Is minic a dheirtear le lucht agóide na Gaeilge:
Bíodh foighde agaibh.
Déanaigí stocaireacht go béasach.
Fanaigí leis an gcéad chomhairliúchán eile.
Trustáil an próiseas.
Idir an dá linn, beidh seirbhísí á ngearradh, buiséid éirithe marbhánta, agus gealltanais imithe as radharc. Ní raibh an stocaireacht ariamh mar bhonn aonair le gníomhaíochas ar son na Gaeilge.
Bhí ról lárnach freisin ag agóidí sráide, gníomhartha díreacha, forghabhálachaí, raidió bradach, agus brú ón bpobal. Is trí mheán na troda seachas trí bhíthin iarrataí a fuarthas cuid mhaith de na cearta atá ag lucht labhartha na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
Bhí an Ghaeilge faoi chosc ag BBC Thuaisceart na hÉireann ar feadh 57 mbliana. Níor tháinig athrú air sin nó gur chuir gníomhaithe Gaeilge brú orthu gan géilleadh.
Ní go deonach a bronnadh na cearta sin. D’eagraíodh an pobal agus throid siad chun go bhfaighidís iad. Athraíonn easumhlaíocht shibhialta an creat polaitiúil.
Tá na hinstitiúidí in ann neamhaird a thabhairt ar litreachaí. Tá siad in ann neamhaird a thabhairt ar chruinnithe. Tá siad in ann neamhaird a thabhairt ar aighneachtaí.
Is deacra i bhfad leo neamhaird a thabhairt ar chomhghníomhaíocht lena ngabhann costas polaitiúil agus eacnamaíoch.
Is cuma an 100 nó 1000 ceadúnas a chuirfear ar ceal i ndeireadh na dála. An príomhrud ná go bhfuil daoine ag teacht chun tosaigh agus iad ag gníomhú.
Is láidre an ghluaiseacht a bhíonn ag gníomhú ná an ghluaiseacht nach mbíonn ach ag freagairt. Ba cheart do ghluaiseacht na Gaeilge sna sé chondae fichead aird a thabhairt ar an méid seo.
Céimseachas, comhairliúchán, agus stocaireacht chiúin a bhí mar phríomhstraitéis le fada an lá. Níl ann ach breathnú ar na torthaí.
Treoirlínte pleanála don Ghaeltacht nár éirigh leo dul i ngleic le meath na teanga. Buiséad don teanga atá i bhfad níos lú ná mar a theastaíonn. Tuarascálacha agus straitéisí gan deireadh. Gan mórán athruithe struchtúracha.
Níl gluaiseacht sóisialta ar bith ann a bhain sochair mhóra amach díreach trína bheith réasúnta. Tá ról ag an stocaireacht.
Tá ról ag an gcaibidlíocht. Ach gan bhrú eagraithe ón bpobal, is annamh a ghníomhaíonn rialtais ar bhealach sách forleathan nó sciobtha.
Ní hí an easumhlaíocht shibhialta an t‑aon teaictic amháin. Teaictic dhlisteanach atá inti mar sin féin, a bhíonn éifeachtach cuid mhaith den am.
Is léir ó fheachtas cheadúnais teilifíse BBC go bhfuil daoine sásta an fód a sheasamh. An cheist atá anois ann ná an bhfuil gluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne sásta an rud céanna a dhéanamh.
