Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe

Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe

D’fhreastail baill Misneach ar Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe i mBaile Locha Riach inné. Reáchtáladh an lá sa “Pháirc Leathnaithe”.

Thug Joe Nix gearrchúrsa garraíodóireachta, feirmeoireachta agus bithéagsúlachta ina raibh deis ag na rannpháirtithe oideachas praiticiúil a fháil ar fhás glasraí éagsúla.

Ina dhiaidh sin thug an Dr. Kerron Ó Luain caint dár dteideal “An Ghaeilge, an Chomhshaoil agus an Díchoilíniú”. Tugadh léargas sa gcaint ar an nasc idir an scrios coilíneach-caipitleach a rinneadh ar an teanga agus ar thimpeallacht na hÉireann, ach go háirithe na foraoiseacha.

I ndiaidh an lóin thug Pádraig Ó Baoill, gníomhaí Gaeilge agus Gaelscolaíochta as Béal Feirste ach atá ag cur faoi i mBaile Locha Riach le fada, caint ar stair frith-choilíneach Oirthear na Gaillimhe.

Cíoradh gluaiseacht na mBuachaillí Bána sna 1820í ach go háirithe. Chan Ó Baoill amhrán leis an bhfile Antoine Raiftearaí a scríobadh faoi Anthony Daly, ceannaire na mBuachaillí Bána i mBaile Locha Riach a crochadh in 1820 de bharr go ndearna sé iarracht an tiarna talún James Hardiman Burke a fheallmharú.

Thug Joe Nix turas treoraithe staire, sóisialta agus bithéagsúlachta den bhaile don ghrúpa ansin a léirigh gnéithe éagsúla spéisiúla de Bhaile Locha Riach.

Lá cumhachtach a bhí ann a léirigh go soiléir go bhfuil bithéagsúlacht, díchoilíniú, agus oideachas polaitiúil fite fuaite sa streachailt chéanna.