Seasaimís in aghaidh an fhaisisteachais

Seasaimís in aghaidh an fhaisisteachais

Tá MISNEACH ag iarraidh ar lucht labhartha na Gaeilge a bheith i measc na slóite a chuirfidh in éadan na ngrúpaí faisisteacha nuair a bheas siad i mBéal Feirste Dé Sathairn (14/07/2018) ar 2.30in.

Léirionn an stair gurb eard a tharlaíonn le faisisteachas má dhéantar neamhaird air ach go bhfásann sé, ní hea go dtitfidh an tóin as muna dtugtar dúshláin dó.

Dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH, Oisín MacEó:

“B’é ola ar an chroí é an oiread sin daoine a fheiceáil ina seasamh in éadan na bhfaisistigh agus in éadan an chiníochais ag Halla na Cathrach roinnt seachtainí ó shin. Tháinig éagsúlacht mhaith de ghrúpaí agus de dhaoine forásacha le chéile chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt don dream lofa sin. Níor cuireadh as daofa faraor agus beidh géar ghá le teacht le chéile den chineál céanna arís Dé Sathairn.

Tá breis is 35,000 teifeach i ndiaidh bás a fháil sa mheánmhuir ag éalú ó bhuamaí atá á gcaitheamh orthu, agus tá na faisistigh ag rá gur chóir tuilleadh acu a fhágáil le bá ansin.”

Lean MacEó leis:

“Is maith leo locht gach géarchéime a chuir ar na daoine is leochailí nó a bhfuil is lú cearta sa phobal acu, trí chothú amhrais agus spreagadh an fuatha ina n-éadan. Tuigeann lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chondae cad is cur faoi chos agus más cearta seachas pribhléidí atá á n-éileamh againn ba chóir seasamh leis na grúpaí eile sin, teifigh, mná na hÉireann agus an pobal aerach i gcónaí.”

Ní de chomhtharlú a roghnaíodh an 14ú lá ag na faisistigh chun cruinniú i lár Bhéal Feirste. Beidh siad ag súil le roinnt dílseoirí agus lucht leanúna na mbannaí buí a tharraingt chucu. “

“Ar an dóigh chéanna,” a chríochnaigh MacEó, “tá sé tábhachtach go dtarraingítear comhghuaillíocht fhorásach mar a chonacthas cúpla seachtain ó shin chun seasamh ina n-éadan go luath seachas rómhall.”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*