Tag Archive : Veiniséala

Géarchéim Chaipitleach Veiniséala sna 1980í agus 1990í 

Shamhlófá ó thuairiscí na mórmheáin go bhfuil gach aon duine i Veiniséala ar mhuin na muice de bharr gur fhuadaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Nicolás Maduro. Tá neart ama tugtha do na Veiniséalaigh a d’fhág an tír agus a chuaigh chun na hEorpa chun a dteachtaireachtaí a chraobhscaoileadh. 

De ghnáth is Veiniséalaigh atá saibhir iad an dream seo, agus tabharfar faoi deara gur Veiniséalaigh gheala iad seachas daoine de dhath nó bundúchasaigh atá i gcoitinne níos boichte agus gan an t-airgead acu dul ar imirce chun na hEorpa. 

Cibé ar bith, ceann de na miotais atá á chraobhscaoileadh ag na Veiniséalaigh shaibhre seo do mheáin cosúil le RTÉ, Dublin Live, The Irish Times agus araile ná go raibh Veiniséala “go breá” sna 1980í agus 90í sular tháinig Hugo Chávez i réim.

Ach dár ndóigh is scéal róshimplí é sin.

Sna 1970í ba stát cíosach bunaithe ar an ola é Veiniséala. Is éard atá i stát cíosach ná stát a bhraitheann ar ioncam ó acmhainn nach gá a tháirgeadh, sa chás seo ola, ach d’fhéadfaí stáit nó codanna de stáit eile a lua sa lá atá inniu ann i dtaobh na tithíochta agus na hola de chomh maith. 

Baineann an uasaicme ioncam nó saibhreas ón tír gan aon rud a chruthú agus ní fhorbraítear tionscail nó talmhaíocht dhúchasach. Braitheann an stát go mór mór ar ábhar a iompórtáil. Ceannaíonn meánaicme na cathrach an t-ábhar seo agus fásann an scoilt idir an chathair agus muintir na tuaithe. Déanann aicme ar leith, an aicme comprador, bainistiú ar an bpróiseas seo, agus fásann caimiléireacht thart ar an stát agus an aicme chéanna. 

I gcás Veiniséala sna 1970í, bhí comhlachtaí ola seachtracha chun cinn. Dhéanfaidís brabús ollmhór as acmhainn na tíre agus d’fhaigheadh sciar beag de mhuintir Veiniséala buntáiste as. Cé gur deineadh an tionscal ola a náisiúnú in 1976, d’fhan na struchtúir mar a bhí, na comhlachtaí ilnáisiúnta ag baint an tsaibhris agus an aicme comprador i mbun bainistiú ar an bpróiseas.

Nuair a chlis ar phraghas na hola go domhanda, tháinig na fadhbanna struchtúrtha i Veiniséala go cnámh na huillinne. Ar an lá a dtugtar Viernes Negro (an Aoine Dhubh) air, thit luch airgeadra na tíre, an bolívar, go leibhéal fíoríseal. 

Mar a deir Javier Corrales ina alt The Politics of Venezuela’s Economic Collapse don Latin American Research Review, a scríobhadh in 1997, scriosadh an miotas gur tír uathúil a bhí i Veiniséala an lá sin. Bhí an tír leochaileach i gcomhthéacs an chaipitleachais dhomhanda, go háirithe de bharr í a bheith go hiomlán spleách ar an ola. Glaonn Corralles “two lost decades” ar an bhfiche bliain i ndiaidh 1983.

Sna 1980í chuaigh an boilsciú in airde, thit an táirgiúlacht san Iarthar, agus bhí na milliúin daoine dífhostaithe. I Meiriceá Theas, sa mhullach air sin, bhí géarchéim fiacha i go leor tíortha. De bharr go raibh Veiniséala ag díol ola le tíortha an domhain, bhí baol ollmhór ann don tír.

D’ardaigh Paul Volcker, a bhí i gceannas ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Meiriceá, na rátaí úis chun dul i ngleic leis an mboilsciú. Ach d’ardaigh rátaí úis i ndeisceart an domhain chomh maith, rud nach raibh na tíortha sin in acmhainn a íoc. D’fhás fiacha na dtíortha go mór, chuaigh caipiteal thar lear, agus cuireadh an t-airgeadra faoi bhrú ollmhór. Sa chaoi seo, ba ghéarchéim é seo a tharla sna tíortha caipitleacha imeallacha. Cuireadh uallach an choigeartaithe dhomhanda ar na geilleagair spleácha.

I Veiniséala féin bhí an córas polaitiúil bunaithe ar na cíosanna as ola a dháileadh. Glaodh an punto fijo ar an socrú seo agus bhí an dá pháirtí Acción Democrática agus COPEI i gcumhacht. Nuair a thit an t-ioncam sin, níorbh ann do rogha eile idé-eolaíoch ná eacnamaíoch. Thit na rátaí pá, d’ardaigh an boilsciú agus d’fhás an bhochtaineacht as cuimse. Faoi dheireadh na 1980í, bhí an pobal dubh dóite leis an stát agus an córas polaitiúil mar a bhí.

Tháinig buille maraithe na muice in 1989, nuair a chuir an tUachtarán Carlos Adrés Pérez clár coigeartaithe nualiobrálach i bhfeidhm. Ba é seo comhthoil Washington. Bhrúigh státchiste na Stát Aontaithe, an Ciste Airgeadaíochta Domhanda agus an Banc Domhanda an coigeartú seo ar thíortha ar nós Veiniséala.

Mar is eol dúinn in Éirinn, i ndiaidh 2008, an toradh a bhí ar an bplean ná gur gearradh fóirdheontais, déanadh príobháidiú ar chomhlachtaí stáit, agus cuireadh an dírialáil ar mhaithe le gnólachtaí móra i bhfeidhm. Dúradh ag an am gur “nuachóiriú” a bhí anseo, ach is polasaithe déine ón mbarr anuas a bhí i gceist i Veiniséala na 1980í agus 1990í agus in Éirinn idir 2010 agus 2020.

Nuair a baineadh na fóirdheontais den bhreosla agus cúrsaí iompair i Veiniséala, d’éirigh lucht na cathrach amach i gcoinne an rialtais, éirí amach ar ar glaodh an Caracazo a tharla in 1989. Chuir an stát caipitlíoch an t-éirí amach faoi chois agus meastar go bhfuair tuairim is 5,000 duine bás.

Sna 1990í threisigh an chíor thuathail i Veiniséala, lena n-áirítear an ghéarchéim bhainc, tuilleadh fáis ar an éagothromaíocht, agus cliseadh an dá pháirtí pholaitiúla thraidisiúnta. 

Is sa chomhthéacs sin, comhthéacs ina raibh Veiniséala faoi chois ag fórsaí caipitlíocha agus impiriúlacha domhanda agus é ag braith go hiomlán ar an ola, inar tháinig Hugo Chávez i gcumhacht, go daonlathach, in 2002.

Ná ligimis do na Veiniséalaigh is saibhre, a bhfuil an deis acu saol níos fearr a aimsiú thar lear agus smachtbhannaí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag brú síos ar a dtír, an stair a lúbadh agus íomhá rómánsach den tréimhse roimh an Réabhlóid Bholavarach a chraobhscaoileadh go mímhacánta nó go haineolach isteach san allagar.

Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt

Sna blianta roimh an iarracht ar coup in 2002 i Veiniséala, d’éirigh leis an Réabhlóid Bholavarach an bhochtaineacht sa tír a laghdú go mór. Baineadh sin amach tríd an teacht isteach ón ola, a bhí i seilbh lucht an rachmais go dtí sin, a chur i dtreo na mbochtán.

Leathnaigh rialtas Hugo Chávez an rochtain a bhí ag na bochtáin ar na córais sláinte agus oideachas go mór. Cuireadh dochtúirí, ionaid sláinte, cláir litearthachta agus cláir bhia ar lacáiste isteach sna barrios a bhí imeallaithe le fada ag uasaicme de shliocht coilíneach na tíre.

Rinneadh leathnú chomh maith ar an rannpháirtíocht pholaitiúil. Ghlac comhairlí pobail agus eagraíochtaí ón mbun aníos an lucht oibre agus na bochtáin isteach i bpróiseas ina raibh cinntí poiblí le déanamh acu den chéad uair i stair na tíre. Thug an dul chun cinn seo spreagadh do ghnáthdhaoine dúshlán a thabhairt don seanréimeas olagarcach agus cuireadh bonn ní ba láidre faoin réabhlóid.

Mar sin féin, bhí sciar de mhuintir na tíre, an mionlach saibhir a raibh ionadaíocht acu sa fhreasúra polaitiúil, ann i gcónaí. Níor cuireadh an ruaig orthu mar a deineadh le linn na réabhlóide i gCúba. 

Ar an 11 Aibreán 2002 rinne an freasúra mórshiúl ar Miraflores, foirgneamh rialtas Veiniséala. Ní agóid chun míshástacht a léiriú leis an rialtas a bhí i gceist, ach iarracht an daonlathas a iompú bunoscionn tríd an lámh láidir, claontacht na meán, agus comhordú na scothaicmí.

Léirigh eachtraí an lae sin na deighiltí soiléire aicmeacha a bhí ann go fóill sa tír, deighiltí a ndearna na cuntais oifigiúla agus Iartharacha ar an tír neamhaird dóibh.

Léiríonn ráitis an fhreasúra ón am na scoilteanna céanna. Dúirt ceannaire amháin ag an am “nach féidir linn cead a gcinn a thabhairt do rialtas na mbochtán seo an tír a scriosadh”. Is éard a bhí i gceist leis an “tír” sa chás sin, más ea, ná an mionlach a raibh seilbh acu ar an gcumhacht eacnamaíochta agus pholaitiúil le fada, seachas an móramh a thacaigh le Chávez.

Chothaigh uasaicme Veiniséala miotas ar feadh na mblianta gur tír gan aicmí í, ina raibh gach éinne aontaithe, Veiniséala. Dúradh i ráiteas oifigiúil amháin ón am gur “tír aontaithe í Veiniséala a dhiúltaíonn don easaontas”. Ach ba bhréag é sin.

Thuig an lucht oibre agus na bochtáin a d’fhulaing faoin nualiobrálachas, an titim ar a bpá agus an cur faoi chois ó na 1970í ar aghaidh gur cleas a bhí san “aontacht” chun iad a choinneáil ina dtost.

Ar lá an coup, bhog an freasúra an mhórshiúl ó sprioc ceanncheathrú an PDVSA (an comhlacht stáit ola), i dtreo phálás an uachtaráin gan choinne gan chead. Mhaígh cinnirí an fhreasúra gur gníomh riachtanach a bhí ann chun “an daonlathas a tharrtháil”.

Ghabh oifigigh shinsearacha san arm Chávez. Agus nuair a ghlac Pedro Carmona cumhacht ina áit chuir sé deireadh leis an gComhdháil Náisiúnta, an Chúirt Uachtarach, agus gach údarás tofa sa tír. Dúirt sé “nach raibh na hinstitiúidí ag feidhmiú”, ach i ndáiríre ní raibh siad ag glacadh lena orduithe.

Rinne na meáin phríobháideacha ceiliúradh ar an coup. D’fhógair craoltóir amháin gur “bhain Veiniséala saoirse amach”. Ach céard uaidh a baineadh an tsaoirse? Ón gcéad rialtas ar feadh na mblianta a bhí sásta seasamh ar son na mbochtán agus an lucht oibre? Ó Hugo Chávez, uachtarán a toghadh le tacaíocht ollmhór ó na barrios? Ó thionscadal polaitiúil a thug dúshlán do phribhléid an tseanréimis.

Ní raibh an móramh sásta glacadh leis an coup. Rinneadh na deicheanna de mhílte a shlógadh: gnáthdhaoine, oibrithe, trádálaithe bochta, ógánaigh dhífhostaithe agus grúpaí pobail. D’éiligh siad go dtabharfaí ar ais a n-uachtarán agus an rosc “Queremos a Chávez” (táimid ag iarraidh Chávez) acu.

Murab ionann agus slógadh an fhreasúra a ndearnadh pleanáil air ón mbarr anuas le tacaíocht na bPoncánach, tharla an slógadh ar son Chávez ón mbun aníos ar bhealach nádúrtha. Mar a dúirt duine de lucht na Chávismos, “bhain siad ár vóta dínn. Tháinig muid chun é a ghlacadh ar ais”.

Bhí an t-arm scoilte ar bhonn aicme chomh maith. Cé gur thacaigh roinnt oifigigh shinsearacha le lucht an rachmais, dhiúltaigh oifigigh ag an meánleibhéal agus na gnáthshaighdiúirí tacú leis an coup.

D’áitigh oifigeach amháin ag an am go raibh “na daoine ag seasamh le Chávez, agus go bhfuil muidne ag seasamh leis na daoine.”

Scaoileadh saor Chávez roinnt laethanta ina dhiaidh sin ar an 14 Aibreán. Ní trí thimpiste nó míorúilt éigin a tharla sé sin, ba thoradh é ar an slógadh daonlathach, freasúra na n-institiúidí, agus titim an coup a bhí gan dlisteanacht gan tacaíocht lasmuigh de sheomraí boird an fhreasúra agus na meáin phríobháideacha. 

Theastaigh ón bhfreasúra neamhaird a dhéanamh den scoilt aicmeach, ag maíomh gur “chum” Chávez é, agus ba straitéis pholaitiúil an méid sin, straitéis ar theip air. Luaigh urlabhraí amháin ag an am nach “raibh aon aicmí i Veiniséala, chruthaigh Chávez iad”.

Ach truflais a bhí ina leithéid de ráiteas do na bochtáin a thuig an bhochtaineacht, a bhí imeallaithe, agus a d’fhulaing de bharr na héagothroime le fada. Tá cuntas ar coup 2002 le fáil sa chlár faisnéise Éireannach, The Revolution Will Not Be Televised (2003), a léiríonn an comhordú a rinne na meáin, codanna den arm agus na héilítigh chun cumhacht a ghoid go mídhleathach ó Chávez.

Fuair Chávez bás den ailse in 2013 agus tháinig Nicolás Maduro i gcomharbas air. Ach bhí an dul chun cinn a deineadh in athdháileadh maoine bunaithe i gcónaí ar acmhainn amháin, an ola, rud a d’fhág an tír lag i gcoinne iarrachtaí na bPoncánach an réabhlóid a scrios.

Níor deineadh na struchtúir tháirgiúlachta a chur i seilbh an mhóraimh ná an ruaig a chuir ar lucht an rachmais dúchasach, aicme na compradors, a bhí de shíor ag iarraidh coup eile a chur ar bun.

Nuair a thit praghas na hola, b’fhadhb ollmhór é sin do Maduro a bhí i bhfeighil ar stát a bhí lárnaithe go mór. Bhraith sé ar an smacht agus ar thuilleadh airgid a chur isteach sa chóras, fad is a bhí ról na n-institiúidí ag éirí níos laige.

Chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá smachtbhannaí níos tréine i bhfeidhm ó 2022 i leith go háirithe, rud a rinne níos mó daoine ní ba bhoichte fós. Dá dheasca seo tháinig scoilt ar bhunús tacaíochta na réabhlóide agus cothaíodh tuilleadh den eisimirce.

Le fuadach Maduro le seachtain anuas beidh le feiceáil cé a thiocfaidh i gcomharbas air. An slógfaidh na daoine ar son na réabhlóide nó an gcuirfear toghcháin ar bun ina gcuirfear puipéad de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá i gcumhacht?

Leis na Stáit Aontaithe ag cur srian mhídhleathach amuigh sa mhuir ar phríomhacmhainn Veiniséala, an ola, ar nós foghlaithe mara tá sé deacair a shamhlú conas is féidir le geilleagar Veiniséala agus leis an réabhlóid teacht aniar.

Mo náire an “pobal idirnáisiúnta” atá ag tabhairt cead a gcinn do Stáit Aontaithe Mheiriceá an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh go dalba. Tá Trump imithe as a mheabhair leis an gcumhacht agus is cosúil go mbeidh impleachtaí ann do Chúba agus b’fhéidir fiú an Ghraonlainn roimh i bhfad.

In áit Dhúnghaois Monroe tá Dúnghaois Donroe, atá níos doshrianta fós. Ní mór seasamh le cosmhuintir Veiniséala in am seo an ghátair dóibh.

Léiríonn an stair, agus an bronnadh ar María Corina Machado, gur ceap magaidh é duais síochána Nobel

Tá duais síochána Nobel á bhronnadh ar bhonn bhliantúil, a bheag nó a mhór, ón mbliain 1901 i leith. Maítear go mbronntar an duais ar dhaoine “a rinne an obair is mó nó is fearr ar son bhráithreachas na náisiún, ar son chealú nó laghdú na n-arm seasta agus ar son reáchtáil nó chur chun cinn comhdhálacha síochána”.

De réir uachta Nobel, is é an Coiste Ioruach Nobel, coiste de chúigear a cheapann Parlaimint na hIorua, a roghnaíonn an té a mbronntar an duais orthu gach bliain. Dár ndóigh tá duaiseanna eile Nobel i réimsí a baineann leis an eolaíocht agus an litríocht.

Ach níl an chúis gur shocraigh Alfred Nobel ar dhuais síochána a bhronnadh soiléir. Deir scoláirí áirithe gur mhothaigh Nobel ciontach de bharr gur úsáideach nithe a chruthaigh sé, amhail an dinimít agus an bhallistít, don chogaíocht. Is cosúil gur dá bharr sin gur theastaigh uaidh an tsíocháin a spreagadh tríd an duais.

Cibé cúis atá leis, is ceap magaidh é an duais mar go mbronntar é go rialta ar pholaiteoirí agus stáitseirbhísigh a bhfuil fuil ar a lámha. Go luath i ndiaidh bhás Nobel bronnadh an duais síochána ar Theodore Roosevelt, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, in 1906.

Bhí ról ag Roosevelt i ndeireadh a chur leis an gCogadh idir an Rúise agus an tSeapáin le síniú Chonradh Portsmouth. Ach impiriúlach bródúil Meiriceánach ab ea é Roosevelt. An mana a bhí aige ná “labhair go séimh agus iompar bata mór”, rud ar ar glaodh “idé-eolaíocht an bhata mhóir”.

Croílár na hidé-eolaíochta ná go n-úsáideadh Stáit Aontaithe Mheiriceá a n-ollchumhacht mhíleata chun a spriocanna eachtrannacha a bhaint amach, rud a chuir Roosavelt i bhfeidhm i Meiriceá Theas agus Láir agus sna hOileáin Fhilipíneacha go háirithe.

In 1973 tugadh duais síochána Nobel do Henry Kissinger, Rúnaí Stáit SAM, a bhí freagrach as feachtais bhuamála sa Chambóid agus i Laos, agus a thacaigh le coup faisisteach sa tSile. Dúirt an t-amhránaí Tom Lehrer go bhfuair an aoir pholaitiúil bás an lá a bhfuair Kissinger an duais síochána.

Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1978, bronnadh an duais ar Menachem Begin, Príomh-Aire Iosrael, de bharr gur shínigh sé conradh síochána idir Iosrael agus an Éigipt. Ach bhí Begin ina cheannaire tráth ar Irgun, grúpa antoisceach Iosraelach. Ba iad Irgun a bhí ciontach as Ár Deir Yassin, nuair a deineadh sléacht ar 107 Palaistíneach, páistí agus mná ina measc, le linn Nakba 1948.

Tá samplaí eile den chur i gcéill i leith na duaise i gcaitheamh na mblianta. Seans gurb é an sampla is áiféisí le blianta beaga anuas ná an bronnadh a rinneadh ar Barack Obama go luath ina uachtaránacht in 2009.

Ina dhiaidh sin níor leasc le Obama cead a thabhairt don bhuamáil dróin ar fud an Mheánoirthir, chabhraigh sé le scrios a dhéanamh ar an Libia in 2011, agus lean sé leis na feachtais mhíleata impiriúlacha san Iaráic agus san Afganastáin.

I mbliana, bronnadh duais síochána Nobel ar cheannaire freasúra Veiniséala, María Corina Machado. Glaonn na mórmheáin “gníomhaí daonlathais” ar Machado. Níor luadh sa scéal ar RTÉ ar líne fúithi go bhfuil amhras ar go leor daoine an bhfuil a leithéid de dhuais tuillte aici in aon chor.

Tá lámh lárnach ag Machado, atá i bhfad amach ar an eite dheas, in coups foréigneacha a chur ar bun i Veiniséala. Tháinig sé chun solais go n-íocann Machado dronga coirpigh, ar a nglaoitear comanditos, le dul i mbun foréigin agus cíor thuathail chun an bonn a bhaint de stát Veiniséala. Lena chois sin, tá tacaíocht tugtha aici d’Iosrael, do Benjamin Netanyahu agus dá pháirtí Likud.

I ráiteas amháin dúirt sí gurb é “streachailt Veiniséala streachailt Iosrael”. I ndiaidh di duais síochána Nobel a bhuachan dúirt sí go mbogfadh sí ambasáid Veiniséala ó Tel Aviv go hIarúsailéim dá dtoghfaí mar uachtarán í.

Is léir mar sin gur cur i gcéill soiniciúil atá i nduais síochána Nobel. Ach, sa mhullach air sin, is gléas polaitiúil é le spriocanna straitéiseacha geopholaitiúil an Iarthair a bhaint amach. I gcás Machado agus Veiniséala is í an mhian ná coup a chur ar bun a thacódh le spriocanna impiriúlacha SAM i Meiriceá Theas.

Léiriú eile é ar chlaontacht na duaise ná go bhfuil neamhaird iomlán ar na daoine, go leor Palaistíneach ina measc, atá tréaniarracht déanta acu deireadh chur leis an slad agus cinedhíothú ar bun. Ba é an cinedhíothú an cheist ba mhó ar domhan le bliain anuas, agus ó bhí 2023 ann, ach braith an coiste nárbh amhlaidh an scéil. 

Dá mbeadh aon cheartas ann, roghnófaí na grúpaí frith-chogaidh sa Phalaistín agus san Iosrael, nó leithéidí Francesa Albanese, an Rapóirtéir Speisialta do na Náisiúin Aontaithe, do dhuais síochána Nobel.

Mar a dúirt an t-iriseoir Chris Hegdes fúithi, “nuair a scríobhfar stair an chinedhíothaithe in Gaza, beidh sí luaite mar cheann de na gaiscígh is cróga agus is glórmhara ar son an chirt agus dlí idirnáisiúnta”.

Ach ní réitíonn a leithéid le claontacht impiriúlach coiste “síochána” Nobel.