliain thiar in 1865 tháinig an crú ar an tairne i gconspóid a bhí ag borradh i measc Fhíníní Mheiriceá le tamall de bhlianta.

Ar an 2 Nollaig 1865 chuir seanad na bhFíníní an ruaig ar Sheán Ó Mathúna mar cheannasaí na gluaiseachta agus toghadh Liam Mac Roibeaird ina áit.

Gluaiseacht phoblachtach ab ea na Fíníní, mar a baisteadh orthu, a bhí faoi stiúir Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, an IRB (Irish Republican Brotherhood) i mBéarla. Bunaíodh iad in 1858 chun Éire a shaoradh ó Shasana trí úsáid a bhaint as an lámh láidir.

Sna blianta luatha bhí Séamas Mac Stiofáin, nó ‘an Seabhac Siúlach’ mar a ghlaoití air, ina cheannaire ar an ngluaiseacht in Éirinn. D’fhás an Bráithreachas go sciobtha i measc fir óga den lucht oibre i mbailte Chúige Laighean agus Chúige Mumhan, agus i mBéal Feirste ó thuaidh. 

Bhí Ó Mathúna i gceannas ar an ngluaiseacht ar an taobh eile den Atlantach ó bunaíodh é agus glaodh Bráithreachas an bhFíníní air seo. Ach, céard ba chúis leis an teannas a tháinig in inmhe ag tús mhí na Nollag 1865 agus a chuir deireadh le ceannasaíocht Uí Mhathúna? 

I mí Mheán Fómhair na bliana sin, seachtain i ndiaidh ruathar na bpóilíní ar oifigí an Irish People i mBaile Átha Cliath, áit ar gabhadh cinnirí na gluaiseachta, reáchtáil Ó Mathúna cruinniú de choiste lárnach na bhFíníní i Nua-Eabhrac. 

Theastaigh ó Ó Mathúna go bpléifí todhchaí na gluaiseachta, ach bhí a gclár oibre féin ag baill áirithe den choiste, Liam Mac Roibeaird ina measc.

Fear rachmais a raibh gnó rathúil aige i Nua-Eabhrac a bhí i Mac Roibeaird. Thuig sé cúrsaí polaitiúla Mheiriceá agus bhí sé in ann dul i bhfeidhm ar shlua Meiriceánach lena óráidíocht. Theastaigh ón dream faoi Mac Roibeaird comhdháil ghinearálta a reáchtáil chun leasú a dhéanamh ar bhunreacht na bhFíníní. 

Reáchtáladh an chomhdháil sin in Philadelphia i mí Dheireadh Fómhair 1865. Athraíodh an bunreacht agus tháinig uachtarán, Liam Mac Roibeaird, agus leasuachtarán, B.D Mac Cillín, chomh maith le 15 bhall de sheanad, in áit Uí Mhathúna. Ghlac an dream nua Moffat Mansion ar Chearnóg an Aontais i Nua-Eabhrac mar cheanncheathrú. Mar a áitíonn Marta Ramón

‘Is é a bhí i mBráithreachas na bhFíníní anois macasamhail Phoblacht Mheiriceá, lena chaipeatól féin leis an mbratach Fhiníneach ar foluain le cláirseach agus gal gréine, cumhacht reachtaíochta arna dílsiú sa seanad agus i dteach ionadaithe na bhFíníní, a bhí anois go hiomlán freagrach do sheanad doicheallach don chuid ba mhó dá chinntí’

I dteannta an phlé faoin mbunreacht, glacadh le plean go ndéanfadh na Fíníní ruathar ar Cheanada, a bhí go fóill faoi smacht impireacht na Breataine. Theastaigh ó roinnt Fíníní calafort i gCeanada a ghabháil chun dul i mbun ruathair rialta i gcoinne na Breataine, nó, ar a laghad an impireacht a tharraingt isteach i gcogadh le SAM. Bhí práinn bhreise leis seo, dár leo, de bharr dheacrachtaí na gluaiseachta in Éirinn. 

Ach níor thaitin plean an ruathair ar Cheanada le hÓ Mathúna, óir chreid sé gur chuir sé an ghluaiseacht ar sheachrán ón bpríomhaidhm – Éire a shaoradh. Ghoill sé ar Ó Mathúna go raibh smacht á chailleadh aige ar an ngluaiseacht.

Rinne sé cinneadh airgead a sheoladh go hÉirinn chun cabhrú le Mac Stiofáin agus é i gcruachás, ach níor thug an seanad nuathofa aon chead d’Ó Mathúna an cinneadh a ghlacadh. Glaodh os comhair seisiún speisialta é ar an 2 Nollaig agus díbríodh é as an mBráithreachas.

Scoilt a bhí anseo agus scríobh Ó Mathúna go Mac Stiofáin ina dhiaidh sin ag rá:

‘Tá na fealltóirí ag iarraidh an bheirt againn a chaitheamh thar bord agus Éire a thréigean i bhfabhar Cheanada’.

Chuir faicsean Mhic Roibeaird caimiléireacht i leith Uí Mhathúna. Scríobhadh sa New York Times go raibh ‘cailíní aimsire dícheallacha Éireannacha sna Stáit Aontaithe’ tar éis airgead a thabhairt ‘ag súil lena n-oileán dúchais a shaoradh’, ach go raibh Ó Mathúna tar éis an mhaoin a chur amú agus a sciobadh i dtuairim Mhic Roibeaird agus a chomhghleacaithe.

I ndáiríre, ní cúrsaí airgid a bhí ina gcnámh spairne, ach ceist smachta agus cur chuige. Bhí Ó Mathúna dírithe ar cheist na hÉireann amháin, ach bhí polaitíocht agus dul chun cinn i Meiriceá le brath go tréan i straitéis Mhic Roibeaird.

Ní hé sin le rá nár theastaigh ó Mhac Roibeaird go saorfaí Éire, ach, níorbh é gluaiseacht na bhFíníní bun agus barr an scéil dó siúd. Bhí saol polaitiúil fada ag Mac Roibeaird i róil éagsúla i bpolaitíocht Mheiriceá i ndiaidh chonspóid 1865, rud a thugann léargas ar chuid d’Fhíníní Mheiriceá i saol Mheiriceá agus na Éireann araon, murab ionann agus Ó Mathúna.

Mar a deir Marta Ramón,

‘Ba iarmhairtí intuartha chastachtaí an náisiúnachais Ghael-Mheiriceánaigh iad daonlathú de réir a chéile Bhráithreachas na bhFíníní a raibh de chríoch air rialtas poblachtach Éireannach de facto ar deoraíocht a chruthú … agus  an t-athrú ar deireadh i gcuspóirí míleata go críocha Cheanada’

Rinne na Fíníní ruathar ar Cheanada in 1866 agus arís in 1870 agus 1871.

Toghchán 1923 an tSaorstáit

Agus muid in aimsir thoghcháin sna sé chontae fichead tugtar spléachadh ar an gcéad toghchán i stair an tSaorstáit a tharla os cionn 100 bliain ó shin.

Tharla toghchán mhí Lúnasa 1923 faoi scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Ritheadh bille sa tríú Dáil a thug cead don rialtas, a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, poblachtaigh i ngéibheann a chur chun báis.

Ghlaoigh lucht an tSaorstáit “an Bille Chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923” ar an mbille seo. Bhaist poblachtaigh an ‘Bille Dúnmharfach’ air. 

Chuir an Saorstát, faoi bhagairt Impireacht na Breataine, 81 poblachtach chun báis chun Gluaiseacht na Poblachta a chuir faoi chois. Faoi fhómhar na bliana 1923, bhí 12,000 fear agus bean, poblachtaigh den chuid is mó, sa phríosún faoi théarmaí an bhille. 

Michael Barry, Iarrthóir Poblachtach Ceatharlach & Cill Chainnigh
Grianghraf: J. Kissane / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí leanúnachas ann i dtaobh cúrsaí riaracháin idir an stát faoi réimeas na Breataine agus an Saorstát a tháinig ar an bhfód in 1922. Mar a scríobhann an staraí Alvin Jackson:

‘coinníodh formhór mór na státseirbhíseach: d’aistrigh corradh is 98 faoin gcéad den seanlucht riaracháin Briotanach go seirbhís Shaorstát Éireann’

Anuas air sin, bhí cuid mhaith de na nuachtáin, an Eaglais Chaitliceach agus na feirmeoirí móra agus lucht gnó tar éis tacú leis na Saorstátairí le linn an chogaidh.

Mar sin, ghlaoigh Liam Tomás Mac Cosgair, Uachtarán ar Ard-Chomhaire Shaorstát Éireann a bhí i bhfeighil an tSaorstáit, an toghchán agus buntáiste na bunaíochta ag a pháirtí, Cumann na nGaedhael. Bhuaigh Cumann na nGaedhael 39% den vóta, agus bhain siad 63 suíochán. 

Ghnóthaigh poblachtaigh, faoi chinnireacht Éamon de Valera, 27.3% den vóta, toradh a thug 44 suíochán dóibh. Ach de bharr pholasaí neamhfhreastail na bpoblachtach, níor ghlac siad a suíocháin i dTeach Laighean. 

Níor éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na bliana 1923.  Níor éirigh leo ach 10.6% den vóta a bhuachan. Ghlac an páirtí ról an fhreasúra agus gan ach 14 teachta dála acu.

‘Bhí drochléiriú an Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe i mBaile Átha Ciath’, arsa an staraí Anthony White, ‘mar gheall, cuid mhór, ar choimhlint mhór idir Séamas Ó Lorcáin agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre.

De bhrí gur thacaigh Páirtí na bhFeirmeoirí agus na teachtaí dála neamhspleácha leis an rialtas an chuid ba mhó den am, bhí seilbh na cumhachta i lámha Chumann na nGaedhael as sin go dtí 1927.

D’éirigh go maith le Cumann na nGaedhael i mBaile Átha Cliath, go háirithe i mBaile Átha Cliath Theas, áit ar ghnóthaigh an páirtí 55.2% den vóta – plus ça change, is dócha. Níor éirigh go maith leis an bpáirtí sna ceantair ina raibh na poblachtaigh láidir le linn an Chogaidh Chathartha – Corcaigh Thuaidh, Port Láirge, Ciarraí agus an Clár.

Mar sin féin, ní raibh eagar maith ar na poblachtaigh de bhrí go raibh go leor dá ngníomhaithe i ngéibheann. Rinne de Valera iarracht Sinn Féin a athneartú i Meitheamh na bliana 1923 chun dul san iomaíocht sa toghchán, ach ní raibh poblachtaigh aontaithe ar an gceist.

Bhí 64 de na 85 iomaitheoir poblachtacha i ngéibheann ag an am, agus le linn an fheachtais gabhadh de Valera agus é ag tabhairt óráide in Inis, Co. an Chláir.

Níl aon dabht ach gur reáchtáladh toghchán 1923 ag am corraitheach, eisceachtúil. Thairis sin, tugtar suntas don toghchán mar an chéad toghchán a thug cead do mhná os cionn 21 bliain d’aois vóta a chaitheamh, rud a bhí chun cinn ar chuid mhaith de thíortha na hEorpa.

De bharr gur úsáideadh an córas ionadaíocht chionmhar den chéad uair chomh maith tháinig iomaitheoirí neamhspleácha chun cinn sa toghchán céanna, agus ghnóthaigh siad 10.9% den vóta. 

Agus tacaíocht idir 18% agus 22% á thuar d’iomaitheoirí neamhspleácha do thoghchán 2024, an mbeidh lámh lárnach acu i mbunú an chéad rialtais eile?

Domhnach na Fola, 1887

Cuntas ar eachtra i stair lucht oibre Shasana agus na hÉireann

Is maith is eol do mhuintir na hÉireann faoi Dhomhnach na Fola a tharla i nDoire in 1972. Seans go bhfuil cur amach áirithe ag daoine ar Dhomhnach na Fola, 1913, nuair rinne póilíní i mBaile Átha Cliath ruathar ar lucht tacaíochta an ITGWU le linn Fhrithdhúnadh na bliana sin.

Ach is beag seans gur chuala mórán faoi Dhomhnach na Fola a tharla ar Chearnóg Trafalgar i Londain cothrom an ama seo den bhliain in 1887.

Nuair a chlis an córas caipitleach in 1873, rud ar athghlaodh ‘An Spealadh Fada’ (Long Depression), thit praghas an bhia – cruthaíodh neart imirce ón tuath i dtreo na gcathracha. Chuaigh fadhbanna sóisialta agus dífhostaíochta sna bailte i dtreis, agus, ar ball, tháinig borradh faoin ngluaiseacht shóisialach i Sasana sna 1880dí.

Sheas an ghluaiseacht in éadan droch-chaighdeáin maireachtála, droch-choinníollacha oibre agus bhochtaineacht lucht oibre na tíre. Thart faoin am céanna, bhí an ghluaiseacht ar son cearta talún agus neamhspleáchas na hÉireann go mór i mbéal lucht oibre Shasana.

Bhíodh sé de nós ag an Socialist Democratic Federation agus An Irish National League léirsithe rialta a eagrú ar Chearnóg Trafalgar, óir ba láthair lárnach agus shiombalach í. 

D’éirigh teannas idir an stát agus gluaiseacht na n-oibrithe de bharr na n-agóidí móra rialta a cháin córas caipitleach Shasana. Chinn an stát cosc ar léirsithe i Mí Dheireadh Fómhair 1887. Rinne an ghluaiseacht shóisialach agus gluaiseacht na n-oibrithe neamhaird ar an gcinneadh agus eagraíodh léirsiú don 13 Samhain.

Bhí sé mar sprioc ag an léirsiú cur i gcoinne an choisc ar shaoirse comhlachais agus aird a tharraingt ar an dífhostaíocht ollmhór i Londain. Chomh maith leis sin, bhí sé mar aidhm ag an léirsiú tacaíocht a léiriú do William O’Brien, an náisiúnaí agus gníomhaí talún Éireannach, a gabhadh tamaillín roimhe sin.

Bhí go leor Éireannach i measc na n-oibrithe in Oirthear Chathair Londain an tráth sin chomh maith – mar sin bhí bá ar leith ann do streachailt na nÉireannach. Chruthaigh an léirsiú nasc cumhachtach idir na hagóidí ar son chearta an luchta oibre i Sasana agus an dlúthpháirtíocht frith-choilíneach.

Ar an lá, bhailigh 10,000 duine ar Chearnóg Trafalgar. I measc na gcinnirí, bhí leithéidí Eleanor Marx, Annie Besant, William Morris agus George Bernard Shaw. Bhí buairt ar leith ar na húdaráis go gcruthófaí nasc idir an ghluaiseacht náisiúnach in Éirinn agus fearg an luchta oibre i Londain.

I Mí Dheireadh Fómhair scríobh ceannasaí Póilíní Chathair Londain, Sir Charles Warren, chuig Herbert Matthews, an Rúnaí Baile, ag lorg 20,000 constábla speisialta chun déileáil le cruinnithe sóisialach i Londain. D’áitigh Warren go raibh ‘contúirt ollmhór’ ann go ndéanfaí ionsaí ar an sealúchas agus go raibh na cainteoirí ag na cruinnithe ‘ag moladh do na haicmí bochta saibhreas na huasaicme a sciobadh’.

Cuireadh 2,000 póilíní agus 400 saighdiúir, chomh maith le póilíní ar chapaill, ar an gcearnóg an lá sin chun an léirsiú a chuir faoi chois. Rinne cinnirí na léirsitheoirí iarracht an chearnóg a shroicheadh, ach sheas fórsaí an stáit idir iad agus a sprioc.

Rinne na póilíní ruathar ar an slua sula i bhfad. Maraíodh beirt léirsitheoirí, gortaíodh go leor eile agus gabhadh 200 duine. Scríobh Edward Carpenter, sóisialach agus file, a bhí ann ar an lá ina chuimhní cinn faoin eachtra:

‘I was in the Square at the time. The crowd was a most good-humoured, easy going, smiling crowd; but presently it was transformed. A regiment of mounted police came cantering up. The order had gone forth that we were to be kept moving. To keep a crowd moving is I believe a technical term for the process of riding roughshod in all directions, scattering, frightening and batoning the people.’

Bhí uafás ar sciar maith den phobal mar gheall ar an méid a tharla ar an 13 Samhain ar Chearnóg Trafalgar. Bhí Alfred Linnell ar cheann de na daoine a básaíodh nuair a shatail ceann de chapaill na bpóilíní air. D’fhreastail na mílte ar a shochraid agus cháin leithéidí an scríbhneora George Bernard Shaw agus an cheannaire shóisialaigh Annie Besant an rialtas.

Spreag Domhnach na Fola tuilleadh gníomhaíochtaí sóisialacha ar son cearta oibrithe agus saoirse cainte ar fud na Breataine. Ba chor cinniúnach Domhnach na Fola, 1887. Laistigh de scór bliain nó mar sin, tháinig brú mór ar pholaiteoirí Liobrálacha córas leasa shóisialaigh a bhunú de bharr na streachailte leanúnaí lena n-áirítear eachtraí ar nós Dhomhnach na Fola.