Druidim oifigí poist An Bhuna Bhig agus Ghort a’Choirce

Druidim oifigí poist An Bhuna Bhig agus Ghort a’Choirce

 

De réir liosta foilsithe inné, tá druidim oifigí poist An Bhuna Bhig agus Ghort a’Choirce ar na bacáin ag An Post.

Ag labhairt dó faoin scannal, dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH Thír Chonaill, Oisín Mac Eó:

‘Ní rachaidh an íoróin amú orainn agus “litir ghrá” don Ghaeilge á seoladh ag aire rialtais don Ghaeltacht ar na mallaibh.

Tá an Ghaeltacht á bánú de sheirbhísí agus de dhaoine go leanúnach. Ba chóir do phobal na Gaeilge fud fad na tíre seasamh le muintir na Gaeltachta agus iad ag iarraidh seirbhís thábhachtach a choinneáil ar oscailt.’

Lean Mac Eó leis:

‘Is léir, ag an bpointe seo, nach dtiocfaidh gluaiseacht cearta sibhialta ón Ghaeltacht ann féin mar go bhfuil gníomhaithe áirithe istigh sa gcóras ceannaithe, agus daoine eile ag obair sa gcóras stáit agus bagairt orthu má labhraíonn siad amach.

Níos measa fós, agus de bharr polasaithe na déine agus an chultúir nualiobrálaigh, tá an óige ar imirce nó gan spéis acu i gcúrsaí pholaitíochta.’

Chríochnaigh Mac Eó:

‘Creidimid i Misneach go bhfuil géarghá go dtiocfaidh fóram tuaithe de shaghas éigin ar an bhfód chun aghaidh a thabhairt ar na hiliomad dúshlán atá ann.

Mura dtagann gluaiseacht leathan chun cinn chun feachtasaíocht ar son na tuaithe in Éirinn i gcoitinne agus seirbhísí cearta a éileamh, ní thiocfaidh an Ghaeltacht slán. Idir an dá linn, seasann Misneach le pobal Thír Chonaill a bhfuil sé de cheart acu fáil a bheith acu ar an tseirbhís fíorthábhachtach seo.’

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*