Meitheal Misneach: Gaoth Dobhair

Meitheal Misneach: Gaoth Dobhair

Beidh an eagraíocht feachtasaíochta Misneach ag teacht le chéile dá gcruinniú bliantúil, Meitheal Misneach, in Amharclann Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill ón 18-20ú Deireadh Fómhair.

Is grúpa radacach de chuid na heite clé é Misneach a chreideann go bhfuil dlúthnasc idir na trioblóidí atá ag bagairt ar inmharthanacht na Gaeltachta agus na fadhbanna eacnamaíochta, polaitiúla agus timpeallachta eile atá ag bagairt ar mhuintir na tíre agus an domhain mhóir. Dar leo gur ceart do phobal na Gaeilge seasamh láidir a dhéanamh in éadán pholasaithe nualiobrálacha nuachoilínaíocha an Stáit ar mhaithe leis an chumhacht a thógáil ar ais agus misneach a thabhairt don phobal arís.

Dúirt urlabhraí de chuid Mhinseach, Seanán Mac Aoidh, go:

“ndéanfar plé ar na mórcheisteanna agus na mioncheisteanna araon ag an Mheitheal seo, le cainteanna ar na dúshláin atá roimh Ghaeltacht Thír Chonaill agus cuid de na mórthrioblóidí eile cosúil le géarchéim na timpeallachta fosta. Beidh gníomhaithe ag teacht ó gach cúige in Éirinn comh maith le cuairteoirí as thar lear agus is iontach an deis í chun nasc a thógáil idir an ghluaiseacht idirnáisiúnta seo agus pobal misniúil Thír Chonaill. Misneach Abú!”.

Lean Mac Aoidh leis le rá:

“Tá Misneach gníomhach i bhfeachtais éagsúla ar son na Gaeltachta. Níl srian ar bith orainn mar eagraíocht cionn is nach nglacann muid le haon mhaoiniú stáit ach muid ag troid is ag tógáil ar ár gconlán féin ón talamh aníos. Creideann muid go hiomlán gurb é cás na Gaeltachta an gad is giorra don scornach ag na Gaeil, agus gur féidir éachtaí a dhéanamh dár bpobal, ach an fód a sheasamh agus troid chun tír níos cothroime a bhaint amach, tír ina gcuirtear luach ar dhaoine in áit bhrábús lucht an rachmais.

Beidh deis againn ag an Mheitheal seo an chéad chéim eile inár bhfeachtas ar son na Gaeltachta agus go leor eile a phlé. Beidh ceardlanna praiticiúla ann fá scileanna éagsúla, aoichainteoirí áitiúla agus idirnáisiúnta, chomh maith le seisiún ceoil agus craic san oíche.”

Le críochnú, dúirt sé:

“ag teacht leis an fhealsúnacht shóisialach atá ag Misneach, tá lúcháir orainn a rá go bhfuil Misneach sásta cuidiú airgid a thabhairt d’aon duine a mbeadh deacracht acu Meitheal Misneach a bhaint amach mar gheall ar fhadhbanna airgeadais. Beidh an liúntas seo ar fáil ach ríomhphost a chur chugainn ag eolas@misneachabu.ie ”

Tuilleadh eolais ó Sheanán Mac Aoidh, 0860644185 / 00447835811868