Tag Archive : Poblachtánachas

Físeán/Video: Máirtín Ó Cadhain and Irish Republicanism

Tugann an t-údar agus staraí Aindrias Ó Cathasaigh léargas den chéad scoth ar shaol Mháirtín Ó Cadhain agus an gaol a bhí aige leis an ngluaiseacht agus idé-eolaíocht Poblachtánach.

Author and historian Aindrias Ó Cathasaigh provides an excellent insight into the life of Máirtín Ó Cadhain and his relationship with the Irish Republican movement and ideology.

“D’ordaigh sé iar-chomrádaithe a dhúnmharú.” Marú Chaoimhín Uí Uigín, an 10 Iúil 1927

Maidin an 10 Iúil 1927 lámhachadh Caoimhín Ó hUigín, an tAire Dlí, agus é ar a bhealach go ar Aifreann i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Ba ag baint díoltas amach ar son Ruairí Uí Conchúir, Liam Uí Maoilíosa, Risteáird Baróid agus Sheosaimh Mhic Giolla Bhuí, ceannarí na nÓglach in aghaidh an Chonartha, a cuireadh chun báis ar an 8 Nollaig 1922. 

Chinn rialtas an tSaorstáit na fir a chuir chun báis i ndiaidh d’Óglaigh frith-Chonartha beirt Teachtaí Dála a mharú an lá roimhe sin.

Cé go raibh drogall ar Ó hUigín na ceannairí a chuir chun báis ar dtús, thug sé cead an beart a dhéanamh de bharr gur chreid sé gur rud riachtanach a bhí ann chun an stát nuabhunaithe a chosaint. Dár ndóigh, táthar den tuairim gur ag déanamh obair na himpireachta a bhí sé i gcur faoi chois na coda ba radacaí de ghluaiseacht na Poblachta.

Ba chairde móraiad Ruairí Ó Conchúir agus Ó hUigín. Sheas Ó Conchúir le Ó hUigín ag a phósadh an bhliain roimhe sin. Agus é ag tabhairt óráid don Dáil ar an lá a cuireadh na fir chun báis, chosain Ó hUigín beart an rialtais.

Mhaígh sé “gur deineadh é go fuarchúiseach agus d’aon ghnó”, nach raibh aon mhailís phearsanta i gceist, agus gur beart é a deineadh chun bonn daonlathach an stáit úir a chinntiú. Bhí Ó hUigín trína chéile i ndiaidh dó “ba chara liom duine de na fir seo” a rá agus b’éigean dó éirí as.

Cúig bliana ina dhiaidh sin ionsaíodh Ó hUigín mar gheall ar a ról i gcur chun báis a iar-chomrádaithe in 1922. Agus é ag siúl ina aonar d’ionsaigh trí ghunnadóir é.

Ba é an Garda Sáirsint Mac Suibhne an duine a chuala focail dheireanacha Uí Uigín. “Bhí mé ag siúl ar an mBóthar Trasna. Bhí triúr fear ag fanacht ar an gcúinne dom. Scaoil siad orm. Lean duine acu mé agus lámhaigh sé mé”.

Mhair sé roinnt uaireanta an chloig eile ach d’éag sé ansin, i ndiaidh dó a iarraidh ar a bhean maithiúnas a thabhairt dóibh siúd a mharaigh é.

Níor ciontaíodh éinne as an marú riamh, ach léirigh comhaid rialtais a scaoileadh bliantaí ina dhiaidh sin go raibh amhras faoi roinnt daoine. Ceapadh go raibh lámh lárnach sa mharú ag daoine cosúil le Mícheál Prís, Seán Ruiséil, agus Earnán Ó Máille.

Gabhadh Seán Mac Giolla Bhríde as an eachtra chomh maith, ach bhí sé in ann a fhíorú go raibh sé thar lear ag am an mharaithe.

Bhí amhras faoi Éamon de Valera agus Proinsias Mac Aogáin, a bheadh i gceannas  ar Fhianna Fáil ar ball, gur ghlac siad páirt sa mharú.

Thug Ó hUigín rabhadh faoi de Valera agus é i mbéal an bháis, “Abair le mo chomrádaithe a bheith ar a bhfaichill faoi (de Valera) sa saol poiblí … cuirfidh sé i gcéill chun leas a bhaint as laige na ndaoine”

Ní go dtí 1985, nuair a labhair iarcheannaire na nÓglach, Anraí de Faoite, leis an Irish Press, gur nochtadh ainmneacha na ndaoine a mharaigh Ó hUigín: Liam Mac Fhionnáin, Giolla Easpaig Ó Dúghaill agus Tadhg Mac Cochláin. Dúirt de Faoite gur admhaigh Mac Fhionnáin gur mharaigh an triúr Ó hUigín mar dhíoltas as a ról i mbearta 1922.

“Agus é mar aire dlí, d’ordaigh sé iar-chomrádaithe a dhúnmharú”, a dúirt de Faoite, “b’in an fáth gur maraíodh é”.

Maireann muid go fóill in Éirinn le cinneadh Uí Uigín agus Uí Choileáin frith-réabhlóid a chur ar bun agus a gcomrádaithe a chuir chun báis – an Ghaeilge sna Gaeltachtaí ag creimeadh, an tír fós roinnte ina dhá chuid, agus smacht ag lucht an rachmais, thuaidh agus theas, ar pholasaithe sóisialta agus eacnamaíochta.

Protastúnaigh agus an Ghaeilge in Ulaidh na 1790í

D’fhreastail mac le Ian Paisley, an tUrramach Kyle Paisley, ar ócáid faoin nGaeilge a reáchtáil an tSaor-Eaglais Phreispitéireach le déanaí. Dúirt an tUrramach Paisley gur “bronntanas ó Dhia [iad teangacha, an Ghaeilge ina measc] chun cumarsáid a dhéanamh le daoine agus naisc a chruthú leo”.

Reáchtáladh an ócáid dár teideal “Preispitéirigh agus an Ghaeilge” i dTeach Fhearann Sheáin i gContae Aontroma.

Mar sin, is fiú breathnú ar ré ina raibh Protastúnaigh go mór chun cinn in athbheochan na teanga i gCúige Uladh, is é sin na 1790í, an t-am a raibh Éireannaigh Aontaithe go mór chun cinn. 

Léirigh rún a rith Cumann Léitheoireachta Bhéal Feirste in 1793 go raibh spéis ag Protastúnaigh sa Ghaeilge, óir impíodh ar bhaill an chumainn leabhair agus lámhscríbhinní Gaeilge a cheannach.

Thart faoin am seo bhí scoláire Gaeilge as Loch an Oileáin, Co. an Dúin, Pádraig Ó Loinsigh, ag múineadh in Acadamh Bhéal Feirste agus bhí duine de na hÉireannaigh Aontaithe ba mhó le rá, Thomas Russell, ina mhac léinn aige.

Faoi 1800 bhí Ó Loinsigh ag déanamh trascríobh ar lámhscríbhínní i nDún Dealgan ar son Samuel Coulter, a bhí ina bhall de Chuallacht na bPreispitéireach ar an mbaile sin. 

Bhí baint ag Samuel agus Andrew Bryson, athair agus mac, leis na hiarrachtaí céanna i nDún Dealgan. Bhí Andrew Bryson ina mhinistir i bpobal Preispitéireach Bhaile Mhic Scanláin, Co. an Lú, idir 1786 agus 1795. Maíonn Pádraig Ó Snodaigh go léiríonn saol na ndaoine seo an nasc idir an Ghaeilge a bheith “á caomhnú agus á hathbheochan”.

Dúirt Earnán de Blaghd, a bhí de shliocht Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma, go raibh “sliocht na bPlandóirí á nGaelú go tiubh an uair úd”.

Gné thábhachtach eile den athbheochan ab ea bunú Chumann Cláirsí Bhéal Feirste in 1791, “chun ceol agus filíocht ársa na hÉireann a athbheochan agus leathadh”. Iarradh ar Andrew Bryson cabhrú leis na cruinnithe luatha i dtaca le cúrsaí Gaeilge de. Bhí rath maith ar an gcumann agus bunaíodh scata coistí sa cheantar chun dul i mbun oibre. 

Bhí ballraíocht ag leithéidí Robert Bradshaw, Robert Simms, Hon. Miss de Courcey, Mrs. John Clarke, Miss Grant, Miss Bristow agus Mrs. Kennedy. Daoine eile a bhí chun cinn ná an Dr. James McDonnell, Protastúnach as Bun Abhann Dalla, Edward Bunting, Protastúnach as Ard Mhacha a áirítear i measc na gcéad mhórbhailitheoirí ceoil, agus na clanna Joy agus McCracken as Béal Feirste.

Léiríonn fógra faoi ranganna Gaeilge ón tréimhse an meon a bhí taobh thiar de na hiarrachtaí. Dúradh san fhógra go mbeadh sé

“spéisiúil go háirithe dóibh siúd go léir a dteastaíonn uathu feabhsú agus Aontacht na ríochta seo a bhfuil fáillí déanta inti agus atá scoilte”.

De bharr ár dtuisceana ar an teanga agus a bheith á labhairt d’fhéadfaimis ár smaointe agus treoracha a thabhairt dar gcomhthírigh ar bhealach níos éifeachtaí”. 

Níos déanaí an bhliain chéanna, d’fhoilsigh The Northern Star, nuachtán de chuid na nÉireannach Aontaithe i mBéal Feirste, Bolg an tSolair, iris 120 leathanach ina raibh comhráite, filíocht, aistriúcháin, paidreacha agus stór focal.

Ba chun an Ghaeilge a shlánú ón “neamhaird” a bunaíodh an iris agus creideadh go mbeadh spéis ag Éireannaigh ar bith “a chreideann go bhfuil tábhacht ag baint lenár dtraidisiúin agus teanga agus gur fiú iad a fhiosrú”. Ba í Charlotte Brooke, Protastúnach as Co. an Chabháin, a bhailigh agus a d’aistrigh na dánta do Bolg an tSolair

Níl ach achar beag blianta pléite agam thuas, mar sin is léir go bhfuil oidhreacht shaibhir ag Protastúnaigh i dtaobh na Gaeilge de, i gCúige Uladh san ochtú haois déag go háirithe.

Pádraig Ó Snodaigh, An Snodach, imithe ar shlí na fírinne

Tá Pádraig Ó Snodaigh, laoch mór na Gaeilge, na litríochta Gaeilge agus na gníomhaíochta Gaeilge, imithe ar shlí na fírinne agus é naoi mbliana le cois an cheithre scór. Cuireadh an Snodach i Reilig Naomh Fionntán i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite i ndiaidh a shochraide in Eaglais Pheadair agus Phóil, Baile Dúill.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, go raibh Pádraig ‘mar laoch ríthábhachtach do ghluaiseacht na Gaeilge’ agus gur spreag a shaol grá don teanga i measc na mílte.

Bhí Ó Snodaigh pósta leis an dealbhóir Cliodhna Cussen, agus bhí seisear mac acu: Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. Rugadh Ó Snodaigh i gCeatharlach in 1935. Chuaigh sé ag obair leis an mBord Soláthair Leictreachais sular bhog sé chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann, áit ar oibrigh sé mar choimeádaí cúnta. 

Idir 1970-73 bhí Ó Snodaigh ina chomheagarthóir ar an iris chléach phoblachtach Ghaeilge Pobal. I lár na seachtóidí bhí sé ina eagarthóir ar Carn, iris an Chonartha Cheiltigh. Bhí sé go fóill ag scríobh do Carn agus ina bhall den Chonradh Ceilteach nuair a básaíodh é. Bhíodh sé de nós aige ailt a scríobh de láimh i gcónaí, seachas leas a bhaint as ríomhairí.

Mhol a chomhghleacaithe san eagraíocht é as a intleacht, a acmhainn ghrinn thur, agus a dhúthracht do chultúr agus neamhspleáchas na dtíortha Ceilteacha.

In 1980 bhunaigh sé Coiscéim, a chuir os cionn 1,300 leabhar i gcló thar na blianta. Chuir sé litríocht agus filíocht na Gaeilge i lár an aonaigh agus chuir sé saothar le scríbhneoirí agus filí móra na Gaeilge, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, Chaitlín Maude agus Thomáis Mhic Shíomóin, i gcló.

B’fhile é an Snodach chomh maith agus áirítear leithéidí Cumha agus Cumann (1985) agus Ag Druidim le 80 (2017) i measc na gcnuasach a d’fhoilsigh sé féin.

Lena chois sin, ba staraí é agus spéis ar leith aige i dtréimhse na réabhlóide. Chuir sé peann le pár agus chuir sé in eagar an tsraith thábhachtach Macallaí na Cásca, sraith leabhar a thug léargas ar ghnéithe logánta, domhanda, pearsanta, fealsúnachta agus teanga Éirí Amach 1916.

Maidir lena staireolaíocht, níor chuir sé aon fhiacail ann i leith na staraithe athbhreithnitheacha, mar a léirigh foilsiú Two Godfathers of Revisionism: 1916 in the Revisionist Canon in 1991. Saothar tábhachtach a bhí, agus atá, in The Hidden Ulster: Protestants and the Irish Language, a cuireadh i gcló trí huaire (1973, 1977, 1995) agus a d’fhág lorg dearfach ar Phrotastúnaigh an tuaiscirt atá ag tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge sa lá atá inniu ann. 

Poblachtach go smior a bhí sa Snodach agus sheas sé le poblachtaigh agus náisiúnaithe na sé chontae le linn an chogaidh fhada, agus bhí meas ag muintir Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin ó thuaidh air i gcónaí.

Mar ghníomhaí Gaeilge le linn a shaoil agus mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1974 agus 1979 bhí sé ina cheannródaí. Bunaíodh An Siopa Leabhar agus cuireadh Seachtain na Gaeilge ar bun in athuair faoina cheannaireacht. Thacaigh sé go mór le gluaiseacht na Gaelscolaíochta a bhí ag teacht in inmhe an tráth céanna.

Agus é ag scríobh do Comhar in 1989 dúirt sé gur ‘cath cúlgharda’ a bhí sna Gaelscoileanna ina raibh ‘an pobal Gaelach ag léiriú míshástacht leis an gcúlú ó aidhmeanna fógraithe an stáit sa Phoblacht agus in éadan ionraí an stáit sna sé chontae’.

Chuir sé an Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn sna seachtóidí chomh maith, a baineadh amach mar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) nach mór tríocha bliain ina dhiaidh sin.

Bhí Ó Snodaigh lárnach, chomh maith, san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse a cuireadh ar bun sna hochtóidí agus a bhain a sprioc amach le bunú TnaG (TG4 ina dhiaidh sin) in 1996. Bhí sé sásta dul i mbun an ghnímh dhírigh nuair ba ghá. Ag tús an fheachtais chuidigh sé le Ciarán Ó Finneadha meirge a chrochadh ar aeróg chumarsáide RTÉ i nDomhnach Broc chun aird a tharraingt ar neamairt an stáisiúin i leith na teanga.

Dúirt iaruachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, faoi ghníomhaíocht Ghaeilge an tSnodaigh,

‘Thaisteal sé an tír ar fad ag cur fhealsúnacht an Chonartha chun cinn agus ag spreagadh daoine chun craobhacha nua a bhunú. Chuir sé béim ar leith ar dhaoine óga a mhealladh isteach san eagraíocht agus mná a thabhairt chuig leibhéal ceannasaíochta san eagraíocht chomh maith. Smaointeoir a bhí ann, intleachtóir a bhí ann, ach do creid sé san agóidíocht mar mhodh oibre in obair an Chonartha’.

Fear ildánach, fathach fir, Gael, poblachtach. Go gcodlóidh an Snodach go sámh i measc laochra na nGael.

‘Crann na Saoirse’: Réabhlóid Háítí 1791-1804 agus an Ginearál Toussaint Louverture

Tá sé corradh agus 220 bliain ó bhain Háítí a neamhspleáchas amach, ach rinne na cumhachtaí coilíneachta a ndícheall an fhís a chuir faoi chois.

Cuireadh tús le Réabhlóid Háítí sa bhliain 1791 agus chríochnaigh sí in 1804 le neamhspleáchas Háítí ón Fhrainc. Ní hamháin gur chuir sí deireadh leis an sclábhaíocht ach ruaig sí smacht coilíneach na Fraince freisin.

Ba é Háítí an chéad phoblacht dhubh ar domhan agus an dara tír a bhain neamhspleáchas amach i gCríocha Mheiriceá tar éis na Stát Aontaithe. Spreag idéil Réabhlóid na Fraince, lena n-áirítear cearta an duine, saoránacht uilíoch, agus féinrialú, Réabhlóid Háítí.

San 18ú haois, ba í Saint-Domingue (an t-ainm a bhí ar an tír ag an am) an choilíneacht ba shaibhre i seilbh na Fraince. Dhéantaí siúcra, caife, indeagó, agus cadás a tháirgeadh trí shaothar sclábhaithe.

Ghin an choilíneacht saibhreas níos mó ná saibhreas trí choilíneacht déag Mheiriceá Thuaidh a bhí faoi smacht na Ríochta Aontaithe. 

Faoi 1789, bhí daonra Saint-Domingue roinnte ina chúig ghrúpa shainiúla: 40,000 plandóir geal (úinéirí na plandála) agus 40,000 petit blancs (“miondaoine geala”, ceardaithe, siopadóirí, agus múinteoirí); 30,000 duine dubh saor, cuid mhór acu níos saibhre ná na petit blancs; thart ar 500,000 duine dubh a bhí ina sclábhaithe; agus marúnaigh, sclábhaithe a theith isteach sna sléibhte.

In ainneoin dálaí cruálacha, bhí an pobal sclábhaithe i mbun frithbheartaíocht rialta, lena n-áirítear máistrí a nimhiú. I ndiaidh Réabhlóid na Fraince (1789) spreagadh gluaiseachtaí réabhlóideacha in Saint-Domingue, go háirithe  ina measc siúd a bhí faoi chois, a tharraing ar an Dearbhú um Chearta an Duine ón bhFrainc.

Sa bhliain 1790, chothaigh reachtaíocht Fhrancach, a thug féinchumhacht áitiúil do choilíneachtaí, teannas i Háítí. Ligeadh do dhaoine dubha saora a raibh maoin acu páirt a ghlacadh sa rialtas, ach fágadh na petit blancs as an áireamh.

Bhí coimhlint thríthaobhach ann idir plandóirí, petit blancs, agus daoine dubha saora. Idir an dá linn, agus iad spreagtha ag idéil réabhlóideacha, d’éirigh tromlach de na sclábhaithe dubha amach.

Ar an 21 Lúnasa, 1791, d’éirigh na sclábhaithe, faoi stiúir an iarsclábhaí Toussaint Louverture, amach in aghaidh na bplandóirí, agus d’éirigh leo smacht a ghlacadh ar thrian den oileán faoi 1792.

In ainneoin gur sheol an Fhrainc tuilleadh saighdiúirí thar sáile chun na sclábhaithe a chuir faoi chois, d’fhás an réabhlóid, agus bhí caillteanas suntasach ann – 100,000 sclábhaí dubh agus 24,000 duine geal marbh. Tháinig fórsaí na Ríochta Aontaithe i láthair in 1793 ach díbríodh iad faoi 1798, a bhuíochas, go príomha, ar cheannaireacht an Ghinearáil Louverture.

Faoi 1801, bhí an réabhlóid leathnaithe ag Louverture chuig coilíneacht Spáinneach in aice láimhe, Santo Domingo (an Phoblacht Dhoiminiceach sa lá atá inniu ann). Chuir sé deireadh leis an sclábhaíocht ansin agus dhearbhaigh é féin mar Ard-Ghobharnóir saoil na hEaspáinneoil.

Faoi 1802, bhí Réabhlóid Háití tar éis an fód a sheasamh níos faide ná Réabhlóid na Fraince. Chuir Napoleon Bonaparte, agus é ag iarraidh smacht na Fraince agus an sclábhaíocht a athbhunú, an Ginearál Charles Leclerc agus 43,000 saighdiúr go Saint-Domingue. Gabhadh Louverture agus tugadh chun na Frainc é.

Tar éis a ghabhála, dúirt sé,

‘Trí mo chur faoi chois, ní dhearnadh in Saint-Domingue ach stoc chrann na saoirse a ghearradh. Ach fásfaidh sé arís, óir tá a fhréamhacha domhain agus líonmhar’ (‘En me renversant, on n’a abattu à Saint-Domingue que le tronc de l’arbre de la liberté, mais il repoussera car ses racines sont profondes et nombreuses’).

Bhásaigh Louverture sa Fhrainc in 1803.

Leanadh leis an troid faoi cheannasaíocht Jean-Jacques Dessalines, ginearál Louverture agus iarsclábhaí, agus threoraigh sé na réabhlóidithe chun bua ag Cath Vertières ar an 18 Samhain, 1803. D’aithin an Fhrainc neamhspleáchas Háití go foirmiúil ar an 1 Eanáir, 1804.

Bhí scéal Háítí mar shiombail na saoirse agus é i mbéal phobail chríocha Mheiriceá. Ba é an chéad uair a d’éirigh le réabhlóidithe an sclábhaíocht a ruaigeadh agus spreagadh gluaiseachtaí eile dá bharr.

Mar sin féin, má bhain Háítí a saoirse amach cothrom agus 220 bliain ó shin, cén fáth a bhfuil sé fós ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan?

Eascraíonn bochtaineacht Háítí ó éagóracha stairiúla, lena n-áirítear ‘fiachas neamhspleáchais’ na Fraince, 150 milliún franc, a cuireadh i bhfeidhm in 1825, rud a rinne fíordhochar do gheilleagar na tíre ar feadh breis agus céad bliain.

Tar éis do Háítí neamhspleáchas a bhaint amach in 1804 rinne mórchumhachtaí mar an Fhrainc agus SAM, a bhí buartha go spreagfaí réabhlóidí sclábhaithe in áiteanna eile, leithlisiú eacnamaíoch ar an tír. 

D’fhág tionchair an choilíneachais, an chiníochais chórasaigh, agus an córas impiriúlach reatha Háítí beo bocht, rud a léiríonn an gá le díchoilíniú iomlán a thugann dúshlán beartas impiriúil reatha chomh maith.

Toghchán 1923 an tSaorstáit

Agus muid in aimsir thoghcháin sna sé chontae fichead tugtar spléachadh ar an gcéad toghchán i stair an tSaorstáit a tharla os cionn 100 bliain ó shin.

Tharla toghchán mhí Lúnasa 1923 faoi scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Ritheadh bille sa tríú Dáil a thug cead don rialtas, a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, poblachtaigh i ngéibheann a chur chun báis.

Ghlaoigh lucht an tSaorstáit “an Bille Chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923” ar an mbille seo. Bhaist poblachtaigh an ‘Bille Dúnmharfach’ air. 

Chuir an Saorstát, faoi bhagairt Impireacht na Breataine, 81 poblachtach chun báis chun Gluaiseacht na Poblachta a chuir faoi chois. Faoi fhómhar na bliana 1923, bhí 12,000 fear agus bean, poblachtaigh den chuid is mó, sa phríosún faoi théarmaí an bhille. 

Michael Barry, Iarrthóir Poblachtach Ceatharlach & Cill Chainnigh
Grianghraf: J. Kissane / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí leanúnachas ann i dtaobh cúrsaí riaracháin idir an stát faoi réimeas na Breataine agus an Saorstát a tháinig ar an bhfód in 1922. Mar a scríobhann an staraí Alvin Jackson:

‘coinníodh formhór mór na státseirbhíseach: d’aistrigh corradh is 98 faoin gcéad den seanlucht riaracháin Briotanach go seirbhís Shaorstát Éireann’

Anuas air sin, bhí cuid mhaith de na nuachtáin, an Eaglais Chaitliceach agus na feirmeoirí móra agus lucht gnó tar éis tacú leis na Saorstátairí le linn an chogaidh.

Mar sin, ghlaoigh Liam Tomás Mac Cosgair, Uachtarán ar Ard-Chomhaire Shaorstát Éireann a bhí i bhfeighil an tSaorstáit, an toghchán agus buntáiste na bunaíochta ag a pháirtí, Cumann na nGaedhael. Bhuaigh Cumann na nGaedhael 39% den vóta, agus bhain siad 63 suíochán. 

Ghnóthaigh poblachtaigh, faoi chinnireacht Éamon de Valera, 27.3% den vóta, toradh a thug 44 suíochán dóibh. Ach de bharr pholasaí neamhfhreastail na bpoblachtach, níor ghlac siad a suíocháin i dTeach Laighean. 

Níor éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na bliana 1923.  Níor éirigh leo ach 10.6% den vóta a bhuachan. Ghlac an páirtí ról an fhreasúra agus gan ach 14 teachta dála acu.

‘Bhí drochléiriú an Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe i mBaile Átha Ciath’, arsa an staraí Anthony White, ‘mar gheall, cuid mhór, ar choimhlint mhór idir Séamas Ó Lorcáin agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre.

De bhrí gur thacaigh Páirtí na bhFeirmeoirí agus na teachtaí dála neamhspleácha leis an rialtas an chuid ba mhó den am, bhí seilbh na cumhachta i lámha Chumann na nGaedhael as sin go dtí 1927.

D’éirigh go maith le Cumann na nGaedhael i mBaile Átha Cliath, go háirithe i mBaile Átha Cliath Theas, áit ar ghnóthaigh an páirtí 55.2% den vóta – plus ça change, is dócha. Níor éirigh go maith leis an bpáirtí sna ceantair ina raibh na poblachtaigh láidir le linn an Chogaidh Chathartha – Corcaigh Thuaidh, Port Láirge, Ciarraí agus an Clár.

Mar sin féin, ní raibh eagar maith ar na poblachtaigh de bhrí go raibh go leor dá ngníomhaithe i ngéibheann. Rinne de Valera iarracht Sinn Féin a athneartú i Meitheamh na bliana 1923 chun dul san iomaíocht sa toghchán, ach ní raibh poblachtaigh aontaithe ar an gceist.

Bhí 64 de na 85 iomaitheoir poblachtacha i ngéibheann ag an am, agus le linn an fheachtais gabhadh de Valera agus é ag tabhairt óráide in Inis, Co. an Chláir.

Níl aon dabht ach gur reáchtáladh toghchán 1923 ag am corraitheach, eisceachtúil. Thairis sin, tugtar suntas don toghchán mar an chéad toghchán a thug cead do mhná os cionn 21 bliain d’aois vóta a chaitheamh, rud a bhí chun cinn ar chuid mhaith de thíortha na hEorpa.

De bharr gur úsáideadh an córas ionadaíocht chionmhar den chéad uair chomh maith tháinig iomaitheoirí neamhspleácha chun cinn sa toghchán céanna, agus ghnóthaigh siad 10.9% den vóta. 

Agus tacaíocht idir 18% agus 22% á thuar d’iomaitheoirí neamhspleácha do thoghchán 2024, an mbeidh lámh lárnach acu i mbunú an chéad rialtais eile?