Le coicís anuas tá conspóid tagtha go cnámh na huillinne i ngeall ar iarrthóirí tearmainn atá ceaptha teacht go hÓstán Chuan Charna i nGaeltacht Chonamara. D’ofráil úinéir an óstáin an t-ionad don Roinn Lánpháirtíochta, agus meastar go bhféadfadh 84 duine bogadh isteach ann. Tá léirsiú ar bun ag muintir na háite lasmuigh den óstán ina aghaidh sin. Faraor, mar is dual dóibh, tá an eite dheas i bhfad amach ar líne ag déanamh a ndíchill an ciníochas a bhrú isteach i lár báire.
An comhthéacs domhanda
Is ceist chigilteach agus ceist chasta í ceist na himirce. Teastaíonn ón eite dheas i bhfad amach ceist shimplí bunaithe ar an gciníochas a dhéanamh di. Sa chaoi sin, ní thuigfidh saoránaigh na cúiseanna móra struchtúrtha a bhaineann leis an imirce.
Agus é ag scríobh in 1972 ina leabhar How Europe Underdeveloped Africa, d’áitigh an Marxach díchoilíneach Walter Rodney gur bréag a bhí ann nuair a dúradh gurb ann do ‘thíortha forbartha’ agus ‘tíortha atá i mbéal forbartha’. I ndáiríre, sciobadh acmhainní nádúrtha agus baineadh an bonn de gheilleagar na hAfraice le linn ré an choilíneachais.
Ina dhiaidh sin, coinníodh mar ‘thíortha tearcfhorbartha’ cuid mhór den Afraic trí ghadaíocht na gcomhlachtaí ilnáisiúnta, iasachtaí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda agus ‘cabhair’ ón iasacht le coinníollacha a spreag an spleáchas. Tá na tíortha ‘tearcfhorbartha’ ar an imeall sa chóras domhandaithe agus na tíortha impiriúlacha i lár baill an chórais.
De bharr na n-éagothromaíochtaí stairiúla seo, agus de bharr an impiriúlachais agus na bhfeachtas buamála reatha sa Mheánoirthear, gan trácht ar an téamh domhanda, leanfaidh an imirce i dtreo ‘na gcroíthíortha’ ar aghaidh.
Cé go raibh Éire go stairiúil ina tír a ndearnadh coilíniú uirthi, tá stát na sé chontae is fiche suite i dteach an leathbhealaigh anois de bharr shaibhreas lucht an rachmais agus sciar suntasach den mheánaicme.
Infreastruchtúr
Ach níl an mhaoin sin á dáileadh mar is cóir. Léiríonn staitisticí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le blianta beaga anuas go bhfuil idir 25% agus 30% den chosmhuintir ‘ag streachailt’ i dtaobh cúrsaí airgid de agus thart ar 13% ‘i mbochtaineacht’.
Sa mhullach air sin, mar is eol dúinn uilig faoin tráth seo, tá an ghéarchéim thithíochta ag brú síos ar sciar mór den phobal. Tá míréir thíreolaíoch ann agus ceantair lucht oibre sna cathracha agus roinnt ceantair thuaithe, in iarthar na tíre go háirithe, faoi mhíbhuntáiste. Léiríonn léarscáil de chuid na heagraíochta Pobal go bhfuil an toghcheantar ina bhfuil Carna suite ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’.
De réir dhaonáireamh 2022 tá 197 ina gcónaí i gCarna. Dá gcuirfí 84 iarrthóir tearmainn leis sin is méadú daonra 43% a bheadh i gceist, i gceantar atá ar bheagán seirbhísí cheana. Níl ach bus uair sa ló ann, mar shampla.
Le blianta beaga anuas tá roinnt de mhuintir na háite, i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta, ag déanamh iarrachta fostaíocht a chruthú dóibh féin trí Pháirc na Mara a bhunú. Dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe agus ansin an Bord Pleanála don scéim.
Níl fágtha ach an t-óstán chun airgead turasóireachta a thabhairt isteach sa cheantar sa samhradh. Fanann roinnt de thuismitheoirí dhaltaí na gcoláistí samhradh san óstán agus bíonn cuairteoirí ag triail ar an gceantar do na féilte cultúrtha agus sean-nóis chomh maith. Is é an t-óstán an t-aon áit gur féidir le muintir na háite ócáidí sóisialta, an chéad chomaoineach, bainiseachaí is araile a bheith acu. Níl an t-óstán ar fáil mar ionad sóisialta ó bhí 2022 ann.
Mar sin féin, níl an locht ar na hiarrthóirí tearmainn as sin, agus mar a dúirt oibrí pobail atá lonnaithe sa Ghaeltacht liom, ‘níl postannaí ann daofa … níl siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht’.
Is ar an stát atá an locht as an aighneas seo, mar nach n-aithnítear an Ghaeltacht mar phobal beo atá i dteideal fostaíochta agus ionaid sóisialta.
An Ghaeilge
I dtaobh cúrsaí teanga de, mheas an t-oibrí pobail céanna nach mbeadh na hiarrthóirí tearmainn ag athrú cúrsaí teanga, ach gurb é gradam an Bhéarla agus daoine aitheanta áitiúla ag brú an Bhéarla a thiomáinfeadh an t-iompú teanga, cé go bhfuil neart daoine áitiúla ag cothú na teanga.
Labhair mé le sochtheangeolaí ar an gceist chéanna, agus mar a d’áitigh siad, ‘níl aon taighde go bhfios dom déanta ar mheall imirceach a bhogadh isteach … [ach] is léir go mbeidh tionchar acu ar an iompú teanga sa bpobal’.
I mo thuairim féin, is botún a bheadh ann líon suntasach daoine gan Ghaeilge a chur isteach i gceantar Gaeltachta a bhfuil an phleanáil teanga ar bun ann, bíodh siad ina n-iarrthóirí tearmainn nó Éireannaigh gheala gan Ghaeilge.
Ar an ábhar sin, bheadh contúirt níos mó i dtaobh na teangeolaíochta dá dtógfaí eastát buan lán Bhéarlóirí, mar a tharla i mBearna le déanaí, ná ó iarrthóirí tearmainn a bheadh in óstán go sealadach. Níor chualathas gíog ná míog ón eite dheas i bhfad amach faoi choilíniú Béarlóirí geala ar an nGaeltacht. Tríd is tríd, ba chóir tacú le héileamh Tinteán ‘straitéis daonra agus tithíochta’ don Ghaeltacht a fhorbairt a chinnteodh fás inbhuanaithe do na ceantair sin.
D’fhéadfadh líon áirithe iarrthóirí tearmainn agus inimirceach a bheith mar chuid den straitéis chéanna. Tá éirithe le cúpla scoil Ghaeltachta, a bhí i mbaol a ndúnta de bharr an bhánaithe tuaithe, páistí ón iasacht a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Agus tá ag éirí leis an tionscadal Le Chéile de chuid Chonradh na Gaeilge eachtrannaigh a thabhairt i dtreo na Gaeilge, cé gur gá é leathnú amach go mór.
Rátaí na hinimirce
I dtaobh na hinimirce de, ó 2020 go háirithe, tá fás as cuimse tagtha ar líon na n-imirceach atá tagtha isteach i stát na sé chontae is fiche. Ag tabhairt na mblianta 2020-2024 san áireamh, meastar go mbeidh thart ar 320,000 sa bhreis ar an daonra tar éis teacht.
Tá meascán cúiseanna leis seo: ionradh na Rúise ar an Úcráin, iarrthóirí tearmainn ón Afraic agus an Meánoirthear, éileamh saothair na gcomhlachtaí teicneolaíochta agus tógála, easpa altraí, dochtúirí is araile san earnáil sláinte, agus easpa oibrithe san earnáil fáilteachais. Beidh fás 6.4% tagtha ar dhaonra an stáit in achar ceithre bliana de bharr na himirce, rud atá as riocht le tíortha eile na hEorpa.
Más ag caint ar leibhéal an stáit nó an leibhéal logánta atáimid, is é an inbhuanaitheacht an phríomhghné gur gá díriú air. Laistigh den chóras mar atá, agus gnáthdhaoine in iomaíocht lena chéile do bhlúiríní saibhris lucht an rachmais agus é ag dul deacair dóibh teacht ar lóistín agus seirbhísí, de réir dealraimh ní bheidh sé inbhuanaithe arduithe suntasacha d’imircigh, murab ionann agus iarrthóirí tearmainn, a spreagadh ar mhaithe le héilimh an lucht gnó agus na gcóras stáit a shásamh.
De réir fhigiúirí na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, mar shampla, is ionann an t-éileamh ó imircigh ar thithíocht agus 50-60%, rud atá ag cur leis an mbrú ar an stoc tithíochta.
Mura dtagann athrú ó bhonn ar chur chuige an stáit i dtaobh na tithíochta de, agus mura dtógtar tithíocht uilíoch phoiblí ar mhúnla Vín, Shingeapór, na Fionlainne is araile, agus má leantar le rátaí na hinimirce mar atá, is cinnte go bhfuil tuilleadh coimhlinte sóisialta i ndán dúinn. Déanfaidh an eite dheas i bhfad amach gach iarracht teacht i dtír ar an gcoimhlint sin.
Ar an dea-uair, i gCarna tá sé beartaithe ag muintir na háite teacht le chéile chun ‘óstán pobail’ a chruthú. In éagmais tacaíocht ón stát, is é an féintuilleamaí an cur chuige is fearr.
Tá sé beartaithe ag an Roinn Tithíochta i mBaile Átha Cliath tabhairt faoi tháillí uisce arís. Cé go ndúradh i ráiteas leo ‘nach raibh aon phleananna’ acu táillí ar son ‘ró-úsáid uisce’ a thabhairt isteach agus ‘nach raibh siad luaite sa Chlár Rialtais’, is cosúil go bhfuil neart oibre ar bun sa chúlra chun tabhairt faoina leithéid sa todhchaí.
An leithscéal a bhfuil leas á bhaint as an uair seo ná cúrsaí caomhnaithe. Bhuel, b’in an leithscéal a bhí ann cheana sa tréimhse inar éirigh an pobal amach i gcoinne na dtáillí. An babhta seo, tá an Roinn Tithíochta ag díriú isteach níos mó ar cheist an chaomhnaithe, agus ar bhealach níos glice.
Beidh idirdhealú á dhéanamh idir ‘táillí uisce’ (ar theip orthu iad a thabhairt isteach cheana) agus ‘táillí ar son ró-úsáid uisce’.
An plean atá ann ná liúntas bliantúil 217,000 lítear a thabhairt do gach teach, ach go mbeidh costas €1.85 ar gach 1,000 lítear thar an teorainn sin má sháraítear í. Tá eagraíocht stáitiomlán nua ann agus ainm breá Gaeilge air, An Fóram Uisce, bunaithe le ‘comhairle’ a thabhairt fiú amháin.
Léirigh anailís a foilsíodh in 2023 gur úsáid 10% d’áitribh 35% den uisce. Is dócha gur daoine iad seo a bhfuil gairdíní acu, gairdíní móra a bhformhór, agus a úsáideann neart uisce sa samhradh go háirithe dá bplásóga agus bláthanna breátha.
De ghnáth ní bheinn i gcoinne cáin a ghearradh ar lucht an rachmais ina dtithe ollmhóra. Ach, tá a fhios againn ónár dtaithí le táillí uisce sna tíortha béal dorais linn, an Bhreatain Bheag agus Sasana, gur úsáideadh leithscéal an chaomhnaithe chun clár príobháidithe a bhrú isteach. Bealach é seo chun acmhainn nádúrtha, an t-uisce, a iompú isteach i sealúchas príobháideach gur féidir le comhlachtaí brabús a bhaint as.
Má ghlactar le prionsabal na dtáillí, déanfar iad a leathnú amach agus is cáin bhreise a bheas iontu. Tá daoine ag streachailt a ndóthain leis an gcostas maireachtála faoi láthair, go háirithe le costais fuinnimh.
Ní bheidh sna táillí uisce, má ghlactar leo, ach uirlis eile le maoin a aistriú ó ghnáthoibrithe agus na bochtáin go lucht an rachmais. Is é seo nós an caipitleachais nualiobrálaigh ar fud na cruinne.
An bhuncheist don phobal is ea an mbeidh éirí amach i gcoinne na dtáillí seo? Ós rud é go bhfuil gliceas an stáit ag díriú ar cheann caol na dinge ar dtús báire agus nach bhfuil bagairt láithreach d’fhormhór an phobail, beidh sé níos deacra daoine a shlógadh an uair seo.
Anuas air sin, tá fearg bhlianta na déine laghdaithe cuid mhaith, nó curtha i dtreo na n-imirceach ag an eite dheas i bhfad amach, agus i dtreo tuairimí comhcheilge ag na meáin shóisialta nach raibh chomh cumhachtach sin deich mbliana ó shin.
Tá athruithe tagtha ar chomhdhéanamh ceannaireacht cuid de na ceardchumainn a bhí go mór chun cinn san fheachtas i gcoinne na dtáillí idir 2014 agus 2016 go háirithe. Brúdh amach daoine sinsearacha a bhí ar an eite chlé, agus tá daoine coimeádacha i bhfeighil anois agus spéis dá laghad acu in ollslógaí móra sráide.
Ach, i ndeireadh na dála, roimh do na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla cléacha teacht ar bord leis an bhfeachtas 10 mbliana ó shin, b’fheachtas é a d’fhorbair ón mbun aníos. Thagadh pobail amach ina n-eastáit chun cosc fisiciúil a chuir ar lucht Uisce Éireann agus na Gardaí a bhí ag cur na méadar uisce isteach.
Mar sin féin, tá na méadair sa talamh anois lasmuigh de chuid mhaith tithe. Beidh an tréimhse amach romhainn spéisiúil. An bhfuil an t-ocras sin ar an eite chlé tabhairt faoi bhabhta eile sa chath chun an acmhainn nádúrtha is bunúsaí, uisce, a choinneáil i seilbh an phobail seachas i seilbh na scairshealbhóirí?
Beidh dreamannaí poblachtánacha, agus Misneach ina measc, sásta an fód a sheasamh i gcoinne na dtáillí arís.
Tá rialtas nua, agus aire oideachais nua leis, ar na bacáin ag tús na bliana úire. Ní haon ionadh é a rá go mbeidh buairt ar phobal na Gaeilge, agus na Gaelscolaíochta, faoi cheapachán an aire oideachais nua.
Chuir an t-iar-aire oideachais, Norma Foley, Fianna Fáil, le líon na ndíolúintí ón nGaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta agus le titim ar líon na ndaltaí in earnáil na Gaelscolaíochta.
Laige ollmhór sa chóras oideachais faoi láthair is ea an easpa polasaí don oideachas lán-Ghaeilge le spriocanna uaillmhianacha ann. Tá an chuma air go bhfuil an Roinn Oideachais ag obair i dtreo polasaí a bheidh ina shop in áit na scuaibe a fhoilsiú.
Is fiú breathnú ar an tráth ar tugadh isteach polasaí cuimsitheach, ‘radacach’ fiú, sa chóras oideachais, nuair a tugadh isteach an saoroideachas don dara leibhéal in 1966.
Ceann de na laigí ba mhó i gcóras oideachais an stáit i lár an fhichiú haois ba ea nach raibh saoroideachas ann ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Bhí táillí i gceist do na hiar-bhunscoileanna ag an am – mar sin is do dhéagóirí na meánaicme go príomha a bhí an scolaíocht dara leibhéal. Rachaidís ar aghaidh chun bheith ag obair sa státseirbhís, mar chléirigh in oifigí, nó mar dhlíodóirí, dochtúirí etc.
Bhí líon beag scoileanna gairmoideachais ann chomh maith a thug oiliúint sna ceirdeanna don lucht oibre sna cathracha agus páistí ó chlanna bocht na tuaithe agus na Gaeltachta.
De réir mar a bhí an geilleagar ag domhandú ó dheireadh na 1950í ar aghaidh agus an teicneolaíocht ag teacht i réim, tuigeadh go mbeadh oideachas de dhíth ar dhaoine óga chun na comhlachtaí nua a bhí á mealladh a shásamh. Ach bhí neart constaicí roimh an saoroideachas.
Ag an am, ní raibh farasbarr airgid ag an stát, mar atá inniu. Sa mhullach air sin, ceapadh nach mbeadh móréileamh ann ó thuismitheoirí ar an saoroideachas ag an dara leibhéal mar creideadh gurbh fearr leo go mbeadh a ndéagóirí ag saothrú ioncam breise don teaghlach.
Chomh maith leis sin bhí drogall ar na rialtais éagsúla ó bunaíodh an stát cur isteach ar smacht na hEaglaise Caitlicí ar chúrsaí oideachais – mar sin ní dhearnadh aon dul chun cinn ar feadh 40 bliain.
Agus é ina aire oideachais, rinne Tomás Ó Deirg, Fianna Fáil, mar shampla, iarracht sna 1930í saoroideachas a thabhairt isteach don Ghaeltacht, ach chuir na heaspaig an togra go tóin poill.
Tháinig ugach ón Ríocht Aontaithe nuair a chonacthas gur ardaigh Westminster aois an tsaoroideachais go 15 sna 1940í. Agus bhí spreagadh breise ann nuair a d’eisigh Fine Gael Towards a Just Society agus d’fhoilsigh an Roinn Oideachais Investment in Education in 1965 agus cuireadh brú ar Fhianna Fáil feidhmiú.
D’fhógair an tAire Oideachais Donagh O’Malley, teachta dála de chuid Fhianna Fáil d’Oirthear Luimnigh, saoroideachas go leibhéal an Mheánteastais i dtreo dheireadh na bliana 1966 i ngan fhios don Roinn Airgeadais.
Cinneadh mór a bhí anseo, go raibh greim ag an Roinn Airgeadais ar pholasaí rialtais ó bunaíodh an stát agus iad an-choimeádach ó thaobh an chaiteachais de.
Bhí an tAire Airgeadais Jack Lynch, Fianna Fáil, ar buile le O’Malley. Ach bhí an pobal taobh thiar de chinneadh an Mháilligh agus cuireadh i bhfeidhm é.
Sna seascaidí, ní raibh ach an tríú cuid de dhéagóirí a shroich aois a 16 fós ar scoil. Inniu críochnaíonn os cionn 90% de dhéagóirí an dara leibhéal agus tá ceann de na rátaí is airde ar domhan ag an stát sé chontae is fiche i dtaobh freastal ar oideachas den tríú leibhéal.
Sna 1960í, theastaigh ón stát oibreoirí a chruthú don chóras eacnamaíoch domhanda a bhí ag teacht i réim agus rinneadh sin. Dár ndóigh chonacthas go raibh ‘luach’ i gceist ansin – luach airgeadais.
Le hais an luacha chultúrtha, tá luachanna oideachais agus sóisialta ag earnáil na Gaelscolaíochta a neartaíonn pobail agus a laghdaíonn caiteachas i réimsí eile den tsochaí. An dtuigfidh cibé polaiteoir a thagann i gcomharba ar Norma Foley an luach sin? Nó más Foley atá ann arís, an féidir le gluaiseacht na Gaelscolaíochta an méid sin a chur ina luí uirthi?
An mbeidh cibé aire oideachais a bheidh ann cróga a dhóthain le polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach a chur i bhfeidhm don oideachas lán-Ghaeilge mar a rinneadh in 1966 nuair a tugadh isteach an saoroideachas do leibhéal na hiar-bhunscolaíochta?
Ní aon laoch dúinne Donagh O’Malley – Fianna Fáileach a bhí ann i ndeireadh thiar. Ach rinne sé rud forásach os cionn leathchéad bliain ó shin. Cén fáth nach féidir lena shliocht Fianna Fáileach beart den sórt céanna a chuir i bhfeidhm sa lá atá inniu ann?
Más ‘tús maith leath na hoibre’, is drochthús é don Ghaeilge le linn shaolré an 34ú Dáil ceapachán Murphy mar Cheann Comhairle
Ba é Cathal Brugha, réabhlóidí agus cainteoir Gaeilge, céad cheann comhairle na Dála in 1919. Léigh sé an Clár Daonlathach amach i nGaeilge agus reáchtáladh gnó na Dála go hiomlán trí Ghaeilge ar an gcéad lá a bhailigh na teachtaí.
Ní ‘scannal’ é, fiú, gur ceapadh Verona Murphy, atá gan Ghaeilge, atá ceapta ina ceann comhairle 105 bliain níos déanaí. Tá pobal na Gaeilge imithe i dtaithí ar chinntí den sórt seo le blianta beaga anuas.
Léiríonn ceapachán Murphy codarsnacht lom idir fís agus cur chuige ghlúin na réabhlóide ar an láimh amháin, agus cur chuige ghlúin na ngaimbíní ar an láimh eile.
Anuas air sin, is léiriú é go bhfanfaidh cúrsaí mar atá i dTeach Laighean i dtaobh úsáid na Gaeilge de go ceann 5 bliana eile ar a laghad. Labhrófar an cúpla focal anois is arís, agus i rith Sheachtain na Gaeilge cuirfear an dráma bliantúil, ar a nglaoitear ‘Lá na Gaeilge’, ar bun.
Déanfar plámás ar eagraíochtaí Gaeilge agus inseofar dóibh go bhfuil an rialtas ‘dáiríre faoin nGaeilge’. Ach ní léireoidh Fianna Fáil ná Fine Gael aon chinnireacht i dtaobh normalú a dhéanamh ar an teanga i saol polaitiúil na tíre de, ná i dtaobh cur chun cinn na teanga i réimsí tábhachtacha eile.
Agus cén fáth a léireodh? Nach bhfuil ardmheas acu ar ghradam an Bhéarla mar cheann de ‘bhunchlocha gheilleagar an stáit’? Nach bhfuil géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ag dul in olcas faoina stiúir? Nach bhfuil líon na ndaltaí sa chóras Gaelscolaíochta tar éis titim le blianta beaga anuas, an chéad uair a raibh titim ann le leathchéad bliain? Nach bhfuil díolúintí ón nGaeilge as smacht go hiomlán anois agus 22.5% de dhaltaí Ardteiste nach ndéanann scrúdú sa teanga?
Mura bhfuil lucht ceannasaíochta an stáit sásta fiú ceann comhairle a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh, cén fáth a mbeimis ag súil leis go réiteoidís fadhbanna i saol na Gaeilge atá i bhfad Éireann níos mó?
Ní tuar maith é tús an rialtais seo don Ghaeilge. Is gá athmhachnaimh a dhéanamh ar an mbealach a n-éilítear cearta agus cothromas do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tá easpa measa bunúsach le brath le blianta beaga anuas agus táimid ag íoc go daor as.
Is beag faoiseamh é dóibh siúd atá thíos leis polaiteoirí ag maíomh go bhfuil a vóta tar éis fás.
Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht. Ní raibh aon bhorradh i dtreo Shinn Féin agus na hEite-Clé san olltoghchán. Dealraíonn sé go bhfuil cuid de vótaí Shinn Féin, óna buaic de 34% i bpobalbhreitheanna in 2022, imithe chuig páirtithe níos lú ar an lár-Chlé, neamhspleáigh, agus, b’fhéidir fiú, go dtí na faisistithe.
Mar sin féin, níor tháinig ach timpeall 60% den phobal amach chun vótáil – an céatadán is ísle i dtoghchán sa stát ó 1923. Tá cúiseanna doimhne struchtúracha a chothaíonn drochfhreastal vótála.
Go hidirnáisiúnta, tá laghdú tagtha ar an ráta vótála ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i gcomhthéacs an nualiobrálachais – an córas geilleagrach ina maireann muid a fhágann cumhacht ollmhór i lámha lucht an rachmais.
Léirigh staidéar a déanadh in 2023, Turning off the base: Social democracy’s neoliberal turn, income inequality, and turnout, mar a d’fhorbair neamhshuim i measc vótálaithe an lár-Chlé.
Thagair an staidéar do ‘athruithe struchtúracha socheacnamaíocha, mar shampla an meath ar lucht oibre de bharr díthionsclaíochta agus domhandaithe, ach freisin athruithe beartais, cosúil le glacadh [na páirtithe lár-Chlé] le liobrálachas an mhargaidh’.
Tá páirtithe an lár-Chlé anois ar a sháimhín só le status quo a chothaíonn éagothroime ioncaim, córas tithíochta faoi threoir na mbanc agus na bhforbróirí, cúram sláinte leath-phríobháidithe, agus seirbhísí poiblí ar bheagán mhaoinithe.
Tá an daonlathas curtha ar leataobh ag billiúnaithe atá i bhfeighil an gheilleagair nualiobrálaigh, a bhfuil tionchar ollmhór acu ar an bpolaitíocht, agus a bhíonn i gceannas ar na meáin. Mura dtugann páirtithe an lár-Chlé dúshlán don chóras seo, ní slógfar daoine chun vótáil ar a son.
Sa mhullach air sin, is cosúil go bhfuil sé dodhéanta ag na páirtithe lár-Chlé aghaidh a thabhairt ar cheist na himirce laistigh de chomhthéacs caipitleach/impiriúlach. An bhfuil bealach ann, bunaithe ar anailís ábharach, atá idir phragmatach agus dhaonnúil?
Bealach a dhiúltaíonn do raiméis agus bréageolais faisisteach, ach atá réalaíoch faoin tionchar ar chomhdhlúthú an phobail nuair a thagann líon mór inimircigh isteach sa stát? Neosfaidh an aimsir.
Bhí cúiseanna eile le teip an lár-Chlé borradh a chuir fúthu: an easpa comhoibrithe á la gauche Française, struchtúir aicme agus tithíochta fadbhunaithe an stáit, na meáin deiseach atá ina namhaid, na naisc chumhachtacha atá go fóill idir pobail tuaithe agus leasanna na bhfeirmeoirí saibhre, agus géilleadh iomlán na gceardchumann do lucht an rachmais.
Thuigfeá neamhshuim an phobail i leith an ‘daonlathais’. Níl an ‘straitéis’ reatha atá ann faoi láthair chun vótáilte a stiúradh i dtreo an bhotháin toghchánaíochta ag obair. Caithfear gnáthdhaoine a chumhachtú. É sin, nó rachaidh daoine i dtreo na bhfaisisteach nó an indibhidiúlachais agus easpa spéise.
Cá bhfuil an ghluaiseacht pholaitiúil a nascann an troid ar son córas nua tithíochta, coinníollacha oibre agus costas maireachtála níos fearr, córais oideachais agus sláinte den scoth, agus an streachailt laethúil chultúrtha/díchoilíneach chun daoine a chumhachtú ar bhonn leanúnach?
Ba é an dúshlán suntasach deireanach don chóras in Éirinn an feachtas i gcoinne an Cháin Uisce, nuair a tháinig na céadta mílte amach ar na sráideanna agus cuireadh iallach ar an rialtas géilleadh. Faraor, níor cuireadh fuinneamh na gluaiseachta sin i dtreo feachtas tithíochta leanúnach ná athrú radacach níos leithne.
Tá cuid den dioscúrsa atá tagtha chun cinn ó chodanna den Eite-Chlé agus ó thacaithe Shinn Féin dochreidte – níl aon mhaith leis an gcur chuige go bhfuil ‘athrú ag teacht ach glacfaidh sé am’, do dhaoine óga atá ar tí eitleán a fháil go Sydney gan filleadh ar ais riamh, do dhaoine ar thralaithe ospidéil, agus dóibh siúd atá ar na sráideanna.
Tá gluaiseacht ón mbus aníos a bhfuil feachtais eile, seachas cinn toghchánaíochta, ina chroílár de dhíth go géar.
Níl aon chinnteacht ann go mbeidh na vótálaithe óga sin dílis do Shinn Féin agus don eite chlé go deo. Rachaidh cuid acu ar deoraíocht. Aistreofar dílseachtaí cuid eile má éiríonn leo fanacht agus a bheith ina n-úinéirí tí – cothaíonn úinéireacht maoine agus luachanna maoine laistigh den chomhthéacs caipitlíoch idé-eolaíocht indibhidiúlach.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuilimid i dtréimhse ina bhfuil an fórsa is mó ar an eite chlé, Sinn Féin, ag moladh foighne dá lucht tacaíochta, mar a rinne na Pairnellítigh agus na Redmondítigh fadó. Foighne go bhfaighimis d’Éire Aontaithe, foighne go mbainfear amach rialtas cléach i dTeach Laighean, foighne don ‘athrú’.
Mhol Páirtí Parlaiminteach na hÉireann foighne ar feadh leathchéad bliain nach mór, agus níor éirigh leo aon rud suntasach a bhaint amach – ní go dtí gur éirigh na Fíníní agus lucht athbheochana cultúrtha mífhoighneach leis an bhfanacht síoraí a tharla aon dul chun cinn i ndáiríre. Bunaíodh eagraíochta ón mbun aníos a d’fhág a lorg ar stair na hÉireann.
Tar éis an Chogaidh Fhada sna Sé Contae agus an ardú tuisceana, ní hamháin ar stair fhada an choilíneachais sa tír seo, ach ar ról lárnach na Gaeilge sa streachailt ina choinne sin, i measc phobal náisiúnach Thuaisceart na tíre, ní nach ionadh go gcloistear an Ghaeilge go rialta ar shráideanna Bhéal Feirste.
Murab ionann le mórchathracha eile na tíre, tá an Ghaeilge láidir go maith ann, mar thoradh ar thréanobair gníomhaithe teanga le tamaillín maith de bhlianta anuas.
Ach gné amháin den bhorradh seo gur fiú aird a dhíriú air ná an leas atá á bhaint as an nGaeilge chun tairbhe a bhaint as an ardú tuisceana agus meanmain i measc phobail Thuaisceart na tíre.
Cé gur fíor, gan dabht, gur le ’chuile dhuine an Ghaeilge, cibé áit arbh as dóibh nó cibé post atá acu, ní mór dúinn a bheith airdealach ar na dóigheanna ina mbaineann lucht an rachmais úsáid as an teanga chun a spriocanna géilleagracha féin a bhaint amach – spriocanna nach bhfuil i gcónaí ar leas pobal mionteanga.
Nuair a fheictear comharthaí dátheangacha in ollmhargaidh Shasanacha agus in oifigí gníomhaireachta eastáit in Iarthar Bhéal Féirste, meabhraítear dúinn an ráiteas a rinne an Conghaileach tráth:
“Ní móide nach bhfeicfimid tóraithe d’fhostóirí Éireannacha ag cur a gcuid monarchaí dúshaothair faoi choim na meirgí flannbhuí agus na tiarnaí talún faoi réim an rialtais dúchais ag baint deatach as scal gréine an Oileáin Iathghlais chun a gcuid ainchíosa sna hothrais de bhailte na tíre a cheilt orainn.”
Is fiú dúinn smaoineamh ar lucht an rachmais Gaelach – na gníomhairí eastáit atá ag ardú cíosa agus praghasanna tí ar lucht oibre na tíre seo sa lá atá inniu ann sa dóigh chéanna is a bhí an tráth sin a dúirt an Conghaileach an méid sin thuas – mar “bourgeoisie náisiúnta”, mar a chuir an teoiricí Franz Fanon orthu ina leabhar cáiliúil Daoir na Cruinne (The Wretched of the Earth).
Mar a dúirt Fanon, agus é ag déanamh cur síos ar an meánaicme náisiúnta a thagann chun cinn i tíortha iarchoilíneacha tar éis na streachailte in aghaidh an chórais choilínigh – rud atá le brath i dTuaisceart na hÉireann faoi láthair, áit a bhfuil meánaicme nua eacnamaíoch agus pholaitiúil tagtha chun cinn sa bpobal náisiúnach:
“Ní bhíonn an bourgeoisie náisiúnta de na tíortha tearcfhorbartha [agus áirítear Béal Féirste mar cheann des na ceantracha leis na rátaí bochtanais is airde in Iarthar na hEorpa, gan dabht sa chatagóir sin] gafa le déantúsaíocht, le cumadh, le tógáil ná le hobair, is do ghníomhaíochtaí idirmheánacha go hiomlán a bhíonn siad tugtha.
Is cosúil gurb é an sprioc is giorra dá gcroí a bheith ag reáchtáil agus a bheith páirteach sa gcambheart…
Ní bhaineann an aidhm atá ag an bourgeoisie leis an náisiún a athrú; baineann sé, go bunúsach, le bheith mar idirghabhálaí idir an náisiún agus an caipitleachas, gan srian ach fé cheilt, a chuireann air féin inniu cuma an nuachoilíneachais. Beidh an bourgeoisie náisiúnta sásta a bheith ina ghníomhaire gnó an bourgeoisie iartharach.”
Tá sé rí-shoiléar nach bhfuil i ngníomhairí eastáit agus ligin ach leagan eile den “bourgeoisie náisiúnta” sin atá ag iarraidh an ról lárnach a imríonn an Ghaeilge anois i measc phobail Bhéal Féirste a chur chun a leasa féin.
Mar Ghaeil atá tiománta d’athbheochan na Gaeilge i ngach gné den saol (saol trí Ghaeilge atá uainn, dar ndóigh) is fiú dúinn a bheith amhrasach faoi iarracht ar bith míleas a bhaint as an teanga, ach go háirithe nuair is iad na daoine agus an aicme chéanna atá ag cur cíosanna agus praghasanna tithe ár bpobail in airde atá ina bhun sin.
Ar fud na hÉireann, ní hamháin i gcathracha móra na tíre, ach i gceantracha tuaithe agus Gaeltachta, agus fiú amháin ar na hoileáin thiar, tá ganntanas mór tithíochta ar phraghas réasúnta.
Is iad na cúiseanna céanna atá leis sin i ngach áit – cíosanna arda, praghasanna arda, ganntanas tithíocht phoiblí agus sóisialta, infheisteoirí ag ceannach tithe mar thithe saoire nó mar réadmhaoin infheistíochta, deacrachtaí ó thaobh ceadúnas pleanála a fháil, agus tithe á bhfágáil tréigthe go forleathan.
Tá an ghéarchéim tithíochta ar cheann des na cúiseanna is mó nach féidir le daoine óga ó na ceantracha seo cur fúthu sa Ghaeltacht agus a gclanna a thógáil ann.
Más saol trí Ghaeilge atá uainn, is mithid dos na pobail Ghaelacha sin an deis a bheith acu cur fúthu san áit gur mhian leo, bíodh sin sna Gaeltachtaí tuaithe nó sna cathracha móra.
Ní haon chomhghuaillithe linn sa streachailt seo na tiarnaí talún ná a gcuid gníomhairí.
Fáilteoimis roimh fheiceáileacht na Gaeilge i measc an phobail, ach ná cuirimis aon dallamullóg orainn féin maidir le cé hiad siúd a bhfuil leas na Gaeilge agus a pobail trí chéile mar sprioc acu agus cé hiad siúd nach bhfuil uathu ach brabach a bhaint as an dteanga.
Mar a rinne Máirtín Ó Cadhain ina léirmheas ar Ghluaisteacht na Gaeilge, nílimid ach ag dearbhú an chogadh aicmíocht atá ar bun cheana féin. Is iad, mar a dúirt sé, na Petie O’Sheas, na Fullers, agus óstáin na Rosa, agus is iad, dar linne, leithidí Northern Property sa lá atá inniu ann, atá ag cur an chogaidh sin, “dhá fheidhmiú go nimhe neánta ó lá go lá agus ó bhliain go bliain in aghaidh na haicme íochtair agus a gcultúir.”
Ina n-aghaidh siúd ar mian leo míleas a bhaint as an teanga, tá moladh an Cadhnaigh an tráth sin fós ina cheart fosta:
“An áit is tréine an dushlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge an Choirnéil le feicéail agus leas dá bhaint as anois nár shamhlaigh an Coirnéal ariamh.”
Mar a dúirt sé i leith slánú na Gaeilge – “Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le Athghabháil na hÉireann – seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a thabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann.” Nílimid den tuairim gur aon chabhair chuige sin a gheobhaimid ó Northern Property.
Is caint é seo a thug Elin Hywel ag Meitheal Misneach a thit amach ar líne le déanaí. Tá Elin ina cathaoirleach ar ghrúpa oibre na bpobal inbhuanaithe i gCymdeithas. Tá baint aici le Undod, grúpa neamhspleáchais radacaigh na Breataine Bige, chomh maith. Tá an leagan Gaeilge le fáil thíos faoin mBreatnais.
Mae’r argyfwng tai yn llawer hynach na’r pandemig. Ers canol y ganrif ddiwethaf rydym wedi bod yn brwydro ac yn ymgyrchu i warchod cymunedau Cymru.
Mae iaith yn annatod a chymuned. Nid yn unig cymunedau Cymraeg eu iaith ond pob cymuned Gymreig.
Os Cymru yw eich lle chi yna mae’r Gymraeg yn iaith i chi, mae’n iaith sydd yn ein clymu i le.
Mae’n braf meddwl nad oes dim un di-Gymraeg yng Nghymru – dim ond rhugl neu dysgu, pawb yn rhywle rhwng dau begwn. Mae hyn yn wirionedd o ganlyniad amlygiad ein iaith ar draws ein cymunedau – arwyddion ffordd, arwyddion dwyieithog mewn siopau neu gofodau cyhoeddus, neu efallai fod clywed cyflwyniad Cymraeg i gael dewis opsiwn Saesneg wrth ffonio meddygfa neu gwmni traws wladol.
Yn debyg iawn i angen cymuned mae isadeiledd syn pwysleisio’r Gymraeg gyntaf ac sy’n gynhwysol yn bwysig iawn i’n iaith.
Mae Cymdeithas yr Iaith yn cydnabod yr angen am ofodau Cymraeg yn ein hymgyrch am 1,000 o ofodau uniaith Gymraeg.
Ond heb siaradwyr a defnydd cyson gall iaith fynd i fod yn farwaidd neu diflannu yn llwyr. Mae cynnal cymunedau daearyddol o siaradwyr Cymraeg sydd â’r gallu i fyw yn y Gymraeg yn ddyddiol yn hanfodol i warchod, cynnal a datblygu ein iaith i genedlaethau’r dyfodol.
———
Tá an ghéarchéim tithíochta i bhfad níos sine ná an phaindéim. Ó lár an chéid seo caite i leith tá muid ag troid agus ag feachtasaíocht chun pobail na Breataine Bige a chosaint.
Ní féidir teanga agus pobal a scaradh óna chéile. Ní pobail na Breatnaise amháin atá i gceist ach gach uile phobal sa mBreatain Bheag ar fad.
Más í an Bhreatain Bheag an áit a bhfuil cónaí ort, is leat féin í teanga na Breatnaise; is teanga í a cheanglaíos d’áit faoi leith muid.
Is deas an smaoineamh é nach bhfuil duine ar bith ann nach bhfuil Breatnais aige sa mBreatain Bheag—nach bhfuil aon duine ann ach líofa nó ag foghlaim, tá gach uile dhuine in áit éigin idir an dá phol úd.
Is fíor é sin de bharr gur éirigh ár dteanga feiceálach—comharthaí bóthair, comharthaí dátheangacha sna siopaí nó i spásanna poiblí, nó b’fhéidir go gcloisfeá an Bhreatnais i dtús báire ag tairiscint rogha Béarla duit agus tú ag cur glaoigh ar ionad sláinte nó ar chomhlacht trasnáisiúnta.
Cosúil le haon riachtanas pobail, tá bonneagar (infreastruchtúr) cuimsitheach a ligeas béim ar an mBreatnais i dtús báire an-tábhachtach dár dteanga.
Aithníonn Cymdeithas yr Iaith an gá atá le spásanna Breatnaise agus tá feachtas ar bun againn chun 1,000 spás Breatnaise aonteangach a bhaint amach.
Ach in éagmais cainteoirí agus gan í a bheith in úsáid bhuan, seans go mbainfear brí agus beocht as an teanga nó go n-imeoidh sí ar fad gan tásc gan tuairisc.
Ní foláir pobail thíreolaíocha de chainteoirí Breatnaise a choinneáil, pobail fhearainn a fhéadas a bheith ag maireachtáil sa mBreatnais ó lá go lá, i riocht’s go mbeidh ár dteanga á coimhéad agus á cothú agus á forbairt le haghaidh na nglún a éireos aníos amach anseo.
~ Buíochas le Hynek Daniel Janoušek as an sliocht a aistriú.
Tá tacaíocht á lorg d’achainí nua, a bhfuil baint aige le pobal na Gaeltachta, le roinnt laethantaí anuas. Is ar shuíomh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (European Citizens’ Initiative) atá an achainí.
De réir na hachainí seo, bheadh tacaíocht agus maoiniú breise ag dul do réigiún áirithe san Eoraip a bhfuil tréithe áirithe cultúrtha ag baint leo, an Ghaeltacht sa chás seo, dá nglacfaí leis na hathruithe dlí atá mollta ann.
Cé, ar ndóigh, go bhfuil muide i Misneach go láidir den tuairim go dteastaíonn tuilleadh infheistíochta agus cumhachta ón nGaeltacht, tá amhras mór orainn faoi chultúr na n-achainí gur léir dúinn a bhfuil greim aige ar ghluaiseacht na Gaeilge.
Cé go bhfuil Misneach tar éis roinnt achainí a scaoileadh i gcaitheamh na mblianta chun tacú le feachtais a tháinig ón mbun aníos ó phobal na Gaeltachta, ní chreideann muid go mbaineann aon achainí amach an méid a theastaíonn.
Níl aon cheo níos laige mar uirlis pholaitiúil ná achainí. Níor athraigh aon achainí a dhath a riamh agus ní athróidh choíche.
“Pressure valves” atá iontu leis an tuiscint a thabhairt do dhaoine go bhfuil siad i mbun agóidíochta nuair nach bhfuil.
Maidir leis an achainí áirithe seo atá dírithe ar an Aontas Eorpach agus stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta mar mhionlach le cearta áirithe laistigh den aontas sin, b’fhiú bheith airdeallach ar impleachtaí na hídé-eolaíochta a thagann leis an “mionlú”.
Is sna 1970idí a ghlac Stát an Sé Chontae Fhichead ballraíocht san Aontas Eorpach. Ní aon comhtharlúint é gur caitheadh togra na hathbheochana i dtraipisí go hiomlán ag an tráth céanna.
Bhain rialtas BÁC leas as ídé-eolaíocht an Aontais Eorpaigh, a dhírigh ar chearta teangacha mionlaithe, chun neamhaird a dhéanamh ar an bhfíor-athbheochan agus athdháileadh cumhachta a bhí, agus atá, de dhíth chun go slánófar an Ghaeltacht agus an teanga.
Feictear anois le meath leanúnach na Gaeltachta, nach aon mhaith i ndáiríre na cearta mionlaigh seo mura bhfuil an stát sásta fíordhaonlathas a thabhairt don chosmhuintir inti.
I ndeireadh na dála, teastaíonn clampar má tá cluas éisteachta uainn ó uasaicme atá ar nós cuma liom faoin gcosmhuintir, sin nó (níos fearr aríst!) gníomh díreach le tarraingt ar ár son féin.
Beidh a fhios ag ár lucht tacaíochta gur fhoilsigh muide i Misneach an 12ú eagrán dár n-irisleabhar, Mionlach, an mhí seo caite. Is eagrán é atá lán le hanailís pholaitiúil, filíocht, léirmheasanna, scéalta agus ábhar eile nach é, mas is gnách.
Déanadh an cinneadh tús áite a thabhairt do scéal na réabhlóide i Rojava, ach go háirithe scéal Mmorgan de Mhionbhíol, a ndeachaigh ann le troid leis an YPG i gcoinne ISIS. Cuireadh grianghraif de bheirt óglach ar an gclúdach.
De bharr na dianghlasála, ní raibh sé indéanta an iris a sheoladh ag na siopaí mar ba ghnách linn.
Bhogamar an t-iomlán den díolachán ar líne. Baineadh leas as ár suíomh misneachabu.ie agus an cnaipe PayPal air chun na hirisí a dhíol. D’fhógair muid seo ar na meáin shóisialta agus in áiteanna eile.
Laistigh de sheachtain bhí meall mór cóip ordaithe ó gach cearn den tír, thuaidh agus theas, mar aon le hordaithe a tháinig ó Albain agus Sasana.
Baineadh geit asainn, mar sin, nuair a dhún PayPal ár gcuntas agus iarmhéid na n-iris fós ann. Níor dúradh ach, “we’re initiating the closure of your PayPal account in order to protect us from potential financial losses.”
Níor tugadh míniú soiléir dúinn in aon chor faoin bhfáth, nó na fáthanna, a ba chúis leis an gcinneadh a rinneadar.
Maidir leis an airgead a bhí fós faoi smacht PayPal, airgead a thug ár dtacaitheoirí dúinne chun tacú le Mionlach agus lenár bhfeachtasaícoht, dúradar go raibh “athbhreithniú” á dhéanamh acu air. Anuas air sin, dúradh go dtógfadh an t-athbhreithniú seo suas le 180 lá.
Fiú agus an t-am sin caite, ní bheadh cinnteacht ar bith againn go bhfaigheadh muid an t-airgead ar ais. Ar an dea-uair, d’éirigh linn na hirisí a bhí ordaithe a sheoladh amach sa bpost, ach ní raibh sé ar ár gcumas ó shin tuilleadh a dhíoladh.
Idir an dá linn, sheolamar achainí chuig PayPal ag lorg mínithe, ag insint dóibh gur grúpa dleathúil feachtasaíochta muid.
Seoladh freagra ar ais, ach ba léir gur freagra uathoibríoch a bhí ann. Níor tugadh míniú soiléir ar bith.
Dúradh “our decision to leave your account in a permanent limitation status is final. PayPal reserves the right to limit access to any account reported to be involved in possible fraudulent or high risk behavior”.
Mar sin, gan PayPal a bheith sásta soiléiriú a dhéanamh ar an scéal, chaill muid an t-airgead uilig a bhí muid ag iarraidh a úsáid le híoc as an gcéad eagrán eile de Mhionlach a chur i gcló.
Toisc gur dóchúla ná a mhalairt nach raibh aon Ghaeilge ag an inneall a d’fhreagair muid go huathoibríoch, caithfidh sé gurb é clúdach na hirise ar a raibh pictiúr de bheirt óglach Éireannach i Rojava na Cordastáine, a bhí ina chnámh spairne acu.
Is fíor go raibh an bheirt óglach ag iompar gunnaí. Ach nárbh iad na gunnaí céanna a chur deireadh le ISIS sa réigiún sin ina raibh siad i gcumhacht ar feadh tréimhse? Ní gá dúinn na coireanna lofa a chuir ISIS i gcrích sa gcailifeacht acu a mheabhrú do dhaoine.
Is léir go mbaineann an cinneadh seo le saorchead cainte agus saorchead bolscaireachta do dhreamanna ar an eite chlé atá i bhfách le réabhlóidí frith-chaipitleacha. Is iarracht é idé-eolaíocht grúpaí réabhlóideacha ar nós an YPG a chur faoi chois.
Caithfear an cheist a chur, dá mba grianghraif de na hairm impiriúlacha amhail Airm SAM nó Airm na Breataine ar chlúdach na hirise, an gcuireadh PayPal faoi chois é? Ní dóigh linn é!
Is sampla eile é seo de na corparáidí móra ag tacú leis an impiriúlachas. In Éirinn, roinnt blianta ó shin, agus iad faoi bhrú ó na Síónaigh in ambasáid na hIosraela is cosúil, dhún Banc na hÉireann cuntas bainc an Irish Palestine Solidarity Campaign.
Anois, tá PayPal tar éis iarrachtaí Mhisneach an scéal a scaipeadh maidir le slad an chaipitleachais ar an nGaeltacht, faoi réabhlóidí inspioráideacha idirnáisiúnta, faoi chúrsaí timpilleachta agus araile, a chur faoi chois.
Tuigeann muid gur am deacair é seo do go leor againn ó thaobh airgid dé, ach má tá a dhath le spáráil ag éinne, ba mhór againn dá gcabhródh ár lucht tacaíochta linn tríd deontais a thabhairt chun na costaisí a chailleamar a chlúdach.
Nó mura cheannaigh tú iris, ba mhór againn dá gceannófá ceann, nó dhó, nó deichniúr, chun tacú linn anois. Íocann an teacht isteach ó gach eagrán as clódóireacht don chéad cheann eile