Day: August 19, 2026

te reo Māori: inné agus inniu 

Tháinig te reo Māori, nó teanga na Maorach, faoi bhrú nuair a thosaigh próiseas an choilíneachais in Aotearoa (“An Nua-Shéalainn”). Ach thosaigh an cúlú dáiríre i ndiaidh 1840í – cosúlacht aisteach le hÉirinn, is dócha. 

Bhí formhór Aotearoa ag labhairt na Maoraise nuair a síníodh Te Tiriti o Waitangi (Conradh Waitangi) in 1840. Chreid na Maoraigh go gcosnófaí a gcearta, agus a dteanga agus cultúr. Ach, iontas na n-iontas, loic Coróin Shasana ar na gealltanais a tugadh. 

Níos lú ná tríocha bliain i ndiaidh shíniú an chonartha déanadh rialú Wi Parata v Easpag Wellington (1877) a chaith spiorad Chonradh Waitangi i dtraipisí. Tháinig creimeadh ar neamhspleáchas na Maorach ina dhiaidh sin agus cruthaíodh an comhthéacs don asamhlú cultúrtha dian.

Ba é an t-oideachas príomhghléas an choilíneachais chultúrtha. Bhain scoileanna miseanacha leas as te reo Māori, ach b’éigean Béarla amháin a úsáid i ndiaidh Reacht Oideachais 1847.

Threisigh dhá phíosa eile reachtaíochta, Acht na Scoileanna Bundúchasacha (1867) agus Cód na Scoileanna Bundúchasacha (1880), an cur faoi chois cultúrtha agus an ciníochas institiúideach.

Faoi thús an fhichiú haois bhí cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionós fisiciúil sa seomra ranga, rud a rinne dochar ollmhór síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.

In 1900, tháinig os cionn 90% de pháistí Maoracha isteach ar an scoil ina gcainteoirí dúchasacha. Faoi 1960, bhí an figiúr sin tite go 25%, agus faoi 1984 ní raibh ach thart ar 2% ann a bhí á dtógáil leis an teanga.

Mar fhreagra ar an gcúlú tubaisteach seo bunaíodh Kaupapa Māori, oideachas trí mheán theanga na Maorach. Bunaíodh Te Kōhanga Reo (neadacha Maoraise), macasamhail na naíonraí, agus Te Kura Kaupapa Māori, macasamhail na ngaelscoileanna. Tá ceart teanga áirithe bainte amach ag cainteoirí na Maoraise chun tacú leis na hiarrachtaí seo a tháinig ón mbun aníos.

Ach le déanaí tá comhghuaillíocht den eite dheis agus an eite dheis i bhfad amach, Páirtí Náisiúnta na Nua-Shéalainne, New Zealand First agus ACT New Zealand, tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla. 

Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí faoin reachtaíocht d’impigh na feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin a lua ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.

Is cuid de phatrún domhanda é seo; tá stáit choilíneacha, i gCeanada, in SAM, san Astráil, in Iosrael, san Ind, agus in áiteanna eile, ag brú reachtaíocht chun teanga an choilínígh a léiriú arís eile fad is a fhanann teangacha na mbundúchasach imithe. Is cuid de chathanna cultúrtha na heite-deise i bhfad amach é an méid atá ag tarlú. 

Fad is a chliseann ar an gcaipitleachas, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus ar an bpointe boise díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mionlaigh. 

Sa chaoi seo, cuireann siad an dallamullóg ar an mhórphobal faoin gcúis atá le formhór a gcuid fadhbanna – an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil. 

Mikhail Bakunin, cuid dá shaol agus teoiric

Chuaigh Mikhail Bakunin ar shlí na fírinne an tráth seo bliana, Mí Iúil, sa bhliain 1876. Bhí Bakunin i measc mórlaochra na polaitíochta radacaí san naoú haois déag. Bhí lámh lárnach aige i mbunú theoiric an ainrialachais chomhchoitinn. Rugadh é in 1814. Ba de shliocht uaisle Rúiseach é. Ach dhiúltaigh sé dá chúlra go luath ina shaol agus do na buntáistí a bhain leis. Chuaigh sé i dtreo líonraí réabhlóideacha na hEorpa ina n-áit sin.

Thosaigh a aistear intleachtúil i measc na Hegelians-Cléacha. Ach ba ghearr gur chaith sé an fhealsúnacht theibí i dtraipisí. Bheartaigh sé dul i muinín an ghnímh dhírigh agus ghlac sé páirt sna réabhlóidí a bhí ag borradh san Eoraip le linn na 1840dí.

Bhí cáil amach air mar dhuine míleatach i ndiaidh réabhlóidí 1848-49 agus an pháirt a ghlac sé in éirí amach Phrág agus Dresden. D’íoc sé go daor as an mbaint a bhí aige leis na heachtraí sin. Gabhadh é, chaith sé tréimhsí ar deoraíocht agus na blianta i bpríosúin sa Rúis, roimh dó a bheith seolta chuig an tSibéir.

D’éirigh leis éalú ón tSibéir. Thaisteal sé tríd an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe sular fhill sé ar an Eoraip.

Dhaingnigh sé seo a stádas mar laoch i measc radacaithe na linne agus ba léir go raibh sé de mhisneach aige beart a dhéanamh de réir a chuid tuairimí polaitiúla.

Mhúnlaigh na blianta a chaith Bakunin sa tSibéir a straitéis fhadtéarmach. Thóg sé líonraí i measc na bPolannach, na Rúiseach agus na Sibéireach a bhí ar deoraíocht leis. Rinne sé staidéar ar choinníollacha na dtuathánach trí anailís a dhéanamh ar an méid a chonaic sé, agus chuir sé snas ar a theoiric gur gá don réabhlóid teacht ón mbun aníos seachas ó lucht comhcheilge éilíteach.

Ach ag croílár a theoirice áitíodh go raibh an stát leatromach, beag beann ar an dream a bhfuil smacht acu air.

Chun fíorshaoirse a bhaint amach, d’áitigh Bakunin gurb éigean comúin fheidearálacha féinrialaithe agus cumainn oibrithe a bhunú. Níor mhór na hinstitiúidí  seo a bheith eagraithe ón mbun aníos, seachas ón mbarr anuas, dar leis.

Ba shnámh in aghaidh easa agus cur amú ama an tsaoirse pholaitiúil gan an chothromaíocht eacnamaíochta i dtuairim Bakunin.

De bharr an chreidimh frith-údarásaigh seo bhíodh Bakunin in adharca le Karl Marx go minic. Chreid Marx gurb éigean stát idirthréimhseach a bhunú sula mbeadh saoirse iomlán ag an lucht oibre, ach cheap Bakunin gur leagan eile den smacht a bheadh sa mhéid sin. 

Tháinig an crú ar an tairne sa chath idé-eolaíochta áirithe seo sa Chéad Idirnáisiúntas. Sa deireadh, tugadh bata agus bóthar do Bhakunin in 1872, rud a mhúnlaigh an scoilt idir an sóisialachas Marxach agus an t-ainrialachas ar feadh na mblianta.

Tá na saothair God and the State agus Statism and Anarchy i measc na leabhar is tábhachtaí a d’fhoilsigh Bakunin. Is buntéacsanna iad go fóill dóibh siúd ar mhaith leo greim a fháil ar theoiric na n-ainrialaithe. Tá tionchar nach beag ag áitiú Bakunin ar son an ghnímh dhírigh, an díláraithe, agus an úinéireacht chomhchoitinn, ar ghluaiseachtaí go domhanda go fóill.

Bhásaigh Bakunin in Bern na hEilvéise in 1876. D’fhág sé oidhreacht shaibhir den radacachas frith-údarásach a bhfuil tionchar go fóill aige i streachailtí ar son na saoirse, an chomhionannais, agus an daonlathais ón mbun aníos.

Gaimbíní Fianna Fáil ag éascú scrios Airbnb ar an nGaeltacht

Tá sé tuairiscithe i The Ditch gur oscail an tAire Foley oifig gnó atá ag cur, go mídhleathach, le meath na Gaeltachta. Is le lánúin as Los Angeles ceann de na tithe ar Wild Atlantic Aways. D’íoc siad €370,000 air agus d’iompaigh siad ina chíos gearrthéarmach ar €1,800 é.

De réir na ndlíthe pleanála is gá cead a lorg an dara teach a chur ar cíos go gearrthéarmach. Níl cead ag an teach Gaeltachta seo a bheith ar cíos go gearrthéarmach.

Is é seo croílár na faidhbe sa Ghaeltacht: breathnaíonn infheisteoirí seachtracha ar na ceantair mar dheis le brabús a dhéanamh. Is cuma sa sioc leo faoi thodhchaí na teanga. Agus tá rialtas na nGaimbíní ag éascú an phróisis i rith an ama.

Seans go gcuirfidh na treoirlínte nua pleanála srian éigin ar chultúr an tsaint seo, ach caithfear iad a chur i bhfeidhm go láidir. Más í Foley agus lucht gaimbín Fianna Fáil agus Fine Gael a bhfanfaidh i gcumhacht beag seans go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Ní chinnteoidh ach Poblacht Nua, ina bhfuil fíor dhaonlathas agus ina dtugtar dúshlán ceart do thiarnaí talún, todhchaí bheo don Ghaeltacht agus an Ghaeilge.