Category Archive : Ailt Staire

Éirí Amach Wuchang, an 10 Deireadh Fómhair 1911

Faoi fhómhar na bliana 1911 bhí ríshliocht Qing sa tSín ar an dé deiridh. Bhí réabhlóid ar na bacáin in Wuchang, atá ar cheann de na trí chathair in Wuhan, áit a raibh grúpaí ar nós an Chumainn Fhorásaigh agus an Chumainn Litríochta i mbun comhcheilge chun ionsaí a dhéanamh ar mhonarcacht Manchu a bhí i gceannas ó na 1640í i leith.

Intleachtóirí ab ea na gníomhaithe a bhí dubh dóite leis an díospóireacht agus ar theastaigh uathu éirí amach armtha a chur ar bun.

Tharla éirithe amach i gcoinne Qing roimhe seo, an uair dheireanach ag Dumha an Bhlátha Bhuí in Aibreán na bliana 1911, ach theip orthu. Bhuail na réabhlóidithe ag cruinniú i mí Mheán Fómhair agus socraíodh ar éirí amach a chur ar bun d’Fhéile Lár an Fhómhair, ach cuireadh moill air go dtí níos déanaí sa mhí.

Lean na réabhlóidithe orthu ag tógáil buamaí i gceantar de Wuchang a bhí faoi smacht na Rúise, rud a thug cosaint áirithe dóibh ó údaráis Qing.

Ar oíche an 9 Deireadh Fómhair tharla tubaiste do na réabhlóidithe nuair a phléasc ceann de na buamaí trí thimpiste. Bhí póilíní an cheantair ar an láthair roimh i bhfad agus i dteannta damáiste na pléisce tháinig siad ar bholscaireacht, pleananna don éirí amach agus liostaí ballraíochta na réabhlóidithe.

Cé go raibh an ceantar lasmuigh de dhlínse Qing, thug na póilíní an fhianaise do na hoifigigh Qing go sciobtha. An mhaidin dár gcionn rinne údaráis Qing ruathair ar thithe na réabhlóidithe, gabhadh na dosaenacha acu, agus cuireadh triúr acu chun báis.

Go híorónta, malairt de thoradh a bhí ar intinn oifigigh Qing a bhí ag déanamh cos ar bolg ar fad. Lasadh splanc an éirí amach.

Chabhraigh ceann d’iarrachtaí nuachóirithe Qing dúshraith don réabhlóid a leagan. Ó 1905 ar aghaidh bhí an ríshliocht ag neartú a fhórsaí armtha agus é mar aidhm acu arm nua-aimseartha agus gairmiúil le traenáil i modhanna eolaíochta agus teicneolaíochta an Iarthair.

Mar a mhíníonn Ed McCord ina leabhar, The Power of the Gun, is í an aidhm a bhí ag an oideachas míleata gairmiúlacht na n-oifigeach a fheabhsú agus litearthacht na saighdiúirí a mhéadú. Den chéad uair, chreid mic na gclann uasaicmeach gur rud measúil a bhí i ngairm san arm.

Ach bhí toradh nach mbeifí ag súil leis ag na hathchóirithe seo. I scoileanna míleata sa tSín agus sa tSeapáin tumadh mic léinn i smaointeoireacht a cheistigh údarás Qing.  Chreid go leor acu go raibh gá go dtitfeadh monarcacht Manchu chun go láidreofaí an tSín.

Ó tharla gur buaileadh ríshliocht Qing in aghaidh na Seapáine in1894, Comhghuaillíocht na nOcht Náisiún in 1900 agus easpa cosanta a tugadh sa Chogadh Rúis-Seapánach in 1905, bhí bunús láidir ag an tuairim sin. Faoin mbliain 1911, agus cé gur cruthaíodh é chun an ríshliocht a chosaint, bhí an tArm Nua réidh le héirí amach.

Nuair a rinne oifigigh Qing na hamhrasáin a ghabháil i ndiaidh na pléisce ar an 9 Deireadh Fómhair thuig na saighdiúirí réabhlóideacha go raibh siad i mbaol. Chreid na saighdiúirí go ngabhfaí iad agus go gcuirfí chun báis go leor acu agus b’éigean dóibh gníomhú ar an bpointe boise.

Ar oíche an 10 Deireadh Fómhair chuaigh saighdiúirí an Airm Nua i mbun ceannairce. Chuir réabhlóidithe éadaí bána ar a gcuid airm chun go n-aithneofaí iad agus ghlacadar smacht ar láithreacha tábhachtacha míleata rialtais agus armlanna.

Theith an seanascal agus na ceannasaithe ba shinsearaí. Faoin mhaidin dár gcionn bhí Wuchang faoi smacht na reibiliúnach. Laistigh de roinnt laethanta bhí réigiún iomlán Wuhan faoina smacht.

Éifeacht na ndúradán a bhí ag Éirí Amach Wuchang i gcomhthéacs níos leithne na Síne. D’fhógair cúige i ndiaidh cúige saoirse ó Qing tar éis an éirí amach. Bhí tús le Réabhlóid Xinhai, a ainmníodh i ndiaidh na bliana 1911 ar an bhféilire Síneach.

Mar a tharla sé, ní raibh an té is mó a samhlaíodh leis an réabhlóid, Sun Yat-sen, fiú sa tSín ag an am. Le blianta fada, bhí Sun chun cinn i ngluaiseachtaí i gcoinne Qing, bhí lámh aige i mbunú gluaiseachtaí réabhlóideacha, agus in iarrachtaí ar éirithe amach, iarrachtaí ar theip orthu.

I mí Dheireadh Fómhair 1911, bhí Sun in Denver, Colorado, agus é i mbun maoiniú a fháil i measc an phobail Shínigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí tar éis fulaingt de bharr an chiníochais sa tír sin le fada. 

Agus é ina shuí in Óstán an Pháláis Dhoinn léigh Sun faoi Éirí Amach Wuchang sa nuachtán. Thuig sé go raibh tús curtha leis an éirí amach a raibh sé ag obair ar a shon le fada agus chuaigh sé i mbun a thurais chun filleadh ar an tSín a phleanáil.

Ar an mbealach abhaile dó thug sé cuairt ar ardchathracha na hEorpa chun gealltanais a fháil ó na mórchumhachtaí go bhfanfaidís neodrach faoin éirí amach. Agus na gealltanais faighte aige d’fhill sé ar an tSín i dtreo dheireadh mhí na Nollag.

Tháinig Sun i láthair in Guangzhou ar an 25 Nollaig 1911 agus seachtain ina dhiaidh sin toghadh é mar uachtarán sealadach Phoblacht na Síne. D’éirigh an t-impire deireanach Qing, Puyi, as an gcoróin go foirmiúil i Márta na bliana 1912, rud a chuir deireadh le níos mó ná 250 bliain de riail Manchu agus 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach.

Cé gur cor cinniúnach a bhí i réabhlóid 1911, níor dheireadh an scéil é. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí deacrachtaí ag an bpoblacht nua le taoisigh chogaidh áitiúla, bagairtí ó thíortha eachtrannacha, agus an scoilteadh polaitiúil.

Ach léiríonn bunús na réabhlóide a dheacair is atá sé cúrsaí a thuar. Theip ar shraith iarrachtaí deireadh a chur leis an Qing, in 1903, 1907 agus 1910. Ach de bharr na pléisce a tharla an oíche chinniúnach sin, thit sraith imeachtaí amach a d’athraigh stair na Síne.

Léiríonn Éirí Amach Wuchang nach dtarlaíonn réabhlóidí de bharr na pleanála foirfe i gcónaí, ach is féidir leo tarlú de bharr eachtraí fánacha agus an mhisnigh. Tháinig na blianta den fhrustrachas, eagrúchán agus idé-eolaíocht le chéile in am an ghátair. Athraíodh an tSín go buan, ó impireacht go poblacht, agus bheadh lorg na réabhlóide le brath ar feadh na mblianta.

An bata a chiúnaigh an Ghaeilge; mar a d’úsáidtí an bata scóir chun an teanga a chur faoi chois

Bhí tionchar nach beag ag an mbata scóir ar chinniúint na Gaeilge. Bata thart ar throigh ar fhad agus eangaí beaga air a bhí ann de ghnáth. Ach níorbh aon ghnáthghléas seomra ranga é an bata scóir. Arm smachta ab ea é.

Gach aon uair a bheirtí ar pháiste ag caint Gaeilge chuirtí eang, nó scór, ar an adhmad. Ag deireadh an lae thugtaí léasadh don pháiste ag brath ar an líon uaireanta a labhraíodh Gaeilge. Mar shampla, dá mba rud é gur rugadh orthu sé huaire, sé léasadh a bheadh ag dul dóibh.

Ba choir í an teanga de bharr an bhata scóir. Do dhaltaí i gConamara, Ciarraí, Corcaigh agus áiteanna eile san iarthar go príomha, nascadh an Ghaeilge leis an náire agus an phian. Bhí an polasaí soiléir; ba é Béarla teanga an ghradaim agus ba í an Ghaeilge teanga na mbochtán agus na “sclábhaithe”.

Chonaic an máinlia agus scríbhneoir Sir William Wilde, athair Oscar Wilde, an próiseas a bhain leis an mbata scóir agus é ag taisteal sna 1850í. Agus é gar do Loch Eidhneach i gConamara chonaic sé buachaillín óg ocht mbliana d’aois ag cogarnach lena dheirfiúr i nGaeilge.

Ach nuair a chonaic a athair é baineadh geit as agus stop sé á labhairt, “agus an chuma air go raibh botún uafásach déanta aige”, dár le Wilde. Tharraing an t-athair bata beag a bhí crochta timpeall mhuineál an pháiste amach óna éadaí agus ghearr scór úr ann. 

Nuair a ceistíodh an t-athair faoi seo, mhaígh sé;

“tá grá agam don Ghaeilge … is é teanga ársa na tíre agus an tseanré é … ach ní mór do na páistí oideachas a bheith acu, agus de bharr nach múintear aon Ghaeilge sna Scoileanna Náisiúnta, ní mór domsa é seo a dhéanamh, chun iad a ghríosú i dtreo an Bhéarla”

Bhí an t-athair, a labhair Gaeilge é féin, tar éis ról a ghlacadh sa tionscadal coilíneach chun an Béarla a chuir in áit na Gaeilge.

Cé nár thug córas na Scoileanna Náisiúnta a bunaíodh in 1831 cead go ndéanfaí an Ghaeilge a léasadh amach as páistí, níor tugadh cead an teanga a mhúineadh mar ábhar go dtí 1878. Fiú nuair a tugadh cead, ba go drogallach a tugadh é.

Cruthaíodh comhthéacs ina raibh an Ghaeilge naimhdeach agus dá bharr sin bhí an pionós agus an náire chun cinn sa seomra ranga chun é a chuir faoi chois.

Bhí ról ag na tuismitheoirí sa phróiseas seo. Is cuimhin le bailitheoir amháin ó Bhailiúchán na Scol ó na 1930í gur chreid tuismitheoirí i gCo. an Chláir le linn an naoú haois déag go raibh gá “beagáinín Béarla briste” a bheith ag duine chun dul amach sa domhan mór agus, ar an lámh eile de, nárbh ionann Gaeilge “ach gibiris sclábhaithe”

Is cuimhin le Thomas Concannon, eagraí le Conradh na Gaeilge, go raibh na múinteoirí ag tacú leis an gcóras céanna. D’áitigh Concannon ar An Claidheamh Soluis go bhfuair sé “go leor greadadh” ón múinteoir a bhí aige ar Inis Meáin sna 1880dí, de bharr gur labhair sé “an t-aon teanga a bhí ar a thoil aige”. Shéan an múinteoir go láidir go raibh an bata scóir in úsáid aige, rud a léirigh b’fhéidir go raibh náire áirithe ag baint le húsáid an bhata faoi thús an fichiú haois agus ré na hAthbheochana.

Mar sin féin, bhí roinnt mhaith cuntas ón mbéaloideas a bhí ag teacht lena chéile i ngeall ar an mbata scóir. I roinnt scoileanna, chrochfaí bata scóir pearsanta do gach páiste ar an mballa lena n-ainm in aice leis, léiriú poiblí ar an “gcoir”. I gcuntas amháin ó Luimneach luaitear sraitheanna de na bataí scóir agus eangaí orthu. I gceantair eile, d’iompar páistí iad ar a muineál.

Cruthaíodh náire agus smál ar an bpáiste agus cuireadh isteach ar a gcuid cumais teangeolaíochta. Léirigh cuntas amháin ó David O’Callaghan ó Inis Meáin go raibh roinnt páistí sna 1880í a bhí idir ocht agus deich mbliana d’aois “a raibh an chuma air nach raibh teanga ar bith acu. Bhí faitíos orthu Gaeilge a labhairt thart ar a dtuismitheoirí, agus ní raibh Béarla sealbhaithe acu” ach oiread.

Dár ndóigh, níorbh eisceacht a bhí in Éirinn mar a bhain sé le cleachtais den chineál seo. D’úsáidtí cleachtais den sórt céanna chun an ruaig a chuir ar theangacha dúchasacha i dtíortha eile a ndearnadh coilíniú orthu.

Sa Bhreatain Bheag, b’éigean do pháistí an Welsh Not a iompar; d’aistrítí an píosa adhmaid idir na páistí i rith an lae de réir mar a bheirtí orthu ag labhairt Breatnaise. Ba é an páiste a raobj an rud acu ag deireadh an lae a fuair an léasadh.

Sa Bhriotáin, d’úsáidtí bróg adhmad ar a glaodh sabot air. Sa Chéinia, is cuimhin leis an scríbhneoir díchoilínithe Ngugi wa Thiong’o gurb éigean do pháistí comharthaí a chrochadh timpeall a muiníl a náirigh iad.

In Éirinn, bhí íomhá an bhata mar ghléas frith-Ghaeilge láidir ón naoú haois déag. Chreid leithéidí an Easpaig Seán Mac Éil gur iad “reilig na Gaeilge” na scoileanna. Dár le The Nation dá bhféadfá na scoileanna “a athmhúnlú i spiorad fíornáisiúnta, bheadh dóchas ann go slánófaí Éire”.

Faoi thús an fhichiú haois bhí an bata scóir ina chnámh spairne do náisiúnaigh agus lucht na hAthbheochana, cé go raibh cúiseanna sochtheangeolaíochta eile leis an iompú teanga cé is moite de na scoileanna náisiúnta agus an leas a baineadh as an mbata féin.

Leagadh go leor béime ar Ghaelú na scoileanna sna 1920í agus is cosúil go raibh baint ag an tuiscint seo, tuiscint ina raibh ról lárnach ag an mbata scóir ann, leis an bpolasaí céanna.

Áitíonn leithéidí Thomáis Mhic Shíomóin go raibh tionchar níos mó ag iompú teanga ná na tionchair theangeolaíochta amháin. Aithníonn sé gur fágadh “oidhreacht tráma dhomhain síceolaíoch” chomh maith. Cothaíodh an náire, an féinfhuath agus an easpa spéise san fhéiniúlacht a mhair ar feadh na glún. 

Mar sin féin, ainneoin úsáid an bhata agus an iompaithe teanga, maireann an Ghaeilge go fóill. Cé nach príomhtheanga na tíre í, go fóill, is gné thábhachtach dár bhféiniúlacht pobail í, a ndéanann clanna, gníomhaithe agus eagraíochtaí a chaomhnú agus a leathnú.

Léiríonn an chuimhne atá ag daoine go fóill ar an mbata scóir, bíodh sin ar líne ar na meáin shóisialta nó sna healaíona agus sa litríocht, gur fágadh lorg dá bharr. Ag an am céanna, tá an teanga agus an cultúr a rinneadh iarracht í a chuir faoi chois leis an mbata céanna ann go fóill.

Louis Blanc, leasaitheoir Útóipeach agus guth na n-oibrithe

Rugadh Louis Jean Joseph Charles Blanc ar an 29 Deireadh Fómhair sa bhliain 1811. Rugadh é i Maidrid na Spáinne agus ba as an Fhrainc dá tuismitheoirí. Ba ardchigire airgeadais faoi Joseph Bonaparte, dearthár Napoleón, é a athair.

I ndiaidh titim mhuintir Bonaparte, bhog clann Blanc ar ais chun na Fraince. Bhí tionchar ag an gcíor thuathail pholaitiúil agus an deoraíocht ar smaointeoireacht Blanc. Rinne Blanc staidéir ar an dlí i bPáras, ach mar gheall ar an mbochtaineacht agus cur faoi chois polaitiúil spreagadh é i dtreo na hiriseoireachta agus na critice sóisialta.

Bhí Blanc i measc na sóisialaithe luatha “Útóipeacha” sa Fhrainc. Ina saothar ón mbliain 1839-40, L’Organisation du travail, d’áitigh sé go raibh an iomaíocht a bhí lárnach sa tsochaí chaipitlíoch ag cothú na hainnise forleithne.

Bhí iad siúd a bhí lag á gcur faoi chois fad is a bhí lucht an rachmais ag déanamh go maith. Chun seo a chur ina cheart, mhol Blanc go gcabhródh an stát le bunú fiontar comharchumannach, nó “ceardlanna sóisialta faoi stiúir oibrithe, áit a mbeadh oibrithe a mbeadh an cumas acu i mbun saothair, agus daoine nach raibh sé ar a gcumas acu obair a thuilleadh i dteideal cúnaimh nó íocaíochtaí.

Is é ceann de na friotail is cáiliúla uaidh ná, “ó gach duine de réir a chumais, do gach duine de réir a riachtanas.” Níorbh aon idéalachas fileata é seo do Blanc, ach múnla coincréiteach; dhéanfadh comharchumainn le tacaíocht ón stát an fhostaíocht, dínit na n-oibrithe , agus dáileadh acmhainní níos cothromaí a chinntiú.

Nuair a bhain Réabhlóid Fheabhra 1848 bua amach i gcoinne Mhonarcacht mhí Iúil na Fraince, bhí an chumhacht pholaitiúil ag Blanc. Rinneadh ball den Rialtas Sealadach é agus bhí sé i gceannas ar Choimisiún na hOibre. D’éirigh le ceann dá chéad rún nuair a d’aontaigh an rialtas “go gcinnteofaí slí bheatha na n-oibrithe tríd an obair”.

Faoi thionchar Blanc bunaíodh na Ceardlanna Náisiúnta. Rinne na ceardlanna obair a thairiscint ar dhaoine dífhostaithe, go háirithe ar thionscadal móra poiblí, agus cuireadh smaointe comharchumannacha Blanc i bhfeidhm.

Ach bhí ró-éileamh ar na hoibrithe agus níor cuireadh a dhóthain maoinithe ar fáil dóibh. Le linn éirí amach “Laethanta mhíí an Mheithimh” rinne an rialtas cos ar bolg ar na hoibreacha. Cuireadh an milleán ar Blanc agus b’éigean dó teitheadh go Sasana.

D’fhan Blanc i Sasana go dtí titim an Dara Impireacht in 1870. Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc toghadh é chuig an gComhdháil Náisiúnta. Lean sé leis ag labhairt ar son na gceart oibrithe, leasuithe sóisialta, cearta vótála do chách, agus an prionsabal go raibh freagracht ar an stát fostaíocht a chothú.

Bhásaigh sé i Nollaig na bliana 1882 in Cannes.

Cé nár éirigh lena thionscadail ar fad, bhí lorg ollmhór ag a fhís; an stát leasa sóisialaí, coincheap “an ceart chun oibre”, ról na gcomharchumann agus ceardlanna sóisialta, agus an tuairim go mbaineann an tsaoirse pholaitiúil leis an gceart sóisialta agus eacnamaíoch chomh maith.

Elbira Zipitria Irastorza agus na scoileanna Bascaise ikastola 

Ba oideachasóir ceannródaíoch i dTír na mBascach le linn an fhichiú haois í Elbira Zipitria Irastorza (1906-1982). Le linn tréimhse a raibh an Bhascais faoi chois, rinne Zipitria an teanga a athbheochan trí líonra scoileanna baile a bhunú. 

D’fhás Zipitria aníoss in Donostia (San Sebastián i Spáinnis). Thug sí faoi chúrsa ábhar oidí nuair a bhí sí 16, agus bhain sí a céim amach in 1926. Ghlac sí post i scoil Koruko Andre Mariaren Ikastetxea áit ar mhúin sí páistí 6 bhliain d’aois. 

Bhí spéis aici i gcúrsaí polaitíochta agus cultúrtha chomh maith. Ghlac sí ballraíocht i gcumann na mban i bPáirtí Náisiúnta na mBascach, a raibh sí mar rúnaí de ó 1934 ar aghaidh. Bhí sí mar bhall de Euskaltzaleak, eagraíocht ghnímh ar son na Bascaise, agus Eusko Ikaskuntza, cumann an léinn Bhascaigh.

Bhog sí chun na Fraince le linn Chogadh Cathartha na Spáinne, ach d’fhill sí ar Donostia i ndiaidh an chogaidh in 1939. In 1943, thosaigh sí ag múineadh páistí ina dtithe féin ar feadh tamaill. Bhunaigh sí rang beag páistí ina teach féin in 1946. Bhunaigh sí an chéad ikastola, nó scoil bhaile Bascaise, sa bhliain 1956 in Donostia agus, sna blianta ina dhiaidh sin, leathnaigh sí na scoileanna sna cúigí Bascacha eile.

Reáchtáladh na ranganna sna scoileanna seo thart ar an mbord cistine agus na páistí suite ann ar nós clainne. D’éirigh chomh maith sin leis an modh seo, gur úsáideadh é chun daoine fásta a mhúineadh ina dhiaidh sin. Bhunaigh comhghleacaithe le Zipitria ar nós Xabier Peña, María Ángeles Garai, Juliana Berrojalbiz agus Tere Rotaetze roinnt mhaith scoileanna ikastola chomh maith agus mhúin siad iontu.

Sna 1960í bunaíodh 71 scoil i mbailte agus cathracha dátheangacha Thír na mBascach, cé go raibh sé mídhleathach a leithéid a dhéanamh. Ach bhí an t-éileamh ann i measc phobal na mBascach agus ní raibh na húdaráis Spáinneacha in ann na scoileanna a chur faoi chois. Chun a náire a sheachaint, bheartaigh na húdaráis stádas dleathúil mar scoileanna eaglaise a thabhairt do na ikastolas

Tugadh cead oifigiúil don scoil Orixe Ikastola sa bhliain 1970 in Donostia. Cé nach bhfaigheann siad maoiniú stáit, aithnítear na ikastolas mar chuid den chóras scolaíochta poiblí i dTír na mBascach (an chuid atá i stát na Spáinne) sa lá atá inniu ann.

Tá a múnla féin oideachais, ar a nglaoitear an “oideolaíocht fhorásach”, ag na ikastolas, atá dírithe ar an gcuraclam Bascaise agus béim láidir ann ar an ilteangachas chomh maith. Tá 114 ikastola ann faoi láthair, ina bhfuil 4,500 múinteoir ag múineadh, 500 oibrí, agus breis agus 50,000 páiste ag foghlaim. Tá ionchur ag tuismitheoirí na bpáistí sa ghluaiseacht agus an formhór mór acu mar chuid de chomharchumann a reáchtálann na scoileanna.

Chuaigh Elbira Zipitria ar scor ó scoil Orixe in 1971 agus í 75 bliain. Bhí sí in ísle bhí in amanna i gcaitheamh a saoil de bharr na géarleanúna a deineadh uirthi de bharr gur gníomhaire agus múinteoir Bascaise a bhí inti. Mar sin féin, leag sí dúshraith shuntasach don teanga a bhí mar bhunchloch don athbheochan sa tír. Fuair sí bás in Donostia in 1982.

An Dr. Kathleen Lynn (1874-1955)

Chuaigh an Dr. Kathleen Lynn ar shlí na fírinne an tráth seo bliana sa bhliain 1955. Ba dhochtúir leighis agus gníomhaí polaitiúil í Lynn, a rugadh ar an 28 Eanáir 1874 i Mullach Faraidh, gar do Chill Ala i gCo. Mhaigh Eo. Ba í Kathleen an dara hiníon a rugadh. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aici agus ba é Robert Lynn, ministir de chuid Eaglais na hÉireann, agus Catherine Lynn a tuismitheoirí.

D’ainneoin go raibh sí gaolta leis an uasaicme agus gur fhás sí aníos go compordach, chaith sí a gairm ag plé leo siúd a bhí ar an ngannchuid. Is cosúil go raibh tionchar ag an mbochtaineacht agus gníomhaíocht talún a bhí le sonrú i gCo. Mhaigh Eo agus í ina páiste uirthi, óir theastaigh uaithi teacht ar réiteach polaitiúil agus pragmatach ar an gcruatan.

Fuair sí a hoideachas i Manchain agus Düsseldorf, agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar Choláiste Alexandra i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim ó Shráid Cecilia, scoil leighis na hOllscoile Caitlicí, in 1899 agus, i ndiaidh di tabhairt faoi obair iarchéime i Stáit Aontaithe Meiriceá, rinneadh comhalta de Choláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn í in 1909. Diúltaíodh post in Ospidéal Adelaide di de bharr a hinscne, ach d’éirigh léi taithí a fháil in Ospidéal Patrick Dun agus in Ospidéal an Rotunda.

Ba chúntóir cliniciúil í idir na blianta 1910 agus 1916 in Ospidéal Ríoga Victoria don Chluas agus Súil. Ba an chéad dochtúir baineann cónaithe í san ospidéal sin, ach níor tugadh cead di filleadh i ndiaidh Éirí Amach 1916. Bhí cleachtadh príobháideach aici ina teach cónaithe ag 9 Bóthar Belgrave, Ráth Maoinis, idir 1903 agus 1955.

Ba shufraigéid agus náisiúnaí í, agus tháinig sí faoi anáil Helena Molony, Constance Markievicz, agus Shéamuis Uí Chonghaile. D’oibrigh sí i dtithe anraith le linn Fhrithdhúnadh 1913, tráth a raibh sí go dlúth i measc bhochtáin Bhaile Átha Cliath.

Ghlac sí ballraíocht le hArm Cathartha na hÉireann (ACÉ) agus mhúin sí garchabhair do Chumann na mBan. Agus í ina príomhoifigeach leighis do ACÉ le linn Éirí Amach 1916, thug sí cúram dóibh siúd a bhí gortaithe ó Halla na Cathrach. Cuireadh i ngéibheann í le Helena Molony agus Madeline ffrench-Mullen i ndiaidh an Éirí Amach.

Ba shóisialaí díograiseach í chomh maith. Bhí sí mar leasuachtarán oinigh ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann in 1917 agus cháin sí droch-choinníollacha oibre na mban.

Le linn do Shinn Féin a bheith ag forbairt go polaitiúil in 1917 rinneadh leasuachtarán de choiste gnó an pháirtí í, agus sa tréimhse chéanna b’ionad lárnach teach Lynnn do mhná Shinn Féin agus Cumann na dTeachtairí, eagraíocht fheimineach poblachtach a rinneadh feachtasaíocht ar son tuilleadh ionadaíochta do mhná laistigh de Shinn Féin agus saol poiblí na hÉireann trí chéile.

Cuimhnítear ar Lynn chomh maith as Ospidéal Naomh Ultan do Pháistí a bhunú in 1919 in éineacht le ffrench-Mullen. Ba  é an aidhm a bhí ag an ospidéal áiseanna a chur ar fáil do leanaí bochta agus a máithreacha. Cé go raibh sí gníomhach i ndeisceart Thiobraid Árann le linn Chogadh na nDúchrónach chuaigh a seasamh náisiúnta i léig i ndiaidh 1923.

An bhliain sin toghadh í mar Theachta Dála do Shinn Féin ar an taobh frith-Chonartha, ach níor ghlac sí a suíochán de bharr pholasaí an neamhfhreastail. Níor éirigh léi a bheith tofa arís in 1927 ach bhí sí gníomhach ar chomhairle uirbeach Ráth Maoinis idir 1920 agus 1930, áit ar labhair sí ar son thithíocht mhaith agus an ghalarchoisc. 

Ag Ospidéal Naomh Ultán, spreag Lynn an taighde náisiúnta chun fáil réidh leis an eitinn. Sa bhliain 1937, chuir an t-ospidéal an t-ionaclú i bhfeidhm a chur stop leis an ngalar.

Bhí spéis aici i gcónaí i gcúrsaí péidiatraice agus thug sí cuairt in éineacht le ffrench-Mullen ar Mheiriceá in 1925 chun airgead a bhailiú agus staidéar a dhéanamh ar chúrsaí péidiatraic. Spreag cuairt an Dr Maria Montessori ar Ospidéal Naomh Ultan in 1934, Lynn le tuilleadh spéise a chur san oideachas óige.

Chuir sí an ghlaineacht agus an t-aer úir chun cinn i gcaitheamh a saoil. Bhí sí bainteach le An Óige, agus thiomnaigh sí a theach i nGleann Molúra don eagraíocht. Is féidir fanacht ann go fóill sa lá atá inniu ann. 

Tugadh sochraid iomlán mhíleata di nuair a bhásaigh sí i dteach altranais Naomh Muire i mBaile Átha Cliath in 1955.

Tá cuimhne uirthi i ngeall ar a gníomhaíochas polaitiúil agus sóisialta; bhí sí mar chuid de ghlúin réabhlóideach de mhná polaitiúla a tháinig chun cinn sna 1910í ach a chaith an chuid eile dá saoil i luathbhlianta an tSaorstáit, nuair a caitheadh fís na mban i dtraipisí, ag plé leis an bhfeimineachas trí chúrsaí máthartha.

Tá feachtas ar an bhfód le roinnt blianta Ospidéal Náisiúnta na bPáistí nua i mBaile Átha Cliath a ainmniú aisti.

An t-athbhreithniúchas i leith Dhónaill Uí Chonaill

Rinneadh comóradh ar an bhFuascailteoir, Dónall Ó Conaill, le déanaí ag a theach breá i nDoire Fhíonáin i gContae Chiarraí. Tá 250 bliain imithe ó rugadh Ó Conaill. Bhí caint ar shráid in Oileán Chiarraí agus Aerfort an Fhearainn Fhuair a athainmniú as. Tá súil agam nár éirigh leis na hiarrachtaí sin. Nach leor é go bhfuil príomhshráid na tíre ainmnithe in ómós dó? 

Dár ndóigh, thapaigh an t-aos polaitiúil, Fianna Fáil go háirithe, an deis dul i mbun plámáis faoin abhcóide mór le rá mar chuid den straitéis athbhreithnitheach staire fhrithphoblachtánach acu.

Nochtadh an amaidí seo in 2016 nuair a chroch an comhrialtas meirge ar Chearnóg an Choláiste le linn comóradh ar phoblachtánaigh a léirigh náisiúnaigh bhunreachtúla ar nós Uí Chonaill agus Sheáin Mhic Réamainn, a rinne tréaniarracht poblachtánaigh a threascairt.

Páirtí le tréithe an phoblachtánachais a bhí i bhFianna Fáil tráth dá raibh. Tá an idé-eolaíocht sin caite i dtraipisí acu le fada, dár ndóigh.

Ach is tairne eile sa chónra é an plámás a rinne an Taoiseach Micheál Martin ar Ó Conaill ag an gcomóradh air le déanaí. Tadhg an dá thaobhachas atá ar bun ag Martin. Labhraíonn sé ag uaigh Tone lá amháin, agus ag ócáid comórtha d’Ó Conaill lá eile. 

Sheas Ó Conaill glan i gcoinne phrionsabail Tone. Ba fhrithphoblachtánach é. Níor sheas sé ar son cairdss idir “Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí” mar a sheas Tone.

Bhí Ó Conaill ina bhall de mhílíste i mBaile Átha Cliath, Cór Airtléire na nDlíodóirí, a raibh sé mar aidhm acu Tone agus Emmet agus a gcomrádaithe sna hÉireannaigh Aontaithe a chuir faoi chois in 1798 agus 1803 faoi seach. 

Le linn réabhlóid Emmet in 1803 ghlac Ó Conaill páirt i gcuardaigh chun iarracht na nÉireannach Aontaithe a chur go tóin poill. Blianta ina dhiaidh sin, in 1842, d’fhógair sé os comhair aíonna ina theach breá ar Chearnóg Mhuirfean go raibh “an crochadh tuillte ag Emmet”.

Mhaígh Micheál Martin agus é ag labhairt gur “sheas Ó Conaill ar son na hionchuimsitheachta agus an chomhionannais”.

Cé gur fíor seo i gcomhthéacs a ráitis i leith chóras na sclábhaíochta, agus a chairdeas leis an “Ó Conaill Dubh”, Frederick Douglass, ba mhór an dochar a rinne sé d’idéal an chomhionannais idir Protastúnaigh agus Caitlicigh na nÉireannach Aontaithe i gcaitheamh a shaoil. 

Nuair a bhí caint ar na scoileanna náisiúnta a bhunú sna 1820í, ba ar mhúnla neamhsheicteach a moladh iad ar dtús. Ba ghearr go raibh Ó Conaill agus na heaspaig Chaitliceacha, ar theastaigh uathu smacht Caitliceach a chur i bhfeidhm sna scoileanna, glan in aghaidh na scoileanna. Thuigfeá dóibh, ar bhealach, mar bhí iarrachtaí ar bun le fada ag misinéirí Protastúnacha an cosmhuintir Chaitliceach a iompú. 

Ach, bhí fuath níos doimhne ag Ó Conaill ar choincheap an neamhsheicteachais, mar a léirigh a fhreasúra i leith na gcoláistí ríoga neamhsheicteacha, conspóid a thug an teannas idir na hÉireannaigh Óga agus Ó Conaill go cnámh na huillinne sna 1840í. De bharr nach raibh teagasc Caitliceach luaite leis na coláistí, ghlaoigh Ó Conaill “coláistí gan Dia” orthu. 

A mhalairt a bhí ar bun ag Davis. Agus é ag scríobh ar The Nation bhí iarracht á déanamh aige áit i sochaí na hÉireann a chruthú don mhionlach Protastúnach, agus leas á bhaint aige as an nGaeilge agus an náisiúnachas cultúrtha. Shamhlaigh Davis go bhféadfaí leas a bhaint as an oideachas, teanga agus cultúr chun pobal an dá dhreama eitnea-reiligiúnda sa tír a thabhairt le chéile.

Athbhreithniúchas lom atá ar bun ag Martin anseo, agus é ag déanamh tréaniarrachta náisiúnach Caitliceach seicteach ar nós Uí Chonaill a chur ar chomhchéim le poblachtánaigh ar nós Tone agus Davis a sheas ar son an bhráithreachais.

Tá neart eile a d’fhéadfaí a rá faoi Ó Conaill agus a sheasamh i leith na Gaeilge, ceardchumann, an lucht oibre, frithbheartaíocht radacach agus tuilleadh lena chois.

Ach mar a bhaineann sé leis an “gcomhionannas” a mhaíonn Martin faoi, is é malairt an scéil atá fíor. Cé gur chruthaigh an comhthéacs coilíneach an seicteachas in Éirinn, bhí ról lárnach ag Ó Conaill mar cheannaire na gCaitliceach i ndeighilt an dá phobail in Éirinn le linn an naoú haois déag.

Simón Bolívar, fuascailteoir Mheiriceá Theas

Rugadh Simón Bolívar 242 bliain ó shin ar an 24 Iúil 1783. Ba cheannaire míleata agus polaitiúil é Bolívar as Veiniséala agus bhí sé go mór chun cinn i streachailt Mheiriceá Laidinigh ar son saoirse ó réimeas coilíneach na Spáinne.

Tugadh an t-ainm El Libertador (an Fuascailteoir) air de bharr go raibh lámh lárnach aige i saoirse a bhaint amach do chuid mhór de thuaisceart Mheiriceá Theas, lena n-áirítear a thír dhúchais féin, Veiniséala, chomh maith leis an gColóim, Eacuadór, Peiriú agus an Bholaiv, a ainmníodh in ómós dó.

Rugadh do chlann shaibhir Criólach i Caracas é, ach cailleadh a bheirt tuismitheoirí agus é óg. Seoladh chun na hEorpa é agus é ina dhéagóir chun go gcuirfí oideachas air.

Agus é ann chuaigh smaointe Ré na hEagnaíochta agus corónú Napoléon go mór i bhfeidhm ar a fhealsúnacht pholaitiúil. Fad is a bhí sé sa Róimh in 1805 thug sé gealltanas a thír a shaoradh ó réimeas na Spáinne. 

Simón Bolívar
Grianghraf: Galería de Arte Nacional Caracas, Venezuela

D’fhill Bolívar ar Veiniséala in 1807 agus roimh i bhfad bhí sé bainteach le gluaiseacht na saoirse ann. In 1810, d’fhógair réabhlóidithe i gCaracas saoirse agus thosaigh Bolívar ag eagrú i dtreo feachtas míleata.

In ainneoin gur chaill sé roinnt mhaith cathanna agus go raibh air dul ar deoraíocht, chun na hIamáice agus Háítí go háirithe, d’fhan sé dílis don chúis i gcónaí. Tháinig cáil air de bharr a thiomantais don chúis.

Bhain Bolívar bua mór amach nuair a chuaigh sé thar na hAindéis agus fuair a airm an ceann is fearr ar fhórsaí na Spáinne in Granada Nua (an Cholóim sa lá atá inniu ann), rud a chabhraigh saoirse a bhaint amach do Veiniséala, an Cholóim agus Eacuadór.

Aontaíodh na críocha seo i stát amháin, Gran Colombia, agus Bolívar ina uachtarán air. Ba é an fhís a bhí ag Bolívar feidearálacht aontaithe de phoblachtaí uile Mheiriceá Laidinigh a bhunú, ar mhúnlú cosúil leis na Stáit Aontaithe, ach ba dheacair an sprioc sin a bhaint amach de bharr scoilteanna inmheánacha agus iomaíocht eatarthu.

Bhí ról lárnach ag Bolívar i saoradh an Pheiriú ón Spáinn, áit ar throid a fhórsaí taobh le ceannaire eile mór le rá ar son na saoirse, José de San Martín. In 1825 chabhraigh Bolívar bunreacht na Bolaive a scríobh.

In ainneoin a éachtaí míleata, níor éirigh le Bolívar na poblachtaí nua a aontú go polaitiúil. Cáineadh é as a stíl cheannasaíochta thiarnúil. Chreid sé féin go raibh gá le bheith dian chun ord a choinneáil agus bhí sé i gceannas ar Pheiriú agus Gran Colombia mar dheachtóir ar feadh seala.

In 1828, tháinig sé slán ó iarracht feallmharaithe i mBogotá, ach níorbh fhada go bhfaigheadh sé bóthar agus a chumhacht ag dul i léig. In alt leis a scríobhadh in 1858 dár teideal Bolívar y Ponte rinne Karl Marx léamh criticiúil ar Bholívar.

Cé go raibh bá aige do ghluaiseachtaí saoirse Bolívar, cháin sé an fear é féin mar léiriú ar an mBonapartachas, a bhí frithdhaonlathach agus a thaobhaigh le leas na héilítigh.

Agus é ag fulaingt ón eitinn agus lagmhisneach tagtha air de bharr cúrsaí polaitiúla, d’éirigh sé as an uachtaránacht in 1830.

Bhí sé i gceist aige filleadh ar an Eoraip ar deoraíocht, ach bhásaigh sé ar an 17 Nollaig 1830 in Santa Marta sa Cholóim agus é 47 bliain d’aois, é tréigthe nach mór ag na poblachtaí a raibh lámh lárnach aige ina saoirse a bhaint amach.

Cuimhnítear ar Simón Bolívar mar laoch náisiúnta i go leor stát i Meiriceá Theas.

Cé nár bhain sé amach a fhís d’aontacht Mheiriceá Laidinigh, tá tionchar ollmhór ag an smaoineamh sin ar thuairimí polaitiúla sna críocha sin go fóill, go háirithe i measc sóisialach agus lucht na heite clé a bhreathnaíonn ar an gcomhoibriú idir tíortha Mheiriceá Theas mar bhealach le dul in adharca le himpiriúlachas Mheiriceá ar an mór-roinn.

Murab ionann agus Marx, bhí dearcadh éagsúil ag Hugó Chávez, iar-Uachtarán sóisialach Veiniséala, ar Bolívar, nuair a dúirt sé gurb é a bhí ann ná

“ceannaire na réabhlóide sóisialta, ceannaire réabhlóid na ndaoine, agus ceannaire na réabhlóide stairiúla”.

“D’ordaigh sé iar-chomrádaithe a dhúnmharú.” Marú Chaoimhín Uí Uigín, an 10 Iúil 1927

Maidin an 10 Iúil 1927 lámhachadh Caoimhín Ó hUigín, an tAire Dlí, agus é ar a bhealach go ar Aifreann i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Ba ag baint díoltas amach ar son Ruairí Uí Conchúir, Liam Uí Maoilíosa, Risteáird Baróid agus Sheosaimh Mhic Giolla Bhuí, ceannarí na nÓglach in aghaidh an Chonartha, a cuireadh chun báis ar an 8 Nollaig 1922. 

Chinn rialtas an tSaorstáit na fir a chuir chun báis i ndiaidh d’Óglaigh frith-Chonartha beirt Teachtaí Dála a mharú an lá roimhe sin.

Cé go raibh drogall ar Ó hUigín na ceannairí a chuir chun báis ar dtús, thug sé cead an beart a dhéanamh de bharr gur chreid sé gur rud riachtanach a bhí ann chun an stát nuabhunaithe a chosaint. Dár ndóigh, táthar den tuairim gur ag déanamh obair na himpireachta a bhí sé i gcur faoi chois na coda ba radacaí de ghluaiseacht na Poblachta.

Ba chairde móraiad Ruairí Ó Conchúir agus Ó hUigín. Sheas Ó Conchúir le Ó hUigín ag a phósadh an bhliain roimhe sin. Agus é ag tabhairt óráid don Dáil ar an lá a cuireadh na fir chun báis, chosain Ó hUigín beart an rialtais.

Mhaígh sé “gur deineadh é go fuarchúiseach agus d’aon ghnó”, nach raibh aon mhailís phearsanta i gceist, agus gur beart é a deineadh chun bonn daonlathach an stáit úir a chinntiú. Bhí Ó hUigín trína chéile i ndiaidh dó “ba chara liom duine de na fir seo” a rá agus b’éigean dó éirí as.

Cúig bliana ina dhiaidh sin ionsaíodh Ó hUigín mar gheall ar a ról i gcur chun báis a iar-chomrádaithe in 1922. Agus é ag siúl ina aonar d’ionsaigh trí ghunnadóir é.

Ba é an Garda Sáirsint Mac Suibhne an duine a chuala focail dheireanacha Uí Uigín. “Bhí mé ag siúl ar an mBóthar Trasna. Bhí triúr fear ag fanacht ar an gcúinne dom. Scaoil siad orm. Lean duine acu mé agus lámhaigh sé mé”.

Mhair sé roinnt uaireanta an chloig eile ach d’éag sé ansin, i ndiaidh dó a iarraidh ar a bhean maithiúnas a thabhairt dóibh siúd a mharaigh é.

Níor ciontaíodh éinne as an marú riamh, ach léirigh comhaid rialtais a scaoileadh bliantaí ina dhiaidh sin go raibh amhras faoi roinnt daoine. Ceapadh go raibh lámh lárnach sa mharú ag daoine cosúil le Mícheál Prís, Seán Ruiséil, agus Earnán Ó Máille.

Gabhadh Seán Mac Giolla Bhríde as an eachtra chomh maith, ach bhí sé in ann a fhíorú go raibh sé thar lear ag am an mharaithe.

Bhí amhras faoi Éamon de Valera agus Proinsias Mac Aogáin, a bheadh i gceannas  ar Fhianna Fáil ar ball, gur ghlac siad páirt sa mharú.

Thug Ó hUigín rabhadh faoi de Valera agus é i mbéal an bháis, “Abair le mo chomrádaithe a bheith ar a bhfaichill faoi (de Valera) sa saol poiblí … cuirfidh sé i gcéill chun leas a bhaint as laige na ndaoine”

Ní go dtí 1985, nuair a labhair iarcheannaire na nÓglach, Anraí de Faoite, leis an Irish Press, gur nochtadh ainmneacha na ndaoine a mharaigh Ó hUigín: Liam Mac Fhionnáin, Giolla Easpaig Ó Dúghaill agus Tadhg Mac Cochláin. Dúirt de Faoite gur admhaigh Mac Fhionnáin gur mharaigh an triúr Ó hUigín mar dhíoltas as a ról i mbearta 1922.

“Agus é mar aire dlí, d’ordaigh sé iar-chomrádaithe a dhúnmharú”, a dúirt de Faoite, “b’in an fáth gur maraíodh é”.

Maireann muid go fóill in Éirinn le cinneadh Uí Uigín agus Uí Choileáin frith-réabhlóid a chur ar bun agus a gcomrádaithe a chuir chun báis – an Ghaeilge sna Gaeltachtaí ag creimeadh, an tír fós roinnte ina dhá chuid, agus smacht ag lucht an rachmais, thuaidh agus theas, ar pholasaithe sóisialta agus eacnamaíochta.

Clara Zetkin, réabhlóidí, feimineach, Marxach

Rugadh Clara Zetkin ar an 5 Iúil 1857 in Wiederau sa Ghearmáin. Cuimhnítear go minic ar Zetkin mar bhunaitheoir Lá Idirnáisiúnta na mBan, ach tá oidhreacht i bhfad níos leithne ná sin aici. Ba Mharxach díograiseach í agus an aidhm aici gach oibrí a shaoradh ón gcaipitleachas.

D’fhág a gníomhaíocht, teoiric agus obair pholaitiúil tionchar buan agus tá cearnóga, sráideanna agus leachtanna ar fud na Gearmáine a dhéanann comóradh ar a cuid éachtaí.

Bhí tionchar ag Zetkin go hidirnáisiúnta. In 1889, bhí sí ar choiste eagraithe an Dara Idirnáisiúnta. In 1907, bhunaigh sí an chéad rannóg do mhná sa Dara hIdirnáisiúnta agus ghlac sí ról mar Ard-Rúnaí air.

Bhí lámh lárnach aici an bhliain chéanna i gcéad Chomhdháil Idirnáisiúnta na mBan Sóisialach a reáchtáladh in Stuttgart. Mhol sí go gcuirfí Lá Idirnáisiúnta na mBan ar bun ag comhdháil i gCóbanhávan. Ar an 11 Márta an bhliain dár gcionn, 1911, ghlac os cionn milliún duine páirt i léirsithe ar son na mban ar fud na hEorpa.

Clara Zetkin Zyklus i 1960

Bhí Zetkin lárnach sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach (SPD), ach ghlac sí ballraíocht sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach Neamhspleách (USPD), de bharr gur thacaigh an SPD leis an gCéad Chogadh Domhanda.

Bhí sóisialaithe ar fud na hEorpa i gcoinne an chogaidh, dár ndóigh, óir is éard a bhí ann ná lucht oibre na dtíortha éagsúla ag déanamh slad ar a chéile ar mhaithe le lucht an rachmais, rud a tháinig go hiomlán salach ar an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta.

Bhí scil ar leith ag Zetkin mar eagraí agus ról aici in eagrú freasúra don chogadh. D’eagraigh sí comhdháil frithchogaidh ban i mBeirn na hEilvéise in 1915 agus gabhadh í roinnt uaireanta de bharr a gníomhaíochta.

Sa bhliain 1919 bhí Zetkin ina comhbhunaitheoir le Páirtí Cumannach na Gearmáine (KPD) agus bhí sí mar ionadaí de chuid an pháirtí sa Reichstag go dtí gur chlis ar Phoblacht Weimar.

Idir 1921-33, shuigh sí ar choiste feidhmeannach an Tríú Idirnáisiúnta agus d’fhreastail sí ar bhonn rialta ar chomhdhálacha an Dara hIdirnáisiúnta, áit a raibh sí ina haistritheoir go minic.

B’eagraí agus scríbhneoir cumasach Zetkin chomh maith, agus d’imir sí ról lárnach i múnlú na teoirice sóisialaí feiminí. B’údar inspioráide do Zetkin scríbhneoireacht Frederick Engels agus  August Bebel, a scríobh Women and Socialism.

D’fhorbair Zetkin a chuid smaointe féin ar an ábhar agus í ag tarraingt ar thobar na scríbhneoirí a chuaigh roimpi, an tátal aici nach bhféadfaí an sóisialachas a chur ar bun gan rannpháirtíocht ó mhná an lucht oibre.

Ag Comhdháil Gotha de chuid an SPD in1896 d’fhógair sí:

‘Is i gcomhpháirt le mná prólatáireacha amháin a bhainfear amach an sóisialachas’.

Chreid sí go raibh dúshaothrú á dhéanamh ar fhir agus mná araon, agus, dá bharr sin, gurb éigean dóibh seasamh gualainn ar ghualainn sa streachailt.

Leag sí béim ar ról na mban mar mháithreacha i sochaí sóisialach, shamhlaigh sí gur oideachasóirí agus páirtithe a mbeadh iontu, ach rinneadh cáineadh uirthi dá bharr.

Mar sin féin, b’abhcóide láidir í ar son an oideachais do mhná agus chuir sí peann le pár in 1899 chun The Student and the Woman a scríobh. Paimfléid ab ea é inar áitigh Zetkin go gcuirfeadh rochtain ar an oideachas do mhná leis an deis a mbeadh acu iad féin a shaoradh agus a róil mar mháithreacha agus saoránaigh a neartú.

Rinne Zetkin idirdhealú idir an sóisialachas feimineach agus gluaiseachtaí na mban rachmasach. Bhí bá áirithe aici le mná den mheánaicme a bhí ag streachailt ar son a gceart, ach dhiúltaigh sí don fheimineachas liobrálach mar nach ndeachaigh sé in adharca leis an gcaipitleachas.

Chreid sí nach raibh gluaiseacht na sufraigéidí, a bhí dírithe ar leasaithe dleathúil, radacach go leor; do Zetkin ba ghá struchtúir na haicme a bhaint anuas chun saoirse iomlán do mhná a chinntiú.

Cé go ndearna sí anailís ghéar ar chúrsaí trína shaol, measann roinnt nach raibh sí géar go leor ar an Stailíneachas agus í ag dul in aois.

Cosúil le go leor réabhlóidithe ag an am bhain sí dóchas ón Aontas Sóivéadach, cé go raibh fadhbanna inmheánacha ann nár bhain go díreach le hiarrachtaí an Iarthair an bonn a bhaint de.

Ba de chúlra meánaicmeach í Zetkin í féin. B’iníon múinteora í, agus bhí sí i mbun traenála chun a bheith ina máistreás sular ghlac sí ballraíocht le Páirtí Sóisialach na nOibrithe in 1878, agus scar sí óna gclann dá bharr.

Cuireadh dlíthe frithshóisialacha i bhfeidhm agus b’éigean di teitheadh chuig Zurich agus ansin chuig Páras na Fraince, áit ar bhuail sí lena páirtí, Ossip Zetkin. I ndiaidh a báis, thóg sí a dhá pháiste in Stuttgart. Phós sí Georg Zundel, a bhí 18 mbliana níos óige ná ní, ach scar siad in 1927.

Chothaigh sí nasc láidir intleachtúil le Leinín in 1907 agus léiríonn an comhfhreagras eatarthu go raibh meas acu ar a chéile. B’éigean di an Ghearmáin a fhágáil in 1933 nuair a tháinig na Naitsithe i réim in 1933. Básaíodh sa Rúis í in aois a 75.

Ba réabhlóidí fuinniúil agus dochloíte í Zetkin a dhiúltaigh do chur chuige na leasuithe agus a throid gan staonadh i gcoinne an fhaisisteachais agus an chaipitleachais. Tá tionchar mór ag a hanailís ar shaoirse na mban tríd an sóisialachas go dtí an lá atá inniu ann.

Cath Bhaile Eilís, Co. Loch Garman, an 30 Meitheamh 1798

I ndiaidh chliseadh na reibiliúnach ag Ros Mhic Thriúin agus Cnoc Fhiodh na gCaor bhí deireadh le Poblacht Loch Garman na nÉireannach Aontaithe a bunaíodh i mBealtaine 1798 agus a mhair trí seachtaine. Thiocfadh athrú ar an gcineál cogaíochta ina dhiaidh sin.

Ní bheadh an bhéim chéanna ar chathanna móra. Chreid ceannairí i dtuaisceart an chontae go bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an treallchogaíocht agus máirseáil isteach i gcontaetha eile chun iad a athneartú agus a spreagadh i dtreo éirí amach in athuair. Bhí trí cholún mhóra reibiliúnach ag feidhmiú sa cheantar le linn na tréimhse seo. 

Chuaigh ceann de na colúin seo, ina raibh thart ar 1,000 fear, agus roinnt ban agus páistí, i dtreo Charn an Bhua i gCo. Chill Mhantáin. Bhí fórsaí na Breataine sa tóir ar an gcolún agus b’éigean do na ceannairí, an Ginearál Joseph Holt, agus Denis Taaffe, an treo ina raibh siad ag dul a athrú de shíor chun an dallamullóg a chuir ar fhórsaí na corónach.

Ar an mbealach chuig sléibhte Chill Mhantáin, áit a chreid Holt a bheadh níos sábháilte, d’ionsaigh agus mharaigh marcshlua de chuid fgórsaí na corónach buíon sealgaireachta na reibiliúnach. 

Thuig na húdaráis Bhriotanacha go raibh baint ag an mbuíon sealgaireachta leis an mórcholún. Réitíodh 200 trúpa, ina measc dragúin, trí bhuíon de na gíománaigh, agus marcshlua na mBriotanach Ársa, marcshlua as an mBreatain Bheag a raibh dhrochcháil orthu le linn an éirí amach as a mbrúidiúlacht. Bhailigh na trúpaí thart ar Mhóin na Saighead le dul sa tóir ar na reibiliúnaigh.

Ach fuair na reibiliúnaigh radharc ar fhórsaí na Breataine. Bhog fórsa de na reibiliúnaigh chun cinn go baile fearainn Bhaile Eilís chun luíochán a réiteach. Roghnaíodh láthair ar an mbóthar a bhí díreach i ndiaidh casadh sa bhealach, agus a raibh díoga agus ballaí eastáit arda ar an dá thaobh de. Cuireadh vaigíní mar bhac ar an mbóthar agus gearradh pointí iontrála sna díoga.

Sheas formhór na reibiliúnach taobh thiar de na vaigíní agus in aice na mballaí agus na ndíog. Sheas buíon i bhfad níos lú acu os comhair na mbaracáidí chun fórsaí na corónach a mhealladh isteach sa luíochán.

Nuair a chonaic fórsaí na corónach an dream beag reibiliúnach os a gcomhar, thug siad ruathar fúthu agus iad den tuairim nach raibh ann ach cúlgharda an mórcholúin. Ach nuair a tháinig siad chomh fada leis an gcasadh sa bhealach scaoileadh baráiste urchar orthu agus ní raibh siad in ann éalú agus na reibiliúnaigh ar gach taobh.

De réir mar a tháinig tuilleadh den mharcshlua brúdh iad siúd a bhí chun tosaigh i dtreo na reibiliúnach agus ní raibh siad in ann éalú, rud a rinne éasca d’fhir na bpící iad a mharú.

Theith roinnt de na Briotanaigh agus gíománaigh thar na díoga, ach lean na reibiliúnaigh iad agus mharaigh siad iad sna páirceanna máguaird. San iomlán, maraíodh thart ar 60 de na Briotanaigh, dhá oifigeach ina measc, gan aon bhás ar thaobh na reibiliúnach. 

Baineadh geit as na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a ghlac leis go raibh deireadh iomlán leis na reibiliúnaigh i ndiaidh Chnoc Fhiodh na gCaor, nuair a chuala siad faoin mbua i mBaile Eilís. Rinne siad beag is fiú de thuairiscí faoin mbua agus cuireadh líon na dtrúpaí a cailleadh faoi cheilt.

D’aithin na húdaráis go mbeadh Cill Mhantáin ina láthair lárnach nua den éirí amach agus bogadh trúpaí ann agus iad ag súil go mbeadh feachtas úr le troid ann.

Lean roinnt de na colúin ar aghaidh ag máirseáil trí Chúige Laighean, ach cliseadh orthu i gCo. na Mí agus i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, i mBaile Bachaille ar an 14 Iúil, Lá Bastille.

Ag breathnú siar ar an méid a thit amach agus é ag scríobh a chuimhní cinn de 1798 sna 1850í, chuir sé as do Miles Byrne, ceannaire óg de chuid na reibiliúnach a throid sna Cogaí Napoléonacha ar ball, nach ndeachaigh na reibiliúnaigh i muinín na treallchogaíochta níos luaithe.

Dár leis an staraí Daniel Gahan, ‘ar deireadh seans gurb é sin an chúis gur chlis orthu’. Léirigh Cath Bhaile Eilís, agus gníomhaíochtaí Mícheál Uí Dhuibhir i sléibhte Chill Mhantáin in 1798 agus i dtú 1799, go bhféadfadh rath éigin a bheith ar an treallchogaíocht. Faraor, ní go dtí aimsir Chogadh na Saoirse (1919-21) a cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach í arís.