Tag Archive : Alba

Éirí Amach Radacaigh na hAlban, 1820

Faoi 1820 bhí coinníollacha oibre agus maireachtála na bhfíodóirí, na sníomhaithe, na ngualadóirí agus an lucht oibre déantúsaíochta in Albain an-dian ar fad.

Bhí an dífhostaíocht ina fadhb chomh maith, go háirithe de bharr na saighdiúirí díshlógaithe ó airm Wellignton. Tháinig radacaigh chun cinn a d’éiligh athruithe fairsinge.

Theastaigh uathu go ndéanfaí leasú ar pharlaimint cham Westminster, go dtabharfaí cearta vótála do dhaoine fásta (mná san áireamh go pointe), go mbeadh na parlaimintí á dtoghadh go bliantúil, agus go ndéanfaí aisghairm ar Dhlíthe an Arbhair, a bhí ag coinneáil phraghas an aráin ard chun leas na n-úinéirí talún agus ceantálaithe gráin ach chun mhíbhuntáiste na cosmhuintire.

Ba ag dul i mbun achainí ar Fhear Ionaid an Rí i Londain an t-aon bhealach dleathúil le cúrsaí a athrú. In 1816, ag Thrushgrove in aice le hArdeaglais Ghlaschú, bhailigh 60,000 duine le chéile chun teacht ar fhoclaíocht d’achainí amháin.

Ba é sin an cruinniú polaitiúil ba mhó a reáchtáladh go dtí sin in Albain nó sa Bhreatain. Tharla scata chun cinn den sórt céanna sna blianta ina dhiaidh sin.

I mí Lúnasa 1819 bhailigh 60,000 agóideoir síochánta ag Faichí Naomh Peadar i Manchain. Bhuail scaoll na giúistísí agus sheol siad na gíománaigh isteach sa slua. Bhí neart ólta ag na gíománaigh agus rinne siad ruathar ar an slua lena mairc-chlaimthe.

Scaoil saighdiúirí urchair isteach sa slua chomh maith. Maraíodh cúigear déag, beirt bhan agus páiste ina measc, agus gortaíodh 650 duine. Glaodh “Peterloo” ar an ár go sciobtha agus chuir an méid a tharla uafás ar radacaigh fud fad na Breataine.

An mhí dár gcionn, bhailigh 15,000 duine le chéile i bPàislig in Albain chun léirsiú i ngeall ar an “ár ag Manchain”, agus béiceadh amach “cuimhnigh ar Mhanchain” i measc na gluaiseachta.

D’fhorbair comhoibriú idir na radacaigh in Albain agus Sasana. De réir mar a bhí sé soiléir go raibh Fear Ionaid an Rí ag déanamh neamhaird iomlán de na hachainithe thug na radacaigh droim láimhe don “fhórsa morálta” agus bhog siad i dtreo na láimhe láidre.

Tharla an rud céanna in Éirinn sna 1790í; cuimhnímis gur gluaiseacht shíochánta ar son leasuithe a bhí sna hÉireannaigh Aontaithe ar dtús go dtí go ndearna stát na Breataine cos ar bolg orthu.

In Albain in 1819 sheol coistí rúnda i nGlaschú agus Pàislig ionadaithe go Nottingham. Ba é an plean a bhí ann stailc ginearálta agus éirí amach armtha a chur ar bun. Ghlac na céadta pící a déanadh sa bhaile chucu féin, agus rinne na seansaighdiúirí druileáil ar na reibiliúnaigh.

I ndiaidh gur nochtaíodh Comhcheilg Shráid Cato i mí Feabhra 1820, threisigh amhras na n-údarás. Chuaigh spiaraí agus brathadóirí i mbun oibre. Bhí Alexander Richmond ar dhuine de na brathadóirí ba mhíchlúití tar éis dó feall a imirt ar a chomrádaithe in 1816 agus 1817. Bhí na focail “Tabhair aire faoi Richmond an spiaire” i mbéal an phobail i nGlaschú.

Mar sin féin, cé go raibh ról ag agents provocateurs i gcur chun cinn an éirí amach in 1820, bhí neart radacach ann a bhog i dtreo na réabhlóide de bharr an fhrustrachais a bhí orthu leis an gcóras mídhaonlathach mar a bhí.

Cuireadh na mílte póstaeir in airde in iarthar na hAlban thar oíche idir an 1 agus 2 Aibreán 1820. D’fhógair “Aitheasc go hÁitritheoirí na Breataine Móire agus na hÉireann” go mbeadh stailc ginearálta agus frithbheartaíocht armtha le tarlú.

Chuaigh 60,000 oibrithe teicstíle ar stailc; dúnadh an 11 mhuileann teicstíle i mBaile Iain mar shampla. Bhí eagla ar na húdaráis go n-ionsófaí an stát agus rinne siad slógadh ar lucht an mhílíste agus baill athneartacha an airm.

Chuaigh grúpa as Glaschú, a raibh Andrew Hardie agus John Baird i gceannas orthu, i dtreo na nOibreacha Iarainn i gCarrann, ach tháinig fórsaí na coróine orthu ag Bonn a’ Mhonaidh  agus chlis ar na reibiliúnaigh. Ar an lá céanna bhí James Wilson i gceannas ar ghrúpa fíodóirí ó Shrath Aibhne agus brat ar foluain acu ar a raibh “Alba Saor, nó Alba ina fhásach” scríofa.

Chuir na húdaráis an t-éirí amach faoi chois go sciobtha. Scaoileadh reibiliúnaigh i nGranaig, cuireadh trialacha tréasa ar bun ar fud na hAlban, agus cuireadh daoine chun báis. Crochadh agus baineadh na cloigne de Hardie, Baird agus Wilson. Dhá bhliain déag ina dhiaidh sin tugadh isteach Acht Leasaithe 1832 a chuir tús le próiseas inar baineadh amach an daonlathas agus cearta vótála don ghnáthdhuine. 

Is ceart a rá freisin go raibh gné náisiúnach láidir ag baint le Éirí Amach 1820 chomh maith. Bhí tagairt le linn na slógaí agus sna achainithe do “chearta ársa”, focail a tuigeadh i gcomhthéacs na gceart a baineadh dóibh ó Acht an Aontais 1707 ar aghaidh.

Bhí an brat a thagair do “Alba Saor” ina chomhartha den ghné náisiúnach chomh maith. Theastaigh uaidh roinnt radacaigh poblacht Albanach a bhunú ar mhúnla na Fraince agus Meiriceá. 

Déanann staraithe áirithe frithnáisiúnach in Albain iarracht beag is fiú a dhéanamh den ghné seo, ag maíomh “gurb é an t-aon rud a bhí uathu ná deireadh leis an bparlaimint” agus ag rá nár gníomh náisiúnach é de bharr “go raibh siad ag comhoibriú lena gcomrádaithe in Nottingham agus Yorkshire”. Ach is drochléamh é seo ar an stair agus léiríonn sé easpa tuisceana ar an gcosmhuintir, an lucht oibre agus tuathánaigh na naoú haoise déag luath.

Áitítear, sa léamh coimeádach seo, nach bhféadfadh an chosmhuintir níos mó ná sprioc simplí amháin a bheith acu, cur i gcás nach bhféadfaidís feidhmiú ar son an náisiún ach coinsias idirnáisiúnta a bheith acu ag an am céanna.

Bhí staraithe athbhreithnitheach na hÉireann ar aon dul leis an gcur chuige seo agus iad ag scríobh i ngeall ar éirithe amach na dtuathánach sa naoú haois déag. Creideadh nach bhféadfadh le tuathánaigh spriocanna eacnamaíochta agus spriocanna nó meon náisiúnach a bheith acu ag an am céanna.

Is léamh thar a bheith aicmeach é sin a dhéanann neamhaird de mheascán mearaí mianta, spriocanna agus idé-eolaíochtaí a d’fhéadfadh an chosmhuintir a bheith acu ag am ar bith sa stair, agus a chaitheann leo mar dhúramáin. Is gá, ar na cúiseanna seo agus eile, rannóga staire a bhaint ó smacht an mheánaicme choimeádaigh agus frith-náisiúnta.

“Sárú barbartha ar gach dlí” – Ár Ghleann Comhann, 1692

Tharla Ár Ghleann Comhann ar an 13 Feabhra 1692. Tá sé ar cheann de na himeachtaí is mó scannal i stair na hAlban agus cuimhnítear air go fóill. Tharla an t-ár i ngleann iargúlta Ghleann Comhann, áit a raibh craobh de Chlann Mhic Dhòmhnaill ina gcónaí, le linn tréimhse corraithe polaitiúil i ndiaidh na Réabhlóide Glórmhaire.

I ndiaidh dhíbirt an rí Chaitlicigh Séamas VII na hAlban, Séamas II Shasana, in 1688, tháinig an lánúin Phrotastúnach Liam III (nó Liam Oráiste, mar is fearr aithne air) agus Máire II i gcomharba air.

D’éiligh siad ar gach taoiseach fine sna Garbhchríocha mionn dílseachta a thabhairt faoin 1 Eanáir 1692, le pardún mar chúiteamh. Chuir go leor finte, Fine Mhic Dhòmhnaill Ghleann Comhann san áireamh, an mionn siar, ag fanacht le cead ó Shéamas VII ar dtús. Ní bhfuair siad an cead sin go dtí deireadh mí na Nollag 1691.

Rinne Alasdair MacIain, taoiseach Fhine Mhic Dhòmhnaill i nGleann Comhann, iarracht an spriocdháta don mhionn a bhaint amach nuair a chuaigh sé go dtí an Gearasdan chun an mionn a thabhairt.

Ní raibh breitheamh ar fáil ann, mar sin chuaigh sé go hInbhir Aora, áit ar thug sé an mionn ar an 6 Eanáir; tar éis an dáta oifigiúil. Mar sin féin, shocraigh an rialtas, go háirithe an Rúnaí Stáit Sir John Dalrymple, slad a dhéanamh ar Fhine Mhic Dhòmhnaill chun scéin a chuir ar na finte “mídhílse” uilig.

Ag deireadh mhí Eanáir 1692, tháinig timpeall 120 saighdiúir ó Reisimint Iarla Argyll, faoi cheannas an Chaptaein Robert Campbell as Gleann Lìomhann, go Gleann Comhann ag ligean orthu go raibh siad ag bailiú cánacha. De réir nósanna fáilteachais na nGarbhchríoch, chuir Fine Mhic Dhòmhnaill lóistín ar fáil dóibh.

Ar an oíche roimh an ár, tugadh orduithe gach duine faoi bhun 70 bliain d’aois a mharú. Maidin an 13 Feabhra, tosaíodh ar an slad. Maraíodh 38 duine agus bhí taoiseach an fhine, MacIain, i measc na marbh. Theith cuid mhór eile isteach sna sléibhte fuara, agus fuair roinnt acu bás den fhuacht. 

Scaipeadh an nuacht faoin ár go forleathan agus chuir sé fearg ar an bpobal. Bhraith go leor ag an am gur sárú gránna ar nósanna óstachta na nGael a bhí san ár.

In 1695, rinne Coimisiún Imscrúdaithe Pharlaimint na hAlban cur síos ar an eachtra mar rud mídhleathach agus éagórach. Níor gearradh pionós ceart ar an gcuid is mó de na daoine a bhí freagrach riamh, agus chuir an eachtra leis an gcoimhlint idir na finte Gaelacha agus an rialtas lárnach.

Ba shiombail d’fheall rialtais Ár Ghleann Comhann den chos ar bolg ar na finte, rud a spreag tuilleadh tacaíochta don ghluaiseacht Sheacaibíteach. 

Dúirt an file Albanach William Edmondstoune Aytoun agus é ag scríobh faoin ár sa naoú haois déag:

“Is eachtra é Ár Ghleann Comhann nach féidir agus nach cóir dearmad a dhéanamh air. Ba ghníomh den tréas agus den chruálacht is measa é – ba shárú barbartha ar gach dlí é, daonna nó diaga; agus léiríonn sé ina bhfealltacht is lofa fíorthréithe údair agus neartaitheoirí Réabhlóide”.