Cnámh Spairne tharaifí na nDlíthe Arbhair sa 19ú hAois

Cnámh Spairne tharaifí na nDlíthe Arbhair sa 19ú hAois

Tá taraifí Trump go mór i mbéal na meán agus lucht an rachmais le roinnt seachtainí anuas. Go deimhin, tá siad go mór i mbéal an phobail de bharr go bhfuil buairt ann i measc go leor daoine in Éirinn go ndéanfar dochar do roinnt codanna éagsúla de gheilleagar stát na sé chontae is fiche.

Lena bpolasaithe eacnamaíocha agus trádála, a bhfuil eacnamaithe caipitlíocha fiú ag rá fúthu go mbeidh siad díobhálach, tá Trump ag tabhairt dúshlán do status quo an domhandaithe. Is díospóireacht é seo idir iad siúd a chreideann in eacnamaíocht laissez-faire (sé sin go mbeidh saorthrádáil idir tíortha) agus iad siúd ar nós Trump a chreideann go mbeidh buntáiste le baint ag tíortha níos mó ar nós SAM as polasaithe caomhnaitheacha.

Bhí ré eile i stair an domhain, agus stair na hÉireann, ina raibh na hargóintí céanna ina gcnámh spairne. Le linn an naoú haois déag go háirithe bhí na Dlíthe Arbhair á bplé go mion minic.

I ndiaidh dheireadh Chogaí Napoléon thit an praghas ard a bhí ar an arbhar a bhí á íoc le linn na gcogaí. Bhí éileamh mór ar an arbhar le linn na gcogaí agus feirmeoirí agus tiarnaí talún móra ag déanamh go maith as. Ach nuair a tháinig an tsíocháin, deineadh arbhar níos saoire a iompórtáil ó thíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe agus d’ísligh an praghas a bhí ar phunt arbhair go sciobtha.

Ag an am, bhí cumhacht ollmhór ag na tiarnaí talún i bParlaimint Westminster. Chun dul i ngleic le titim na bpraghsanna, theastaigh uathu taraifí a chuir i bhfeidhm. Ritheadh reachtaíocht, na Dlíthe Arbhair, in 1815 agus cuireadh taraifí móra ar an arbhar a tháinig isteach sa stát, beart a choinnigh arbhar a d’fhás na tiarnaí ag praghas an-ard.

De dheasca gurbh é arán an príomhbhia a bhí ag lucht oibre na Breataine, bhí drochthionchar ag praghsanna arda an arbhair ar go leor teaghlach agus iad stiúgtha leis an ocras.

Bhí lucht oibre Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige sna cathracha agus bailte tionsclaíochta ag fulaingt go mór cheana féin de bharr tuarastail ísle agus drochchoinníolacha sna muilte, monarchana agus mianaigh. Ba tharcaisne curtha i gceann na héagóra na praghsanna ardaithe arbhair dóibh siúd.

D’éirigh an éagothromaíocht shóisialta níos measa de bharr na nDlíthe Arbhar. Ar thaobh amháin bhí na tiarnaí talún móra, agus ar an taobh eile bhí an lucht tionsclaíochta rachmasach agus an lucht oibre, a chreid gur ualach míchothrom ar an ngeilleagar a bhí sna dlíthe.

Bhí úinéirí na monarchana i gcoinne na nDlíthe Arbhar de bharr go raibh orthu tuarastail níos airde a n-íoc lena n-oibrithe chun nach mbeidís beo bocht agus stiúgtha. Bhí cuid mhaith acu ar son na saorthrádála agus chreideadar go dtiocfadh méadú ar an táirgiúlacht déantúsaíochta agus go mbeadh earraí Briotanacha níos iomaíche sna margaí domhanda dá ndéanfaí aisghairm ar na Dlíthe Arbhair.

“Poles Offering Corn” – Anti-Corn-Law Circular #8 (Thackeray)

Tháinig cuid acu le chéile chun an Conradh i gCoinne na nDlíthe Arbhair a bhunú in 1838. D’fhorbair an eagraíocht ina gluaiseacht chumhachtach pholaitiúil, le daoine mór le rá ar nós Richard Cobden agus John Bright chun cinn san fheachtas.

Dúirt Cobden go raibh na Dlíthe Arbhair, “ar an gcoir pholaitiúil is mó le linn ár ré. Is íobairt leas sóisialaí an phobail ina iomláine iad na dlíthe ar mhaithe le haicme amháin”. D’éirigh agóidí ón mbun aníos i gcoinne na ndlíthe chomh maith. Mar a dúirt oibrí teicstíle ó Chathair Mhanchain sa Northern Star (nuachtán de chuid na gCartach) in 1839:

“Táimid ag fáil bháis a fhad is go bhfuil na tiarnaí talún ag éirí ramhar ar ár saothar. Coinníonn na Dlíthe Arbhair an t-arán daor, agus ár bpá íseal. Cén fáth ar cheart dúinn a bheith ag obair ó dhubh go dubh , agus fós ár leanaí a fheiceáil ag caoineadh ar son aráin, agus na daoine saibhre ag ithe cruithneacht mhín ónár bpáirceanna féin?” 

Aisghaireadh na dlíthe ar deireadh sna 1840í ar dhá chúis, idé-eolaíocht eacnamaíochta na saorthrádála laissez-faire agus an Gorta Mór in Éirinn. Nuair a chuaigh an Drochshaol in olcas in 1846 mar gheall ar mheath na bprátaí, bhí bac á chur ag na Dlíthe Arbhair ar iompórtáil arbhair níos saoire isteach in Éirinn, agus cuireadh brú ar an bPríomh-Aire, Robert Peel, a bhí ina Thóraí, gníomhú chun reachtaíocht a rith.

Bhí smaointeoireacht na saorthrádála tagtha i réim i measc na bpolaiteoirí liobrálacha agus lucht na tionsclaíochta faoin tráth seo, a bhuí le smaointeoirí caipitlíocha amhail David Ricardo agus Adam Smith. Luaigh Smith ina leabhar The Wealth of Nations (1776) go rachadh ‘lámh dhofheicthe an mhargaidh’ chun leasa don tsochaí i gcoitinne. 

Cé gur Coimeádach a bhí in Peel thuig sé nach bhféadfaí leanúint leis na dlíthe agus aisghairmeadh iad in 1846, rud a scoilt an Páirtí Coimeádach. Bhí toradh na fealsúnachta saorthrádála le brath go mór an bhliain dár gcionn, 1847, le linn an Ghorta Mhóir, nuair a cheadaigh polaiteoirí Liobrálacha do mhilliún Éireannach bás a fháil de bharr gur chreid siad go dlúth sa tsaorthrádáil laissez-faire.

Cé go bhféadfaí arbhar a thabhairt isteach sa tír anois gan taraifí, bhí an méid sin bia á sheoladh amach as an tír de bharr na saorthrádála gur beag an buntáiste a bhí ann dóibh siúd a stiúg. 

Mar a dúirt an náisiúnaí Seán Mistéil (a chosain córas na sclábhaíochta i gCónaidhm Mheiriceá ar ball, faraor), “sheol an Tiarna meath na bprátaí, gan dabht, ach chruthaigh na Sasanaigh an Gorta”. Bhí an ceart aige, ar bhealach.

Ach i ndáiríre, ba é an córas caipitlíoch laissez-faire i bpáirt leis an gciníochas frith-Éireannach ba chúis leis. Ní thuigtear seo fós, agus ní cuidiú chun an bhearna ollmhór seo i dtuiscint an phobail ar an nGorta Mór leabhar Tim Pat Coogan, The Famine Plot. Is fearr i bhfad an léargas a thugtar i leabhar de chuid Bhreandáin Mhic Shuibhne, The End Outrage, chun tuiscint a fháil ar na córais a ghéaraigh uafás an Drochshaoil

Nuair a aisghairmeadh na Dlíthe Arbhair, thit praghas an arbhair do lucht oibre na Breataine, agus thit costais lucht na tionsclaíochta, rud a thug tuilleadh airgid dóibh chun infheistíocht a dhéanamh ina gnóthaí agus an táirgiúlacht a neartú. Tháinig rath níos mó fiú ar gheilleagar na himpireachta i ré na Banríona Victoria, nó “Banríon an Ghorta” mar a ghlaoigh an Conghaileach uirthi in Labour and Irish History (1910).

De bharr, cuid mhaith, gur cuireadh deireadh le polasaithe an chaomhnaithe, tháinig an Bhreatain i réim mar impireacht thionsclaíoch an domhain. Bhí an impireacht in ann naisc gheilleagracha a chruthú le stát ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na Rúise, agus leathnaíodh cumhacht na himpireachta sa naoú haois déag. Tháinig Meiriceá i gcomharba ar an mBreatain i ról stát ceannasach an domhain i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, 1939-1945.

Tá sé aisteach, mar sin, go dteastaíonn ó Trump droim láimhe a thabhairt do chóras a bhí go mór chun tairbhe don impireacht.

Seans go dtuigeann sé nach domhan “aon-pholach” a bheas ann a thuilleadh, agus gur gá do Mheiriceá filleadh ar an déantúsaíocht “dhúchasach” chun dul in iomaíocht leis na BRICS, mar a ghlaoitear orthu. Nó seans nach dtuigeann sé faic agus gur duine naircisíoch é gur mhaith leis beartais aisteacha a thabhairt isteach ar mhaithe le haird a tharraingt air féin.