Cás oibreannaí RAP

Cás oibreannaí RAP

 

Téann cás oibreannaí RAP go croí na ceiste maidir le caomhnú na Gaeltachta. Tá tuarascálacha tromchúiseacha acadúla i ndiaidh a chéile ag inse don phobal go bhfuil an Ghaeltacht ar leaba a báis agus go bhfuil an t-aos óg ag tréigbheáil na teanga.

Seo anois sampla den tionchar atá á imirt ag polasaithe na rialtas éagsúil agus polasaithe an Údaráis ar shaol na Gaeltachta. Má táthar ag mealladh comhlachtaí chun na Gaeltachta nach bhfuil sásta cloí le moltaí ón Chúirt Oibreachais, muna bhfuil siad sásta pá mórán níos airde ná an íosphá a íoc lena gcuid oibreannaí, caidé an dóchas atá ann don ghlúin atá ag fágáil Phobalscoil Ghaoth Dobhair i mbliana agus achan bhliain eile amach anseo?

An mbeidh siad ábalta morgáiste a fháil ar an phá sin? An mbeidh tithíocht phoiblí ar fáil daofa le socrú síos ann agus clann a thógáil le Gaeilge? Cac bó atá i bpolasaí an rialtais agus polasaí an Údaráis agus níl na páirtithe polaitiúla ag rá a dhath ar bith ina éadan.

Is léiriú maith é seo ar an nasc díreach atá idir cearta, coinníollacha agus pá oibreannaí agus sláinte na teanga sa phobal.

Tacóidh Misneach le cá bith iarracht is mian leis na hoibreannaí a dhéanamh lena gcearta a bhaint amach. Tá dualgas fosta ar dhaoine atá fostaithe in earnáil na Gaeilge agus ar lucht acadúil na Gaeilge tacaíocht a thabhairt do oibreannaí RAP.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*