Tá tacaíocht an phobail ag teastáil!

Tá tacaíocht an phobail ag teastáil!

Tá feachtas ar bun i nGaillimh faoi láthair le stop a chur le hordú díbeartha atá le teacht do bheirt fhear atá ina gcónaí in ionad soláthar díreach sa chathair le 3 bliana anuas. 

Roimhe sin chuala muid faoin gclann i gCorcaigh a raibh leis an ordú céanna a fháil ach i ndiaidh feachtais mhóir d’éirigh leo stádas cead fanachta a fháil. Níl ansin ach sampla fíorbheag de na daoine atá ag fáil ordaithe díbeartha. Tá 39 ionad soláthar díreach in Éirinn anois. 

Tá an-chuid eile ag fáil na n-ordaithe céanna ach bíonn faitíos orthu scéal mór a dhéanamh as. Ní fheictear dóibh go bhfuil aon bealach thart air agus fágann siad go ciúin agus go hiondúil faoi dhorchadas na hoíche – an t-am a thagann na húdaráis le hiad a dhíbirt as an tír. 

Ag tús Mhí Feabhra d’fhógair an eagraíocht MASI (Movement of Asylum Seekers in Ireland), atá ag obair le teifigh in Éirinn, gur chuala siad faoi bhean ón bPacastáin atá le hordú díbeartha a fháil. Tá an bhean i ndiaidh seacht mbliana a chaitheamh in ionad soláthar díreach. 

Tá na daoine seo i ndiaidh maireachtáil in ionaid olc le coinníollacha uafásacha ar feadh na mblianta agus, go tobann, caithfidh siad an tír a fhágáil. 

Tagann siad go hÉirinn ag lorg saoil níos fearr. Ní hamháin nach bhfaigheann siad sin sna hionaid seo, ach bíonn orthu fanacht ar feadh blianta sula bhfaigheann siad amach an mbeidh cead acu fanacht nó nach mbeidh. 

Ní thagann daoine go tír nua mar theifeach le ham a chaitheamh i ndrochchoinníollacha toisc go bhfuil rogha eile acu. Bíonn orthu ’chuile rud atá ar eolas acu a fhágáil ina ndiaidh; teaghlaigh, páistí, cairde agus eile.

Tá eagraíochtaí cosúil le MASI agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann ann le tacú leis na teifigh i mbealach ginearálta. I nGaillimh tacaíonn an eagraíocht GARN (Líonra Frith-Chiníoch na Gaillimhe) leo agus tá feachtas ar bun le deireadh a chur leis an gcóras soláthar díreach sa stát ina iomláine. Tá tuilleadh eolais faoi sin ar an leathanach Facebook Say No to Direct Provision Ireland.

Tá na heagraíochtaí seo ag déanamh sárobair, ach ní leor é! Taispeánann cás an teaghlaigh i gCorcaigh go bhfuil gá le tacaíocht an phobail le cinnte a dhéanamh de go gcuirtear stop le hordaithe díbeartha. 

Is léir ón scéal sin gur chuir an phoiblíocht brú ar an aire rialtais agus gurb é sin an fáth, nó ceann acu, gur bheartaigh sé cead fanachta a thabhairt don teaghlach seisir sin, ceathrar mac agus beirt thuismitheoirí.

Poiblíocht an rud is mó atá ag teastáil ó Theo agus ó Mdu i nGaillimh faoi láthair, poiblíocht agus brú a chur ar na hairí rialtais – nuair a thagann siad i gcumhacht. Caithfimid cinnte a dhéanamh de nach mbeidh muid ag rá amach anseo gurb iad na hionaid soláthar díreach Neachtlanna Maighdilíneacha na linne seo.