Category Archive : NUACHT

Cuirtear ar ceal comóradh na nDúchrónach agus an RIC go hiomlán

Bhí cúpla seachtain chrua ag an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Cirt Charlie Flanagan bocht. Ó d’fhógair siad go ndéanfar comóradh ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, Póilíní Chathair Átha Cliath, agus na Dúchrónaigh, d’iompaigh sciar maith de phobal na hÉireann ina gcoinne.

Labhair maoir chathrach, comhairleoirí chontae, páirtithe polaitiúla, ceardchumainn agus an ghnáthdhuine amach mar gheall ar an maslú seo. Tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil olltoghchán ar na bacáin agus go mbeidh an fhrithfhreagairt fheargach seo ón bpobal ar an gceist seo mar chuid lárnach de sin.

Bhí an t-athbhreithniúchas i ndiaidh dul rófhada. Is féidir bunús an scéal seo maidir leis an athbhreithniúchas in Éirinn le blianta beaga anuas a fheiceáil i gcuairt Bhanríon Shasana sa mbliain 2011. Nó, go deimhin, d’fhéadfaimis dul siar chomh fada leis an gcluiche rugbaí idir Éire agus Sasana i bPáirc an Chrócaigh sa mbliain 2007.

Sa dá chás, rinneadh iarracht normalú a dhéanamh ar an ngaol idir Éire agus Sasana. Is é sin le rá, go ndéanfar dearmad ar an eilifint sa seomra. Ligfí i ndearmad go raibh forghabháil fós á déanamh ag Sasana ar na Sé Chontae ó thuaidh.

Mar chuid den dioscúrsa seo, agus mar aon le seifteanna na n-athbhreithniúchóirí frith-phoblachtacha ag dul i bhfad siar, tosaíodh ar lúbadh níos déine a dhéanamh ar stair na hÉireann san fhichiú haois.

Cuireadh an polasaí seo i bhfeidhm ach go háirithe le linn de “deich mbliana na gcuimhneachán”, tréimhse a thosaigh i 2013 agus a mhairfidh go dtí 2023. Dúradh ar dtús gur chóir ómós a léiriú do na hÉireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda.

Ina dhiaidh sin, rinneadh comóradh ar saighdiúirí na himpireachta céanna a chur Éirí Amach 1916 faoi chois. Dúradh go rabhamar “aibí” as seo a dhéanamh. D’éirigh le rialtas Fhine Gael ag an am an scéal a cheilt rud beag i measc chomóradh mhóir an stáit ar na hÓglaigh agus na comóradh éagsúla pobail a bhí ar bun.

Céard a d’athraigh an babhta seo agus iarracht á dhéanamh acu an RIC agus na Dúchrónaigh a chomóradh? Cúpla rud, ar a laghad.

Ar an gcéad dul síos, bhí dlisteanacht de shaghas éigin ag rialtas na Léinte Gorma i 2016. Toghadh iad arís i ndiaidh cúig bliana dóibh a bheith ag cur an mhilleáin ar Fhianna Fáil agus an ghéarchéim eacnamaíochta as na polasaithe nualiobrálacha uilig a bhí á gcur i bhfeidhm acu. Chomh maith leis sin, díríodh go leor feirge an tráth sin ar na fealltóirí i bPáirtí an Lucht Oibre.

Anois tá Fine Gael i rialtas mionlach ina n-aonar. Tá beagnach ceithre bliana caite acu, i lár “borradh eacnamaíochta”, le polasaithe a chur i bhfeidhm a leigheasfadh géirchéimeanna na gcóras tithíochta agus sláinte.

Is níos measa atá cúrsaí éirithe agus, lena chois sin, tagann scannal i ndiaidh scannail chun solais maidir le caimiléireacht árachais nó caiteachais i measc an pháirtí. Tá sciar maith den phobal dubh dóite d’Fhine Gael agus sotal a gceannairí.

Mar sin féin, tá cúrsaí stairiúla, cuimhne agus béaloidis ag baint le freasúracht an phobail i leith na Dúchrónaigh chomh maith. Tá cuimhne ag daoine i gceantair éagsúla ar na coireanna cogaidh a rinne na Dúchrónaigh le linn chogadh 1919-21. Bíodh sin ar a gcuid muintir féin nó ar bhailte, amhail Baile Brigín, agus cathracha ar nós Corcaigh, a dódh chun talaimh.

Tuigtear don phobal gur fórsa sceimhlitheoireachta a bhí sna Dúchrónaigh agus gur chuid den RIC a bhí iontu. Anuas ar sin, tuigtear gur ghlac an RIC féin páirt i gcuid mhaith den sceimhlitheoireacht chéanna, ainneoin iarrachtaí Flanagan an dallamullóg a chuir orainn trí ghnáth-fhórsa póilíneachta a ghlaoch orthu.

De bharr na cumhachta a bhfuil ag an bhfocal “Tan”, ligeadh i ndearmad, rud beag, na coireanna ina raibh an RIC páirteach le linn an naoú haois déag. Chuireadar Cogadh na nDeachúna faoi chois sna 1830í agus rinneadar díbirt ar tionóntaí as a gcuid tailte le linn an Drochshaoil sna 1840í.

Sna 1880í scaoil an fórsa a ngunnaí ar léirsitheoirí le linn Chogadh na Talún. Maidir le Póilíní Chathair Átha Cliath, is iadsan a bhris léirsiú na n-oibrithe ar Dhomhnach na Fola le linn Fhrithdhúnadh 1913, inar maraíodh beirt, agus inar gortaíodh na céadta.

Ainneoin iarrachtaí na bunaíochta an t-ábhar seo a dhéanamh “casta” agus “coimpléascach”, tá droim láimhe tugtha ag muintir na hÉireann don athbhreithniúchas gan srian ar dheireadh thiar thall. Agus is maith an rud é sin.

Is gá an comóradh seo a chur ar ceal go hiomlán anois.

Loscadh na hAstráile: Ról an Choilíneachais

Gné nádúrtha d’éiceachóras na hAstráile is ea an fhalscaí. Tá plandaí ann, mar shampla, nach bpéacann ach i dteas tine. Cén fáth, mar sin, a bhfuil falscaithe na bliana seo ina loscadh gan fasach?

De réir cosúlachtaí, meascán de chúinsí is cúis leis, ach ní féidir neamhaird a dhéanamh de ról an athraithe aeráide ar an ghéarchéim. 

Tá an Astráil buailte ag triomach den tríú bliain as a chéile, rud nár tharla riamh ó tosaíodh ar chuntas a choinneáil. Ina theannta sin, tá meánteocht na hAstráile ardaithe níos mó ná 1°C ó 1910.

D’ainneoin seo, deir Príomh-Aire Scott Morrison nach bhfuil sé sásta spleáchas na hAstráile ar mhianadóireacht guail a laghdú, ag maíomh go gcaillfí na míllte postanna dá ndéanfaí sin. Ar ndóigh, tá an Astráil ar cheann de na táirgeoirí guail is mó ar domhain. 

Cháin an OECD polasaithe timpeallachta na hAstráile in Eanáir 2019 toisc nach raibh an tír ag comhlíonadh a ndualgas faoi Chomhaontú Pháras.

Ní raibh aon éifeacht aige seo ar Morrison áfach. Agus é ag labhairt os comhair ionadaithe de chuid an tionscnaimh mianadóireachta i Mí na Samhna 2019, gheall Morrison go dtabharfadh sé reachtaíocht nua isteach a chuirfeadh cosc ar fheachtais bhaghcatála i gcoinne na mianadóireachta.

Is léir gur tábhachtaí an brabús ná an todhchaí do Morrison agus a léithéid. Seanscéal agus meirg air is ea é seo san Astráil, tír atá creachta gan taise ag an choilíneachas ó hionradh na nEorpach i 1788.

Níl aon ionadh ann mar sin go bhfuil baint dhíreach ag an choilíneachas leis na falscaithe. Leis na mílte bliain roimh an ionradh rinne bundúchasaigh na hAstráile na falscaithe a bhainistiú trí mhiontinte a lasadh agus iad ag siúl na tíre. 

Nós bunaithe ar shaineolas a ndúichí ab ea é a chur coisc ar fhalscaithe móra doshrianta.

Chuir díbirt na mbundúchasach stop leis an bhainistiú seo, rud a d’athraigh timpeallacht na tíre ar shlí bhunúsach. Léiríonn foinsí stairiúla gur meascán d’fhéarach agus díthreabh a bhí ann in 1788 san áit a bhfuil na mórchoillte eocalaipe atá trí thine inniú. 

Gan a sheanchaomhnóirí traidisiúnta, tá garraí na hAstráile tiontaithe go fiántas agus tá a thoradh sin á fheiceáil anois againn.

Tá iarrachtaí á ndéanamh le fada sean-nósanna bainistithe tine a chur in úsáid arís san Astráil. Déanann eagraíochtaí bundúchasacha ar nós an Firesticks Alliance agus Maoir Uunguu (dúiche bheo) iarrachtaí na nósanna seo a chuir i bhfeidhm agus tá ag éirí leo in áiteanna. 

Tá timthriall na mórfhalscaithe briste ag na Maoir Uunguu i ndiadh deich mbliana de bhainistiú traidisiúnta i graa (dúiche thraidisiúnta) mhuintir na Wunambal Gambera.

Léiríonn polasaithe Morrison go bhfuil meon santach an choilíneachais beo fós i measc aicme cheannais na hAstráile. Is léir go dteastaíonn athrú suntúsach i mbeartais thimpeallachta na tíre, mar aon le saineolas agus scileanna traidisiúnta na mbundúchasach.

Ní mór dúinn cuimhniú áfach go gcuireann tubaiste na bhfalscaithe seo go mór le tráma na mbundúchasach céanna. Díbríodh as a ndúichí iad agus anois caithfidh siad scriosadh na ndúichí céanna a choimheád.

Ó hionradh na nEorpach, táthar ag caitheadh leis an Astráil mar acmhainn ar féidir úsáid beag beann ar aon iarmhairt. 

Anois, 232 bliain níos moille, is léir go bhfuil athrú suntasach de dhíth, ní hamháin i mbeartas timpeallachta na tíre, ach i bhféintuiscint na ndaoine ann agus a ndearcadh ar an tír féin.

Cuirimís deireadh leis an bhFaisisteachas

Ar an Satharn beag seo (14/12/2019) i mBleá Cliath beidh léirsiú “ar son na síochána agus i gcoinne pholaitíocht na hainnise”, arna eagrú ag an dream Solidarity Alliance Against Racism and Fascism (SARF).

Is eagraíocht leathan í SARF a tháinig le chéile sa mbliain 2016 chun seasaimh in éadan lucht Pegida a bhí ag iarraidh eagrú sa tír. Is grúpa Ioslamafóibeach é Pegida a theastaíonn uathu go mbeidh forlámhas ag daoine geala.

Tacaíonn neart eagraíochtaí éagsúla le haidhmeanna SARF. Ina measc tá roinnt mhaith ceardchumann, grúpaí frith-chiníocha, grúpaí ar son an Lucht Siúil agus dreamannaí eile nach iad atá lonnaithe ar an eite chlé.

Tá an agóid seo le teacht le chéile lasmuigh de Theach Laighean ag a 1 i.n. chun teachtaireacht láidir a sheoladh do na faisistithe inár gcuid pobal. Tá leithéidí an ceardchumann Mandate, Comhdháil na gCeardchumainn, agus amhránaithe amhail Christy Moore tar éis tacaíocht a léiriú don agóid.

Faraor, tá gá práinneach ann bailiú le chéile mar gheall go bhfuil borradh ag teacht faoin eite dheis i stát na Sé Chontae Fichid. Baineann an dream seo mí-úsáid as coincheapa amhail “saoirse cainte” le cur i gcoinne reachtaíochta atá beartaithe ag an rialtas maidir leis an bhfuathchaint.

Tá tábhacht leis an tsaoirse cainte, gan dabht. Ach ní thugann an tsaoirse chéanna cead a dtoil do dhuine bheith ciníoch go poiblí ar ardáin ar nós na meáin sóisialta agus ceap milleáin a dhéanamh as mionlaigh.

Dar ndóigh, nuair a dhíríonn na hamadáin seo a gcuid gráin ar na mionlaigh agus nuair a chuireann siad an milleán orthu d’iliomad fadbhannaí an stáit chaipitligh, tá obair shalach na bunaíochta ar bun acu.

Ní hiad na mionlaigh is cúis leis an ngéarchéim tithíochta nó an léirscrios atá déanta ar an gcóras sláinte. Is iad lucht an rachmais is cúis leis. Dá bhrí sin, is namhaid an lucht oibre iad na faisistithe seo agus is mithid dúinn seasamh go láidir ina gcoinne.

Beidh Misneach ann ag a 1 i.n. amárach lasmuigh de Theach Laighean. Bígí linn agus cuirimís deireadh leis an bhfaisisteachas!

As Gníomh Tig Dóchas 

Tá go leor sa nuacht le déanaí a chráfadh do chroí. Ón coup sa Bholaiv go loscadh na hAmasóine sa Bhrasaíl. Ó mhórshiúilta faisisteacha sa Pholainn go coirloscadh sionagog i Meiriceá. Ó shlad i nGaza go slad sa Chordastáin. 

Ó champaí géibhinn sa tSín go campaí géibhinn sna Stáit. Tá an domhan ina chíor thuathail. Sin gan trácht ar neamhghníomhaíocht rialtais an domhain ar an ghéarchéim aeráide, rud a chuireann todhchaí an chine dhaonna féin i mbaol.

Tá ár seanfhadhbanna céanna ag Gaeil na hÉireann fosta – imeallú na teanga agus lucht a labhartha, rialtais atá fuar linn ar an lá is fearr ó dheas agus mioscaiseach féin linn ó thuaidh i dtólamh. 

Ar a mhullach sin tá an Ghaeltacht á bánú ag córas eacnamaíoch a mhairfidh fad agus a dhéanann sé brabús d’uasaicme na tíre. 

Is é an córas seo a d’fhág 10,264 duine, ag am a scríofa, gan teach ná dídean sa tír seo. Is é an córas céanna atá ag lúbadh ár seirbhísí slándála go pointe a mbriste.

Chan aon ionadh go bhfuil go leor daoine in ísle brí na laethanta seo. Cad é a thig le duine aonair a dhéanamh i gcoinne córais den chineál seo?

Go leor rudaí, mar a tharlaíonn sé.

Tugadh uchtach dúinn uilig nuair a foilsíodh pictiúr de chótaí fágtha ar Dhroichead na Leathphighne i mBaile Átha Cliath leis an mhána “tóg ceann más gá, fág ceann más féidir”, scríofa i mBéarla air. 

Cúis eile uchtaigh a bhí sa tacaíocht a fuair an feachtas seo, lena haischlib #WarmForWinter, ón phobal trí chéile. Gníomh as an ghnách a bhí ann a mheabhraigh dúinn uilig nach gá glacadh leis na cúinsí troma ina bhfuil muid fá láthair.

Fuair mo phobal féin, Cloich Chionnaola, ugach mór de shórt eile le déanaí nuair a bunaíodh dhá fhéile úra sa cheantar. Eagraíodh Féile Nasc na nGael i Mí na Samhna, tráth a dtáinig Gaeil as Albain anall chun a gcultúr agus a dteanga a roinnt linn. 

Eagrófar an chéad fhéile eile in Albain agus táthar ag súil go rachaidh Gaeil Thír Chonaill anonn fána coinne.

Tá sprioc dhifriúil ag Féile Scéalaíochta na Glaise, a bhí ar siúl ar an 13-14 Nollaig. Is é sin, traidisiún na scéalaíochta a athneartú agus a chur i lár an aonaigh aríst sa cheantar.

Tá ceacht in san fheachtas agus sna féilte thuasluaite seo don té a mhothaíonn nach bhfuil aon chumhacht ná tionchar acu ar fhadhbanna a phobail. Obair duine aonair nó grúpa fíorbheag ba chúis leo, rud a mheabhraíonn dúinn nach bhfuil gá le gluaiseacht ollmhór chun gníomh éifeachtach díreach a dhéanamh. 

Ina theannta sin, léiríonn siad nach tábhachtaí fadhb a réiteach ná rud inteacht níthiúil a dhéanamh fá dtaobh de.

Ní chuirfidh feachtas #WarmForWinter deireadh leis an ghéarchéim títhíochta ach chuir sé an cheist sin i mbéal an phobail aríst agus thug sé slí shoiléir, níthiúil do dhaoine rud inteacht a dhéanamh a chuideodh go díreach le daoine gan dídean fad agus a léirigh sé do na daoine céanna nach bhfuil dearmad iomlán déanta ag an saol mhór orthu. 

Spreag sé dóchas ionainn uilig.

Tá na féilteacha nuabhunaithe ag déanamh amhlaidh do mo phobal féin i gCloich Chionnaola. Pobal atá bánaithe ag an imirce is ea muid. Fothoradh den bhánú chéanna is ea an scrios atá déanta ar ghréasáin shóisialta an cheantair, rud a chuireann nósanna agus traidisiúin na háite i mbaol. 

Seanscéal agus meirg air is ea é seo sna ceantair Ghaeltachta agus níl réitiú simplí air.

Ba dheacair a shéanadh áfach go ndéanfaidh an dá fhéile seo an pobal, agus a ngréasáin shóisialta, a neartú agus go dtabharfaidh siad uchtach do phobal atá faoi chois le fada. 

Ní cóir beag is fiú a dhéanamh de sin. Tá súil agam féin go spreagfaidh siad pobail Ghaelacha eile féilte beaga úra a chur ar an fhód fosta.

Má fhágann fadhbanna móra an domhain in ísle brí thú, a chomradaí, níl leigheas níos fearr ann ná aicsean. Tá na mílte rud ann a thig linn a dhéanamh agus más gnímh bheaga féin iad, is fearrde iad ná bheith ag suí ar ár dtóineanna gan a dhath a dhéanamh.

Tusa a thuigeann riachtanais do phobail. Is tusa, mar sin, an duine is fearr an gníomh a dhéanamh a thacóidh leis an phobal chéanna.

Uchtach, mar sin, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic. Gineann gníomh dóchas. Spreagann sé daoine eile chun aicsin. 

Mar sin a chruthaítear meitheal, mar sin a neartaítear pobal, agus mar sin a thabharfar faoi na dúshláin mhóra atá romhainn – moll daoine difriúla ag obair ar scáth a chéile, moll gníomhartha beaga a bhainfeas athruithe móra amach.

Uchtach, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic.

Alt scríofa ag Sam Ó Fearraidh

Tá Solas ag Taithneamh sa Dorchadas

Suirbhé domhanda: Tá borradh faoi chomhbhá le lucht LADT ar fud na cruinne

Tá borradh tagtha faoi bhá le lucht LADT (Leispiaigh, Aeraigh, Déghnéasaigh, Trasinscnigh) le deich mbliana anuas ar fud an domhain, de réir suirbhé a foilsíodh le déanaí.

Is í an Íoslainn an tír is báúla le lucht LADT dar le suirbhé le Legatum Institute, meitheal machnaimh a d’fhiosraigh an scéal i 167 dtír ar fud an domhain.

Os a choinne sin, is iad tíortha na hÁise Láir agus  an Táidsíceastáin na críocha is lú a bhfuil bá acu leis na leispiaigh, leis na haerigh, leis na déghnésaigh agus leis na trasincsnigh.

“Is údar misnigh é go dtaispeánann ár n-Innéacs Ratha (Prosperity Index) 2019 fás faoin mbá a bhíos ag daoine le lucht LADT ar fud an domhain le deidh mbliana anuas,” adeir Shaun Flanagan atá ag obair d’Ionad Meadarachta na Meithle.

“Ina aice sin, is iomaí áit ar fud an domhain nach staontar ó ghéarleanúint a chur ar phobal LADT, chomh maith le grúpaí mionlaithe eile, ar nós na dteifeach, na gciníocha mionlaithe agus lucht gcreidimh éagsúil, sa lá atá inniu ann.”

Is cuid den bhunachar sonraí de chuid Legatum Prosperity Index 2019 an suirbhé seo.

Is suirbhé rialta é seo a chuireas slat tomhais ar chúinsí maireachtála an phobail .i. na cúinsí is mó théas i bhfeidhm ar acmhainn tíortha éagsúla rath agus sláinte a chinntiú dá bpobail, idir infheistíocht, thimpeallacht, shláinte agus shaoirse an duine i gcoitinne.

Fuarthas gur tháinig borradh faoi chomhbhá shósialta i 111 den 167 tír a scrúdaíodh sna deich mbliana seo a chuaigh thart. Is é a mhalairt scéil in Oirthear na hEorpa agus sa gcuid den Aifric anuas ón Sahara.

Tháinig borradh rábach faoin mbá a bhíos ag pobal an domhain le lucht LADT.

Faoi láthair, bíonn duine as gach ceathrar sásta le glacadh le duine de chomhthionól na leisbiach, na n-aerach, na n-déghnéasach agus na dtrasinsneach ar fud an domhain.

Tomhaiseadh an bhá le lucht LADT de réir pobalbhreithe Gallup a d’fhiafraigh de bhreis is 130,000 ar fud na cruinne an raibh a gceantar féin go maith do dhaoine aeracha nó leisbiacha le maireachtáil ann.

Is iad na tíortha seo mar a leanas is mó a tháinig forás orthu sna deich mbliana seo a chuaigh thart: An Íoslainn, an Ísiltír, an Iorua, Ceanada agus an Danmhairg.

Foinse: Alt de chuid The Japan Times

Agus homaighnéasacht ina coir throm agus pionós báis i ndán do na daoine sin san iliomad tíortha cosúil leis an Máratáin agus leis an tSomáil, is údar misnigh agus áthais é gur tháinig biseach ar na cúrsaí seo in Éirinn de réir na tuarascála céanna.

Tá Éire ar cheann de na tíortha is fearr le maireachtáil iontu ar fud na cruinne, ó thaobh shlata tomhais an tsuirbhé de. An dara háit déag.

Creid nó ná creid, tá biseach ag teacht ar chúrsaí an domhain, fiú in Éirinn. Is údar bróid is práinne é go bhfuil cead ag daoine homaighnéasacha pósadh le chéile in Éirinn feasta.

Is údar misnigh é seo. Bíodh misneach againn. Is ionnan Misneach agus Pride sa gcás seo.

Bíonn gach uile dhuine cloíte ag drochnuacht gach uile lá. I can’t believe the news today, mar a déarfá. Ach tá solas ag taitneamh sa dorchadas agus níor ghabh an dorchadas é.

Tacaímis le Feirmeoirí Beaga, Lucht Oibre na Tuaithe

Le os cionn 24 uair a chloig bhí feirmeoirí agus a gcuid tarracóirí ag plódú na sráideanna taobh amuigh den Dáil i mBaile Átha Cliath.

D’imigh na tarracóirí inné ó na sráideanna i ndiaidh do na feirmeoirí bualadh leis an Aire Talmhaíochta ach geallann siad go leanfaidh siad lena n-agóid sa phríomhchathair muna ndéanann polaiteoirí fíor-iarracht cruachás ioncam na bhfeirmeoirí a leigheas.

Gníomh díreach é seo le bac a chur ar ghnóthaí na cathrach agus le cur ar a súile do pholaiteoirí go bhfuil feirmeoirí, a gclanna agus muintir na tuaithe go ginearálta ag streachtailt go mór ar na saolta seo agus gur deacair ag an fheirmeoir a bheatha a thabhairt i dtír.

Nuair atá ardú pá agus coinníollacha níos fearr de dhíth ar an oibrí oifige nó ar an oibrí monarachan thig leo dul amach ar stailc lena gcuid comhoibrithe mar chuid den cheardchumann.

Níl an rogha seo go díreach ag an fheirmeoir ach is féidir leo taicticí eile a úsáid cosúil leis an ghníomh díreach agus an easumhlaíocht shibhialta lena gcás a chur in iúl agus a gcuid éileamh a bhaint amach.

Tá sé ríthábhachtach go dtacaíonn muid ar fad le feirmeoirí agus iad ag iarraidh tuarastal ceart a bhaint amach dá gcuid oibre.

Tá go leor feirmeoirí beaga sa tír seo ar an ghannchuid agus thíos go mór le fórsaí an mhargaidh chaipitligh a chaitheann leo gan trua gan taise.

Caithfear smacht a chur ar cheannaitheoirí feola agus ollmhargaí a chaitheann go holc agus go dímheasúil le feirmeoirí a oibríonn go crua ar son a gcoda.

Ar ndóigh, tá an cath seo ina chuid de streachailt níos mó ar son na tuaithe agus is dual do Ghaeil agus do shóisialaigh de gach cineál seasamh gualainn ar ghualainn le feirmeoirí sa troid thábhachtach seo.

Bréag-ilchultúrachas Educate Together

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh roinnt laethanta ó shin go mbeadh dhá scoil lán-Ghaeilge le hoscailt i gContae Átha Cliath.

Go luath ina dhiaidh do McHugh an dea-scéal a fhógairt, scríobh Educate Together chuig an Roinn Oideachas.

Seachas fáiltiú leis an gcinneadh, mar a dhéanfadh fíor-eagraíocht ilchultúrtha, chuireadar achainí ina choinne.

An chúis atá leis an achainí ná go ndéanfadh dhá Ghaelscoil bhreise i gContae Átha Cliath bac a chur ar thuismitheoirí a “rogha oideachais” a dhéanamh dá gclann.

I gceann de na scoileanna, an scoil atá beartaithe do Theach Sagard/Iarthar na Cathrach, is ar bhonn ilchreidmheach a bheidh sí á reáchtáil.

Mar sin, is ríléir gur in aghaidh na teanga atá an eagraíocht Educate Together seachas i bhfabhar oideachais ina bhfuil éiteas ilchultúrtha ann.

Is ag iarraidh bheith ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin agus a bheith ag dul in iomaíocht leis an nGaelscolaíocht atá an eagraíocht seo.

Is bréag ilchultúrachas atá anseo.

Tá iarracht á déanamh a chur in iúl go bhfuil claonadh éigin ag an stát i leith na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta nuair a deir na staitisticí uilig, mar aon leis an stair, gurb é a mhalairt de scéal é i ndáiríre.

Tá neamhaird á déanamh ag Educate Together ar an staid reatha maidir leis na teangacha in Éirinn mar atá.

Tá sé áiféiseach go dteastaíonn uathu a rá nach bhfuil “rogha” ann i leith na scolaíochta Bhéarla, ó tharla gur pobal mionlaithe iad cainteoirí Gaeilge in Éirinn.

An tseachtain seo caite rinne bean chróga Éireannach de shliocht na hAfraice cáineadh orthu siúd a bhí á maslú go ciníoch.

Iriseoir is ea Zainab Boladale le RTÉ agus rinne sí agallamh as Gaeilge mar gheall ar an scéal seo. An toradh a bhí air seo ná gur náirigh sí na bréag-tírghráthóirí a bhí á maslú.

Is í an Ghaeilge ceann de na láithreacha catha inar féidir linn bua a bheith againn ar na faisitigh.

Is teanga í ar féidir léi an pobal a thabhairt le chéile, is cuma cibé cúlra eitneach gurb as duine.

B’fhiú do Educate Together seo a thuiscint seachas a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur faoi chois.

Ní mó go mbeidh siad pioc níos fearr ná na seóiníní nó na coilínigh a tháinig rompu má leanann siad leis an ngeáitsíocht sin.

Caifé na Gaeilge

Agus muid ar thob cultúr chathair na Gaillimhe a cheiliúradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár na féile seo?

Agus muid ar tí oidhreacht na Gealchathrach, an chondae agus na tíre trí chéile a chomóradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh urraim ar leith le tabhairt do phobal na Gaeilge agus don éacht marthana a chuir an pobal seo de ó thús na staire go dtí an lá atá inniu ann?

Agus nach gceapfá go ndéanfadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thar aon chomhlacht poiblí eile, ceart a sheasamh don phobal seo?

Más amhlaidh a cheapfá, caithfidh gur mór an díomá atá ort, fiú anois, go háirid más mac léinn le Gaeilge i nGaillimh thú. I mí Dheireadh Fómhair i mbliana, d’fhógair Comhaltas na Mac Léinn go raibh deireadh á chur acu le Caifé na Gaeilge in Áras na Gaeilge.

Ba é Caifé na Gaeilge an t-aon spás sóisialta lán-Ghaeilge dá raibh ar an gcampas agus sa gcathair ar fad, d’fhéadfá a rá.

An t-aon áit a bhféadfá a bheith ar do chompord ag ordú braon tae nó greim bia as Gaeilge, ag labhairt na teanga, ag caint le do chairde i nGaeilge. An t-aon áit a gcloisfeá an Ghaeilge san Ollscoil agus sa gcathair, mar theanga phobail nádúrtha.

An áit a bhfuair mise cuid mhaith de mo chuid Gaeilge nuair a tháinig mé go Gaillimh den chéad uair i mo bhliain ERASMUS.

Nach breá an mhaise é sin don Ollscoil a mhaíos gurb í féin an coláiste is Gaelaí in Éirinn? Cén fáth ar dúnadh an caifé, meas tú?

Cén fáth ar minicí a mbaintear na rudaí atá dlite dúinn dínn? Airgead. Airgead agus saint chun a thuilleadh airgid a dhéanamh.

Dúradh go ndearna Comhaltas na Mac Léinn caillteanas airgid ó thosaigh siad ag reáchtáil an chaifé. Dhiúltaigh an Ollscoil an caillteanas a chúiteamh leis an gComhaltas. Más ea, ní mé cén sórt bainistíochta a bhí, nó atá, ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn ná ag an Ollscoil?

Nár cheart an bhainistíocht a athrú, mar sin, seachas seirbhísí a bhaint den phobal a bhíos ag íoc astu ’chuile bhliain? Agus is daor an ceannach é.

Gan trácht ar na táillí ollscoile, gearrann an Ollscoil tobhach mac léinn (student levy fee) ar gach uile mhac léinn i dtús na bliana acadúla.

Tá an t-airgead sin le dul do Chomhaltas na Mac Léinn, do chumainn de chuid na mac léinn agus eile, le saol sóisialta na mac léinn a chothú.

Níor íoc mé an tobhach sin ná ní íocfad go dtí go n-osclófar ár gCaifé in athuair, go dtabharfaidh an Ollscoil dúinn an rud atá dlite dúinn.

Iarraim ar gach uile Ghaeilgeoir atá ina mhac léinn i nGaillimh déanamh amhlaidh.

Alt scríofa ag Hynek Daniel Janoušek atá ina chónaí ar an gCeathrúin Ruaidh.

Pobal Mapuche na Sile ag éirí amach

Os cionn gach duine eile sa mhórshiúl i rith na n-agóidí atá ar siúil sa tSile, tá duine amháin, seasta ar bharr dealbh ón ré choilíneach, le bratach pobal na Mapuche ar foluain acu.

Ceann de na pobail bhundúchasacha sa tSile iad na Mapuche, a chónaigh i gceantar a thrasnaíonn an Airgintín agus an tSile le blianta fada roimh theacht na coilínigh Eorpacha. 

Le blianta anuas, tá siad ag streachailt in aghaidh an stáit agus tiarnaí móra talún chun seilbh a athghlacadh ar thalamh a sinsear.

I measc na ngrúpaí lena bhfuil siad ag troid tá an comhlacht idirnáisiúnta Benetton, comhlacht ar dheas leo íomhá ilchultúrtha a chur i láthair don saol mór, san am céanna is a bhfuil siad ag iarraidh na bundúchasaigh Mapuche a dhíbirt óna gcuid tailte

Tá an choimhlint sin tar éis a bheith foréigneach ó am go chéile, le fórsaí an stáit agus na dtiarnaí talún araon ag déanamh iarrachtaí brúidiúla na Mapuche a dhíbirt ón talamh a bhfuil seilbh glactha acu air, agus na lonnaíochtaí atá bunaithe acu ar an talamh sin a bhánú.

In ainneoin sin tá na Mapuche tar éis iad féin a chosaint le gach a bhfuil acu, rud a bhfágann go dtugann ionadaithe an rialtais “sceimhlitheoirí” orthu.

Ach i rith na n-agóidí sa tSile in aghaidh pholasaithe déine rialtas Piñera, ach go háirithe an méadú ar chostais iompar poiblí, agus i rith an fheachtais comhordaithe gan na táillí ardaithe a íoc, tá bratacha muintir na Mapuche le feiceáil go minic.

Tá taithí fhada ag na Mapuche ar fhoréigean an stát coilínigh, ach tá Piñera anois ag casadh ar mhuintir na tíre i gcoitinne. Tá na Mapuche lárnach anois sa troid fhairsing in aghaidh na gciorruithe.

Tá uallach na staire le brath go trom sna hagóidí seo. Ní hamháin i dtaobh streachailt na ndaoine dúchasacha atá ar siúil acu le breis is 500 bliain in aghaidh na gcoilíneach, ach chomh maith le sin i dtaobh an chuimhne atá ag daoine ar rialtas sóisialach daonlathach Salvador Allende.

Rinneadh coup d’état brúidiúil de chuid Pinochet agus na Stáit Aontaithe deireadh a chur leis an mbrionglóid sin, rud a d’fhág rialtais éagsúla de chuid na heite dheis i gceannas ar an tír ó shin i leith.

Tá an streachailt in aghaidh an choilíneachais ceangailte go dlúth leis an streachailt in aghaidh polasaithe na gciorruithe agus na déine agus an caipitleachas go ginearálta.

Tá an córas céanna i gcónaí ag iarraidh an réimse sin den saol a bhaineann lenár gcaighdeán maireachtála – sláinte, oideachas, tithíocht, córas iompar poiblí – a laghdú agus a ghearradh le go mbeidh tuilleadh brabúis ag na daoine atá i bhfeighil orainn.

Is scéal fada é an stair – b’fhéidir go raibh an bua ag na coilínigh agus lucht na heite dheis tráth. Ach, mar a léiríonn an grianghraf de bhratach na Mapuche os cionn na léirsithe sa tSile, níl an troid thart go fóill.

Uluṟu slán ó thurasóirí faoi dheireadh

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcarraig Uluṟu ag muintir bhundúchasach na hAstrála leis na mílte bliain. Tá an charraig lonnaithe i gceantar an Pitjantjatjara, dream daoine a bhfuil dlúthcheangal acu lena n-áit dhúchas.

Tá an charraig mar chuid d’oidhreacht, seanchas, cultúr, teanga agus spioradáltacht na ndaoine sin.

Bhí cur amach ag an domhan mór ar an gcarraig mar Ayers Rock ar feadh i bhfad. Nuair a rinne coilíneach darbh ainm William Goose suirbhé ar an gceantar in 1873 bhaist sé an t-ainm sin air in ómós don Phríomhrúnaí ar an Astráil Theas ag an am, Sir Henry Ayers.

Dar ndóigh tá seantaithí againn anseo in Éirinn ar an gcleasaíocht seo. Nuair a chuaigh an t-ordanás suirbhé i gceann a gcuid oibre idir 1829 agus 1842 rinneadh galldú ar go leor dár logainmneacha. 

Is maith an rud é le feiceáil, mar sin, go bhfuil brú ó dhreamanna bundúchasacha san Astráil ag dul i bhfeidhm ar an rialtas. Sna 1990í a tugadh an t-ainm ceart bundúchasach sa leagan oifigiúil don chéad uair. 

Faraor, ó shin i leith tá ceist eile ag dó na geirbe. Tá na céadta míle turasóirí ag dreapadh na carraige gach bliain. Léiriú ar mheon sotalach coilíneach agus ar aineolas araon a bhí sa mhéid a bhí ar bun ag turasóirí.

Ar ámharaí an tsaoil anois curfear deireadh leis an drochnós úd, óir tá cosc anois ar dhaoine a bheith ag dreapadh suas Uluṟu. 

Níor stop sé sin na céadta turasóir ag dul in airde ar an gcarraig ar an lá deireanach a raibh fáil acu air. 

Seasann Misneach leis na bundúchasaigh san Astráil, agus mórthimpeall an domhain, atá ag troid in éadan scrios cultúrtha an meoin choilínigh agus in éadan na turasóireachta gan srian.