Tag Archive : Gaeilge na hAlban

“Sárú barbartha ar gach dlí” – Ár Ghleann Comhann, 1692

Tharla Ár Ghleann Comhann ar an 13 Feabhra 1692. Tá sé ar cheann de na himeachtaí is mó scannal i stair na hAlban agus cuimhnítear air go fóill. Tharla an t-ár i ngleann iargúlta Ghleann Comhann, áit a raibh craobh de Chlann Mhic Dhòmhnaill ina gcónaí, le linn tréimhse corraithe polaitiúil i ndiaidh na Réabhlóide Glórmhaire.

I ndiaidh dhíbirt an rí Chaitlicigh Séamas VII na hAlban, Séamas II Shasana, in 1688, tháinig an lánúin Phrotastúnach Liam III (nó Liam Oráiste, mar is fearr aithne air) agus Máire II i gcomharba air.

D’éiligh siad ar gach taoiseach fine sna Garbhchríocha mionn dílseachta a thabhairt faoin 1 Eanáir 1692, le pardún mar chúiteamh. Chuir go leor finte, Fine Mhic Dhòmhnaill Ghleann Comhann san áireamh, an mionn siar, ag fanacht le cead ó Shéamas VII ar dtús. Ní bhfuair siad an cead sin go dtí deireadh mí na Nollag 1691.

Rinne Alasdair MacIain, taoiseach Fhine Mhic Dhòmhnaill i nGleann Comhann, iarracht an spriocdháta don mhionn a bhaint amach nuair a chuaigh sé go dtí an Gearasdan chun an mionn a thabhairt.

Ní raibh breitheamh ar fáil ann, mar sin chuaigh sé go hInbhir Aora, áit ar thug sé an mionn ar an 6 Eanáir; tar éis an dáta oifigiúil. Mar sin féin, shocraigh an rialtas, go háirithe an Rúnaí Stáit Sir John Dalrymple, slad a dhéanamh ar Fhine Mhic Dhòmhnaill chun scéin a chuir ar na finte “mídhílse” uilig.

Ag deireadh mhí Eanáir 1692, tháinig timpeall 120 saighdiúir ó Reisimint Iarla Argyll, faoi cheannas an Chaptaein Robert Campbell as Gleann Lìomhann, go Gleann Comhann ag ligean orthu go raibh siad ag bailiú cánacha. De réir nósanna fáilteachais na nGarbhchríoch, chuir Fine Mhic Dhòmhnaill lóistín ar fáil dóibh.

Ar an oíche roimh an ár, tugadh orduithe gach duine faoi bhun 70 bliain d’aois a mharú. Maidin an 13 Feabhra, tosaíodh ar an slad. Maraíodh 38 duine agus bhí taoiseach an fhine, MacIain, i measc na marbh. Theith cuid mhór eile isteach sna sléibhte fuara, agus fuair roinnt acu bás den fhuacht. 

Scaipeadh an nuacht faoin ár go forleathan agus chuir sé fearg ar an bpobal. Bhraith go leor ag an am gur sárú gránna ar nósanna óstachta na nGael a bhí san ár.

In 1695, rinne Coimisiún Imscrúdaithe Pharlaimint na hAlban cur síos ar an eachtra mar rud mídhleathach agus éagórach. Níor gearradh pionós ceart ar an gcuid is mó de na daoine a bhí freagrach riamh, agus chuir an eachtra leis an gcoimhlint idir na finte Gaelacha agus an rialtas lárnach.

Ba shiombail d’fheall rialtais Ár Ghleann Comhann den chos ar bolg ar na finte, rud a spreag tuilleadh tacaíochta don ghluaiseacht Sheacaibíteach. 

Dúirt an file Albanach William Edmondstoune Aytoun agus é ag scríobh faoin ár sa naoú haois déag:

“Is eachtra é Ár Ghleann Comhann nach féidir agus nach cóir dearmad a dhéanamh air. Ba ghníomh den tréas agus den chruálacht is measa é – ba shárú barbartha ar gach dlí é, daonna nó diaga; agus léiríonn sé ina bhfealltacht is lofa fíorthréithe údair agus neartaitheoirí Réabhlóide”.

Léirmheas scannáin: Iorram

Is fada ó chonacsa aon scannán agus go raibh sé le rá agam ina dhiaidh gurbh é ab fhearr riamh a bhí feicthe agam. Ag Iorram feasta an gradam aibhéileach san uaimse. Is í Gaeilge na hAlban teanga an scannáin agus ‘amhrán iomartha’ is ciall leis an bhfocal ‘iorram’ sa teanga san. An fonn a ghabhann leis ‘An Cailín Álainn’, mar shampla, is amhlaidh a tógadh é sin an chéad lá ó ‘iorram’ Albanach darb ainm Mingulay Boat Song. B’shin a raibh d’eolas agam i dtaobh Iorram roimh shocrú isteach go cluthar cois tine á fhaire, pé scéal é. 

An chéad rud a rith liom faoi Iorram ansan ná a dheacra a bhí sé Gàidhlig na n-iascairí a thuiscint – níor dhealraitheach a gcuid cainte lena bhfuilimse i dtaithí ó bheith ag éisteacht go rialta le BBC Radio nan Gàidheal nó bheith ag féachaint ar BBC Alba. Agus ba ghearr gur oibríos amach cúis mo dheacrachta. Cé gur íomhánna ardchaighdeáin de Ghàidhealtachd chomhaimseartha na hAlban a cuireadh ar scáileán dúinn, is seana-thaifeadtaí béaloideasúla go léir iad na taifeadtaí atá le clos againn. Ó Inse Gall ab ea na faisnéiseoirí, i lár an fichiú haois a cuireadh faoi agallamh iad.

Ambaiste féin, oiread saibhris ná oiread líofachta, níor chuala riamh ag aon chainteoir Gàidhlig ar an gcuma san. Agus d’fhág san i dtuilleamaí na bhfo-theideal (cruinn) Gàidhlig mise don gcuid is mó. Fo-theidil Ghearmáinis, Fhraincise, Spáinnise, Iodáilise, agus Bhéarla ar fáil, leis. Ba dhóigh leat gurbh iad na Ceiltigh is mó a bheadh ag féachaint ar Iorram. Ba dheas mar sin dá mba rud é go mbeadh teacht ar fho-theidil Bhreatnaise agus ar fho-theidil Ghaeilge – agus tuigtear dom go bhfuil TG4 i mbun an scéil sin a chur ina cheart i láthair na huaire

Seanchas na hiascaireachta a fhaighimid ó thús deireadh an scannáin mar sin. I gceann amháin de na hamhráin iomartha ann, faightear nod do sheana-cheangal na hAlban le Lochlainn i dtaca le loingseoireacht de. “Bàta beag bha uasal a fhuair mi aig na Suainich” [bád beag uasal a fuair mé ó na Sualannaigh] atá mar líne in ‘Bàta Beag Mo Rùin’, agus cuirtear tús le mír sheanchais eile leis an ráiteas “uaireigin an t-saoghail bhiodh Lochlannaich a’ tighinn le bàtaichean” [uair amháin, bhíodh Lochlannaigh ag teacht le báid]. Is an-deas mar a oiriúnaíonn cóiriú ceoil Aidan O’Rourke mar thionlacan ealaíonta do bhéalaithris Iorram

Insítear faoi eachtraí lán tubaiste, eachtraí lán grinn. Chuirfidís Tomás Ó Criomhthain agus An tOileánach i gcuimhne do dhuine, go mór mhór sna tagairtí do na muca mara. Ach tá taobh dorcha leis na heachtraí seo, faraor. Is beag scéal a insítear dúinn nach duine a bádh is príomhghné de. Faoi mar a dúirt faisnéiseoir amháin faoina shráidbhaile féin: “’S e bliadhna ainneamh nach robh iasgair air a chall” [is annamh an bhliain nár cailleadh iascaire]. Ní duairceas go dtí é. Ar théamaí móra eile an scannáin, tá an dúnmharú institiúideach agus imirce éigeantais. Agus tharlódh gur duine de dhiaspóra na hAlban é stiúrthóir Iorram féin: Alastair Cole de bhunadh na Nua-Shéalainne ach ar léáchtóir le scannánaíocht anois é in Ollscoil Newcastle, Sasana.

Is cumhachtach í an chodarsnacht atá cruthaithe anseo ag Cole, saoi scannánaíochta; is ea, tá codarsnacht shoiléir idir corraitheacht na n-eachtraí fadó a bhfuil cur síos ó bhéal orthu sa bhfuaimrian ar láimh amháin, agus ar an láimh eile, leimhe na Gàidhealtachd sa lá atá inniubh ann a bhfuil léargas le fáil uirthi ó radharcra glé ar an tírdhreach bánaithe – sráideanna cúnga ciúine, tábhairní folmha. An saol chomh steiriúil leis na ceimiceáin lena nglantar urláir na monarchana ina bpróiseáiltear táirgí éisc lena n-easportáil amach ar fud na Ríochta Aontaithe agus níos faide i gcéin aríst. 

Ach tá idir bhród agus bheocht le haithint ar fhianaise na gcainteoirí agus ar an líofacht Gàidhlig lena gcuireann siad iad féin iúl – líofacht nach féidir a fhorbairt ach trí pháirt a ghlacadh i bpobal dlisteanach teanga. Ainneoin ar fhulaingíodar, bhíodar lán de chroí agus d’aigne. Bhíodar fadcheannach chomh maith sa tslí is go raibh siad chun cinn ar roinnt den dioscúrsa éiceolaíoch atá i bhfad níos comónta anois lenár linn féin. Thug iascaire amháin suntas, mar shampla, don díothú a bhí déanta ar speiceas amháin scadáin: “dh’fhalbh an sgadan sin. Chan eil e ri fhaighinn an-diugh idir idir” [d’imigh an scadán sin. Níl sé le fáil inniu in aon chor]. Ní bheidh a leithéidí aríst ann, mar a déarfá.

Is tráthúil go deimhin pé machnamh a eascróidh as Iorram. Cinniúint an iascaire bhig, deineadh scéal mór do san agus cás á ullmhú ar son imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Agus tá cursaí iascaireachta ina gcnámh spairne riamh ó tugadh an Breatimeacht i gcrích ag tús na bliana, ach ní cosúil réiteach a bheith i ndán sa ghearrthéarma nua-liobrálach so.

Scannán iontach ar fad. Eiseamláir dar féidir a chur i gcrích ach úsáid chruthaitheach a bhaint as an mbunábhar eitneagrafaíoch atá ann. Ná bacaíg Seaspiracy in aon chor, féachaíg ar Iorram anocht!

~ An Dr. Seaghan Mac an tSionnaigh. Tá Seaghan ina aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach faoi láthair.