Category Archive : Gníomhaíochas

Mhórshiúl in aghaidh chuairt Uachtarán Cogaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Shiúil baill Misneach i measc na ndeicheanna de mhílte daoine inné chun cur i gcoinne meaisín cogaidh Trump agus ar son an neodrachais.

Bhí Misneach mar chuid den Bhloc Poblachtach. Eascraíonn polasaí an neodrachais ó stair fhada poblachtach frith-choilíneach na hÉireann.

Ach leis an bhfaisistí Trump ar cuairt agus lucht cheannais an stáit ag sodar ina dhiaidh, feictear iarracht an polasaí a chaitheamh i dtraipisí.

Teastaíonn uaidh Fianna Fáil agus Fine Gael an stát a tharraingt isteach i gcogaí impiriúlacha SAM, an AE, agus ECAT.

Tá ceist an neodrachais fite fuaite le go leor ceisteanna eile – seasamh an stáit i leith na Palaistíne, stádas geilleagar an stáit mar shearbhónta do gheilleagar Mheiriceá agus na billiúnaithe srl.

Tá tionchar díreach ag struchtúr caipitleach an geilleagar ar mheath na Gaeltachta agus na Gaeilge. Agus ní mór dúinn briseadh uaidh.

Ní mór do ghnáthdhaoine, Gaeil ach go háirithe, éileamh a chur chun cinn do thír shaor, athaontaithe nach ngéilleann don impiriúlachas. Tír atá díchoilínithe go polaitiúil, go heacnamaíoch agus go cultúrtha.

Gníomhaíochas i nGaeltacht Mhaigh Eo

Chuir gníomhaithe Misneach na comharthaí “Gan Tithíocht, Gan Todhchaí” in airde i nGaeltacht Mhaigh Eo le déanaí. Is chun aird a tharraingt ar fhaillí an stáit i leith na Gaeltachta agus cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a deineadh seo.

De réir daonáireamh 2022 tá 6,429 teach i nGaeltachtaí Maigh Eo. Tá 877 acu siúd folamh, rud arb ionann agus 13%. Anuas air sin, is tithe saoire 1,341 acu, nó 21%.

Ciallaíonn sin go bhfuil os cionn trian, 34%, nach bhfuil fáil ag muintir na háite orthu. Níl tithe tréigthe áirithe sna figiúirí seo, ach tá’s againn go bhfuil neart acu siúd chomh maith.

I láthair na huaire, tá 250 teach iomlán ar fáil ar Air BnB i nGaeltachtaí Maigh Eo. Níl ach stiúideo beag amháin ar fáil go fadtéarmach ar Daft.ie.

Ceann de na fadhbanna is mó i Maigh Eo ná na tithe a bhfuil ar an imeall idir tithe saoire agus teach tréigthe, atá in úsáid ar feadh seachtain nó dhó sa bhliain. Is leis an diaspora formhór na dtithe seo agus níl sé éasca scaoileadh leo. Meastar go bhfuil thart ar 500-600 teach den sórt seo i nGaeltacht Mhaigh Eo.

De réir na dtreoirlínte a d’eisigh an rialtas le déanaí tabharfar tosaíocht, go pointe, do chainteoirí Gaeilge i dtaobh na tithíochta aon uaire de sa nGaeltacht.

Ach gan coinníollacha teanga láidre i bhfeidhm, agus tacaíochtaí ar nós na scéime teanga srl leis, i ngach gné den tithíocht sna ceantair seo, mar aon le tionscadal fairsing chun Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge a thógáil, leanfaidh scrios an mhargaidh phríobháidigh ar aghaidh.