Day: October 30, 2026

Stair an Oireachtais 

Faoin mbliain 1897 bhí bonn sách láidir faoi Chonradh na Gaeilge. Bhí an iris scolártha Irisleabhar na Gaeilge ag soláthar foghlaimeoirí le hábhar léitheoireachta. Sa mhullach air sin bhí ceachtanna teanga an Athar Eoghan Ó Gramhnaigh agus obair eagarthóireachta Eoin Mhic Néill tar éis pobal bríomhar léitheoirí agus scríbhneoirí a chruthú. 

Ach thuig lucht ceannasaíochta an Chonartha nach gcinnteodh an foilsiú agus an múineadh todhchaí don Ghaeilge. Dá mbeadh an teanga le fanacht beo, bheadh gluaiseacht phoiblí, feiceálach de dhíth a d’fhéadfadh aird agus rannpháirtíocht náisiúnta a chothú.

Mar atá tarlaithe go minic ó shin, is chun na Breataine Bige a breathnaíodh agus múnla an Eisteddfod, féile a nasc athbheochan na teanga, an litríocht agus an fhéiniúlacht náisiúnta. Ag cruinniú sa Café Royal i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 1896 d’aontaigh ionadaithe den Chonradh oireachtas bliantúil a eagrú, tionól náisiúnta cultúrtha a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn. Ní don tsiamsaíocht amháin a bheadh an fhéile, ach bhí sé i gceist go léireofaí go raibh an Ghaeilge fós beo, go raibh litríocht chomhaimseartha Ghaeilge ann, agus go raibh todhchaí cultúrtha i ndán di.

Reáchtáladh an chéad oireachtas i mí na Bealtaine 1897. Bhí comórtais ann don fhilíocht, prós, cumadh amhrán, bailiú béaloidis agus scéalaíocht, agus mealladh os cionn céad iomaitheoir. Chinn an lucht eagraithe gur chóir do na comórtais a bheith oscailte d’iomaitheoirí nach Éireannaigh iad, rud a léirigh fís an Chonartha gur chóir don athbheochan a bheith leathan agus ionchuimsitheach. Ba iad leithéidí Dhubhglas de hÍde, Eoin Mac Néill agus an Athar Peadar Ó Laoghaire na moltóirí do na comórtais.

Ba sa Rotunda i mBaile Átha Cliath a reáchtáladh an fhéile den chéad uair, agus tháinig níos mó ná míle duine i láthair. Ina measc bhí cuairteoirí as Éirinn agus an Bhreatain, agus ionadaithe ón mBreatain Bheag a thaisteal i ndlúthpháirtíocht leis an ngluaiseacht teanga. D’úsáid de hÍde an ócáid chun a dhearbhú go raibh Éire Ghaelach beo i gcónaí.

Bhí an chéad oireachtas sna nuachtáin go forleathan in Éirinn agus thar lear. Thug iriseoirí suntas don chosúlacht leis an Eisteddfod agus tugadh moladh do dhíograis na rannpháirtithe. Chuir Oireachtas 1897 tús le féile atá anois ina institiúid bhliantúil agus a bhí ar cheann de na léirithe ba láidre den Athbheochan sna blianta roimh an neamhspleáchas.

Bhí lag trá ag an bhféile sna tríochaidí agus blianta ann nár reáchtáladh é in aon chor. Idir 1939 agus 1973 bhíodh an tOireachtas i mBaile Átha Cliath bliain i ndiaidh bliana. Ach in 1974 reáchtáladh é i gCois Fharraige. Ba é sin an chéad uair a bhí sé sa nGaeltacht. Ba athrú é seo a tháinig sna sála ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus aos óg na bpobal sin ag éileamh ról níos lárnaí i ngluaiseacht na teanga.

Cé go raibh an tOireachtas i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Cathair na Mart le blianta beaga anuas, is minice ná a mhalairt go mbíonn sé i gCill Airne, san INEC Gleaneagle, áit a bhfuil ionad thar a bheith oiriúnach dó.