Tag Archive : Impiriúlachas

Céard é ceacht na staire maidir le polasaí géilleadh chun síthe?

Tá rialtas Donald Trump tar éis a chogaíocht agus an idirghabháil a threisiú ó ghlac sé cumhacht an bhliain seo caite. Tá líon na n-ionsaithe dróin atá á ndéanamh ag SAM sa Mheán-Oirthear imithe i líonmhaire.

Tá Trump tar éis seasamh gualainn ar ghualainn le Netanyahu agus na billiúin a chur ina threo chun cinedhíothú a chur i gcríoch sa Phalaistín. Tá sé tar éis Nicolás Maduro a fhuadach go mídhleathach. Tá sé tar éis bagairt go heacnamaíoch ar go leor tíortha.

Ní raibh gíog ná míog as ceannairí na hEorpa agus na gníomhartha seo uile ar bun ag Trump. Go deimhin, thacaigh siad le sárú an dlí idirnáisiúnta agus flaithis stáit nuair a d’fháiltigh siad roimh fhuadach Maduro. Ach, anois, iontas na n-iontas, tá bagairt á déanamh aige ar fhlaitheas tíre eile, an Ghraonlainn, atá dar ndóigh faoi smacht coilíneach na Danmhairge. Ach is scéal é sin d’am eile.

Is fiú súil a chaitheamh siar ar an stair, féachaint ar éirigh leis an gcineál cur chuige seo san am a chuaigh thart nuair a bhí “fear láidir”, faisisteach, i gcumhacht ar thír mhór chumhachtach. Is éard atá san fhaisisteachas ná an caipitleachas ag meath. Nuair a bhíonn géarchéim eacnamaíochta sa chaipitleachas éiríonn údarasaíochas as. Tá géarchéim ann i gcóras caipitleach Meiriceá de bharr na héagothromaíochta. 

Níl an córas in ann caighdeán saoil maith, córas leighis cothrom ná fostaíocht bhuan a sholáthar do thomháilteoirí (nó saoránaigh, más maith leat) na tíre a thuilleadh. Is é sin an phríomhchúis ábharaíoch le teacht in inmhe na heite deise i bhfad amach agus Trump i SAM. Tá cúiseanna cultúrtha, polaitiúla agus staire ann chomh maith dár ndóigh, ach is é an bhunfhadhb ná go bhfuil Trump tar éis “freagra” a thabhairt ar an teip seo. Tá sé tar éis bob a bhualadh ar go leor Meiriceánach ag maíomh go dtabharfadh sé dúshlán don chóras seo, cé gur caipitleach díograiseach agus billiúnaí é féin.

Fear eile a thug “freagra” simplí do dhream a bhí ag streachailt go heacnamaíoch i ndiaidh géarchéim chaipitleach dhomhanda, Spealadh Mór na 1930í, ná Adolf Hitler. Chuir Hitler an milleán ar na Giúdaigh go príomha, agus tuigeann muid an toradh a bhí air sin. Ach, níor tháinig Hitler i gcumhacht thar oíche agus níor éirigh leis an Ghearmáin a láidriú go míleata thar oíche ach oiread.

Ba pholasaí é géilleadh chun síthe a chuir an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc chun cinn, agus a bhí ar na cúiseanna ba mhó gur éirigh le Hitler an chuid is mó de Mhór-Roinn na hEorpa a fhorghabháil faoin mbliain 1940.

Theip ar an bpolasaí sin mar go ndearnadh beag is fiú de spriocanna Hitler, níor tuigeadh a straitéis, agus ligeadh don Ghearmáin bonn láidir míleata a chur faoi. Chreid an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc go bhféadfadh an polasaí an tsíocháin a chinntiú, ach a mhalairt a tharla agus spreagadh tuilleadh ionsaithe.

D’eascair an polasaí géilleadh chun síthe as slad an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cogadh caipitleach eile. Bhí an Bhreatain agus an Fhrainc, ainneoin gur bhuaigh siad an cogadh le cabhair Mheiriceá, fós ag athfhorbairt go heacnamaíoch agus go sóisialta. Creideadh go bhféadfaí rudaí áirithe a ghéilleadh go Hitler chun coimhlint eile a sheachaint. 

Dá dtabharfaí cead do Hitler “cúiseanna gearáin dlisteanacha” a réiteach, mar shampla leasú a dhéanamh ar Chonradh Versaille, bheadh bonn maith faoin tsíocháin ar an Mór-Roinn. Ach ba é an chiall a bhain Hitler as na lamháltais a tugadh dó ná gur buanna a bhí iontu agus go raibh an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc lag.

Ba bhliain chinniúnach í 1936. Rinne Hitler athmhíleatú ar Dhúiche na Réine. Bhí ceart dlíthiúil ag an bhFrainc idirghabháil a dhéanamh ach bhí siad idir dhá chomhairle. Ba é an chomhairle a thug an Ríocht Aontaithe ná seasamh siar.

D’admhaigh Hitler ar ball go dtarraingeodh sé fórsaí na Naitsithe amach as an gceantar dá mba rud é go ndearna an Fhrainc freasúra a léiriú. Ach, mar a tharla, thug an easpa freagra uchtach dó.

Ba é an Anschluss, aontú na hOstaire leis an nGearmáin, an chéad chor eile in 1938. Arís, níor glacadh aon seasamh ina choinne. Ina dhiaidh sin tharla an eachtra ba náirí, Comhaontú München in 1938.

Ghéill an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe d’éileamh Hitler an Sudentenland a ghabháil ar an tuiscint gurb é sin “an ghabháil dheireanach talaimh” a bheadh aige.

D’fhill Príomhaire na Ríochta Aontaithe, Neville Chamberlain, ar Londain agus d’fhógair gur baineadh amach “síocháin dár ré”. Ach ní raibh baol ar bith, faoin staid sin, go stopfadh Hitler ag leathnú ríogacht, nó reich, na Naitsithe.

Bhris Hitler Comhaontú München an bhliain dár gcionn, 1939, nuair a rinne sé forghabháil ar an gcuid eile den tSeicslóvaic. Ba é seo an tráth ar léiríodh gur teip iomlán a bhí sa pholasaí géilleadh chun síthe. Bhí sé soiléir, ar deireadh thiar thall, nach raibh teorainn le spriocanna Hitler agus nach bhféadfaí idirghabháil a dhéanamh leis. Theastaigh forlámhas uaidh agus b’in sin.

Ach go míleata agus go tíreolaíoch faoin tráth sin bhí an Ghearmáin tar éis leathnú amach, tuilleadh acmhainní a thógáil, agus buntáistí straitéiseacha a chruthú gan fiú urchar amháin a scaoileadh. 

Lagaigh an polasaí géilleadh chun síthe comhghuaillíochtaí a d’fhéadfadh forbairt chomh maith. Chonaic an tAontas Sóivéadach drochsheasamh na Fraince agus na  Ríochta Aontaithe i leith Hitler agus síníodh Comhaontú Molotov-Ribbentrop leis an nGearmáin i Lúnasa 1939, chun am a thabhairt do na Sóivéadaigh a bhfórsaí a réiteach chun cogaidh.

Nuair a chuaigh Hitler isteach sa Pholainn ar an 1 Meán Fómhair 1939, d’fhógair an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc cogadh ar an nGearmáin ar deireadh. Ach faoin tráth sin bhí an Ghearmáin i bhfad ní ba láidre ná mar a bheidís dá dtabharfaí freasúra ceart ón tús.

Theip ar an ngéilleadh chun síthe mar go raibh míthuiscint ann faoi idé-eolaíocht Hitler agus a thoilteanas leas a bhaint as an lámh láidir. Tá an ceacht soiléir. Ní éiríonn leis an ngéilleadh d’iompar bagrach leathnaithe. A mhalairt atá fíor, nuair a ghéilltear tugtar uchtach don té atá ag bagairt.

Géarchéim Chaipitleach Veiniséala sna 1980í agus 1990í 

Shamhlófá ó thuairiscí na mórmheáin go bhfuil gach aon duine i Veiniséala ar mhuin na muice de bharr gur fhuadaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Nicolás Maduro. Tá neart ama tugtha do na Veiniséalaigh a d’fhág an tír agus a chuaigh chun na hEorpa chun a dteachtaireachtaí a chraobhscaoileadh. 

De ghnáth is Veiniséalaigh atá saibhir iad an dream seo, agus tabharfar faoi deara gur Veiniséalaigh gheala iad seachas daoine de dhath nó bundúchasaigh atá i gcoitinne níos boichte agus gan an t-airgead acu dul ar imirce chun na hEorpa. 

Cibé ar bith, ceann de na miotais atá á chraobhscaoileadh ag na Veiniséalaigh shaibhre seo do mheáin cosúil le RTÉ, Dublin Live, The Irish Times agus araile ná go raibh Veiniséala “go breá” sna 1980í agus 90í sular tháinig Hugo Chávez i réim.

Ach dár ndóigh is scéal róshimplí é sin.

Sna 1970í ba stát cíosach bunaithe ar an ola é Veiniséala. Is éard atá i stát cíosach ná stát a bhraitheann ar ioncam ó acmhainn nach gá a tháirgeadh, sa chás seo ola, ach d’fhéadfaí stáit nó codanna de stáit eile a lua sa lá atá inniu ann i dtaobh na tithíochta agus na hola de chomh maith. 

Baineann an uasaicme ioncam nó saibhreas ón tír gan aon rud a chruthú agus ní fhorbraítear tionscail nó talmhaíocht dhúchasach. Braitheann an stát go mór mór ar ábhar a iompórtáil. Ceannaíonn meánaicme na cathrach an t-ábhar seo agus fásann an scoilt idir an chathair agus muintir na tuaithe. Déanann aicme ar leith, an aicme comprador, bainistiú ar an bpróiseas seo, agus fásann caimiléireacht thart ar an stát agus an aicme chéanna. 

I gcás Veiniséala sna 1970í, bhí comhlachtaí ola seachtracha chun cinn. Dhéanfaidís brabús ollmhór as acmhainn na tíre agus d’fhaigheadh sciar beag de mhuintir Veiniséala buntáiste as. Cé gur deineadh an tionscal ola a náisiúnú in 1976, d’fhan na struchtúir mar a bhí, na comhlachtaí ilnáisiúnta ag baint an tsaibhris agus an aicme comprador i mbun bainistiú ar an bpróiseas.

Nuair a chlis ar phraghas na hola go domhanda, tháinig na fadhbanna struchtúrtha i Veiniséala go cnámh na huillinne. Ar an lá a dtugtar Viernes Negro (an Aoine Dhubh) air, thit luch airgeadra na tíre, an bolívar, go leibhéal fíoríseal. 

Mar a deir Javier Corrales ina alt The Politics of Venezuela’s Economic Collapse don Latin American Research Review, a scríobhadh in 1997, scriosadh an miotas gur tír uathúil a bhí i Veiniséala an lá sin. Bhí an tír leochaileach i gcomhthéacs an chaipitleachais dhomhanda, go háirithe de bharr í a bheith go hiomlán spleách ar an ola. Glaonn Corralles “two lost decades” ar an bhfiche bliain i ndiaidh 1983.

Sna 1980í chuaigh an boilsciú in airde, thit an táirgiúlacht san Iarthar, agus bhí na milliúin daoine dífhostaithe. I Meiriceá Theas, sa mhullach air sin, bhí géarchéim fiacha i go leor tíortha. De bharr go raibh Veiniséala ag díol ola le tíortha an domhain, bhí baol ollmhór ann don tír.

D’ardaigh Paul Volcker, a bhí i gceannas ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Meiriceá, na rátaí úis chun dul i ngleic leis an mboilsciú. Ach d’ardaigh rátaí úis i ndeisceart an domhain chomh maith, rud nach raibh na tíortha sin in acmhainn a íoc. D’fhás fiacha na dtíortha go mór, chuaigh caipiteal thar lear, agus cuireadh an t-airgeadra faoi bhrú ollmhór. Sa chaoi seo, ba ghéarchéim é seo a tharla sna tíortha caipitleacha imeallacha. Cuireadh uallach an choigeartaithe dhomhanda ar na geilleagair spleácha.

I Veiniséala féin bhí an córas polaitiúil bunaithe ar na cíosanna as ola a dháileadh. Glaodh an punto fijo ar an socrú seo agus bhí an dá pháirtí Acción Democrática agus COPEI i gcumhacht. Nuair a thit an t-ioncam sin, níorbh ann do rogha eile idé-eolaíoch ná eacnamaíoch. Thit na rátaí pá, d’ardaigh an boilsciú agus d’fhás an bhochtaineacht as cuimse. Faoi dheireadh na 1980í, bhí an pobal dubh dóite leis an stát agus an córas polaitiúil mar a bhí.

Tháinig buille maraithe na muice in 1989, nuair a chuir an tUachtarán Carlos Adrés Pérez clár coigeartaithe nualiobrálach i bhfeidhm. Ba é seo comhthoil Washington. Bhrúigh státchiste na Stát Aontaithe, an Ciste Airgeadaíochta Domhanda agus an Banc Domhanda an coigeartú seo ar thíortha ar nós Veiniséala.

Mar is eol dúinn in Éirinn, i ndiaidh 2008, an toradh a bhí ar an bplean ná gur gearradh fóirdheontais, déanadh príobháidiú ar chomhlachtaí stáit, agus cuireadh an dírialáil ar mhaithe le gnólachtaí móra i bhfeidhm. Dúradh ag an am gur “nuachóiriú” a bhí anseo, ach is polasaithe déine ón mbarr anuas a bhí i gceist i Veiniséala na 1980í agus 1990í agus in Éirinn idir 2010 agus 2020.

Nuair a baineadh na fóirdheontais den bhreosla agus cúrsaí iompair i Veiniséala, d’éirigh lucht na cathrach amach i gcoinne an rialtais, éirí amach ar ar glaodh an Caracazo a tharla in 1989. Chuir an stát caipitlíoch an t-éirí amach faoi chois agus meastar go bhfuair tuairim is 5,000 duine bás.

Sna 1990í threisigh an chíor thuathail i Veiniséala, lena n-áirítear an ghéarchéim bhainc, tuilleadh fáis ar an éagothromaíocht, agus cliseadh an dá pháirtí pholaitiúla thraidisiúnta. 

Is sa chomhthéacs sin, comhthéacs ina raibh Veiniséala faoi chois ag fórsaí caipitlíocha agus impiriúlacha domhanda agus é ag braith go hiomlán ar an ola, inar tháinig Hugo Chávez i gcumhacht, go daonlathach, in 2002.

Ná ligimis do na Veiniséalaigh is saibhre, a bhfuil an deis acu saol níos fearr a aimsiú thar lear agus smachtbhannaí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag brú síos ar a dtír, an stair a lúbadh agus íomhá rómánsach den tréimhse roimh an Réabhlóid Bholavarach a chraobhscaoileadh go mímhacánta nó go haineolach isteach san allagar.

Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt

Sna blianta roimh an iarracht ar coup in 2002 i Veiniséala, d’éirigh leis an Réabhlóid Bholavarach an bhochtaineacht sa tír a laghdú go mór. Baineadh sin amach tríd an teacht isteach ón ola, a bhí i seilbh lucht an rachmais go dtí sin, a chur i dtreo na mbochtán.

Leathnaigh rialtas Hugo Chávez an rochtain a bhí ag na bochtáin ar na córais sláinte agus oideachas go mór. Cuireadh dochtúirí, ionaid sláinte, cláir litearthachta agus cláir bhia ar lacáiste isteach sna barrios a bhí imeallaithe le fada ag uasaicme de shliocht coilíneach na tíre.

Rinneadh leathnú chomh maith ar an rannpháirtíocht pholaitiúil. Ghlac comhairlí pobail agus eagraíochtaí ón mbun aníos an lucht oibre agus na bochtáin isteach i bpróiseas ina raibh cinntí poiblí le déanamh acu den chéad uair i stair na tíre. Thug an dul chun cinn seo spreagadh do ghnáthdhaoine dúshlán a thabhairt don seanréimeas olagarcach agus cuireadh bonn ní ba láidre faoin réabhlóid.

Mar sin féin, bhí sciar de mhuintir na tíre, an mionlach saibhir a raibh ionadaíocht acu sa fhreasúra polaitiúil, ann i gcónaí. Níor cuireadh an ruaig orthu mar a deineadh le linn na réabhlóide i gCúba. 

Ar an 11 Aibreán 2002 rinne an freasúra mórshiúl ar Miraflores, foirgneamh rialtas Veiniséala. Ní agóid chun míshástacht a léiriú leis an rialtas a bhí i gceist, ach iarracht an daonlathas a iompú bunoscionn tríd an lámh láidir, claontacht na meán, agus comhordú na scothaicmí.

Léirigh eachtraí an lae sin na deighiltí soiléire aicmeacha a bhí ann go fóill sa tír, deighiltí a ndearna na cuntais oifigiúla agus Iartharacha ar an tír neamhaird dóibh.

Léiríonn ráitis an fhreasúra ón am na scoilteanna céanna. Dúirt ceannaire amháin ag an am “nach féidir linn cead a gcinn a thabhairt do rialtas na mbochtán seo an tír a scriosadh”. Is éard a bhí i gceist leis an “tír” sa chás sin, más ea, ná an mionlach a raibh seilbh acu ar an gcumhacht eacnamaíochta agus pholaitiúil le fada, seachas an móramh a thacaigh le Chávez.

Chothaigh uasaicme Veiniséala miotas ar feadh na mblianta gur tír gan aicmí í, ina raibh gach éinne aontaithe, Veiniséala. Dúradh i ráiteas oifigiúil amháin ón am gur “tír aontaithe í Veiniséala a dhiúltaíonn don easaontas”. Ach ba bhréag é sin.

Thuig an lucht oibre agus na bochtáin a d’fhulaing faoin nualiobrálachas, an titim ar a bpá agus an cur faoi chois ó na 1970í ar aghaidh gur cleas a bhí san “aontacht” chun iad a choinneáil ina dtost.

Ar lá an coup, bhog an freasúra an mhórshiúl ó sprioc ceanncheathrú an PDVSA (an comhlacht stáit ola), i dtreo phálás an uachtaráin gan choinne gan chead. Mhaígh cinnirí an fhreasúra gur gníomh riachtanach a bhí ann chun “an daonlathas a tharrtháil”.

Ghabh oifigigh shinsearacha san arm Chávez. Agus nuair a ghlac Pedro Carmona cumhacht ina áit chuir sé deireadh leis an gComhdháil Náisiúnta, an Chúirt Uachtarach, agus gach údarás tofa sa tír. Dúirt sé “nach raibh na hinstitiúidí ag feidhmiú”, ach i ndáiríre ní raibh siad ag glacadh lena orduithe.

Rinne na meáin phríobháideacha ceiliúradh ar an coup. D’fhógair craoltóir amháin gur “bhain Veiniséala saoirse amach”. Ach céard uaidh a baineadh an tsaoirse? Ón gcéad rialtas ar feadh na mblianta a bhí sásta seasamh ar son na mbochtán agus an lucht oibre? Ó Hugo Chávez, uachtarán a toghadh le tacaíocht ollmhór ó na barrios? Ó thionscadal polaitiúil a thug dúshlán do phribhléid an tseanréimis.

Ní raibh an móramh sásta glacadh leis an coup. Rinneadh na deicheanna de mhílte a shlógadh: gnáthdhaoine, oibrithe, trádálaithe bochta, ógánaigh dhífhostaithe agus grúpaí pobail. D’éiligh siad go dtabharfaí ar ais a n-uachtarán agus an rosc “Queremos a Chávez” (táimid ag iarraidh Chávez) acu.

Murab ionann agus slógadh an fhreasúra a ndearnadh pleanáil air ón mbarr anuas le tacaíocht na bPoncánach, tharla an slógadh ar son Chávez ón mbun aníos ar bhealach nádúrtha. Mar a dúirt duine de lucht na Chávismos, “bhain siad ár vóta dínn. Tháinig muid chun é a ghlacadh ar ais”.

Bhí an t-arm scoilte ar bhonn aicme chomh maith. Cé gur thacaigh roinnt oifigigh shinsearacha le lucht an rachmais, dhiúltaigh oifigigh ag an meánleibhéal agus na gnáthshaighdiúirí tacú leis an coup.

D’áitigh oifigeach amháin ag an am go raibh “na daoine ag seasamh le Chávez, agus go bhfuil muidne ag seasamh leis na daoine.”

Scaoileadh saor Chávez roinnt laethanta ina dhiaidh sin ar an 14 Aibreán. Ní trí thimpiste nó míorúilt éigin a tharla sé sin, ba thoradh é ar an slógadh daonlathach, freasúra na n-institiúidí, agus titim an coup a bhí gan dlisteanacht gan tacaíocht lasmuigh de sheomraí boird an fhreasúra agus na meáin phríobháideacha. 

Theastaigh ón bhfreasúra neamhaird a dhéanamh den scoilt aicmeach, ag maíomh gur “chum” Chávez é, agus ba straitéis pholaitiúil an méid sin, straitéis ar theip air. Luaigh urlabhraí amháin ag an am nach “raibh aon aicmí i Veiniséala, chruthaigh Chávez iad”.

Ach truflais a bhí ina leithéid de ráiteas do na bochtáin a thuig an bhochtaineacht, a bhí imeallaithe, agus a d’fhulaing de bharr na héagothroime le fada. Tá cuntas ar coup 2002 le fáil sa chlár faisnéise Éireannach, The Revolution Will Not Be Televised (2003), a léiríonn an comhordú a rinne na meáin, codanna den arm agus na héilítigh chun cumhacht a ghoid go mídhleathach ó Chávez.

Fuair Chávez bás den ailse in 2013 agus tháinig Nicolás Maduro i gcomharbas air. Ach bhí an dul chun cinn a deineadh in athdháileadh maoine bunaithe i gcónaí ar acmhainn amháin, an ola, rud a d’fhág an tír lag i gcoinne iarrachtaí na bPoncánach an réabhlóid a scrios.

Níor deineadh na struchtúir tháirgiúlachta a chur i seilbh an mhóraimh ná an ruaig a chuir ar lucht an rachmais dúchasach, aicme na compradors, a bhí de shíor ag iarraidh coup eile a chur ar bun.

Nuair a thit praghas na hola, b’fhadhb ollmhór é sin do Maduro a bhí i bhfeighil ar stát a bhí lárnaithe go mór. Bhraith sé ar an smacht agus ar thuilleadh airgid a chur isteach sa chóras, fad is a bhí ról na n-institiúidí ag éirí níos laige.

Chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá smachtbhannaí níos tréine i bhfeidhm ó 2022 i leith go háirithe, rud a rinne níos mó daoine ní ba bhoichte fós. Dá dheasca seo tháinig scoilt ar bhunús tacaíochta na réabhlóide agus cothaíodh tuilleadh den eisimirce.

Le fuadach Maduro le seachtain anuas beidh le feiceáil cé a thiocfaidh i gcomharbas air. An slógfaidh na daoine ar son na réabhlóide nó an gcuirfear toghcháin ar bun ina gcuirfear puipéad de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá i gcumhacht?

Leis na Stáit Aontaithe ag cur srian mhídhleathach amuigh sa mhuir ar phríomhacmhainn Veiniséala, an ola, ar nós foghlaithe mara tá sé deacair a shamhlú conas is féidir le geilleagar Veiniséala agus leis an réabhlóid teacht aniar.

Mo náire an “pobal idirnáisiúnta” atá ag tabhairt cead a gcinn do Stáit Aontaithe Mheiriceá an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh go dalba. Tá Trump imithe as a mheabhair leis an gcumhacht agus is cosúil go mbeidh impleachtaí ann do Chúba agus b’fhéidir fiú an Ghraonlainn roimh i bhfad.

In áit Dhúnghaois Monroe tá Dúnghaois Donroe, atá níos doshrianta fós. Ní mór seasamh le cosmhuintir Veiniséala in am seo an ghátair dóibh.

An t-athbhreithniúchas le sonrú arís le linn an Lae Cuimhneacháin

Rinne na staraithe athbhreithnitheacha an chuma a chur ar an scéal gur athmhachnamh cothrom a bhí ar bun acu. Ach ba thionscadal frithphoblachtach é ó thús.

Is fíor go raibh léamh náisiúnach ar an stair chun cinn i ndiaidh bhunú stát na sé chontae fichead in 1922, stair a rinne ceiliúradh ar lucht 1916. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-athbhreithniúchas chun cinn níos déanaí san fhichiú haois, níor deineadh iarracht an scéal a leathnú.

Deineadh iarracht an scéal a iompú bun os cionn. D’áitigh na staraithe athbhreithnitheacha go minic gur gníomh neamhréasúnach, foréigneach agus seicteach a bhí sa réabhlóid. Ar an láimh eile de, áitíodh go raibh riail na Breataine nua-aimseartha agus pragmatach. 

Ní scoláireacht oibiachtúil a bhí anseo. Ba léiriú é ar mhianta polaitiúla na bunaíochta ó dheas, go háirithe le linn an chogaidh ó thuaidh. Theastaigh ón mbunaíocht chéanna deighilt a chruthú idir an poblachtachas sa tuaisceart agus pobal na sé chontae fichead.

Ba bhealach traidisiún na réabhlóide a cheistiú le measúlacht na bunaíochta a léiriú don Bhreatain agus don mheánaicme sheoiníneach in Éirinn.

D’eascair an tuiscint nua ar an gCéad Chogadh Domhanda as an gcur chuige athbhreithnitheach céanna. Dúradh gur laochra dearmadta a bhí sna hÉireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine. Úsáideadh an Lá Cuimhneacháin mar ghléas “athmhuintearais”, chun náisiúnaigh agus aontachtóirí a thabhairt le chéile.

Ach ní chuimhnítear ariamh ar an Lá Cuimhneacháin ar na cúiseanna ar tharla an Chéad Chogadh Domhanda, is é sin an iomaíocht idir lucht rachmais na mórchumhachtaí laistigh den chóras caipitleach-impiriúlach; iomaíocht a bhásaigh na milliúin fear den lucht oibre sna trinsí.

Úsáidtear an Lá Cuimhneacháin mar léiriú ar chumhacht agus dlisteanacht reatha an impiriúlachais Bhriotanaigh go fóill, agus ó thuaidh léiríonn sé forghabháil leanúnach na sé chontae, agus tugtar dlisteanacht do na haontachtóirí antoisceacha nach mbeidh spéis acu in Éirinn aontaithe go deo.

Nuair a úsáideadh lionsa eitnea-reiligiúnda, seachas aicme, chun teacht ar chomhréiteach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ó thuaidh ar cheisteanna cultúrtha, oidhreachta agus cuimhneacháin, is léir nach mbeadh tuiscint bhreise stairiúil i gceist ach laochadhradh ar an gCéad Chogadh Domhanda agus comhionannas do chultúr choilíneach.

Cuirtear an bhéim ar Éireannaigh a bheith “aibí” agus na fir a throid ar son na himpireachta a thabhairt chun cuimhne. Ag an am céanna, níl aon fhéinmhachnamh ar bun ag stát na Breataine, bíodh sin i dtaobh cuimhneacháin, staire nó, mar a léirigh an cinneadh faoi Dhomhnach na Fola le déanaí, cóir.

Táthar de shíor ag súil go ndéanfaidh an dream a ndearnadh coilíniú orthu athbhreithniú ar a stair. Ag an am céanna leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá don impireacht.

Léiríonn an stair, agus an bronnadh ar María Corina Machado, gur ceap magaidh é duais síochána Nobel

Tá duais síochána Nobel á bhronnadh ar bhonn bhliantúil, a bheag nó a mhór, ón mbliain 1901 i leith. Maítear go mbronntar an duais ar dhaoine “a rinne an obair is mó nó is fearr ar son bhráithreachas na náisiún, ar son chealú nó laghdú na n-arm seasta agus ar son reáchtáil nó chur chun cinn comhdhálacha síochána”.

De réir uachta Nobel, is é an Coiste Ioruach Nobel, coiste de chúigear a cheapann Parlaimint na hIorua, a roghnaíonn an té a mbronntar an duais orthu gach bliain. Dár ndóigh tá duaiseanna eile Nobel i réimsí a baineann leis an eolaíocht agus an litríocht.

Ach níl an chúis gur shocraigh Alfred Nobel ar dhuais síochána a bhronnadh soiléir. Deir scoláirí áirithe gur mhothaigh Nobel ciontach de bharr gur úsáideach nithe a chruthaigh sé, amhail an dinimít agus an bhallistít, don chogaíocht. Is cosúil gur dá bharr sin gur theastaigh uaidh an tsíocháin a spreagadh tríd an duais.

Cibé cúis atá leis, is ceap magaidh é an duais mar go mbronntar é go rialta ar pholaiteoirí agus stáitseirbhísigh a bhfuil fuil ar a lámha. Go luath i ndiaidh bhás Nobel bronnadh an duais síochána ar Theodore Roosevelt, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, in 1906.

Bhí ról ag Roosevelt i ndeireadh a chur leis an gCogadh idir an Rúise agus an tSeapáin le síniú Chonradh Portsmouth. Ach impiriúlach bródúil Meiriceánach ab ea é Roosevelt. An mana a bhí aige ná “labhair go séimh agus iompar bata mór”, rud ar ar glaodh “idé-eolaíocht an bhata mhóir”.

Croílár na hidé-eolaíochta ná go n-úsáideadh Stáit Aontaithe Mheiriceá a n-ollchumhacht mhíleata chun a spriocanna eachtrannacha a bhaint amach, rud a chuir Roosavelt i bhfeidhm i Meiriceá Theas agus Láir agus sna hOileáin Fhilipíneacha go háirithe.

In 1973 tugadh duais síochána Nobel do Henry Kissinger, Rúnaí Stáit SAM, a bhí freagrach as feachtais bhuamála sa Chambóid agus i Laos, agus a thacaigh le coup faisisteach sa tSile. Dúirt an t-amhránaí Tom Lehrer go bhfuair an aoir pholaitiúil bás an lá a bhfuair Kissinger an duais síochána.

Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1978, bronnadh an duais ar Menachem Begin, Príomh-Aire Iosrael, de bharr gur shínigh sé conradh síochána idir Iosrael agus an Éigipt. Ach bhí Begin ina cheannaire tráth ar Irgun, grúpa antoisceach Iosraelach. Ba iad Irgun a bhí ciontach as Ár Deir Yassin, nuair a deineadh sléacht ar 107 Palaistíneach, páistí agus mná ina measc, le linn Nakba 1948.

Tá samplaí eile den chur i gcéill i leith na duaise i gcaitheamh na mblianta. Seans gurb é an sampla is áiféisí le blianta beaga anuas ná an bronnadh a rinneadh ar Barack Obama go luath ina uachtaránacht in 2009.

Ina dhiaidh sin níor leasc le Obama cead a thabhairt don bhuamáil dróin ar fud an Mheánoirthir, chabhraigh sé le scrios a dhéanamh ar an Libia in 2011, agus lean sé leis na feachtais mhíleata impiriúlacha san Iaráic agus san Afganastáin.

I mbliana, bronnadh duais síochána Nobel ar cheannaire freasúra Veiniséala, María Corina Machado. Glaonn na mórmheáin “gníomhaí daonlathais” ar Machado. Níor luadh sa scéal ar RTÉ ar líne fúithi go bhfuil amhras ar go leor daoine an bhfuil a leithéid de dhuais tuillte aici in aon chor.

Tá lámh lárnach ag Machado, atá i bhfad amach ar an eite dheas, in coups foréigneacha a chur ar bun i Veiniséala. Tháinig sé chun solais go n-íocann Machado dronga coirpigh, ar a nglaoitear comanditos, le dul i mbun foréigin agus cíor thuathail chun an bonn a bhaint de stát Veiniséala. Lena chois sin, tá tacaíocht tugtha aici d’Iosrael, do Benjamin Netanyahu agus dá pháirtí Likud.

I ráiteas amháin dúirt sí gurb é “streachailt Veiniséala streachailt Iosrael”. I ndiaidh di duais síochána Nobel a bhuachan dúirt sí go mbogfadh sí ambasáid Veiniséala ó Tel Aviv go hIarúsailéim dá dtoghfaí mar uachtarán í.

Is léir mar sin gur cur i gcéill soiniciúil atá i nduais síochána Nobel. Ach, sa mhullach air sin, is gléas polaitiúil é le spriocanna straitéiseacha geopholaitiúil an Iarthair a bhaint amach. I gcás Machado agus Veiniséala is í an mhian ná coup a chur ar bun a thacódh le spriocanna impiriúlacha SAM i Meiriceá Theas.

Léiriú eile é ar chlaontacht na duaise ná go bhfuil neamhaird iomlán ar na daoine, go leor Palaistíneach ina measc, atá tréaniarracht déanta acu deireadh chur leis an slad agus cinedhíothú ar bun. Ba é an cinedhíothú an cheist ba mhó ar domhan le bliain anuas, agus ó bhí 2023 ann, ach braith an coiste nárbh amhlaidh an scéil. 

Dá mbeadh aon cheartas ann, roghnófaí na grúpaí frith-chogaidh sa Phalaistín agus san Iosrael, nó leithéidí Francesa Albanese, an Rapóirtéir Speisialta do na Náisiúin Aontaithe, do dhuais síochána Nobel.

Mar a dúirt an t-iriseoir Chris Hegdes fúithi, “nuair a scríobhfar stair an chinedhíothaithe in Gaza, beidh sí luaite mar cheann de na gaiscígh is cróga agus is glórmhara ar son an chirt agus dlí idirnáisiúnta”.

Ach ní réitíonn a leithéid le claontacht impiriúlach coiste “síochána” Nobel.

Simón Bolívar, fuascailteoir Mheiriceá Theas

Rugadh Simón Bolívar 242 bliain ó shin ar an 24 Iúil 1783. Ba cheannaire míleata agus polaitiúil é Bolívar as Veiniséala agus bhí sé go mór chun cinn i streachailt Mheiriceá Laidinigh ar son saoirse ó réimeas coilíneach na Spáinne.

Tugadh an t-ainm El Libertador (an Fuascailteoir) air de bharr go raibh lámh lárnach aige i saoirse a bhaint amach do chuid mhór de thuaisceart Mheiriceá Theas, lena n-áirítear a thír dhúchais féin, Veiniséala, chomh maith leis an gColóim, Eacuadór, Peiriú agus an Bholaiv, a ainmníodh in ómós dó.

Rugadh do chlann shaibhir Criólach i Caracas é, ach cailleadh a bheirt tuismitheoirí agus é óg. Seoladh chun na hEorpa é agus é ina dhéagóir chun go gcuirfí oideachas air.

Agus é ann chuaigh smaointe Ré na hEagnaíochta agus corónú Napoléon go mór i bhfeidhm ar a fhealsúnacht pholaitiúil. Fad is a bhí sé sa Róimh in 1805 thug sé gealltanas a thír a shaoradh ó réimeas na Spáinne. 

Simón Bolívar
Grianghraf: Galería de Arte Nacional Caracas, Venezuela

D’fhill Bolívar ar Veiniséala in 1807 agus roimh i bhfad bhí sé bainteach le gluaiseacht na saoirse ann. In 1810, d’fhógair réabhlóidithe i gCaracas saoirse agus thosaigh Bolívar ag eagrú i dtreo feachtas míleata.

In ainneoin gur chaill sé roinnt mhaith cathanna agus go raibh air dul ar deoraíocht, chun na hIamáice agus Háítí go háirithe, d’fhan sé dílis don chúis i gcónaí. Tháinig cáil air de bharr a thiomantais don chúis.

Bhain Bolívar bua mór amach nuair a chuaigh sé thar na hAindéis agus fuair a airm an ceann is fearr ar fhórsaí na Spáinne in Granada Nua (an Cholóim sa lá atá inniu ann), rud a chabhraigh saoirse a bhaint amach do Veiniséala, an Cholóim agus Eacuadór.

Aontaíodh na críocha seo i stát amháin, Gran Colombia, agus Bolívar ina uachtarán air. Ba é an fhís a bhí ag Bolívar feidearálacht aontaithe de phoblachtaí uile Mheiriceá Laidinigh a bhunú, ar mhúnlú cosúil leis na Stáit Aontaithe, ach ba dheacair an sprioc sin a bhaint amach de bharr scoilteanna inmheánacha agus iomaíocht eatarthu.

Bhí ról lárnach ag Bolívar i saoradh an Pheiriú ón Spáinn, áit ar throid a fhórsaí taobh le ceannaire eile mór le rá ar son na saoirse, José de San Martín. In 1825 chabhraigh Bolívar bunreacht na Bolaive a scríobh.

In ainneoin a éachtaí míleata, níor éirigh le Bolívar na poblachtaí nua a aontú go polaitiúil. Cáineadh é as a stíl cheannasaíochta thiarnúil. Chreid sé féin go raibh gá le bheith dian chun ord a choinneáil agus bhí sé i gceannas ar Pheiriú agus Gran Colombia mar dheachtóir ar feadh seala.

In 1828, tháinig sé slán ó iarracht feallmharaithe i mBogotá, ach níorbh fhada go bhfaigheadh sé bóthar agus a chumhacht ag dul i léig. In alt leis a scríobhadh in 1858 dár teideal Bolívar y Ponte rinne Karl Marx léamh criticiúil ar Bholívar.

Cé go raibh bá aige do ghluaiseachtaí saoirse Bolívar, cháin sé an fear é féin mar léiriú ar an mBonapartachas, a bhí frithdhaonlathach agus a thaobhaigh le leas na héilítigh.

Agus é ag fulaingt ón eitinn agus lagmhisneach tagtha air de bharr cúrsaí polaitiúla, d’éirigh sé as an uachtaránacht in 1830.

Bhí sé i gceist aige filleadh ar an Eoraip ar deoraíocht, ach bhásaigh sé ar an 17 Nollaig 1830 in Santa Marta sa Cholóim agus é 47 bliain d’aois, é tréigthe nach mór ag na poblachtaí a raibh lámh lárnach aige ina saoirse a bhaint amach.

Cuimhnítear ar Simón Bolívar mar laoch náisiúnta i go leor stát i Meiriceá Theas.

Cé nár bhain sé amach a fhís d’aontacht Mheiriceá Laidinigh, tá tionchar ollmhór ag an smaoineamh sin ar thuairimí polaitiúla sna críocha sin go fóill, go háirithe i measc sóisialach agus lucht na heite clé a bhreathnaíonn ar an gcomhoibriú idir tíortha Mheiriceá Theas mar bhealach le dul in adharca le himpiriúlachas Mheiriceá ar an mór-roinn.

Murab ionann agus Marx, bhí dearcadh éagsúil ag Hugó Chávez, iar-Uachtarán sóisialach Veiniséala, ar Bolívar, nuair a dúirt sé gurb é a bhí ann ná

“ceannaire na réabhlóide sóisialta, ceannaire réabhlóid na ndaoine, agus ceannaire na réabhlóide stairiúla”.

Cath Bhaile Eilís, Co. Loch Garman, an 30 Meitheamh 1798

I ndiaidh chliseadh na reibiliúnach ag Ros Mhic Thriúin agus Cnoc Fhiodh na gCaor bhí deireadh le Poblacht Loch Garman na nÉireannach Aontaithe a bunaíodh i mBealtaine 1798 agus a mhair trí seachtaine. Thiocfadh athrú ar an gcineál cogaíochta ina dhiaidh sin.

Ní bheadh an bhéim chéanna ar chathanna móra. Chreid ceannairí i dtuaisceart an chontae go bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an treallchogaíocht agus máirseáil isteach i gcontaetha eile chun iad a athneartú agus a spreagadh i dtreo éirí amach in athuair. Bhí trí cholún mhóra reibiliúnach ag feidhmiú sa cheantar le linn na tréimhse seo. 

Chuaigh ceann de na colúin seo, ina raibh thart ar 1,000 fear, agus roinnt ban agus páistí, i dtreo Charn an Bhua i gCo. Chill Mhantáin. Bhí fórsaí na Breataine sa tóir ar an gcolún agus b’éigean do na ceannairí, an Ginearál Joseph Holt, agus Denis Taaffe, an treo ina raibh siad ag dul a athrú de shíor chun an dallamullóg a chuir ar fhórsaí na corónach.

Ar an mbealach chuig sléibhte Chill Mhantáin, áit a chreid Holt a bheadh níos sábháilte, d’ionsaigh agus mharaigh marcshlua de chuid fgórsaí na corónach buíon sealgaireachta na reibiliúnach. 

Thuig na húdaráis Bhriotanacha go raibh baint ag an mbuíon sealgaireachta leis an mórcholún. Réitíodh 200 trúpa, ina measc dragúin, trí bhuíon de na gíománaigh, agus marcshlua na mBriotanach Ársa, marcshlua as an mBreatain Bheag a raibh dhrochcháil orthu le linn an éirí amach as a mbrúidiúlacht. Bhailigh na trúpaí thart ar Mhóin na Saighead le dul sa tóir ar na reibiliúnaigh.

Ach fuair na reibiliúnaigh radharc ar fhórsaí na Breataine. Bhog fórsa de na reibiliúnaigh chun cinn go baile fearainn Bhaile Eilís chun luíochán a réiteach. Roghnaíodh láthair ar an mbóthar a bhí díreach i ndiaidh casadh sa bhealach, agus a raibh díoga agus ballaí eastáit arda ar an dá thaobh de. Cuireadh vaigíní mar bhac ar an mbóthar agus gearradh pointí iontrála sna díoga.

Sheas formhór na reibiliúnach taobh thiar de na vaigíní agus in aice na mballaí agus na ndíog. Sheas buíon i bhfad níos lú acu os comhair na mbaracáidí chun fórsaí na corónach a mhealladh isteach sa luíochán.

Nuair a chonaic fórsaí na corónach an dream beag reibiliúnach os a gcomhar, thug siad ruathar fúthu agus iad den tuairim nach raibh ann ach cúlgharda an mórcholúin. Ach nuair a tháinig siad chomh fada leis an gcasadh sa bhealach scaoileadh baráiste urchar orthu agus ní raibh siad in ann éalú agus na reibiliúnaigh ar gach taobh.

De réir mar a tháinig tuilleadh den mharcshlua brúdh iad siúd a bhí chun tosaigh i dtreo na reibiliúnach agus ní raibh siad in ann éalú, rud a rinne éasca d’fhir na bpící iad a mharú.

Theith roinnt de na Briotanaigh agus gíománaigh thar na díoga, ach lean na reibiliúnaigh iad agus mharaigh siad iad sna páirceanna máguaird. San iomlán, maraíodh thart ar 60 de na Briotanaigh, dhá oifigeach ina measc, gan aon bhás ar thaobh na reibiliúnach. 

Baineadh geit as na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a ghlac leis go raibh deireadh iomlán leis na reibiliúnaigh i ndiaidh Chnoc Fhiodh na gCaor, nuair a chuala siad faoin mbua i mBaile Eilís. Rinne siad beag is fiú de thuairiscí faoin mbua agus cuireadh líon na dtrúpaí a cailleadh faoi cheilt.

D’aithin na húdaráis go mbeadh Cill Mhantáin ina láthair lárnach nua den éirí amach agus bogadh trúpaí ann agus iad ag súil go mbeadh feachtas úr le troid ann.

Lean roinnt de na colúin ar aghaidh ag máirseáil trí Chúige Laighean, ach cliseadh orthu i gCo. na Mí agus i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, i mBaile Bachaille ar an 14 Iúil, Lá Bastille.

Ag breathnú siar ar an méid a thit amach agus é ag scríobh a chuimhní cinn de 1798 sna 1850í, chuir sé as do Miles Byrne, ceannaire óg de chuid na reibiliúnach a throid sna Cogaí Napoléonacha ar ball, nach ndeachaigh na reibiliúnaigh i muinín na treallchogaíochta níos luaithe.

Dár leis an staraí Daniel Gahan, ‘ar deireadh seans gurb é sin an chúis gur chlis orthu’. Léirigh Cath Bhaile Eilís, agus gníomhaíochtaí Mícheál Uí Dhuibhir i sléibhte Chill Mhantáin in 1798 agus i dtú 1799, go bhféadfadh rath éigin a bheith ar an treallchogaíocht. Faraor, ní go dtí aimsir Chogadh na Saoirse (1919-21) a cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach í arís.

Ní inniu ná inné a cuireadh síolta phogrom an Bhaile Mheánaigh

Tá sé de nós ag na mórmheáin an comhthéacs a bhaint d’eachtraí áirithe, cinn fhoréigneacha go háirithe. Óir, mar a dúirt an teangeolaí agus intleachtóir Noam Chomsky faoi na meáin, déanann siad

“teorannú géar ar speictream na dtuarimií inghlactha, ach ceadaíonn siad díospóireacht an-bhríomhar laistigh den speictream sin — spreagann siad fiú tuairimí criticiúla nó easaontacha. Tugann sin mothú do dhaoine go bhfuil saorsmaointeoireacht ar siúl, ach an t-am ar fad tá réamhthuairimí an chórais á n-athneartú leis na srianta a chuirtear ar raon na díospóireachta”

Dá mbeifeá ag léamh chlúdach na meán ar an méid atá tite amach ar an mBaile Meánach, Co. Aontroma, le roinnt laethanta anuas, cheapfá gur rud as an nua é a leithéid d’fhoréigean sa tuaisceart. Ar an mórgóir díríonn tráchtairí ar an “teannas idir na himircigh nua sa cheantar agus daoine áitiúla”, “an luas a scaipeann eolas ar na meáin shóisialta”, agus ar “reitric roinnt polaiteoirí”.

Tá beirt déagóirí 14 bliana d’aois cúisithe as cailín óg a éigniú. Ní luaitear a gcúlra eitneach go díreach sna mórmheáin, ach luaitear go raibh ateangaire Rómach ag teastáil le linn a gceistithe. Ba é seo an leithscéal a bhí de dhíth ar aontachtaithe antoisceacha dul i mbun glanadh eitneach ar an mbaile.

Ní raibh gíog ná míog as an dream céanna nuair a cúisíodh an ceannaire Aontachtach Jeffrey Donaldson agus a bhean Eleanor as éigniú agus 10 gcion gnéis eile, nó nuair a tháinig sé chun solais an bhliain seo caite go raibh baill den UDA ag cosaint péidifileach ina measc nó, go deimhin, nuair a thagann éignithe agus dúnmharuithe ban chun solais go minic i measc phobal geal na sé chontae, atá fós go mór faoi thionchar na patrarcachta.

Tá an Baile Meánach ag croílár an tseicteachais ag dul i bhfad siar, agus is ionann an seicteachas agus ciníochas. Cothaíonn an dá fhabht a chéile.

Sna 1990í chuaigh Aontachtaithe i mbun feachtas bagrach i gcoinne Chaitlicigh an bhaile a bhí ag freastal ar shéipéal Bhaile Éinrí sa bhaile

B’éigean don séipéal dúnadh ina dhiaidh sin. Eachtra eile san oidhreacht dhorcha is ea marú Michael “Mickey Bo” McIlveen in 2006, Caitliceach óg a ndearna drong sheicteachionsaí brúidiúil air i lár an bhaile agus é ar a bhealach chun bualadh le cara Protastúnach.

Tá droch-cháil ar an gceantar máguaird i ngeall ar an seicteachas chomh maith. In 1998, le linn choimhlint Dhroim Chrí, mharaigh Óglaigh Uladh (UVF) na deartháireacha Uí Coinn in ionsaí le buama loiscneach ar a dteach ar mBaile Monaidh.

An bhliain roimhe sin, 1997, d’ionsaigh agus mharaigh drong Aontachtach Robert Hamill i bPort an Dúnáin, fad is a sheas baill de Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC) ar leataobh ag faire ar an méid a bhí ag tarlú. Go dtí an lá atá inniu ann, seinneann bannaí máirseála na nAontachtach leagan de The Sash dar teideal Bouncy Bounce a thagraíonn don bhealach ar léim marfóirí Hamill ar a chloigeann. 

“Ach cén bhaint atá ag na rudaí seo a tharla os cionn scór bliain ó shin leis an méid atá tite amach le seachtain anuas ar an mBaile Meánach?” a deir an t-iriseoir liobrálach. I ndáiríre, d’fhéadfaimis dul siar níos faide ná scór bliain, go coilíniú Chúige Uladh sa seachtú haois déag. Ó shin i leith tá sé de nós ag Sasana an dream is antoiscí i measc na bProtastúnach a chothú chun a spriocanna straitéiseacha a chinntiú. 

Nuair a bhí bagairt ann go saorfaí an tír óna smacht d’armáil Sasana na hOráistigh agus aontachtaithe antoisceacha seo in 1798 agus in 1848, agus thug siad cead dóibh airm a thabhairt i dtír in 1912.

Léiríonn sraith círéibeacha móra sa 19ú haois (1843, 1857, 1864, 1886), Pogrom Bhéal Feirste 1920-22, agus dó Shráid Bombay in 1969, go bhféadfadh an dream d’aontachtaithe antoisceacha seo éirí amach in éadan náisiúnach agus stát na Breataine féin dá mbeadh baol ar bith ann go bhfaigheadh Caitlicigh comhionannas.

Idé-eolaíocht fhorrcheannasaíoch na himpireachta ag leibhéal an lucht oibre is cúis leis an bpogrom seo. Agus feicfear an idé-eolaíocht seo i mbarr a réime agus tinte cnámh an 12 Iúil ag teannadh linn chomh maith

Má bhí an dream aontachtaithe antoisceacha sásta éirí amach i gcoinne daoine geala de ghrúpa eitneareiligiúnach difriúil, is léir go mbeidís sásta ciapadh a dhéanamh ar dhaoine de dhath.

Agus an t-arracht seo cruthaithe ag stát Shasana thar na céadta blianta, b’éigean do mhuintir na hÉireann maireachtáil leis. Anois, faraor is gá do na nua-Éireannaigh ó thuaidh maireachtáil leis chomh maith.

Is stát mífheidhmiúil é na sé chontae a thugann cosaint bhunreachtúil faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta don ghné sheicteach a neartaíonn é, rud a spreagann an ciníochas. Ní ardaítear an bhuncheist seo sna meáin ariamh, áfach, chun filleadh ar athfhriotal Chomksy.

Ní thiocfaidh deireadh leis an seicteachas agus ciníochas atá go smior i measc sciar maith de na haontachtaithe ó thuaidh go dtí go mbeidh deireadh leis an gcríochdheighilt féin agus go mbunófar poblacht tuata ina ndearbhaítear cothromas do chách gan bheann ar dhath a gcraicinn nó a gcúlra eitneach.

Cúlra Fhondúireacht Dhaonnúil Ghaza

Ag tús na bliana bhunaigh Iosrael agus a gcomhghuaillithe Fondúireacht Dhaonnúil Ghaza (FDG) eagraíocht phríobháideach neamhbhrabúis, atá cláraithe mar chomhlacht san Eilvéis.

Is chun teacht i gcomharba ar eagraíochtaí daonnúlacha de chuid na Náisiún Aontaithe in Gaza i ndiaidh d’Iosrael cosc a chur ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear a bunaíodh an Fhondúireacht.

Feidhmíonn an FDG in éineacht le comhlacht príobháideach darb ainm Safe Reach Solutions, atá faoi stiúir iar-oifigeach de chuid an CIA, rud a ardaíonn ceisteanna dlí agus eitice faoin eagraíocht.

Murab ionann agus Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó eagraíochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, níl stádas bunaithe ar mhandáit conartha idirnáisiúnta, stádas dleathúil idirnáisiúnta, nó prionsabail lárnacha an neodrachais, neamhchlaontachta, nó neamhspleáchais ag baint leis an FDG.

Faoi mhúnla “cúnaimh” an FDG, cuirtear iachall ar Phalaistínigh siúl trí cheantair mhíleata, déantar díláithriú orthu, agus deir lucht a cháinte go gcuidíonn an méid seo le spriocanna cinedhíothaithe stát Iosrael.

Níl trédhearcacht dá laghad ag baint le maoiniú, rialachas nó prionsabail oibríochta FDG. Cuirtear an “chúnamh” ar fad ar fáil i ndeisceart Gaza, i bhfad ar shiúl ó na pobail dhíláithrithe i dtuaisceart an stráice, rud a sháraíonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Faoi Choinbhinsiún na Ginéive, tá dualgas ar Iosrael, mar an chumhacht forghabhála, cúnamh neamhchlaonta daonnúil a chuir ar fáil agus níl cead ag an stát an cúram sin a leagan ar eagraíochtaí príobháideacha claonta. 

Ba chóir go mbeadh an-bhuairt ar an bpobal domhanda faoin ngníomh seo de chuid Iosrael. Tá droim láimhe tugtha d’eagraíochtaí neodracha de chuid na Náisiún Aontaithe agus ceann príobháideach claonta curtha ina áit, nach mbeidh aon ról ag Palaistínigh ann, rud a sháraíonn dlíthe daonnúla idirnáisiúnta agus a mbeidh baol ann go sárófar Reacht na Róimhe i ngeall ar choir chogaidh an ghorta.

Cheana féin tá tuairiscí tagtha chun solais a léiríonn an nasc idir “an cúnamh” agus smacht míleata. Tuairiscíodh foréigean ag láithreacha dáileacháin agus buairt faoin díláithriú. 

Ní ceist é seo faoi éifeachtúlacht dáileacháin an chúnaimh, ach is ceist dlí é. Ní rogha éagsúil dhaonnúil é FDG – is gléas polaitiúil é a dearadh chun dul thar na dlíthe fadbhunaithe agus chun teacht salach ar chúnamh atá bunaithe ar chearta trí “chúnamh” faoi smacht príobháideach a chur ina n-áit.

Is é feidhm an FDG na cosaintí idirnáisiúnta a shárú agus leas a bhaint as an “daonnúlacht” mar ghléas don fhorghabháil.

Tá an Gorta á úsáid mar ghléas chinedhíothaithe – ba chóir go mbeadh náire ar thíortha an domhain atá ag seasamh ar leataobh agus seo ag tarlú.

“Sárú barbartha ar gach dlí” – Ár Ghleann Comhann, 1692

Tharla Ár Ghleann Comhann ar an 13 Feabhra 1692. Tá sé ar cheann de na himeachtaí is mó scannal i stair na hAlban agus cuimhnítear air go fóill. Tharla an t-ár i ngleann iargúlta Ghleann Comhann, áit a raibh craobh de Chlann Mhic Dhòmhnaill ina gcónaí, le linn tréimhse corraithe polaitiúil i ndiaidh na Réabhlóide Glórmhaire.

I ndiaidh dhíbirt an rí Chaitlicigh Séamas VII na hAlban, Séamas II Shasana, in 1688, tháinig an lánúin Phrotastúnach Liam III (nó Liam Oráiste, mar is fearr aithne air) agus Máire II i gcomharba air.

D’éiligh siad ar gach taoiseach fine sna Garbhchríocha mionn dílseachta a thabhairt faoin 1 Eanáir 1692, le pardún mar chúiteamh. Chuir go leor finte, Fine Mhic Dhòmhnaill Ghleann Comhann san áireamh, an mionn siar, ag fanacht le cead ó Shéamas VII ar dtús. Ní bhfuair siad an cead sin go dtí deireadh mí na Nollag 1691.

Rinne Alasdair MacIain, taoiseach Fhine Mhic Dhòmhnaill i nGleann Comhann, iarracht an spriocdháta don mhionn a bhaint amach nuair a chuaigh sé go dtí an Gearasdan chun an mionn a thabhairt.

Ní raibh breitheamh ar fáil ann, mar sin chuaigh sé go hInbhir Aora, áit ar thug sé an mionn ar an 6 Eanáir; tar éis an dáta oifigiúil. Mar sin féin, shocraigh an rialtas, go háirithe an Rúnaí Stáit Sir John Dalrymple, slad a dhéanamh ar Fhine Mhic Dhòmhnaill chun scéin a chuir ar na finte “mídhílse” uilig.

Ag deireadh mhí Eanáir 1692, tháinig timpeall 120 saighdiúir ó Reisimint Iarla Argyll, faoi cheannas an Chaptaein Robert Campbell as Gleann Lìomhann, go Gleann Comhann ag ligean orthu go raibh siad ag bailiú cánacha. De réir nósanna fáilteachais na nGarbhchríoch, chuir Fine Mhic Dhòmhnaill lóistín ar fáil dóibh.

Ar an oíche roimh an ár, tugadh orduithe gach duine faoi bhun 70 bliain d’aois a mharú. Maidin an 13 Feabhra, tosaíodh ar an slad. Maraíodh 38 duine agus bhí taoiseach an fhine, MacIain, i measc na marbh. Theith cuid mhór eile isteach sna sléibhte fuara, agus fuair roinnt acu bás den fhuacht. 

Scaipeadh an nuacht faoin ár go forleathan agus chuir sé fearg ar an bpobal. Bhraith go leor ag an am gur sárú gránna ar nósanna óstachta na nGael a bhí san ár.

In 1695, rinne Coimisiún Imscrúdaithe Pharlaimint na hAlban cur síos ar an eachtra mar rud mídhleathach agus éagórach. Níor gearradh pionós ceart ar an gcuid is mó de na daoine a bhí freagrach riamh, agus chuir an eachtra leis an gcoimhlint idir na finte Gaelacha agus an rialtas lárnach.

Ba shiombail d’fheall rialtais Ár Ghleann Comhann den chos ar bolg ar na finte, rud a spreag tuilleadh tacaíochta don ghluaiseacht Sheacaibíteach. 

Dúirt an file Albanach William Edmondstoune Aytoun agus é ag scríobh faoin ár sa naoú haois déag:

“Is eachtra é Ár Ghleann Comhann nach féidir agus nach cóir dearmad a dhéanamh air. Ba ghníomh den tréas agus den chruálacht is measa é – ba shárú barbartha ar gach dlí é, daonna nó diaga; agus léiríonn sé ina bhfealltacht is lofa fíorthréithe údair agus neartaitheoirí Réabhlóide”.