Athaontú na hÉireann

Athaontú na hÉireann

Tá ceist athaontú na tíre go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. An tseachtain seo caite pléadh an cheist ar Claire Byrne Live ar RTÉ.

Ach, i ndáiríre, ó chinn an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine teorainn eacnamaíochta na tíre a lonnú i Muir na hÉireann, tá an cheist ag dó na geirbe do na haontachtóirí ó Thuaidh níos mó ná riamh roimhe.

Go dtí seo, tá an dioscúrsa tar éis a bheith an-chúng. Tá béim ar cheisteannaí siombalacha, amhail bratachaí, amhráin náisiúnta agus teidil chumhachta ar nós Taoiseach agus Tánaiste.

Dealraíonn sé go bhfuil leithéidí Leo Varadkar sásta ísliú céime a thabhairt do stádas oifigiúil na Gaeilge. Is fiú an tseift seo aige a thuiscint i gcomhthéacs stráitéis páirtithe na heite deise ó Dheas.

Is mian le bunaíocht an Sé Chontae Fhichead neamhaird a dhéanamh do na buncheisteannaí socheacnamaíochta a spreagfaidh daoine chun an athaontaithe.

Ach, má tá an t-athaontú le tarlú ar aon chuma, b’fhearr leo go dtiocfadh stát Dhá Chontae is Tríocha nualiobralach ar an bhfód – stát ina mbeadh “meas” léirithe don “dá thraidisiún”, ach stát ina mbeadh an lámh in uachtar ag lucht an rachmais go fóill.

Mar is eol dúinn, ní dhearna Fine Gael ná Fianna Fáil faic ar son na Gaeltachta ná na Gaeilge leis na blianta anuas ach tua na gciorruithe a bhualadh anuas uirthi.

In’ ainneoin sin, beidh an dá dhream sásta leas a bhaint as ceist na teanga mar thicéad gill. Creidtear go sásófar sciar de na haontachtóirí má thugtar ísliú stádais don teanga.

I ndáiríre, na haontachtóirí sin atá chomh binbeach in aghaidh na Gaeilge, níl seans dá laghad go vótálfaidís ar son Éire Aontaithe ar aon chaoi. Ar an lámh eile, tá sciar den phobal aontachtach nach bhfuil i gcoinne na Gaeilge, nó atá ina bhfabhar fiú, mar a bhfeicimid ó obair Linda Ervine agus daoine eile nach í.

Shásódh bunreacht nua, ina mbeadh cearta ar chomhchéim ag dreamanna mionlaigh, an chuid sin den phobal aontachtach. Ní gá go mbeadh ísliú stádas don Ghaeilge i gceist ina leithéid de bhunreacht, ach go mbeadh sé soiléir nach sárófar “cearta” na n-aontachtóirí cloí leis an mBéarla más é sin a roghnaíonn siad.

Is mithid do na Gaeil teacht le chéile, na heagraíochtaí stáit ach go háirithe, chun dul i ngleic le hathaontú na tíre nó fágfar ar leataobh an teanga.

An rud atá de dhíth ná gluaiseacht ón mbun aníos a mbeadh ag éileamh Phoblacht na n-Oibrithe don stát nua – sé sin go mbeadh na hoibrithe i gceannas ar a láthair oibre agus go mbeadh córas daonlathach ann i dtaobh na cumhachta polaitiúla agus na teanga de.

Mar is eol dúinn, faraor, is mór an bhearna uaireanta idir an rud atá de dhíth agus an rud atá réadúil san am i láthair.

An rud a bhí soiléir ó chlár Claire Byrne, ná go raibh gach aon tuairim le cloisteáil ann ach tuairim an Chonghailigh agus tuairim an Chadhnaigh. Tá faitíos ar an mbunaíocht roimh an traidisiún sin.

Mar sin, cuirimis an traidisiún sin i lár an aonaigh.

Iarrfaimis córas sláinte uilíoch don tír ar fad, córas tithíochta poiblí faoi stiúir an stáit, cearta oibrithe feabhsaithe do chách, infheistiú ollmhór san infreastruchtúr glas, agus athdháileadh maoine ó chomhlachtaí móra ilnáisiúnta i dtreo na seirbhísí poiblí.

Iarrfaimis, anuas air sin, deireadh le ról na hEaglaise Caitlicí i gcúrsaí sláinte agus oideachais na tíre, deireadh leis an gcóras oideachais príobháideach, cearta ginmhillte don tír, cearta féiniúlachta, agus cothromaíocht pá.

Tá dualgas orainn iarracht a dhéanamh an dioscúrsa a stiúradh sa chaoi is go mbíonn cur agus cúiteamh faoi na nithe forásacha seo.