Ganntanas altraí in Ospidéal an Daingin agus i gcóras sláinte an stáit araon

Ganntanas altraí in Ospidéal an Daingin agus i gcóras sláinte an stáit araon

Chuir an cás inar seoladh seanbhean 96 bliain d’aois soir ó Ospidéal an Daingin go Cill Airne, ainneoin leapacha folmha bheith ar an láthair, déistin ar go leor daoine an tseachtain seo caite.

Labhair mac na mná, Diarmuid Ó Beaglaoi, go paiseanta leis na meáin chun aird a tharraingt ar chruachás a mháthar.

Cé go bhfuil dosaen leaba saor ann in Ospidéal an Daingin, níl a dhóthain altraí ann chun freastal orthu.

Agus cén fáth go mbeadh?

Ó bhlianta na géarchéime eacnamaíochta ar aghaidh, de bharr cinntí a ghlac rialtas i ndiaidh rialtais, tá pá agus coinníollacha na mbanaltraí tar éis dul in olcas.

Bhí mórshiúl mór ag ceardchumann na n-altraí, an INMO, siar i 2019 chun aird a tharraingt ar an easpa foirne sa chóras sláinte trí chéile. Faraor, chlis ar mhisneach lucht ceannasaíochta an cheardchumainn ag an bpointe criticiúil agus níor baineadh gealltanais fhollasacha amach ón rialtas.

Má tá fadhb earcaithe agus easpa foirne sa chóras sláinte trí chéile, ní nach ionadh go bhfuil ospidéil tuaithe ar leac na Gaeltachta thíos go mór leis.

Mar bharr ar dhonas na ndroch-choinníollacha pá, bheadh ar altra óg atá ag iarraidh cur fúthu i gceantair thuaithe dul i ngleic le heaspa seirbhísí, easpa leathanbhanda agus easpa tithíochta ar cíos réasúnta.

Le linn na paindéime bhí an rialtas i mBaile Átha Cliath ag séanadh go raibh ábhar altraí ag dul gan íocaíocht, ainneoin an fhianaise uilig go raibh míleas á bhaint astu.

Tá tuilleadh fianaise thar sáile.

Ní gá ach breathnú ar na mílte altra atá tar éis dul ar imirce chun na hAstráile nó go NHS Shasana, áit a bhfuil na coinníollacha rud beag níos fearr. Is mian le go leor acu siúd teacht abhaile ach feabhas curtha ar chúrsaí tuarastail agus tithíochta.

Is cuid den chrapadh ar chórais phoiblí a fheictear i réimsí eile, amhail iompar agus oideachas, é an easpa altraí a fheictear anois sna hospidéil, ospidéil Ghaeltachta ina measc.

Crapadh é seo a tharlaíonn mar phróiseas lárnach den chóras eacnamaíochta ina maireann muid. Is dlúthchuid mar sin an córas eacnamaíochta céanna i bpróiseas an bánú tuaithe.

Is mithid dúshlán a thabhairt don chóras seo agus acmhainní na tíre a dháileadh ar bhealach cothrom. Mura dtugtar an dúshlán sin, leanfar le scrios na tuaithe agus beidh tuilleadh cásanna de na scéalta truamhéalacha seo ar na bacáin.