Caifé na Gaeilge

Caifé na Gaeilge

Agus muid ar thob cultúr chathair na Gaillimhe a cheiliúradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár na féile seo?

Agus muid ar tí oidhreacht na Gealchathrach, an chondae agus na tíre trí chéile a chomóradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh urraim ar leith le tabhairt do phobal na Gaeilge agus don éacht marthana a chuir an pobal seo de ó thús na staire go dtí an lá atá inniu ann?

Agus nach gceapfá go ndéanfadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thar aon chomhlacht poiblí eile, ceart a sheasamh don phobal seo?

Más amhlaidh a cheapfá, caithfidh gur mór an díomá atá ort, fiú anois, go háirid más mac léinn le Gaeilge i nGaillimh thú. I mí Dheireadh Fómhair i mbliana, d’fhógair Comhaltas na Mac Léinn go raibh deireadh á chur acu le Caifé na Gaeilge in Áras na Gaeilge.

Ba é Caifé na Gaeilge an t-aon spás sóisialta lán-Ghaeilge dá raibh ar an gcampas agus sa gcathair ar fad, d’fhéadfá a rá.

An t-aon áit a bhféadfá a bheith ar do chompord ag ordú braon tae nó greim bia as Gaeilge, ag labhairt na teanga, ag caint le do chairde i nGaeilge. An t-aon áit a gcloisfeá an Ghaeilge san Ollscoil agus sa gcathair, mar theanga phobail nádúrtha.

An áit a bhfuair mise cuid mhaith de mo chuid Gaeilge nuair a tháinig mé go Gaillimh den chéad uair i mo bhliain ERASMUS.

Nach breá an mhaise é sin don Ollscoil a mhaíos gurb í féin an coláiste is Gaelaí in Éirinn? Cén fáth ar dúnadh an caifé, meas tú?

Cén fáth ar minicí a mbaintear na rudaí atá dlite dúinn dínn? Airgead. Airgead agus saint chun a thuilleadh airgid a dhéanamh.

Dúradh go ndearna Comhaltas na Mac Léinn caillteanas airgid ó thosaigh siad ag reáchtáil an chaifé. Dhiúltaigh an Ollscoil an caillteanas a chúiteamh leis an gComhaltas. Más ea, ní mé cén sórt bainistíochta a bhí, nó atá, ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn ná ag an Ollscoil?

Nár cheart an bhainistíocht a athrú, mar sin, seachas seirbhísí a bhaint den phobal a bhíos ag íoc astu ’chuile bhliain? Agus is daor an ceannach é.

Gan trácht ar na táillí ollscoile, gearrann an Ollscoil tobhach mac léinn (student levy fee) ar gach uile mhac léinn i dtús na bliana acadúla.

Tá an t-airgead sin le dul do Chomhaltas na Mac Léinn, do chumainn de chuid na mac léinn agus eile, le saol sóisialta na mac léinn a chothú.

Níor íoc mé an tobhach sin ná ní íocfad go dtí go n-osclófar ár gCaifé in athuair, go dtabharfaidh an Ollscoil dúinn an rud atá dlite dúinn.

Iarraim ar gach uile Ghaeilgeoir atá ina mhac léinn i nGaillimh déanamh amhlaidh.

Alt scríofa ag Hynek Daniel Janoušek atá ina chónaí ar an gCeathrúin Ruaidh.