Scríobhann Rúnaí Misneach, Kerron Ó Luain, Eagarfhocal do An Páipéar
Ina leabhar Decolonizing Methodologies: Research and Indigenous Peoples, pléann an tOllamh Maorach, Linda Tuhiwai Smith, ‘fiche a cúig tionscadal bundúchasach’ atá ar bun go domhanda faoi láthair.
I measc na dtionscadal, a dtagraíonn sí dóibh i gcomhthéacs ginearálta, tá: ‘an athghabháil’ ar an stair; ‘teacht in inmhe an bhéaloidis’; finnéithe ‘ag tabhairt fianaise’; ‘an ceiliúradh’ ar an gcultúr/teanga; na ‘naisc’ atá á gcruthú le ceantair dhúchais/logainmneacha, agus ‘an t-athréimniú teanga’.
Luann sí chomh maith go bhfuil ‘athfhrámáil’ tagtha ar léamh na mbundúchasach ar an tsochaí, ar an bpolaitíocht agus ar an stair agus, ina theannta sin, go bhfuil níos mó acu ag léamh agus ag foilsiú ina dteanga dhúchais ná mar a bhí riamh.
Ní shéanann Tuhiwai Smith go bhfuil géarchéimeanna ollmhóra ann lena gcaithfimid, mar phobal, mar chainteoirí teanga mionlaithe, dul in adharca leo, ach baineann sí dóchas as an méid atá ar bun i dtaobh an phróisis díchoilínithe go domhanda.
Is sa chomhthéacs sin a mbreathnaím ar fhoilsiú An Páipéar, agus eagrán fiche a haon bainte amach againn; cineál deasghnátha aistrithe saoil nó teacht in inmhe, b’fhéidir. Más buille i gcoinne an choilínithe agus an domhandaithe aonchineálaigh gach focal a labhraítear i nGaeilge, cá bhfágann sin léamh na Gaeilge?
Tá a fhios againn ón taighde a dhéantar ar theangacha mionlaithe go mbíonn leibhéal litearthachta níos ísle iontu ná mar a bhíonn sna teangacha ceannasacha. Dar ndóigh, baineann seo le heaspa deiseanna oideachais sa teanga mhionlaithe, leis an imeallú socheacnamaíochta agus polasaí a dhéantar orthu, agus le gradam na dteangacha ceannasacha.
Ach baineann sé chomh maith le heaspa meáin léite sa teanga mhionlaithe, cibé acu an ganntanas meán sa réimse digiteach nó a laghad ábhar clóite cosúil le leabhair agus nuachtáin atá ann i gcomparáid le teanga fhorlámhach cosúil leis an mBéarla.
Mar sin, cothóidh léamh rialta An Páipéaran Ghaeilge mar tiocfaidh feabhas ar scileanna teanga roinnt mhaith léitheoirí, a mbeidh stór focal níos leithne acu don chomhrá agus, b’fhéidir, a chuirfidh peann le pár iad féin amach anseo. I mo thuairim féin, ní féidir cóip chrua de théacs nó nuachtán a shárú más ag iarraidh eolas nó teanga éigin a shú isteach atá tú.
Agus an chloch mhíle seo, eagrán le cois an scóir, bainte amach againn, teastaíonn uainn leanúint le forbairt an nuachtáin, bíodh sin ar an gcóip chrua nó ar an suíomh gréasáin. Ach, a léitheoirí, ba mhór againn bhur gcabhair chun na chéad chéimeanna eile a ghlacadh!
Murab ionainn agus nuachtáin eile Ghaeilge agus Bhéarla, níl aon tacaíocht chorparáideach ná stáit faighte againn. Táimid ag brath oraibhse, ár léitheoirí dílse, an nuachtán a cheannach, síntiúis a ghlacadh, agus an scéal a scaipeadh.
Tá sé feicthe againn cheana go roinneann léitheoirí postálacha ar na meáin shóisialta a léiríonn gur cheannaigh siad an nuachtán, agus táimid buíoch as sin. Tá feachtas ar bun againn ar na meáin shóisialta i láthair na huaire agus ba mhór againn dá roinnfeadh ár gcuid léitheoirí cuid den ábhar.
Más coincheap coimhthíoch iad na meáin shóisialta duit, ná bí buartha, is féidir an scéal faoin nuachtán a scaipeadh de bhéal i measc bhur ngaolta, bhur gcairde nó, níos fearr fós, in bhur gcumainn Ghaelacha, clubanna CLG, clubanna spóirt, ciorcail chomhrá áitiúla agus araile.
Nó, más múinteoir thú i nGaelscoil, Gaelcholáiste nó scoil Bhéarla, is fiú a iarraidh ar an bpríomhoide síntiúis a ghlacadh chun an teanga a normalú sa seomra foirne nó sa scoil i gcoitinne?
Ar an gcaoi chéanna, más oibrí san earnáil phoiblí tú, beidh buntáiste ann An Páipéar a dháileadh i measc do chomhghleacaithe chun iad a chur ar a gcompord leis an teanga agus a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú.
Tá spriocanna móra le baint amach san earnáil phoiblí i leith na Gaeilge sna blianta amach romhainn, sé sin go mbeidh 20% d’earcaithe sna comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge roimh 2030. D’fhéadfadh nuachtán ar nós An Páipéar a bheith ina ghléas tábhachtach sna hiarrachtaí sin.
Ar scáth a chéile a mhaireann na Gaeil.