Seirbhís cúram leanaí druidte

Seirbhís cúram leanaí druidte

Seirbhís cúram leanaí druidte ag na húdaráis i ngaeltacht Thír Chonaill.

Sa tseachtain chéanna a tháinig tuairisc amach ag léiriú uafás an mhíbhuntáiste sóisialta sa Ghaeltacht, cuireadh deireadh le seirbhís a thug cúram do leanaí agus fostaíocht do dhaoine fásta go hiomlán trí Ghaeilge i nGort A’ Choirce .

Léirigh an grúpa feachtasaíochta MISNEACH a mhíshástacht go bhfuil muintir na Gaeltachta fágtha arís in áit na leathphingine ag na húdárais agus go bhfuil foirgneamh eile fágtha ar díomhaoin i nGaeltacht Thír Chonaill.

Ag freagairt don scannal seo dúirt úrlabhraí an ghrúpa, Oisín Mac Eó:

“Molann Misneach go nglacann muintir na háite seilbh agus úinéireacht ar na háiseanna agus ar na foirgnimh a druideadh le bliantaí beaga anuas, le seirbhísí pobalbhunaithe agus inmharthana a chur ar fáil arís ar leas an phobail ar fad agus le dúshlán a thabhairt ar rialtas atá ar nós cuma leo maidir le muintir na Gaeltachta.”

Lean Mac Eó leis:

“Bhéarfaidh Misneach achan tacaíocht do mhuintir na háite san iarracht sin. Tá fostaíocht, infhéistíocht i seirbhísí agus an Ghaeilge éigeantach le go mbeidh Gaeltacht bheo inmharthana ann agus tá na héilimh sin le cluinstin ag teacht ón phobal.”

Chríochnaigh Mac Eó:

“Tá gá  le gníomh ó mhuintir na háite ar a son féin agus tá géarghá le mórfheachtas ar bhonn náisiúnta leis na héilimh sin a chur chun cinn.”

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*