Category Archive : NUACHT

Coimhlint Dhroim Chrí agus Bhóthar Gharbhachaidh

Mar a bhí i go leor ceantar sa tuaisceart bhí stair fhada ag na coimhlintí a spreag mórshiúlta na bhFear Buí i bPort an Dúnáin. Bhí foréigean sa bhaile tráth a raibh mórshiúlta sa naoú haois déag. Chuaigh cúrsaí in olcas le linn na coimhlinte sna 1970í agus 80í. Bhí achrann ann go háirithe thart ar cheantar Shráid Obins, ina raibh móramh Caitliceach, ar a dtugtar “an Tollán”.

Nuair a rinne áitritheoirí iarracht na mórshiúlta a bhlocáil, tharla coimhlintí tromchúiseacha inar ghlac dílseoirí, Constáblacht Ríoga Uladh agus Arm na Breataine páirt. I ndiaidh corraíl mhór in 1985 agus 1986 chinn an tOrd Oráisteach gan dul trí Shráid Obins. Ba ina dhiaidh sin a bhog an láthair chatha go Bóthar Gharbhachaidh.

Theastaigh ó na Fir Bhuí siúl síos an bóthar ar a mbealach ar ais ó Eaglais Dhroim Crí. Tá tábhacht shíceolaíoch ar leith ag Port an Dúnáin agus an mórshiúl bliantúil seo don Ord Oráisteach, óir ba ann a bunaíodh an chéad lóiste Oráisteach, Lóiste Oráisteach Dílis a hAon, Ceantar Phort an Dúnáin, in 1796.

Ba chor cinniúnach é bunú Chomhghuaillíocht Áitritheoirí Bhóthair Gharbhachaidh in 1995. Ghlac an grúpa áitritheoirí, gníomhaithe, sagart agus lucht gnó faoina scáth, rud a thug dlisteanacht láidir dó i measc phobal náisiúnach an cheantair. D’éiligh an pobal céanna go ndéanfaí an mórshiúl Oráisteach a chur ar mhalairt slí.

Bhí coimhlintí ann ina dhiaidh sin a d’iompaigh ina ghéarchéim in 1997. An bhliain sin chuir na póilíní cosc ar an mórshiúl ar dtús báire. Ach i ndiaidh do dhílseoirí dul i mbun círéibe brúdh an mórshiúl tríd. Chreid náisiúnaigh gur fianaise a bhí ann seo go raibh an stát ag géilleadh do bhrú na ndílseoirí.

Tharla an choimhlint ba mheasa in 1998 nuair a chuir Coimisiún na Mórshiúlta nuabhunaithe cosc ar an mórshiúl síos Bóthar Gharbhachaidh. Chuir na póilíní cosc ar dhílseoirí dul a fhad leis an mbóthar, rud a spreag agóidí i measc dílseoirí ar fud na sé chontae.

Mharaigh dílseoirí Caitliceach agus fiche i lár na nóchaidí, maruithe a raibh nasc díreach acu le conspóid Bhóthar Gharbhachaidh agus Dhroim Crí. Is maith is cuimhin le daoine marú na ndeartháireacha Quinn i mBaile Monaidh. Bhí an chonspóid agus na maruithe seo ag tarlú i gcomhthéacs an phróisis síochána.

Bhain marú na ndeartháireacha stangadh as daoine agus ní fhéadfadh dílseoirí an beart a chosaint. Cé gur lean agóidí ar aghaidh, cailleadh fuinneamh agus ní raibh aon dul siar ann. Ní bheadh na Fir Bhuí ag siúl síos Bóthar Gharbhachaidh. Go dtí gur tháinig an cheist aníos le déanaí is é sin mar a bhí ar feadh ocht mbliana is fiche.

Ach, tríd is tríd, léirigh an streachailt ar Bhóthar Gharbhachaidh fírinne faoi na sé chontae nach féidir a shéanadh, is é sin nach breitheamh neodrach stát na Ríochta Aontaithe. Arís agus arís eile ghníomhaigh an stát chun bonn láidir a choinneáil faoi cheannasaíocht na nAontachtaithe.

Tá Bóthar Gharbhachaidh ina shiombail chumhachtach de phobal nach bhfuil sásta cromadh agus glacadh leis an mbeag is fiú. Díchoilíniú gníomhach atá ar bun. Ní mór dúinn seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir Bhóthar Gharbhachaidh agus iad siúd ar fad atá ag troid ar son saoirse náisiúnta, an chomhionannais agus fhéinchinntiúchán na hÉireann.

Ná géill is tú beo

Ná fillimis choíche ar na laethanta dorcha nuair a bhrúigh Stát na Breataine mórshiúlta forcheannasacha Oráisteacha trí cheantair náisiúnacha agus phoblachtánacha.

Mhórshiúl in aghaidh chuairt Uachtarán Cogaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Shiúil baill Misneach i measc na ndeicheanna de mhílte daoine inné chun cur i gcoinne meaisín cogaidh Trump agus ar son an neodrachais.

Bhí Misneach mar chuid den Bhloc Poblachtach. Eascraíonn polasaí an neodrachais ó stair fhada poblachtach frith-choilíneach na hÉireann.

Ach leis an bhfaisistí Trump ar cuairt agus lucht cheannais an stáit ag sodar ina dhiaidh, feictear iarracht an polasaí a chaitheamh i dtraipisí.

Teastaíonn uaidh Fianna Fáil agus Fine Gael an stát a tharraingt isteach i gcogaí impiriúlacha SAM, an AE, agus ECAT.

Tá ceist an neodrachais fite fuaite le go leor ceisteanna eile – seasamh an stáit i leith na Palaistíne, stádas geilleagar an stáit mar shearbhónta do gheilleagar Mheiriceá agus na billiúnaithe srl.

Tá tionchar díreach ag struchtúr caipitleach an geilleagar ar mheath na Gaeltachta agus na Gaeilge. Agus ní mór dúinn briseadh uaidh.

Ní mór do ghnáthdhaoine, Gaeil ach go háirithe, éileamh a chur chun cinn do thír shaor, athaontaithe nach ngéilleann don impiriúlachas. Tír atá díchoilínithe go polaitiúil, go heacnamaíoch agus go cultúrtha.

Misneach i gCathair Ard Mhacha

Sheol Rúnaí Ginearálta Misneach, an Dr. Kerron Ó Luain, a leabhar ar stair na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Ard Mhacha le déanaí, i gCathair Ard Mhacha ar dtús agus ansin i bPort an Dúnáin in Ionad Dhroim Chrí.

Rinne sé cur síos ar iarrachtaí gluaiseacht na Gaelscolaíochta córais oideachais agus meon na tíre a dhíchoilíniú le leathchéad bliain anuas.

Tá Misneach buíoch as an gcuireadh an leabhar a sheoladh sa cheantar agus seolann muid dlúthpháirtíocht do mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh ach go háirithe agus na Fir Bhuí ag bagairt an tseicteachais chaithréimigh orthu arís – léiriú eile ar an ngéarghá próiseas an díchoilínithe a chur thar abhainn ina iomláine agus deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann.

Beidh an leabhar á sheoladh i mBÁC ar an 1ú Deireadh Fómhair. Tuilleadh sonraí le fógairt i rith na seachtaine!

Scoil Éanna: freagra radacach an Phiarsaigh ar oideachas coilíneach Shasana, 8ú Meán Fómhair 1908

Rinne Pádraig Mac Phiarais cáineadh géar ar an gcóras oideachais coilíneach… “an meaisín dúnmharaithe”. Ba chóras é a chuir cos ar bolg ar spiorad na ndaltaí agus a bhrú an teanga agus cultúr síos.

Bhunaigh sé Scoil Éanna ar an 8 Meán Fómhair 1908 ag Teach an Chuillinigh in Raghnallach. Ghlac an Piarsach ról an phríomhoide agus bhí Tomás Mac Donnchadha in éineacht leis mar leas phríomhoide.

Ar lá a oscailte bhí dhá scór dalta ag freastal ar an scoil, ach chuaigh sin i méid agus faoi dheireadh na bliana bhí an ceithre scór ann. Tionscadal clainne a bhí ann: Liam, Mairéad agus Máire Bhríd ar an bhfoireann.

Chruthaíodh atmaisféar clainne. Bhí Cúchulainn mar “bhall foirne dofheicthe”. Roghnaíodh an modh díreach; tumoideachas iomlán. Ba é Scoil Éanna an chéad Ghaelscoil!

Tháinig cáil ar an scoil as a drámaí gaisciúla agus a spiorad réabhlóideach. Spreag saothair agus teagasc an Phiarsaigh idéalachas, misneach agus dílseacht don náisiún i measc na ndaltaí.

Bhí an lúthchleasaíocht agus an disciplín lárnach i Scoil Éanna. Mhúin Con Colbert druileáil agus máirseáil; ullmhúchán fisiciúil agus intinne don ghlúin réabhlóideach a bhí ag teacht chun cinn.

Bhog an scoil go dtí an Eirmeatáiste i Ráth Fhearnáin in 1910; láthair a raibh baint ag Roibeárd Emmet leis. Spreag an nasc stairiúil seo tuiscint réabhlóideach i measc na ndaltaí.

Bhí tionchar ollmhór ag Scoil Éanna ar Éirí Amach 1916. Mhúin Ceannt agus Colbert ann; ghlac cúig dalta dhéag páirt san éirí amach. Ba lárionad réabhlóideach í an scoil.

An shamhlódh an Piarsach go mbeadh stráicí móra de stát na Sé Chontae Fhichead gan Gaelscoil, agus contaetha iomlána gan Gaelcholáiste, 104 bliain i ndiaidh “neamhspleáchas”?

Gníomhaíochas i gConamara

Bhí gníomhaithe Misneach i mbun oibre i gConamara le déanaí.

Tugann polasaí tithíochta agus Gaeltachta an Rialtais tús áite do shealbhóirí talún agus do shealúchais seachas do mhian an phobail. Tá léirscrios déanta ag Airbnb-iú, cíos gearrthéarmach agus tithe tréigthe ar phobail Chonamara.

Mar a léirigh BÁNÚ, tá 4 theach fhadtéarmacha ar fáil ó Bhearna go Carna ar mheánchíos €3,275, i gcomparáid le 173 Airbnb sa cheantar céanna, agus níl ach 2 theach sóisialta ar fáil le 5 cinn á dtógáil – léiriú lom ar an éagothroime struchtúrtha.

Ní aithníonn an Stát gur fadhbanna bunúsacha iad seo. Do chlanna gan talamh nó gan talamh san áit “cheart”, is bac mór iad na rialacha pleanála. Cuireann an cinneadh gan cumhachtaí tógála a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta leis an mbánú agus is rogha pholaitiúil é gan cur isteach ar an margadh príobháideach.

Ní mór don Stát a ladar a chur isteach gan mhoill: Lonnaíochtaí Lán Ghaeilge a thógáil, tithe folmha agus tréigthe a cheannach agus a athchóiriú ar scála mór, cánacha arda a ghearradh ar thithe folmha, agus treoirlínte pleanála a chur i bhfeidhm a thugann tús áite don phobal in áit an bhrabúis.

Gníomhaíochas i nGaeltacht Mhaigh Eo

Chuir gníomhaithe Misneach na comharthaí “Gan Tithíocht, Gan Todhchaí” in airde i nGaeltacht Mhaigh Eo le déanaí. Is chun aird a tharraingt ar fhaillí an stáit i leith na Gaeltachta agus cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a deineadh seo.

De réir daonáireamh 2022 tá 6,429 teach i nGaeltachtaí Maigh Eo. Tá 877 acu siúd folamh, rud arb ionann agus 13%. Anuas air sin, is tithe saoire 1,341 acu, nó 21%.

Ciallaíonn sin go bhfuil os cionn trian, 34%, nach bhfuil fáil ag muintir na háite orthu. Níl tithe tréigthe áirithe sna figiúirí seo, ach tá’s againn go bhfuil neart acu siúd chomh maith.

I láthair na huaire, tá 250 teach iomlán ar fáil ar Air BnB i nGaeltachtaí Maigh Eo. Níl ach stiúideo beag amháin ar fáil go fadtéarmach ar Daft.ie.

Ceann de na fadhbanna is mó i Maigh Eo ná na tithe a bhfuil ar an imeall idir tithe saoire agus teach tréigthe, atá in úsáid ar feadh seachtain nó dhó sa bhliain. Is leis an diaspora formhór na dtithe seo agus níl sé éasca scaoileadh leo. Meastar go bhfuil thart ar 500-600 teach den sórt seo i nGaeltacht Mhaigh Eo.

De réir na dtreoirlínte a d’eisigh an rialtas le déanaí tabharfar tosaíocht, go pointe, do chainteoirí Gaeilge i dtaobh na tithíochta aon uaire de sa nGaeltacht.

Ach gan coinníollacha teanga láidre i bhfeidhm, agus tacaíochtaí ar nós na scéime teanga srl leis, i ngach gné den tithíocht sna ceantair seo, mar aon le tionscadal fairsing chun Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge a thógáil, leanfaidh scrios an mhargaidh phríobháidigh ar aghaidh.

Te Reo Māori Faoi Ionsaí ag an Scothdheis

Tá comhghuaillíocht lena n-áirítear an scothdeis in Aotearoa (“An Nua Shéalainn”) tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla.

Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí d’impigh feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.

Bhí ar na Maoraigh troid ar feadh na nglúnta chun a dteanga a chosaint. Ní raibh an Béarla riamh i mbaol. Ó 1847 ar aghaidh cuireadh cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionóis fisiciúil — rud a rinne dochar síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.

In 1900 tháinig os cionn 90% de pháistí Maorach isteach ar scoil ina chainteoirí dúchasacha. Faoi 1984 bhí an figiúr sin tite go 2%. Mar fhreagra bunaíodh Kaupapa Māori: Te Kōhanga Reo agus Te Kura Kaupapa Māori — iarrachtaí ón mbun aníos chun an teanga a athbheochan.

Is cuid de phátrún domhanda é seo: stáit choilíneacha i gCeanada, SAM, an Astráil, Iosrael, an Ind, san Eoraip, agus sna tíortha Ceilteacha ag léiriú cumhacht teanga lucht an choilínithe arís eile.

Roinnt blianta ó shin d’eagraigh Misneach imeacht darbh ainm “I dTreo an Díchoilínithe” ag a labhair an fhile Maorach Vaughan Rapatahana. Ghlaoigh sé “a many headed hydra” ar an mBéarla, mar léiriú ar ollchumhacht dhomhanda na teanga.

Agus an caipitleachas ag cliseadh os ár gcomhar, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mhionlaigh.

Is iad feidhm na n-ionsaithe seo ná dallamullóg a chur ar an mórphobal faoi chúis formhór a gcuid fadhbanna — an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil.

Todhchaí na Gaelscoileanna

Tá an oiread sin fadbhannaí in earnáil na Gaelscolaíochta nach eol don mhórphobal, nó fiú formhór na nGael, fúthu.

Tá easpa físe agus infheistíochta na Roinne Oideachais ag fágáil na hearnála san fhaopach go minic.

Má tá scéal cosúil le seo agat, bí i dteagmháil linn!

Gaelscoil Choláiste Mhuire

Ar feadh 24 bliain tá Gaelscoil Coláiste Mhuire, ceann de na Gaelscoileanna is sine i mBaile Átha Cliath, tar éis a bheith lonnaithe in áitreabh sealadach.

Luaigh an Roinn Oideachais go raibh “fadbhanna neamhfheicthe”, ar nós stádas cosainta dúshraitheanna an foirgneamh in aice láímhe, agus tógáil an líne LUAS, cinn de na leithscéalta le haghaidh na moilltí.

Ach bhí an suíomh faoi úinéireacht Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath roimh a cheannaigh an Roinn é uathu. I ndiaidh sin, chuir diospóidí idir na conraitheoirí agus an Roinn leis an t-ualach airgeadais. Phléasc costais an fhoirgnimh nua ó €11.5 millúin chuig ar a laghad €22 millúin i 2025.

Le déanaí, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go mbeidh tairiscint curtha amach le linn 4-6 seachtain i gcomhair conraitheoir nua, agus go mbeadh tógáilí ar suíomh Gaelscoil Choláiste Mhuire faoi dheireadh 2026. Faoi láthair tá daltaí Gaelscoil Choláiste Mhuire ag fulaingt i foirgneamh míchuí dá cuid riachtanais.

Léiríonn neamhiniúlacht an Rialtais a meoin tútach chuig Gaelscolaíocht sa tír: is cuma sa tioc leo faoinár teanga nó faoi leas na scoláirí.

Is siomptóim é den corás capitileach nach bhfuil foirgneamh oiriúnach ag daltaí Gaelscoile sa príomhcathair.


Chun cinntiú go bhfuil rochtain ag gach páiste ar oideachais sásúil, agus chun deireadh a chur le cuir amú fhollasach ó conraitheoirí príobháideacha ar airgead na gcáiníocóirí, is gá poblacht nua.