Day: February 21, 2026

Stair ghairid Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe, Co. an Chláir

Ar feadh na nglún sheas an Coláiste Gaeilge, Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh, mar chomhartha beo den bhreac-Ghaeltacht in iardheisceart an Chláir, áit inar nascadh an teanga, an pobal agus an cultúr ar imeall an Atlantaigh. 

Bunaíodh an coláiste in 1912. Aimníodh é in ómós d’Eoghan Ó Comhraidhe, scoláire mór le rá as Dún Átha a bhí ar dhuine de mhórfhilí agus bailitheoirí béaloidis na hÉireann. Ba iad Neilí Ní Bhriain, gariníon an Éireannaigh Óig William Smith O’Brien, Seán Tóibín, agus Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coláiste agus iad faoi anáil fhís chumhachtach na hathbheochana.

Ní raibh an fhís sin gan bhunús. Léirigh daonáireamh 1911 go raibh 36,704 cainteoir dúchais fós i gContae an Chláir, a fhormhór acu i gCeann Léime, Cill Bheathach, Cros agus Carraig an Chabhaltaigh, ceantar ina raibh 90% den daonra fós ag labhairt na Gaeilge.

Ba iad na figiúirí seo a threoraigh Neilí: Gaeltacht bheo, ach leochaileach, a d’fhéadfaí a neartú trí choláiste samhraidh a bhunú ann agus lucht na hathbheochana a mhealladh chuig an gceantar.

Ag cruinniú poiblí i gCill Dalua ar 15 Deireadh Fómhair 1911 leag Neilí a fís amach go paiseanta. D’áitigh sí go dtógfaí “oileán Gaelach” sa cheantar, áit a ndíreodh craobhacha an Chonartha a gcuid fuinnimh agus a gcruthófaí athbheochan ón mbun aníos.

Bhí sí ag tagairt don rath a bhí ar choláistí eile, cuir i gcás Coláiste Chonnacht (1905) agus Coláiste Uladh (1906), agus bhí sí meáite ar an obair chéanna a dhéanamh i gCo. an Chláir.

D’fhás Coláiste Uí Chomhraidhe go tapa agus mealladh na mílte scoláirí ó gach cearn den tír. Bhí sé ina lárionad foghlama, ina chroílár pobail agus ina thaca don Ghaeilge i gceantar a bhí ag streachailt le cultúr an bháid bháin agus le brú ón mBéarla.

Cé gur baineadh “neamhspleáchas” amach in 1922, is í an fhírinne shearbh ná gur thréig an stát an ceantar seo. Trí fhaillí, easpa maoinithe, agus drogall maoin na tíre a athdháileadh go cothrom i dtreo an iarthair, lig an Saorstát don bhreac-Ghaeltacht seo agus cinn eile lena hais dul i léig san fhichiú haois. Nuair a dhún an coláiste in 2017, níorbh aon iontas é, ba thoradh an dúnadh ar na blianta d’imeallú stáit.

Ar an dea-uair, sheas oibrithe deonacha isteach sa bhearna, ag obair go crua chun an foirgneamh a chaomhnú agus athoscailt. Foilsíodh staidéar féidearthachta in 2022, ach fós níl obair thógála tosaithe, agus tá an pobal go fóill ag fanacht ar bheart de réir briathar ón gComhairle Contae agus ón stát.

Céard é ceacht na staire maidir le polasaí géilleadh chun síthe?

Tá rialtas Donald Trump tar éis a chogaíocht agus an idirghabháil a threisiú ó ghlac sé cumhacht an bhliain seo caite. Tá líon na n-ionsaithe dróin atá á ndéanamh ag SAM sa Mheán-Oirthear imithe i líonmhaire.

Tá Trump tar éis seasamh gualainn ar ghualainn le Netanyahu agus na billiúin a chur ina threo chun cinedhíothú a chur i gcríoch sa Phalaistín. Tá sé tar éis Nicolás Maduro a fhuadach go mídhleathach. Tá sé tar éis bagairt go heacnamaíoch ar go leor tíortha.

Ní raibh gíog ná míog as ceannairí na hEorpa agus na gníomhartha seo uile ar bun ag Trump. Go deimhin, thacaigh siad le sárú an dlí idirnáisiúnta agus flaithis stáit nuair a d’fháiltigh siad roimh fhuadach Maduro. Ach, anois, iontas na n-iontas, tá bagairt á déanamh aige ar fhlaitheas tíre eile, an Ghraonlainn, atá dar ndóigh faoi smacht coilíneach na Danmhairge. Ach is scéal é sin d’am eile.

Is fiú súil a chaitheamh siar ar an stair, féachaint ar éirigh leis an gcineál cur chuige seo san am a chuaigh thart nuair a bhí “fear láidir”, faisisteach, i gcumhacht ar thír mhór chumhachtach. Is éard atá san fhaisisteachas ná an caipitleachas ag meath. Nuair a bhíonn géarchéim eacnamaíochta sa chaipitleachas éiríonn údarasaíochas as. Tá géarchéim ann i gcóras caipitleach Meiriceá de bharr na héagothromaíochta. 

Níl an córas in ann caighdeán saoil maith, córas leighis cothrom ná fostaíocht bhuan a sholáthar do thomháilteoirí (nó saoránaigh, más maith leat) na tíre a thuilleadh. Is é sin an phríomhchúis ábharaíoch le teacht in inmhe na heite deise i bhfad amach agus Trump i SAM. Tá cúiseanna cultúrtha, polaitiúla agus staire ann chomh maith dár ndóigh, ach is é an bhunfhadhb ná go bhfuil Trump tar éis “freagra” a thabhairt ar an teip seo. Tá sé tar éis bob a bhualadh ar go leor Meiriceánach ag maíomh go dtabharfadh sé dúshlán don chóras seo, cé gur caipitleach díograiseach agus billiúnaí é féin.

Fear eile a thug “freagra” simplí do dhream a bhí ag streachailt go heacnamaíoch i ndiaidh géarchéim chaipitleach dhomhanda, Spealadh Mór na 1930í, ná Adolf Hitler. Chuir Hitler an milleán ar na Giúdaigh go príomha, agus tuigeann muid an toradh a bhí air sin. Ach, níor tháinig Hitler i gcumhacht thar oíche agus níor éirigh leis an Ghearmáin a láidriú go míleata thar oíche ach oiread.

Ba pholasaí é géilleadh chun síthe a chuir an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc chun cinn, agus a bhí ar na cúiseanna ba mhó gur éirigh le Hitler an chuid is mó de Mhór-Roinn na hEorpa a fhorghabháil faoin mbliain 1940.

Theip ar an bpolasaí sin mar go ndearnadh beag is fiú de spriocanna Hitler, níor tuigeadh a straitéis, agus ligeadh don Ghearmáin bonn láidir míleata a chur faoi. Chreid an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc go bhféadfadh an polasaí an tsíocháin a chinntiú, ach a mhalairt a tharla agus spreagadh tuilleadh ionsaithe.

D’eascair an polasaí géilleadh chun síthe as slad an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cogadh caipitleach eile. Bhí an Bhreatain agus an Fhrainc, ainneoin gur bhuaigh siad an cogadh le cabhair Mheiriceá, fós ag athfhorbairt go heacnamaíoch agus go sóisialta. Creideadh go bhféadfaí rudaí áirithe a ghéilleadh go Hitler chun coimhlint eile a sheachaint. 

Dá dtabharfaí cead do Hitler “cúiseanna gearáin dlisteanacha” a réiteach, mar shampla leasú a dhéanamh ar Chonradh Versaille, bheadh bonn maith faoin tsíocháin ar an Mór-Roinn. Ach ba é an chiall a bhain Hitler as na lamháltais a tugadh dó ná gur buanna a bhí iontu agus go raibh an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc lag.

Ba bhliain chinniúnach í 1936. Rinne Hitler athmhíleatú ar Dhúiche na Réine. Bhí ceart dlíthiúil ag an bhFrainc idirghabháil a dhéanamh ach bhí siad idir dhá chomhairle. Ba é an chomhairle a thug an Ríocht Aontaithe ná seasamh siar.

D’admhaigh Hitler ar ball go dtarraingeodh sé fórsaí na Naitsithe amach as an gceantar dá mba rud é go ndearna an Fhrainc freasúra a léiriú. Ach, mar a tharla, thug an easpa freagra uchtach dó.

Ba é an Anschluss, aontú na hOstaire leis an nGearmáin, an chéad chor eile in 1938. Arís, níor glacadh aon seasamh ina choinne. Ina dhiaidh sin tharla an eachtra ba náirí, Comhaontú München in 1938.

Ghéill an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe d’éileamh Hitler an Sudentenland a ghabháil ar an tuiscint gurb é sin “an ghabháil dheireanach talaimh” a bheadh aige.

D’fhill Príomhaire na Ríochta Aontaithe, Neville Chamberlain, ar Londain agus d’fhógair gur baineadh amach “síocháin dár ré”. Ach ní raibh baol ar bith, faoin staid sin, go stopfadh Hitler ag leathnú ríogacht, nó reich, na Naitsithe.

Bhris Hitler Comhaontú München an bhliain dár gcionn, 1939, nuair a rinne sé forghabháil ar an gcuid eile den tSeicslóvaic. Ba é seo an tráth ar léiríodh gur teip iomlán a bhí sa pholasaí géilleadh chun síthe. Bhí sé soiléir, ar deireadh thiar thall, nach raibh teorainn le spriocanna Hitler agus nach bhféadfaí idirghabháil a dhéanamh leis. Theastaigh forlámhas uaidh agus b’in sin.

Ach go míleata agus go tíreolaíoch faoin tráth sin bhí an Ghearmáin tar éis leathnú amach, tuilleadh acmhainní a thógáil, agus buntáistí straitéiseacha a chruthú gan fiú urchar amháin a scaoileadh. 

Lagaigh an polasaí géilleadh chun síthe comhghuaillíochtaí a d’fhéadfadh forbairt chomh maith. Chonaic an tAontas Sóivéadach drochsheasamh na Fraince agus na  Ríochta Aontaithe i leith Hitler agus síníodh Comhaontú Molotov-Ribbentrop leis an nGearmáin i Lúnasa 1939, chun am a thabhairt do na Sóivéadaigh a bhfórsaí a réiteach chun cogaidh.

Nuair a chuaigh Hitler isteach sa Pholainn ar an 1 Meán Fómhair 1939, d’fhógair an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc cogadh ar an nGearmáin ar deireadh. Ach faoin tráth sin bhí an Ghearmáin i bhfad ní ba láidre ná mar a bheidís dá dtabharfaí freasúra ceart ón tús.

Theip ar an ngéilleadh chun síthe mar go raibh míthuiscint ann faoi idé-eolaíocht Hitler agus a thoilteanas leas a bhaint as an lámh láidir. Tá an ceacht soiléir. Ní éiríonn leis an ngéilleadh d’iompar bagrach leathnaithe. A mhalairt atá fíor, nuair a ghéilltear tugtar uchtach don té atá ag bagairt.

Géarchéim Chaipitleach Veiniséala sna 1980í agus 1990í 

Shamhlófá ó thuairiscí na mórmheáin go bhfuil gach aon duine i Veiniséala ar mhuin na muice de bharr gur fhuadaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Nicolás Maduro. Tá neart ama tugtha do na Veiniséalaigh a d’fhág an tír agus a chuaigh chun na hEorpa chun a dteachtaireachtaí a chraobhscaoileadh. 

De ghnáth is Veiniséalaigh atá saibhir iad an dream seo, agus tabharfar faoi deara gur Veiniséalaigh gheala iad seachas daoine de dhath nó bundúchasaigh atá i gcoitinne níos boichte agus gan an t-airgead acu dul ar imirce chun na hEorpa. 

Cibé ar bith, ceann de na miotais atá á chraobhscaoileadh ag na Veiniséalaigh shaibhre seo do mheáin cosúil le RTÉ, Dublin Live, The Irish Times agus araile ná go raibh Veiniséala “go breá” sna 1980í agus 90í sular tháinig Hugo Chávez i réim.

Ach dár ndóigh is scéal róshimplí é sin.

Sna 1970í ba stát cíosach bunaithe ar an ola é Veiniséala. Is éard atá i stát cíosach ná stát a bhraitheann ar ioncam ó acmhainn nach gá a tháirgeadh, sa chás seo ola, ach d’fhéadfaí stáit nó codanna de stáit eile a lua sa lá atá inniu ann i dtaobh na tithíochta agus na hola de chomh maith. 

Baineann an uasaicme ioncam nó saibhreas ón tír gan aon rud a chruthú agus ní fhorbraítear tionscail nó talmhaíocht dhúchasach. Braitheann an stát go mór mór ar ábhar a iompórtáil. Ceannaíonn meánaicme na cathrach an t-ábhar seo agus fásann an scoilt idir an chathair agus muintir na tuaithe. Déanann aicme ar leith, an aicme comprador, bainistiú ar an bpróiseas seo, agus fásann caimiléireacht thart ar an stát agus an aicme chéanna. 

I gcás Veiniséala sna 1970í, bhí comhlachtaí ola seachtracha chun cinn. Dhéanfaidís brabús ollmhór as acmhainn na tíre agus d’fhaigheadh sciar beag de mhuintir Veiniséala buntáiste as. Cé gur deineadh an tionscal ola a náisiúnú in 1976, d’fhan na struchtúir mar a bhí, na comhlachtaí ilnáisiúnta ag baint an tsaibhris agus an aicme comprador i mbun bainistiú ar an bpróiseas.

Nuair a chlis ar phraghas na hola go domhanda, tháinig na fadhbanna struchtúrtha i Veiniséala go cnámh na huillinne. Ar an lá a dtugtar Viernes Negro (an Aoine Dhubh) air, thit luch airgeadra na tíre, an bolívar, go leibhéal fíoríseal. 

Mar a deir Javier Corrales ina alt The Politics of Venezuela’s Economic Collapse don Latin American Research Review, a scríobhadh in 1997, scriosadh an miotas gur tír uathúil a bhí i Veiniséala an lá sin. Bhí an tír leochaileach i gcomhthéacs an chaipitleachais dhomhanda, go háirithe de bharr í a bheith go hiomlán spleách ar an ola. Glaonn Corralles “two lost decades” ar an bhfiche bliain i ndiaidh 1983.

Sna 1980í chuaigh an boilsciú in airde, thit an táirgiúlacht san Iarthar, agus bhí na milliúin daoine dífhostaithe. I Meiriceá Theas, sa mhullach air sin, bhí géarchéim fiacha i go leor tíortha. De bharr go raibh Veiniséala ag díol ola le tíortha an domhain, bhí baol ollmhór ann don tír.

D’ardaigh Paul Volcker, a bhí i gceannas ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Meiriceá, na rátaí úis chun dul i ngleic leis an mboilsciú. Ach d’ardaigh rátaí úis i ndeisceart an domhain chomh maith, rud nach raibh na tíortha sin in acmhainn a íoc. D’fhás fiacha na dtíortha go mór, chuaigh caipiteal thar lear, agus cuireadh an t-airgeadra faoi bhrú ollmhór. Sa chaoi seo, ba ghéarchéim é seo a tharla sna tíortha caipitleacha imeallacha. Cuireadh uallach an choigeartaithe dhomhanda ar na geilleagair spleácha.

I Veiniséala féin bhí an córas polaitiúil bunaithe ar na cíosanna as ola a dháileadh. Glaodh an punto fijo ar an socrú seo agus bhí an dá pháirtí Acción Democrática agus COPEI i gcumhacht. Nuair a thit an t-ioncam sin, níorbh ann do rogha eile idé-eolaíoch ná eacnamaíoch. Thit na rátaí pá, d’ardaigh an boilsciú agus d’fhás an bhochtaineacht as cuimse. Faoi dheireadh na 1980í, bhí an pobal dubh dóite leis an stát agus an córas polaitiúil mar a bhí.

Tháinig buille maraithe na muice in 1989, nuair a chuir an tUachtarán Carlos Adrés Pérez clár coigeartaithe nualiobrálach i bhfeidhm. Ba é seo comhthoil Washington. Bhrúigh státchiste na Stát Aontaithe, an Ciste Airgeadaíochta Domhanda agus an Banc Domhanda an coigeartú seo ar thíortha ar nós Veiniséala.

Mar is eol dúinn in Éirinn, i ndiaidh 2008, an toradh a bhí ar an bplean ná gur gearradh fóirdheontais, déanadh príobháidiú ar chomhlachtaí stáit, agus cuireadh an dírialáil ar mhaithe le gnólachtaí móra i bhfeidhm. Dúradh ag an am gur “nuachóiriú” a bhí anseo, ach is polasaithe déine ón mbarr anuas a bhí i gceist i Veiniséala na 1980í agus 1990í agus in Éirinn idir 2010 agus 2020.

Nuair a baineadh na fóirdheontais den bhreosla agus cúrsaí iompair i Veiniséala, d’éirigh lucht na cathrach amach i gcoinne an rialtais, éirí amach ar ar glaodh an Caracazo a tharla in 1989. Chuir an stát caipitlíoch an t-éirí amach faoi chois agus meastar go bhfuair tuairim is 5,000 duine bás.

Sna 1990í threisigh an chíor thuathail i Veiniséala, lena n-áirítear an ghéarchéim bhainc, tuilleadh fáis ar an éagothromaíocht, agus cliseadh an dá pháirtí pholaitiúla thraidisiúnta. 

Is sa chomhthéacs sin, comhthéacs ina raibh Veiniséala faoi chois ag fórsaí caipitlíocha agus impiriúlacha domhanda agus é ag braith go hiomlán ar an ola, inar tháinig Hugo Chávez i gcumhacht, go daonlathach, in 2002.

Ná ligimis do na Veiniséalaigh is saibhre, a bhfuil an deis acu saol níos fearr a aimsiú thar lear agus smachtbhannaí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag brú síos ar a dtír, an stair a lúbadh agus íomhá rómánsach den tréimhse roimh an Réabhlóid Bholavarach a chraobhscaoileadh go mímhacánta nó go haineolach isteach san allagar.