Tag Archive : Éireannaigh Aontaithe

Cath Bhaile Eilís, Co. Loch Garman, an 30 Meitheamh 1798

I ndiaidh chliseadh na reibiliúnach ag Ros Mhic Thriúin agus Cnoc Fhiodh na gCaor bhí deireadh le Poblacht Loch Garman na nÉireannach Aontaithe a bunaíodh i mBealtaine 1798 agus a mhair trí seachtaine. Thiocfadh athrú ar an gcineál cogaíochta ina dhiaidh sin.

Ní bheadh an bhéim chéanna ar chathanna móra. Chreid ceannairí i dtuaisceart an chontae go bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an treallchogaíocht agus máirseáil isteach i gcontaetha eile chun iad a athneartú agus a spreagadh i dtreo éirí amach in athuair. Bhí trí cholún mhóra reibiliúnach ag feidhmiú sa cheantar le linn na tréimhse seo. 

Chuaigh ceann de na colúin seo, ina raibh thart ar 1,000 fear, agus roinnt ban agus páistí, i dtreo Charn an Bhua i gCo. Chill Mhantáin. Bhí fórsaí na Breataine sa tóir ar an gcolún agus b’éigean do na ceannairí, an Ginearál Joseph Holt, agus Denis Taaffe, an treo ina raibh siad ag dul a athrú de shíor chun an dallamullóg a chuir ar fhórsaí na corónach.

Ar an mbealach chuig sléibhte Chill Mhantáin, áit a chreid Holt a bheadh níos sábháilte, d’ionsaigh agus mharaigh marcshlua de chuid fgórsaí na corónach buíon sealgaireachta na reibiliúnach. 

Thuig na húdaráis Bhriotanacha go raibh baint ag an mbuíon sealgaireachta leis an mórcholún. Réitíodh 200 trúpa, ina measc dragúin, trí bhuíon de na gíománaigh, agus marcshlua na mBriotanach Ársa, marcshlua as an mBreatain Bheag a raibh dhrochcháil orthu le linn an éirí amach as a mbrúidiúlacht. Bhailigh na trúpaí thart ar Mhóin na Saighead le dul sa tóir ar na reibiliúnaigh.

Ach fuair na reibiliúnaigh radharc ar fhórsaí na Breataine. Bhog fórsa de na reibiliúnaigh chun cinn go baile fearainn Bhaile Eilís chun luíochán a réiteach. Roghnaíodh láthair ar an mbóthar a bhí díreach i ndiaidh casadh sa bhealach, agus a raibh díoga agus ballaí eastáit arda ar an dá thaobh de. Cuireadh vaigíní mar bhac ar an mbóthar agus gearradh pointí iontrála sna díoga.

Sheas formhór na reibiliúnach taobh thiar de na vaigíní agus in aice na mballaí agus na ndíog. Sheas buíon i bhfad níos lú acu os comhair na mbaracáidí chun fórsaí na corónach a mhealladh isteach sa luíochán.

Nuair a chonaic fórsaí na corónach an dream beag reibiliúnach os a gcomhar, thug siad ruathar fúthu agus iad den tuairim nach raibh ann ach cúlgharda an mórcholúin. Ach nuair a tháinig siad chomh fada leis an gcasadh sa bhealach scaoileadh baráiste urchar orthu agus ní raibh siad in ann éalú agus na reibiliúnaigh ar gach taobh.

De réir mar a tháinig tuilleadh den mharcshlua brúdh iad siúd a bhí chun tosaigh i dtreo na reibiliúnach agus ní raibh siad in ann éalú, rud a rinne éasca d’fhir na bpící iad a mharú.

Theith roinnt de na Briotanaigh agus gíománaigh thar na díoga, ach lean na reibiliúnaigh iad agus mharaigh siad iad sna páirceanna máguaird. San iomlán, maraíodh thart ar 60 de na Briotanaigh, dhá oifigeach ina measc, gan aon bhás ar thaobh na reibiliúnach. 

Baineadh geit as na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a ghlac leis go raibh deireadh iomlán leis na reibiliúnaigh i ndiaidh Chnoc Fhiodh na gCaor, nuair a chuala siad faoin mbua i mBaile Eilís. Rinne siad beag is fiú de thuairiscí faoin mbua agus cuireadh líon na dtrúpaí a cailleadh faoi cheilt.

D’aithin na húdaráis go mbeadh Cill Mhantáin ina láthair lárnach nua den éirí amach agus bogadh trúpaí ann agus iad ag súil go mbeadh feachtas úr le troid ann.

Lean roinnt de na colúin ar aghaidh ag máirseáil trí Chúige Laighean, ach cliseadh orthu i gCo. na Mí agus i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, i mBaile Bachaille ar an 14 Iúil, Lá Bastille.

Ag breathnú siar ar an méid a thit amach agus é ag scríobh a chuimhní cinn de 1798 sna 1850í, chuir sé as do Miles Byrne, ceannaire óg de chuid na reibiliúnach a throid sna Cogaí Napoléonacha ar ball, nach ndeachaigh na reibiliúnaigh i muinín na treallchogaíochta níos luaithe.

Dár leis an staraí Daniel Gahan, ‘ar deireadh seans gurb é sin an chúis gur chlis orthu’. Léirigh Cath Bhaile Eilís, agus gníomhaíochtaí Mícheál Uí Dhuibhir i sléibhte Chill Mhantáin in 1798 agus i dtú 1799, go bhféadfadh rath éigin a bheith ar an treallchogaíocht. Faraor, ní go dtí aimsir Chogadh na Saoirse (1919-21) a cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach í arís.

Protastúnaigh agus an Ghaeilge in Ulaidh na 1790í

D’fhreastail mac le Ian Paisley, an tUrramach Kyle Paisley, ar ócáid faoin nGaeilge a reáchtáil an tSaor-Eaglais Phreispitéireach le déanaí. Dúirt an tUrramach Paisley gur “bronntanas ó Dhia [iad teangacha, an Ghaeilge ina measc] chun cumarsáid a dhéanamh le daoine agus naisc a chruthú leo”.

Reáchtáladh an ócáid dár teideal “Preispitéirigh agus an Ghaeilge” i dTeach Fhearann Sheáin i gContae Aontroma.

Mar sin, is fiú breathnú ar ré ina raibh Protastúnaigh go mór chun cinn in athbheochan na teanga i gCúige Uladh, is é sin na 1790í, an t-am a raibh Éireannaigh Aontaithe go mór chun cinn. 

Léirigh rún a rith Cumann Léitheoireachta Bhéal Feirste in 1793 go raibh spéis ag Protastúnaigh sa Ghaeilge, óir impíodh ar bhaill an chumainn leabhair agus lámhscríbhinní Gaeilge a cheannach.

Thart faoin am seo bhí scoláire Gaeilge as Loch an Oileáin, Co. an Dúin, Pádraig Ó Loinsigh, ag múineadh in Acadamh Bhéal Feirste agus bhí duine de na hÉireannaigh Aontaithe ba mhó le rá, Thomas Russell, ina mhac léinn aige.

Faoi 1800 bhí Ó Loinsigh ag déanamh trascríobh ar lámhscríbhínní i nDún Dealgan ar son Samuel Coulter, a bhí ina bhall de Chuallacht na bPreispitéireach ar an mbaile sin. 

Bhí baint ag Samuel agus Andrew Bryson, athair agus mac, leis na hiarrachtaí céanna i nDún Dealgan. Bhí Andrew Bryson ina mhinistir i bpobal Preispitéireach Bhaile Mhic Scanláin, Co. an Lú, idir 1786 agus 1795. Maíonn Pádraig Ó Snodaigh go léiríonn saol na ndaoine seo an nasc idir an Ghaeilge a bheith “á caomhnú agus á hathbheochan”.

Dúirt Earnán de Blaghd, a bhí de shliocht Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma, go raibh “sliocht na bPlandóirí á nGaelú go tiubh an uair úd”.

Gné thábhachtach eile den athbheochan ab ea bunú Chumann Cláirsí Bhéal Feirste in 1791, “chun ceol agus filíocht ársa na hÉireann a athbheochan agus leathadh”. Iarradh ar Andrew Bryson cabhrú leis na cruinnithe luatha i dtaca le cúrsaí Gaeilge de. Bhí rath maith ar an gcumann agus bunaíodh scata coistí sa cheantar chun dul i mbun oibre. 

Bhí ballraíocht ag leithéidí Robert Bradshaw, Robert Simms, Hon. Miss de Courcey, Mrs. John Clarke, Miss Grant, Miss Bristow agus Mrs. Kennedy. Daoine eile a bhí chun cinn ná an Dr. James McDonnell, Protastúnach as Bun Abhann Dalla, Edward Bunting, Protastúnach as Ard Mhacha a áirítear i measc na gcéad mhórbhailitheoirí ceoil, agus na clanna Joy agus McCracken as Béal Feirste.

Léiríonn fógra faoi ranganna Gaeilge ón tréimhse an meon a bhí taobh thiar de na hiarrachtaí. Dúradh san fhógra go mbeadh sé

“spéisiúil go háirithe dóibh siúd go léir a dteastaíonn uathu feabhsú agus Aontacht na ríochta seo a bhfuil fáillí déanta inti agus atá scoilte”.

De bharr ár dtuisceana ar an teanga agus a bheith á labhairt d’fhéadfaimis ár smaointe agus treoracha a thabhairt dar gcomhthírigh ar bhealach níos éifeachtaí”. 

Níos déanaí an bhliain chéanna, d’fhoilsigh The Northern Star, nuachtán de chuid na nÉireannach Aontaithe i mBéal Feirste, Bolg an tSolair, iris 120 leathanach ina raibh comhráite, filíocht, aistriúcháin, paidreacha agus stór focal.

Ba chun an Ghaeilge a shlánú ón “neamhaird” a bunaíodh an iris agus creideadh go mbeadh spéis ag Éireannaigh ar bith “a chreideann go bhfuil tábhacht ag baint lenár dtraidisiúin agus teanga agus gur fiú iad a fhiosrú”. Ba í Charlotte Brooke, Protastúnach as Co. an Chabháin, a bhailigh agus a d’aistrigh na dánta do Bolg an tSolair

Níl ach achar beag blianta pléite agam thuas, mar sin is léir go bhfuil oidhreacht shaibhir ag Protastúnaigh i dtaobh na Gaeilge de, i gCúige Uladh san ochtú haois déag go háirithe.

Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe san Astráil, 1804: Cnoc an Chaisleáin agus Cnoc Fhiodh na gCaor

I mí an Mhárta 1804 d’éirigh na hÉireannaigh Aontaithe amach den uair dheireanach. Cé go raibh Caisleán Bhaile Átha Cliath ag súil le hathbheochan ar an eagraíocht phoblachtach i gCúige Laighean an tráth sin, ba in New South Wales na hAstráile a tharla a n-eachtra dheireanach. Bhain Éirí Amach Chnoc an Chaisleáin geit as na húdaráis choilíneacha. 

Ní raibh súil ann go n-éireodh an líon sin reibiliúnach amach, óir d’éirigh leis na húdaráis roinnt comhcheilgí Éireannacha a chur faoi chois idir 1800 agus 1802. D’fhógair an Gobharnóir Philip Gidley King dlí míleata den chéad uair i stair na hAstráile agus chreid sé gur beag nár éirigh leis na hÉireannaigh aontaithe smacht a ghabháil ar choilíneachtaí pianseirbhíse Impireacht na Breataine.

Bhain comhthéacs ar leith le hÉirí Amach 1804 a chuaigh siar go dtí an bhliain 1788. Ón mbliain sin ar aghaidh seoladh na mílte daoránach Éireannach agus Sasanach go dtí New South Wales chun brú a bhaint ón gcóras príosún sa Bhreatain. I ndiaidh Réabhlóid Mheiriceá (1765-1783), b’éigean d’Impireacht na Breataine áit nua a aimsiú chun daoránaigh a sheoladh agus ba chun na hAstráile a cuireadh iad.

Sna 1790í go háirithe, agus sciar maith de chosmhuintir na hÉireann ag bogadh i dtreo na réabhlóide, seoladh go leor Éireannaigh Aontaithe agus Cosantóirí (dream comhcheilge de chuid na hísealaicme Caitlicí) chun na hAstráile. Faoin mbliain 1800, b’Éireannaigh iad an tríú cuid de dhaonra New South Wales ar a laghad; ina theannta siúd bhí 600 príosúnach poblachtach. Bhí neart fear ó Chill Mhantáin, Loch Garman, Baile Átha Cliath, Cúige Uladh agus roinnt ó Chúige Mumhan i measc na bpríosúnach. I measc fhir Chill Mhantáin bhí an ‘Ginearál’ Joseph Holt. Ón uair a tháinig siad i dtír chuaigh siad i mbun comhcheilge arís.

Bhí leithéidí Phil Cunningham as Cluain Meala go mór chun cinn i measc lucht Chúige Mumhan faoin mbliain 1804. I measc na nUltach bhí stádas ar leith ag Samuel Hume as Contae Aontroma, agus ag William Johnson, a raibh nasc aige le Co. Thír Eoghain agus a chaith seal mar sháirsint sa mhílíste nó arm. Ba léiriú é an comhoibriú idir Johnson, Cunningham agus Hume, ‘Protastúnach, Caitliceach agus Easaontóir’, go raibh beocht sa tionscadal poblachtach go fóill i ndiaidh chliseadh 1798.

Nuair a chuala na reibiliúnaigh gur éirigh Robert Emmet agus a chomrádaithe amach arís i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1803 tugadh ugach dóibh. Thit Comhaontú Síochána Amiens as a chéile i mí na Samhna na bliana céanna agus bhí an Bhreatain i mbun cogaidh leis an bhFrainc arís. Tar éis neart cur agus cúiteamh bheartaigh na hÉireannaigh Aontaithe éirí amach go luath in 1804 – d’úsáidfí dream fear a d’oibir thart ar an lonnaíocht feirme ag Cnoc an Chaisleáin, atá soir ó thuaidh de Chathair Sydney.

Ar an 3 Márta 1804, fuair Holt an scéal go raibh caint bhéalscaoilte tar éis an plean chun éirí amach a chur i mbaol. B’fhadhb é seo do Holt agus na cinnirí eile ó cheantair Sydney agus Hawkesbury, óir bhí siad díreach i ndiaidh cruinniú a eagrú a chuir bailchríoch ar na pleananna in Parramatta. 

Rinne Holt iarracht deireadh a chur leis an éirí amach, ach rinne go leor d’fhir Chill Mhantáin neamhaird de. Tar éis thitim na hoíche ar an 4 Márta, bhris 200 daoránach as an lóistín a bhí acu i gCnoc an Chaisleáin. Bhailigh siad le chéile ag Cnoc na Bunreachta, garr do Parramatta, áit ar fhógair Cunningham straitéis na gcinnirí. Ghabhfaí airm ó na lonnaitheoirí áitiúla agus d’fhillfí ar Chnoc na Bunreachta, roimh siúl i dtreo Paramatta agus Syndey ar an 5 agus 6 Márta.

Níor éirigh leis na reibiliúnaigh mórán arm a bhailiú chucu féin, cé gur fhill 300 acu, mar aon le dream beag daoránaigh Shasanacha, ar Chnoc na Bunreachta ar an 5 Márta. Bhí an mí-ádh orthu ar dhá bhealach eile. Bhíothas ag súil go bhfágfadh an HMS Calcutta Cathair Syndey ar an 4 Márta, ach cuireadh moill air trí sheans, rud a thug an deis don Ghobharnóir King na muirshaighdiúirí a úsáid chun an t-éirí amach a chur faoi chois. Anuas air sin, ba é an Maorghinearál George Johnson a bhí i gceannas ar na saighdiúirí áitiúla. Bhí taithí ó Réabhlóid Mheiriceá ag Johnson. Throid sé ag Bunker Hill agus thuig sé go gcaithfí na reibiliúnaigh a bhuaileadh go luath agus go sciobtha.

Tháinig Johnson ar na reibiliúnaigh ag Cnoc Rouse (nó ‘Cnoc Fhiodh na gCaor’ in aithris ar an logainm céanna lasmuigh d’Inis Córthaidh) agus ba léir go raibh míréir idir airm na saighdiúirí agus na hairm a bhí á n-iompar ag na hÉireannaigh Aontaithe. Maraíodh 30 reibiliúnach ach níor maraíodh saighdiúir ar bith. Crochadh ochtar reibiliúnach ina dhiaidh sin ar an 8 Márta. I measc na marbh bhí Cunningham, Hume agus Johnson. 

Dá n-éireodh leis na hÉireannaigh Aontaithe Sydney a shroicheadh bhí King den tuairim go n-éireodh ‘na hÉireannaigh ar fad’ amach leo, ach cuireadh faoi chois iad sular shroich siad a sprioc. Tá leac chuimhneacháin ollmhór le feiceáil ar Chnoc Rouse/Cnoc Fhiodh na gCaor, a cuireadh ann in 1988 ar chomóradh 200 bliain choilíneacht na hAstráile. Níor cuireadh ainmneacha na reibiliúnach leis go dtí 2004.