Day: September 26, 2026

Mórshiúl Neamhspleáchais Cymru

Ghlac baill Éirígí agus Misneach, in éineacht lenár gcomrádaithe in Mudiad Eryr Wen, páirt i Mórshiúl Neamhspleáchais Cymru in Aberystwyth thar an deireadh seachtaine.

Is am cinniúnach é seo do mhuintir na náisiún atá faoi chois ag Sasana leis na céadta bliain agus an tAontas i mbaol de bharr a chontrárthachtaí féin. Tá tuiscint idir-Cheilteach ag forbairt lá i ndiaidh lae.

Ag an am céanna tá borradh faoin bhfaisiteachas agus seanscéal agus meirg air sna Sé Chontae i láthair na huaire, ach go háirithe, mar a fheictear leis an gcinneadh cead a thabhairt don Ord Oráiste siúil síos Bóthar Gharbhachaidh.

Ní mór do Phoblachtánaigh a bheith i mbun slógaí agus, ag an am céanna, oideachas polaitiúil, teanga agus cultúrtha a chur orainn féin do na cathanna atá le teacht.