Tag Archive : An Ghaeltacht

An tÚdarás dall ar an bPleanáil Teanga

Tuairiscíodh ar Thuairisc.ie le déanaí nach raibh “taifead ar bith ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana inar sháraigh comhlacht a dhualgas i leith na Gaeilge”

Léiriú soiléir é seo ar phríorachtaí, nó easpa príorachtaí, an Údaráis. Tá taighde déanta, nach féidir a shéanadh, a léiríonn an damáiste don Ghaeilge a dhéanann comhlachtaí áirithe nach bhfuil aon mheas acu ar chearta teanga.

Tá sé mar chuid de na prionsabail is bunúsaí sa bpleanáil teanga gur gá monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar aon pholasaí le cinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú mar ba cheart.

Fiú dá gcreidfeadh muid an leithscéal bacach (ar bhréag í, is cinnte) atá ag an Údarás “nach bhfuil an teicneolaíocht acu” le taifead a choinneáilt ar cé mhéad babhta a sháraigh chliantchomhlachtaí na coinníollacha teanga a bhaineann leis an airgead poiblí a fhaigheann siad, ní léiríonn sin ach go bhfuil siad dall ar phrionsabail na pleanála teanga!

Tá Misneach sásta seasamh suas don Údarás nuair is cuí, mar tuigeann muid méid na gciorruithe a fuair a mbuiséad le linn aimsir na déine agus na deacrachtaí eile atá acu.

Ach léiríonn an scéal seo aríst ar ais nach bhfuil an cur chuige atá acu – ag tarraingt comhlachtaí móra chun na Gaeltachta ar feadh tréimhse ghearr le deontais agus an gealltanas d’oibrithe nach bhfuil mórán de rogha eile acu ach glacadh le cac na mbainisteoirí – nach bhfuil sé feiliúnach ná éifeachtach.

Ní aon ionadh é dúinn go raibh Príomhfheidhmeannach an Údaráis ag cosaint Randox le déanaí as an r-phost aineolach a seoladh ag impí ar dhaoine bheith ag cumarsáid i mBéarla amháin.

Níl taifead acu ar líon na saraíochtaí mar níl siad ag iarraidh go mbeadh an t-eolas sin ar fáil go poiblí, ná bíodh aon dabht faoi.

Tá sé in am do na Gaeil seilbh a ghlacadh ar a dtodhchaí féin seachas a bheith ag brath ar chomhlachtaí caipitleacha. Níl cúis ar bith ann nach bhféadfaí na tionscadail céanna Gallda a mbíonn an tÚdarás ag sodar ina dhiaidh a reáchtáil ar bhonn comharchumannach Gaelach.

Athaontú na hÉireann

Tá ceist athaontú na tíre go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. An tseachtain seo caite pléadh an cheist ar Claire Byrne Live ar RTÉ.

Ach, i ndáiríre, ó chinn an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine teorainn eacnamaíochta na tíre a lonnú i Muir na hÉireann, tá an cheist ag dó na geirbe do na haontachtóirí ó Thuaidh níos mó ná riamh roimhe.

Go dtí seo, tá an dioscúrsa tar éis a bheith an-chúng. Tá béim ar cheisteannaí siombalacha, amhail bratachaí, amhráin náisiúnta agus teidil chumhachta ar nós Taoiseach agus Tánaiste.

Dealraíonn sé go bhfuil leithéidí Leo Varadkar sásta ísliú céime a thabhairt do stádas oifigiúil na Gaeilge. Is fiú an tseift seo aige a thuiscint i gcomhthéacs stráitéis páirtithe na heite deise ó Dheas.

Is mian le bunaíocht an Sé Chontae Fhichead neamhaird a dhéanamh do na buncheisteannaí socheacnamaíochta a spreagfaidh daoine chun an athaontaithe.

Ach, má tá an t-athaontú le tarlú ar aon chuma, b’fhearr leo go dtiocfadh stát Dhá Chontae is Tríocha nualiobralach ar an bhfód – stát ina mbeadh “meas” léirithe don “dá thraidisiún”, ach stát ina mbeadh an lámh in uachtar ag lucht an rachmais go fóill.

Mar is eol dúinn, ní dhearna Fine Gael ná Fianna Fáil faic ar son na Gaeltachta ná na Gaeilge leis na blianta anuas ach tua na gciorruithe a bhualadh anuas uirthi.

In’ ainneoin sin, beidh an dá dhream sásta leas a bhaint as ceist na teanga mar thicéad gill. Creidtear go sásófar sciar de na haontachtóirí má thugtar ísliú stádais don teanga.

I ndáiríre, na haontachtóirí sin atá chomh binbeach in aghaidh na Gaeilge, níl seans dá laghad go vótálfaidís ar son Éire Aontaithe ar aon chaoi. Ar an lámh eile, tá sciar den phobal aontachtach nach bhfuil i gcoinne na Gaeilge, nó atá ina bhfabhar fiú, mar a bhfeicimid ó obair Linda Ervine agus daoine eile nach í.

Shásódh bunreacht nua, ina mbeadh cearta ar chomhchéim ag dreamanna mionlaigh, an chuid sin den phobal aontachtach. Ní gá go mbeadh ísliú stádas don Ghaeilge i gceist ina leithéid de bhunreacht, ach go mbeadh sé soiléir nach sárófar “cearta” na n-aontachtóirí cloí leis an mBéarla más é sin a roghnaíonn siad.

Is mithid do na Gaeil teacht le chéile, na heagraíochtaí stáit ach go háirithe, chun dul i ngleic le hathaontú na tíre nó fágfar ar leataobh an teanga.

An rud atá de dhíth ná gluaiseacht ón mbun aníos a mbeadh ag éileamh Phoblacht na n-Oibrithe don stát nua – sé sin go mbeadh na hoibrithe i gceannas ar a láthair oibre agus go mbeadh córas daonlathach ann i dtaobh na cumhachta polaitiúla agus na teanga de.

Mar is eol dúinn, faraor, is mór an bhearna uaireanta idir an rud atá de dhíth agus an rud atá réadúil san am i láthair.

An rud a bhí soiléir ó chlár Claire Byrne, ná go raibh gach aon tuairim le cloisteáil ann ach tuairim an Chonghailigh agus tuairim an Chadhnaigh. Tá faitíos ar an mbunaíocht roimh an traidisiún sin.

Mar sin, cuirimis an traidisiún sin i lár an aonaigh.

Iarrfaimis córas sláinte uilíoch don tír ar fad, córas tithíochta poiblí faoi stiúir an stáit, cearta oibrithe feabhsaithe do chách, infheistiú ollmhór san infreastruchtúr glas, agus athdháileadh maoine ó chomhlachtaí móra ilnáisiúnta i dtreo na seirbhísí poiblí.

Iarrfaimis, anuas air sin, deireadh le ról na hEaglaise Caitlicí i gcúrsaí sláinte agus oideachais na tíre, deireadh leis an gcóras oideachais príobháideach, cearta ginmhillte don tír, cearta féiniúlachta, agus cothromaíocht pá.

Tá dualgas orainn iarracht a dhéanamh an dioscúrsa a stiúradh sa chaoi is go mbíonn cur agus cúiteamh faoi na nithe forásacha seo.

Is ionainn féin atá an chumhacht, ní in achainíocha

Tá tacaíocht á lorg d’achainí nua, a bhfuil baint aige le pobal na Gaeltachta, le roinnt laethantaí anuas. Is ar shuíomh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (European Citizens’ Initiative) atá an achainí.

De réir na hachainí seo, bheadh tacaíocht agus maoiniú breise ag dul do réigiún áirithe san Eoraip a bhfuil tréithe áirithe cultúrtha ag baint leo, an Ghaeltacht sa chás seo, dá nglacfaí leis na hathruithe dlí atá mollta ann.

Cé, ar ndóigh, go bhfuil muide i Misneach go láidir den tuairim go dteastaíonn tuilleadh infheistíochta agus cumhachta ón nGaeltacht, tá amhras mór orainn faoi chultúr na n-achainí gur léir dúinn a bhfuil greim aige ar ghluaiseacht na Gaeilge.

Cé go bhfuil Misneach tar éis roinnt achainí a scaoileadh i gcaitheamh na mblianta chun tacú le feachtais a tháinig ón mbun aníos ó phobal na Gaeltachta, ní chreideann muid go mbaineann aon achainí amach an méid a theastaíonn.

Níl aon cheo níos laige mar uirlis pholaitiúil ná achainí. Níor athraigh aon achainí a dhath a riamh agus ní athróidh choíche.

“Pressure valves” atá iontu leis an tuiscint a thabhairt do dhaoine go bhfuil siad i mbun agóidíochta nuair nach bhfuil.

Maidir leis an achainí áirithe seo atá dírithe ar an Aontas Eorpach agus stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta mar mhionlach le cearta áirithe laistigh den aontas sin, b’fhiú bheith airdeallach ar impleachtaí na hídé-eolaíochta a thagann leis an “mionlú”.

Is sna 1970idí a ghlac Stát an Sé Chontae Fhichead ballraíocht san Aontas Eorpach. Ní aon comhtharlúint é gur caitheadh togra na hathbheochana i dtraipisí go hiomlán ag an tráth céanna.

Bhain rialtas BÁC leas as ídé-eolaíocht an Aontais Eorpaigh, a dhírigh ar chearta teangacha mionlaithe, chun neamhaird a dhéanamh ar an  bhfíor-athbheochan agus athdháileadh cumhachta a bhí, agus atá, de dhíth chun go slánófar an Ghaeltacht agus an teanga.

Feictear anois le meath leanúnach na Gaeltachta, nach aon mhaith i ndáiríre na cearta mionlaigh seo mura bhfuil an stát sásta fíordhaonlathas a thabhairt don chosmhuintir inti.

I ndeireadh na dála, teastaíonn clampar má tá cluas éisteachta uainn ó uasaicme atá ar nós cuma liom faoin gcosmhuintir, sin nó (níos fearr aríst!) gníomh díreach le tarraingt ar ár son féin.

Sraith alt: #4 Banc na hÉireann ag tapú deis na Géarchéime Corónaí

Sa tsraith alt seo breathnófar ar impleachtaí na géarchéime corónaí. An uair seo caithfear súil ar Ghaeltacht Thír Chonaill.

Le blianta anuas, tá muid ag caint anseo i nGaeltacht Dhún na nGall faoin dochar atá déanta don cheantar seo ó thit an tóin as an gheilleagar i 2008.

Ó shin, druideadh óstáin, cailleadh jabanna, d’imigh comhlachtaí amach as an Eastát Gnó ar an Screabán, chaill muid cúig oifig poist agus dhruid an AIB an chraobh a bhíodh acu i nGaoth Dobhair.

Anois tá géarchéim an choróinvíris againn agus níl a fhios againn cé hiad na himpleachtaí a bheas aige sin ar shaol an cheantair seo.

Ach thug Banc na hÉireann leideadh dúinn ar an chineál rud atá romhainn mar phobal.

Cúpla lá i ndiaidh do dhaoine toiseacht ar an scaradh sóisialta, d’fhógair siad go raibh siad ag druid cúig chraobh bheag i gContae Dhún na nGall, craobh an Bhun Bhig ina measc.

Ar ndóigh, dúirt siad gur rud sealadach a bhí ann ach is beag duine sa cheantar seo a chreidfeadh iad. Mar níl an dara rogha acu. Is tionscnamh caipitileach é Banc na hÉireann agus ní thuigeann siad ach an rud amháin – brabach.

Mar sin de, má fheiceann siad go bhfuil siad ag déanamh níos mó airgid de thairbhe go bhfuil craobhacha beaga tuaithe druidte, cén fáth go bhfosclódh siad arís iad nuair atá an ghéarchéim seo thart?

Beidh sé mar an gcéanna ar fud na tíre. Bainfidh na caipitiligh úsáid as achan chleas le brabach a gcomhlachtaí a mhéadú agus tiocfaidh an stát lena dtarrtháil má tá siad i bponc.

Tabharfar reachtaíocht éigeandála isteach leis an córas a chosaint agus titfidh sé orainne seasamh ina éadan.

De réir mar a théann an ghéarchéim seo ar aghaidh, beidh cur i gcéill an stáit níos soiléire.

Tá cuid de feicthe againn cheana féin. Polaiteoirí ag moladh oibreannaí sa tseirbhís sláinte nuair a dhiúltaigh siad pá ceart a thabhairt daofa roimhe seo. Dualgaisí troma ag titim ar oibreannaí siopa nach bhfuil fiú conradh ceart oibre acu. Éiríonn liosta na fimíneachta níos faide in aghaidh an lae.

Tá sé soiléir anois do achan duine nach bhfuil an córas caipitileach ábalta réiteach a fháil ar an ghéarchéim seo mar ní thuigeann siad an tábhacht atá le pobal láidir, buan, inmharthana.

Ach tuigeann muidne.

Cha dtig linn pilleadh ar an dóigh a bhí rudaí.

Tá domhan úr le tógáil againn.

As Gníomh Tig Dóchas 

Tá go leor sa nuacht le déanaí a chráfadh do chroí. Ón coup sa Bholaiv go loscadh na hAmasóine sa Bhrasaíl. Ó mhórshiúilta faisisteacha sa Pholainn go coirloscadh sionagog i Meiriceá. Ó shlad i nGaza go slad sa Chordastáin. 

Ó champaí géibhinn sa tSín go campaí géibhinn sna Stáit. Tá an domhan ina chíor thuathail. Sin gan trácht ar neamhghníomhaíocht rialtais an domhain ar an ghéarchéim aeráide, rud a chuireann todhchaí an chine dhaonna féin i mbaol.

Tá ár seanfhadhbanna céanna ag Gaeil na hÉireann fosta – imeallú na teanga agus lucht a labhartha, rialtais atá fuar linn ar an lá is fearr ó dheas agus mioscaiseach féin linn ó thuaidh i dtólamh. 

Ar a mhullach sin tá an Ghaeltacht á bánú ag córas eacnamaíoch a mhairfidh fad agus a dhéanann sé brabús d’uasaicme na tíre. 

Is é an córas seo a d’fhág 10,264 duine, ag am a scríofa, gan teach ná dídean sa tír seo. Is é an córas céanna atá ag lúbadh ár seirbhísí slándála go pointe a mbriste.

Chan aon ionadh go bhfuil go leor daoine in ísle brí na laethanta seo. Cad é a thig le duine aonair a dhéanamh i gcoinne córais den chineál seo?

Go leor rudaí, mar a tharlaíonn sé.

Tugadh uchtach dúinn uilig nuair a foilsíodh pictiúr de chótaí fágtha ar Dhroichead na Leathphighne i mBaile Átha Cliath leis an mhána “tóg ceann más gá, fág ceann más féidir”, scríofa i mBéarla air. 

Cúis eile uchtaigh a bhí sa tacaíocht a fuair an feachtas seo, lena haischlib #WarmForWinter, ón phobal trí chéile. Gníomh as an ghnách a bhí ann a mheabhraigh dúinn uilig nach gá glacadh leis na cúinsí troma ina bhfuil muid fá láthair.

Fuair mo phobal féin, Cloich Chionnaola, ugach mór de shórt eile le déanaí nuair a bunaíodh dhá fhéile úra sa cheantar. Eagraíodh Féile Nasc na nGael i Mí na Samhna, tráth a dtáinig Gaeil as Albain anall chun a gcultúr agus a dteanga a roinnt linn. 

Eagrófar an chéad fhéile eile in Albain agus táthar ag súil go rachaidh Gaeil Thír Chonaill anonn fána coinne.

Tá sprioc dhifriúil ag Féile Scéalaíochta na Glaise, a bhí ar siúl ar an 13-14 Nollaig. Is é sin, traidisiún na scéalaíochta a athneartú agus a chur i lár an aonaigh aríst sa cheantar.

Tá ceacht in san fheachtas agus sna féilte thuasluaite seo don té a mhothaíonn nach bhfuil aon chumhacht ná tionchar acu ar fhadhbanna a phobail. Obair duine aonair nó grúpa fíorbheag ba chúis leo, rud a mheabhraíonn dúinn nach bhfuil gá le gluaiseacht ollmhór chun gníomh éifeachtach díreach a dhéanamh. 

Ina theannta sin, léiríonn siad nach tábhachtaí fadhb a réiteach ná rud inteacht níthiúil a dhéanamh fá dtaobh de.

Ní chuirfidh feachtas #WarmForWinter deireadh leis an ghéarchéim títhíochta ach chuir sé an cheist sin i mbéal an phobail aríst agus thug sé slí shoiléir, níthiúil do dhaoine rud inteacht a dhéanamh a chuideodh go díreach le daoine gan dídean fad agus a léirigh sé do na daoine céanna nach bhfuil dearmad iomlán déanta ag an saol mhór orthu. 

Spreag sé dóchas ionainn uilig.

Tá na féilteacha nuabhunaithe ag déanamh amhlaidh do mo phobal féin i gCloich Chionnaola. Pobal atá bánaithe ag an imirce is ea muid. Fothoradh den bhánú chéanna is ea an scrios atá déanta ar ghréasáin shóisialta an cheantair, rud a chuireann nósanna agus traidisiúin na háite i mbaol. 

Seanscéal agus meirg air is ea é seo sna ceantair Ghaeltachta agus níl réitiú simplí air.

Ba dheacair a shéanadh áfach go ndéanfaidh an dá fhéile seo an pobal, agus a ngréasáin shóisialta, a neartú agus go dtabharfaidh siad uchtach do phobal atá faoi chois le fada. 

Ní cóir beag is fiú a dhéanamh de sin. Tá súil agam féin go spreagfaidh siad pobail Ghaelacha eile féilte beaga úra a chur ar an fhód fosta.

Má fhágann fadhbanna móra an domhain in ísle brí thú, a chomradaí, níl leigheas níos fearr ann ná aicsean. Tá na mílte rud ann a thig linn a dhéanamh agus más gnímh bheaga féin iad, is fearrde iad ná bheith ag suí ar ár dtóineanna gan a dhath a dhéanamh.

Tusa a thuigeann riachtanais do phobail. Is tusa, mar sin, an duine is fearr an gníomh a dhéanamh a thacóidh leis an phobal chéanna.

Uchtach, mar sin, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic. Gineann gníomh dóchas. Spreagann sé daoine eile chun aicsin. 

Mar sin a chruthaítear meitheal, mar sin a neartaítear pobal, agus mar sin a thabharfar faoi na dúshláin mhóra atá romhainn – moll daoine difriúla ag obair ar scáth a chéile, moll gníomhartha beaga a bhainfeas athruithe móra amach.

Uchtach, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic.

Alt scríofa ag Sam Ó Fearraidh