Gá le troid láidir chun na hoifigí poist a shábháilt

Gá le troid láidir chun na hoifigí poist a shábháilt

Deir an eagraíocht feachtasaíochta MISNEACH go bhfuil siad i dteagmháil le muintir na háite i nGaoth Dobhair agus sna Rosa agus áiteacha eile sa Ghaeltacht chomh maith lena lán-tacaíocht a ofráil maidir leis an fhógairt is déanaí faoi dhúnadh na n-oifigí poist sa cheantar.

De réir urlabhraí Mhisneach do Thír Chonaill, Oisín Mac Eó, is é bánú na tuaithe an bhagairt is mó ar inmharthanacht na Gaeltachta agus mar sin ar thodhchaí na teanga beo.

‘Cad is fiú pleananna teanga a bheith ann má tá an tóin ag titim as an phobal le heaspa fostaíochta, seirbhísí agus daoine óga? Má tá fonn troda ar mhuintir na Gaeltachta in éadan druidim a gcuid oifigí poist agus a gcuid seirbhísí eile tá sé ríthábhachtach go bhfuil achan mhór-eagraíocht Ghaeilge le feiceáil ag seasamh leo’ a dúirt an t-úrlabhraí réigiúnach.

Lean sé leis le rá: ‘Tá géarghá le feachtas náisiúnta le dúshlán a thabhairt ar an rialtas a chaitheann le seirbhísí riachtanacha poiblí faoin tuath go háirithe mar a bheadh gnónna le brabús a bhaint astu’.

‘Léirigh an bua ag bunadh Chliafuine i Sligeach le gairid gur féidir le pobail na cinntí uafásacha seo a aisiompú ach troid aontaithe a chur in éadan An Post agus fhaillí an Stáit agus ‘sé sin an rud a mholann MISNEACH do phobal Ghaeltacht Thir Chonaill. Bhéarfaidh muid lán ár dtacaiocht do na hiarrachtai sin’, a chríochnaigh Mac Eó.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*