Gaelscoil Choláiste Mhuire
Ar feadh 24 bliain tá Gaelscoil Coláiste Mhuire, ceann de na Gaelscoileanna is sine i mBaile Átha Cliath, tar éis a bheith lonnaithe in áitreabh sealadach.
Luaigh an Roinn Oideachais go raibh “fadbhanna neamhfheicthe”, ar nós stádas cosainta dúshraitheanna an foirgneamh in aice láímhe, agus tógáil an líne LUAS, cinn de na leithscéalta le haghaidh na moilltí.
Ach bhí an suíomh faoi úinéireacht Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath roimh a cheannaigh an Roinn é uathu.
I ndiaidh sin, chuir diospóidí idir na conraitheoirí agus an Roinn leis an t-ualach airgeadais. Phléasc costais an fhoirgnimh nua ó €11.5 millúin chuig ar a laghad €22 millúin i 2025.
Le déanaí, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go mbeidh tairiscint curtha amach le linn 4-6 seachtain i gcomhair conraitheoir nua, agus go mbeadh tógáilí ar suíomh Gaelscoil Choláiste Mhuire faoi dheireadh 2026.
Faoi láthair tá daltaí Gaelscoil Choláiste Mhuire ag fulaingt i foirgneamh míchuí dá cuid riachtanais.
Léiríonn neamhiniúlacht an Rialtais a meoin tútach chuig Gaelscolaíocht sa tír: is cuma sa tioc leo faoinár teanga nó faoi leas na scoláirí.
Is siomptóim é den corás capitileach nach bhfuil foirgneamh oiriúnach ag daltaí Gaelscoile sa príomhcathair.
Chun cinntiú go bhfuil rochtain ag gach páiste ar oideachais sásúil, agus chun deireadh a chur le cuir amú fhollasach ó conraitheoirí príobháideacha ar airgead na gcáiníocóirí, is gá poblacht nua.
