Simón Bolívar, fuascailteoir Mheiriceá Theas
Rugadh Simón Bolívar 242 bliain ó shin ar an 24 Iúil 1783. Ba cheannaire míleata agus polaitiúil é Bolívar as Veiniséala agus bhí sé go mór chun cinn i streachailt Mheiriceá Laidinigh ar son saoirse ó réimeas coilíneach na Spáinne.
Tugadh an t-ainm El Libertador (an Fuascailteoir) air de bharr go raibh lámh lárnach aige i saoirse a bhaint amach do chuid mhór de thuaisceart Mheiriceá Theas, lena n-áirítear a thír dhúchais féin, Veiniséala, chomh maith leis an gColóim, Eacuadór, Peiriú agus an Bholaiv, a ainmníodh in ómós dó.
Rugadh do chlann shaibhir Criólach i Caracas é, ach cailleadh a bheirt tuismitheoirí agus é óg. Seoladh chun na hEorpa é agus é ina dhéagóir chun go gcuirfí oideachas air.
Agus é ann chuaigh smaointe Ré na hEagnaíochta agus corónú Napoléon go mór i bhfeidhm ar a fhealsúnacht pholaitiúil. Fad is a bhí sé sa Róimh in 1805 thug sé gealltanas a thír a shaoradh ó réimeas na Spáinne.

Grianghraf: Galería de Arte Nacional Caracas, Venezuela
D’fhill Bolívar ar Veiniséala in 1807 agus roimh i bhfad bhí sé bainteach le gluaiseacht na saoirse ann. In 1810, d’fhógair réabhlóidithe i gCaracas saoirse agus thosaigh Bolívar ag eagrú i dtreo feachtas míleata.
In ainneoin gur chaill sé roinnt mhaith cathanna agus go raibh air dul ar deoraíocht, chun na hIamáice agus Háítí go háirithe, d’fhan sé dílis don chúis i gcónaí. Tháinig cáil air de bharr a thiomantais don chúis.
Bhain Bolívar bua mór amach nuair a chuaigh sé thar na hAindéis agus fuair a airm an ceann is fearr ar fhórsaí na Spáinne in Granada Nua (an Cholóim sa lá atá inniu ann), rud a chabhraigh saoirse a bhaint amach do Veiniséala, an Cholóim agus Eacuadór.
Aontaíodh na críocha seo i stát amháin, Gran Colombia, agus Bolívar ina uachtarán air. Ba é an fhís a bhí ag Bolívar feidearálacht aontaithe de phoblachtaí uile Mheiriceá Laidinigh a bhunú, ar mhúnlú cosúil leis na Stáit Aontaithe, ach ba dheacair an sprioc sin a bhaint amach de bharr scoilteanna inmheánacha agus iomaíocht eatarthu.
Bhí ról lárnach ag Bolívar i saoradh an Pheiriú ón Spáinn, áit ar throid a fhórsaí taobh le ceannaire eile mór le rá ar son na saoirse, José de San Martín. In 1825 chabhraigh Bolívar bunreacht na Bolaive a scríobh.
In ainneoin a éachtaí míleata, níor éirigh le Bolívar na poblachtaí nua a aontú go polaitiúil. Cáineadh é as a stíl cheannasaíochta thiarnúil. Chreid sé féin go raibh gá le bheith dian chun ord a choinneáil agus bhí sé i gceannas ar Pheiriú agus Gran Colombia mar dheachtóir ar feadh seala.
In 1828, tháinig sé slán ó iarracht feallmharaithe i mBogotá, ach níorbh fhada go bhfaigheadh sé bóthar agus a chumhacht ag dul i léig. In alt leis a scríobhadh in 1858 dár teideal Bolívar y Ponte rinne Karl Marx léamh criticiúil ar Bholívar.
Cé go raibh bá aige do ghluaiseachtaí saoirse Bolívar, cháin sé an fear é féin mar léiriú ar an mBonapartachas, a bhí frithdhaonlathach agus a thaobhaigh le leas na héilítigh.
Agus é ag fulaingt ón eitinn agus lagmhisneach tagtha air de bharr cúrsaí polaitiúla, d’éirigh sé as an uachtaránacht in 1830.
Bhí sé i gceist aige filleadh ar an Eoraip ar deoraíocht, ach bhásaigh sé ar an 17 Nollaig 1830 in Santa Marta sa Cholóim agus é 47 bliain d’aois, é tréigthe nach mór ag na poblachtaí a raibh lámh lárnach aige ina saoirse a bhaint amach.
Cuimhnítear ar Simón Bolívar mar laoch náisiúnta i go leor stát i Meiriceá Theas.
Cé nár bhain sé amach a fhís d’aontacht Mheiriceá Laidinigh, tá tionchar ollmhór ag an smaoineamh sin ar thuairimí polaitiúla sna críocha sin go fóill, go háirithe i measc sóisialach agus lucht na heite clé a bhreathnaíonn ar an gcomhoibriú idir tíortha Mheiriceá Theas mar bhealach le dul in adharca le himpiriúlachas Mheiriceá ar an mór-roinn.
Murab ionann agus Marx, bhí dearcadh éagsúil ag Hugó Chávez, iar-Uachtarán sóisialach Veiniséala, ar Bolívar, nuair a dúirt sé gurb é a bhí ann ná
“ceannaire na réabhlóide sóisialta, ceannaire réabhlóid na ndaoine, agus ceannaire na réabhlóide stairiúla”.