Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt

Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt

Sna blianta roimh an iarracht ar coup in 2002 i Veiniséala, d’éirigh leis an Réabhlóid Bholavarach an bhochtaineacht sa tír a laghdú go mór. Baineadh sin amach tríd an teacht isteach ón ola, a bhí i seilbh lucht an rachmais go dtí sin, a chur i dtreo na mbochtán.

Leathnaigh rialtas Hugo Chávez an rochtain a bhí ag na bochtáin ar na córais sláinte agus oideachas go mór. Cuireadh dochtúirí, ionaid sláinte, cláir litearthachta agus cláir bhia ar lacáiste isteach sna barrios a bhí imeallaithe le fada ag uasaicme de shliocht coilíneach na tíre.

Rinneadh leathnú chomh maith ar an rannpháirtíocht pholaitiúil. Ghlac comhairlí pobail agus eagraíochtaí ón mbun aníos an lucht oibre agus na bochtáin isteach i bpróiseas ina raibh cinntí poiblí le déanamh acu den chéad uair i stair na tíre. Thug an dul chun cinn seo spreagadh do ghnáthdhaoine dúshlán a thabhairt don seanréimeas olagarcach agus cuireadh bonn ní ba láidre faoin réabhlóid.

Mar sin féin, bhí sciar de mhuintir na tíre, an mionlach saibhir a raibh ionadaíocht acu sa fhreasúra polaitiúil, ann i gcónaí. Níor cuireadh an ruaig orthu mar a deineadh le linn na réabhlóide i gCúba. 

Ar an 11 Aibreán 2002 rinne an freasúra mórshiúl ar Miraflores, foirgneamh rialtas Veiniséala. Ní agóid chun míshástacht a léiriú leis an rialtas a bhí i gceist, ach iarracht an daonlathas a iompú bunoscionn tríd an lámh láidir, claontacht na meán, agus comhordú na scothaicmí.

Léirigh eachtraí an lae sin na deighiltí soiléire aicmeacha a bhí ann go fóill sa tír, deighiltí a ndearna na cuntais oifigiúla agus Iartharacha ar an tír neamhaird dóibh.

Léiríonn ráitis an fhreasúra ón am na scoilteanna céanna. Dúirt ceannaire amháin ag an am “nach féidir linn cead a gcinn a thabhairt do rialtas na mbochtán seo an tír a scriosadh”. Is éard a bhí i gceist leis an “tír” sa chás sin, más ea, ná an mionlach a raibh seilbh acu ar an gcumhacht eacnamaíochta agus pholaitiúil le fada, seachas an móramh a thacaigh le Chávez.

Chothaigh uasaicme Veiniséala miotas ar feadh na mblianta gur tír gan aicmí í, ina raibh gach éinne aontaithe, Veiniséala. Dúradh i ráiteas oifigiúil amháin ón am gur “tír aontaithe í Veiniséala a dhiúltaíonn don easaontas”. Ach ba bhréag é sin.

Thuig an lucht oibre agus na bochtáin a d’fhulaing faoin nualiobrálachas, an titim ar a bpá agus an cur faoi chois ó na 1970í ar aghaidh gur cleas a bhí san “aontacht” chun iad a choinneáil ina dtost.

Ar lá an coup, bhog an freasúra an mhórshiúl ó sprioc ceanncheathrú an PDVSA (an comhlacht stáit ola), i dtreo phálás an uachtaráin gan choinne gan chead. Mhaígh cinnirí an fhreasúra gur gníomh riachtanach a bhí ann chun “an daonlathas a tharrtháil”.

Ghabh oifigigh shinsearacha san arm Chávez. Agus nuair a ghlac Pedro Carmona cumhacht ina áit chuir sé deireadh leis an gComhdháil Náisiúnta, an Chúirt Uachtarach, agus gach údarás tofa sa tír. Dúirt sé “nach raibh na hinstitiúidí ag feidhmiú”, ach i ndáiríre ní raibh siad ag glacadh lena orduithe.

Rinne na meáin phríobháideacha ceiliúradh ar an coup. D’fhógair craoltóir amháin gur “bhain Veiniséala saoirse amach”. Ach céard uaidh a baineadh an tsaoirse? Ón gcéad rialtas ar feadh na mblianta a bhí sásta seasamh ar son na mbochtán agus an lucht oibre? Ó Hugo Chávez, uachtarán a toghadh le tacaíocht ollmhór ó na barrios? Ó thionscadal polaitiúil a thug dúshlán do phribhléid an tseanréimis.

Ní raibh an móramh sásta glacadh leis an coup. Rinneadh na deicheanna de mhílte a shlógadh: gnáthdhaoine, oibrithe, trádálaithe bochta, ógánaigh dhífhostaithe agus grúpaí pobail. D’éiligh siad go dtabharfaí ar ais a n-uachtarán agus an rosc “Queremos a Chávez” (táimid ag iarraidh Chávez) acu.

Murab ionann agus slógadh an fhreasúra a ndearnadh pleanáil air ón mbarr anuas le tacaíocht na bPoncánach, tharla an slógadh ar son Chávez ón mbun aníos ar bhealach nádúrtha. Mar a dúirt duine de lucht na Chávismos, “bhain siad ár vóta dínn. Tháinig muid chun é a ghlacadh ar ais”.

Bhí an t-arm scoilte ar bhonn aicme chomh maith. Cé gur thacaigh roinnt oifigigh shinsearacha le lucht an rachmais, dhiúltaigh oifigigh ag an meánleibhéal agus na gnáthshaighdiúirí tacú leis an coup.

D’áitigh oifigeach amháin ag an am go raibh “na daoine ag seasamh le Chávez, agus go bhfuil muidne ag seasamh leis na daoine.”

Scaoileadh saor Chávez roinnt laethanta ina dhiaidh sin ar an 14 Aibreán. Ní trí thimpiste nó míorúilt éigin a tharla sé sin, ba thoradh é ar an slógadh daonlathach, freasúra na n-institiúidí, agus titim an coup a bhí gan dlisteanacht gan tacaíocht lasmuigh de sheomraí boird an fhreasúra agus na meáin phríobháideacha. 

Theastaigh ón bhfreasúra neamhaird a dhéanamh den scoilt aicmeach, ag maíomh gur “chum” Chávez é, agus ba straitéis pholaitiúil an méid sin, straitéis ar theip air. Luaigh urlabhraí amháin ag an am nach “raibh aon aicmí i Veiniséala, chruthaigh Chávez iad”.

Ach truflais a bhí ina leithéid de ráiteas do na bochtáin a thuig an bhochtaineacht, a bhí imeallaithe, agus a d’fhulaing de bharr na héagothroime le fada. Tá cuntas ar coup 2002 le fáil sa chlár faisnéise Éireannach, The Revolution Will Not Be Televised (2003), a léiríonn an comhordú a rinne na meáin, codanna den arm agus na héilítigh chun cumhacht a ghoid go mídhleathach ó Chávez.

Fuair Chávez bás den ailse in 2013 agus tháinig Nicolás Maduro i gcomharbas air. Ach bhí an dul chun cinn a deineadh in athdháileadh maoine bunaithe i gcónaí ar acmhainn amháin, an ola, rud a d’fhág an tír lag i gcoinne iarrachtaí na bPoncánach an réabhlóid a scrios.

Níor deineadh na struchtúir tháirgiúlachta a chur i seilbh an mhóraimh ná an ruaig a chuir ar lucht an rachmais dúchasach, aicme na compradors, a bhí de shíor ag iarraidh coup eile a chur ar bun.

Nuair a thit praghas na hola, b’fhadhb ollmhór é sin do Maduro a bhí i bhfeighil ar stát a bhí lárnaithe go mór. Bhraith sé ar an smacht agus ar thuilleadh airgid a chur isteach sa chóras, fad is a bhí ról na n-institiúidí ag éirí níos laige.

Chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá smachtbhannaí níos tréine i bhfeidhm ó 2022 i leith go háirithe, rud a rinne níos mó daoine ní ba bhoichte fós. Dá dheasca seo tháinig scoilt ar bhunús tacaíochta na réabhlóide agus cothaíodh tuilleadh den eisimirce.

Le fuadach Maduro le seachtain anuas beidh le feiceáil cé a thiocfaidh i gcomharbas air. An slógfaidh na daoine ar son na réabhlóide nó an gcuirfear toghcháin ar bun ina gcuirfear puipéad de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá i gcumhacht?

Leis na Stáit Aontaithe ag cur srian mhídhleathach amuigh sa mhuir ar phríomhacmhainn Veiniséala, an ola, ar nós foghlaithe mara tá sé deacair a shamhlú conas is féidir le geilleagar Veiniséala agus leis an réabhlóid teacht aniar.

Mo náire an “pobal idirnáisiúnta” atá ag tabhairt cead a gcinn do Stáit Aontaithe Mheiriceá an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh go dalba. Tá Trump imithe as a mheabhair leis an gcumhacht agus is cosúil go mbeidh impleachtaí ann do Chúba agus b’fhéidir fiú an Ghraonlainn roimh i bhfad.

In áit Dhúnghaois Monroe tá Dúnghaois Donroe, atá níos doshrianta fós. Ní mór seasamh le cosmhuintir Veiniséala in am seo an ghátair dóibh.