Tag Archive : Gaeilge

Ní Mór Seasamh le Kneecap

Mar Ghaeil, mar dhaoine daonna a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín, ní mór dúinn seasamh le Kneecap. Tá an grúpa faoi ionsaí i láthair na huaire, ní hamháin ó na mórmheáin chorparáideacha sheoiníneacha agus Shíónacha, ach, ó stát na Breataine chomh maith.

Tá “aonad sceimhlitheoireachta” i  measc póilíní Shasana ag fiosrú ar chóir an banna a ionchúiseamh i ngeall ar “thacaíocht a léiriú leis an sceimhlitheoireacht”. Agus deir an Príomh-Aire, “Sir” Keir Starmer, go bhfuil sé “ceart” go mbreathnódh na póilíní ar ráitis a rinne Kneecap.

Níor deineadh aon imscrúdú ar Starmer féin nuair a d’áitigh sé go raibh sé “de cheart ag Iosrael” uisce na bPalaistíneach a ghearradh.

Tá seantaithí ag muintir na hÉireann, ach go háirithe Éireannaigh na Sé Chontae, ar chleasanna salacha stát Shasana. Bhí an cogadh sna Sé Chontae ó 1969 ar aghaidh breac le brathadóirí agus gníomhairí rúnda státchóras Shasana a d’fheidhmigh i gcoinne saoirse na tíre, mar a léiríonn cáipéisí agus fianaise atá á scaoileadh le blianta beaga anuas.

Ó chuala aos óig SAM teachtaireacht Kneecap ar son na Palaistíne ag féile cheoil Coachella, tá fórsaí antoisceacha ag feidhmiú ina gcoinne.

Tá saoirse cainte na n-ealaíontóirí i gcoitinne i mbaol. Shínigh scata bannaí agus ceoltóirí (ina theannta, Christy Moore, Damien Dempsey, Massive Attack, Primal Scream) ráiteas a thacaíonn le cead cainte bannaí cheoil, agus ba chóir fáiltiú roimhe sin, óir is cosúil go bhfuil lucht rachmais an tionscail cheoil sásta Kneecap a “chealú”.

An rud is measa faoi seo ná go bhfuil aird á dhíriú ar ráitis banna ag ceolchoirmeacha a tharla roinnt blianta ó shin seachas ar an slad atá ar bun ag Iosrael sa Phalaistín anois díreach. Is mithid neamhaird a dhéanamh den aos polaitiúil agus tacú le seasamh Kneecap a cháineann gníomhaíochtaí Iosrael.

As Gaels, as human beings who oppose the genocide in Palestine, we must stand with Kneecap. The group is currently under attack, not only from the Shoneen and Zionist corporate media, but also from the British state.

A “counter-terrorism unit” within the English police is investigating whether the band should be prosecuted for “expressing support for terrorism.” And the Prime Minister, “Sir” Keir Starmer, has said it is “right” that police should examine statements made by Kneecap.

No investigation was carried out into Starmer himself when he claimed that it was “Israel’s right” to cut off Palestinian water supplies.

The Irish people — especially those from the Six Counties — are well acquainted with the dirty tricks of the British state. The war in the Six Counties from 1969 onwards was riddled with informers and secret agents from the British state apparatus who acted against the country’s freedom, as documents and evidence released in recent years have shown.

Since young people in the U.S. heard Kneecap’s message in support of Palestine at the Coachella music festival, extremist forces have been operating against them. The freedom of speech of artists in general is under threat.

A host of bands and musicians (among them Christy Moore, Damien Dempsey, Massive Attack, and Primal Scream) signed a statement supporting the free expression of musical groups, and that should be welcomed — because it seems the wealthy elite of the music industry are willing to “cancel” Kneecap.

The worst part of all this is that attention is being focused on statements made by the band at concerts several years ago rather than on the slaughter currently being carried out by Israel in Palestine. It’s high time we ignored the political establishment and supported Kneecap’s stance condemning Israel’s actions.

Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath?

Ag an bpléphainéal tábhachtach seo, pléifear na deiseanna, na castachtaí, na constaicí agus na féidearthachtaí a bhainfeadh le lonnaíocht lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath.

Tá a leithéid déanta cheana féin i mBéal Feirste agus i gCorcaigh agus tá na scéalta sin agus go leor cinn eile scrúdaithe go mion ag ár bpríomh-aoichainteoir Ciarán Dunbar, ina leabhar uathúil “Síolta”.

Beidh ionadaithe ó CATU, Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Conradh na Gaeilge ar an bpainéal chomh maith. Tá níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná áit ar bith eile ar domhain, mar sin cén fáth nach bhféadfadh muidne amhlaidh a dhéanamh anseo?

Céard a theastódh lena a leithéid d’fheachtas a thógáil? an mbeadh sé indéanta? Cén fáth ar éirigh nó nár éirigh le hiarrachtaí eile? Cé na céimeanna a bheadh le tógáil?Pléifear na ceisteanna sin uilig go léir agus tuilleadh nach iad ag an ócáid seo.

Mar sin, más mian leat do shaol a chaitheamh trí-Ghaeilge, gasúir a thógáil le Gaeilge, nó an teanga a chur chun cinn san ardchathair, bí linn!

As Gníomh Tig Dóchas 

Tá go leor sa nuacht le déanaí a chráfadh do chroí. Ón coup sa Bholaiv go loscadh na hAmasóine sa Bhrasaíl. Ó mhórshiúilta faisisteacha sa Pholainn go coirloscadh sionagog i Meiriceá. Ó shlad i nGaza go slad sa Chordastáin. 

Ó champaí géibhinn sa tSín go campaí géibhinn sna Stáit. Tá an domhan ina chíor thuathail. Sin gan trácht ar neamhghníomhaíocht rialtais an domhain ar an ghéarchéim aeráide, rud a chuireann todhchaí an chine dhaonna féin i mbaol.

Tá ár seanfhadhbanna céanna ag Gaeil na hÉireann fosta – imeallú na teanga agus lucht a labhartha, rialtais atá fuar linn ar an lá is fearr ó dheas agus mioscaiseach féin linn ó thuaidh i dtólamh. 

Ar a mhullach sin tá an Ghaeltacht á bánú ag córas eacnamaíoch a mhairfidh fad agus a dhéanann sé brabús d’uasaicme na tíre. 

Is é an córas seo a d’fhág 10,264 duine, ag am a scríofa, gan teach ná dídean sa tír seo. Is é an córas céanna atá ag lúbadh ár seirbhísí slándála go pointe a mbriste.

Chan aon ionadh go bhfuil go leor daoine in ísle brí na laethanta seo. Cad é a thig le duine aonair a dhéanamh i gcoinne córais den chineál seo?

Go leor rudaí, mar a tharlaíonn sé.

Tugadh uchtach dúinn uilig nuair a foilsíodh pictiúr de chótaí fágtha ar Dhroichead na Leathphighne i mBaile Átha Cliath leis an mhána “tóg ceann más gá, fág ceann más féidir”, scríofa i mBéarla air. 

Cúis eile uchtaigh a bhí sa tacaíocht a fuair an feachtas seo, lena haischlib #WarmForWinter, ón phobal trí chéile. Gníomh as an ghnách a bhí ann a mheabhraigh dúinn uilig nach gá glacadh leis na cúinsí troma ina bhfuil muid fá láthair.

Fuair mo phobal féin, Cloich Chionnaola, ugach mór de shórt eile le déanaí nuair a bunaíodh dhá fhéile úra sa cheantar. Eagraíodh Féile Nasc na nGael i Mí na Samhna, tráth a dtáinig Gaeil as Albain anall chun a gcultúr agus a dteanga a roinnt linn. 

Eagrófar an chéad fhéile eile in Albain agus táthar ag súil go rachaidh Gaeil Thír Chonaill anonn fána coinne.

Tá sprioc dhifriúil ag Féile Scéalaíochta na Glaise, a bhí ar siúl ar an 13-14 Nollaig. Is é sin, traidisiún na scéalaíochta a athneartú agus a chur i lár an aonaigh aríst sa cheantar.

Tá ceacht in san fheachtas agus sna féilte thuasluaite seo don té a mhothaíonn nach bhfuil aon chumhacht ná tionchar acu ar fhadhbanna a phobail. Obair duine aonair nó grúpa fíorbheag ba chúis leo, rud a mheabhraíonn dúinn nach bhfuil gá le gluaiseacht ollmhór chun gníomh éifeachtach díreach a dhéanamh. 

Ina theannta sin, léiríonn siad nach tábhachtaí fadhb a réiteach ná rud inteacht níthiúil a dhéanamh fá dtaobh de.

Ní chuirfidh feachtas #WarmForWinter deireadh leis an ghéarchéim títhíochta ach chuir sé an cheist sin i mbéal an phobail aríst agus thug sé slí shoiléir, níthiúil do dhaoine rud inteacht a dhéanamh a chuideodh go díreach le daoine gan dídean fad agus a léirigh sé do na daoine céanna nach bhfuil dearmad iomlán déanta ag an saol mhór orthu. 

Spreag sé dóchas ionainn uilig.

Tá na féilteacha nuabhunaithe ag déanamh amhlaidh do mo phobal féin i gCloich Chionnaola. Pobal atá bánaithe ag an imirce is ea muid. Fothoradh den bhánú chéanna is ea an scrios atá déanta ar ghréasáin shóisialta an cheantair, rud a chuireann nósanna agus traidisiúin na háite i mbaol. 

Seanscéal agus meirg air is ea é seo sna ceantair Ghaeltachta agus níl réitiú simplí air.

Ba dheacair a shéanadh áfach go ndéanfaidh an dá fhéile seo an pobal, agus a ngréasáin shóisialta, a neartú agus go dtabharfaidh siad uchtach do phobal atá faoi chois le fada. 

Ní cóir beag is fiú a dhéanamh de sin. Tá súil agam féin go spreagfaidh siad pobail Ghaelacha eile féilte beaga úra a chur ar an fhód fosta.

Má fhágann fadhbanna móra an domhain in ísle brí thú, a chomradaí, níl leigheas níos fearr ann ná aicsean. Tá na mílte rud ann a thig linn a dhéanamh agus más gnímh bheaga féin iad, is fearrde iad ná bheith ag suí ar ár dtóineanna gan a dhath a dhéanamh.

Tusa a thuigeann riachtanais do phobail. Is tusa, mar sin, an duine is fearr an gníomh a dhéanamh a thacóidh leis an phobal chéanna.

Uchtach, mar sin, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic. Gineann gníomh dóchas. Spreagann sé daoine eile chun aicsin. 

Mar sin a chruthaítear meitheal, mar sin a neartaítear pobal, agus mar sin a thabharfar faoi na dúshláin mhóra atá romhainn – moll daoine difriúla ag obair ar scáth a chéile, moll gníomhartha beaga a bhainfeas athruithe móra amach.

Uchtach, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic.

Alt scríofa ag Sam Ó Fearraidh