Gníomhaíochas i gConamara

Gníomhaíochas i gConamara

Bhí gníomhaithe Misneach i mbun oibre i gConamara le déanaí.

Tugann polasaí tithíochta agus Gaeltachta an Rialtais tús áite do shealbhóirí talún agus do shealúchais seachas do mhian an phobail. Tá léirscrios déanta ag Airbnb-iú, cíos gearrthéarmach agus tithe tréigthe ar phobail Chonamara.

Mar a léirigh BÁNÚ, tá 4 theach fhadtéarmacha ar fáil ó Bhearna go Carna ar mheánchíos €3,275, i gcomparáid le 173 Airbnb sa cheantar céanna, agus níl ach 2 theach sóisialta ar fáil le 5 cinn á dtógáil – léiriú lom ar an éagothroime struchtúrtha.

Ní aithníonn an Stát gur fadhbanna bunúsacha iad seo. Do chlanna gan talamh nó gan talamh san áit “cheart”, is bac mór iad na rialacha pleanála. Cuireann an cinneadh gan cumhachtaí tógála a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta leis an mbánú agus is rogha pholaitiúil é gan cur isteach ar an margadh príobháideach.

Ní mór don Stát a ladar a chur isteach gan mhoill: Lonnaíochtaí Lán Ghaeilge a thógáil, tithe folmha agus tréigthe a cheannach agus a athchóiriú ar scála mór, cánacha arda a ghearradh ar thithe folmha, agus treoirlínte pleanála a chur i bhfeidhm a thugann tús áite don phobal in áit an bhrabúis.