Category Archive : Ailt Staire

Toghchán 1923 an tSaorstáit

Agus muid in aimsir thoghcháin sna sé chontae fichead tugtar spléachadh ar an gcéad toghchán i stair an tSaorstáit a tharla os cionn 100 bliain ó shin.

Tharla toghchán mhí Lúnasa 1923 faoi scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Ritheadh bille sa tríú Dáil a thug cead don rialtas, a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, poblachtaigh i ngéibheann a chur chun báis.

Ghlaoigh lucht an tSaorstáit “an Bille Chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923” ar an mbille seo. Bhaist poblachtaigh an ‘Bille Dúnmharfach’ air. 

Chuir an Saorstát, faoi bhagairt Impireacht na Breataine, 81 poblachtach chun báis chun Gluaiseacht na Poblachta a chuir faoi chois. Faoi fhómhar na bliana 1923, bhí 12,000 fear agus bean, poblachtaigh den chuid is mó, sa phríosún faoi théarmaí an bhille. 

Michael Barry, Iarrthóir Poblachtach Ceatharlach & Cill Chainnigh
Grianghraf: J. Kissane / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí leanúnachas ann i dtaobh cúrsaí riaracháin idir an stát faoi réimeas na Breataine agus an Saorstát a tháinig ar an bhfód in 1922. Mar a scríobhann an staraí Alvin Jackson:

‘coinníodh formhór mór na státseirbhíseach: d’aistrigh corradh is 98 faoin gcéad den seanlucht riaracháin Briotanach go seirbhís Shaorstát Éireann’

Anuas air sin, bhí cuid mhaith de na nuachtáin, an Eaglais Chaitliceach agus na feirmeoirí móra agus lucht gnó tar éis tacú leis na Saorstátairí le linn an chogaidh.

Mar sin, ghlaoigh Liam Tomás Mac Cosgair, Uachtarán ar Ard-Chomhaire Shaorstát Éireann a bhí i bhfeighil an tSaorstáit, an toghchán agus buntáiste na bunaíochta ag a pháirtí, Cumann na nGaedhael. Bhuaigh Cumann na nGaedhael 39% den vóta, agus bhain siad 63 suíochán. 

Ghnóthaigh poblachtaigh, faoi chinnireacht Éamon de Valera, 27.3% den vóta, toradh a thug 44 suíochán dóibh. Ach de bharr pholasaí neamhfhreastail na bpoblachtach, níor ghlac siad a suíocháin i dTeach Laighean. 

Níor éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na bliana 1923.  Níor éirigh leo ach 10.6% den vóta a bhuachan. Ghlac an páirtí ról an fhreasúra agus gan ach 14 teachta dála acu.

‘Bhí drochléiriú an Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe i mBaile Átha Ciath’, arsa an staraí Anthony White, ‘mar gheall, cuid mhór, ar choimhlint mhór idir Séamas Ó Lorcáin agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre.

De bhrí gur thacaigh Páirtí na bhFeirmeoirí agus na teachtaí dála neamhspleácha leis an rialtas an chuid ba mhó den am, bhí seilbh na cumhachta i lámha Chumann na nGaedhael as sin go dtí 1927.

D’éirigh go maith le Cumann na nGaedhael i mBaile Átha Cliath, go háirithe i mBaile Átha Cliath Theas, áit ar ghnóthaigh an páirtí 55.2% den vóta – plus ça change, is dócha. Níor éirigh go maith leis an bpáirtí sna ceantair ina raibh na poblachtaigh láidir le linn an Chogaidh Chathartha – Corcaigh Thuaidh, Port Láirge, Ciarraí agus an Clár.

Mar sin féin, ní raibh eagar maith ar na poblachtaigh de bhrí go raibh go leor dá ngníomhaithe i ngéibheann. Rinne de Valera iarracht Sinn Féin a athneartú i Meitheamh na bliana 1923 chun dul san iomaíocht sa toghchán, ach ní raibh poblachtaigh aontaithe ar an gceist.

Bhí 64 de na 85 iomaitheoir poblachtacha i ngéibheann ag an am, agus le linn an fheachtais gabhadh de Valera agus é ag tabhairt óráide in Inis, Co. an Chláir.

Níl aon dabht ach gur reáchtáladh toghchán 1923 ag am corraitheach, eisceachtúil. Thairis sin, tugtar suntas don toghchán mar an chéad toghchán a thug cead do mhná os cionn 21 bliain d’aois vóta a chaitheamh, rud a bhí chun cinn ar chuid mhaith de thíortha na hEorpa.

De bharr gur úsáideadh an córas ionadaíocht chionmhar den chéad uair chomh maith tháinig iomaitheoirí neamhspleácha chun cinn sa toghchán céanna, agus ghnóthaigh siad 10.9% den vóta. 

Agus tacaíocht idir 18% agus 22% á thuar d’iomaitheoirí neamhspleácha do thoghchán 2024, an mbeidh lámh lárnach acu i mbunú an chéad rialtais eile?

Domhnach na Fola, 1887

Cuntas ar eachtra i stair lucht oibre Shasana agus na hÉireann

Is maith is eol do mhuintir na hÉireann faoi Dhomhnach na Fola a tharla i nDoire in 1972. Seans go bhfuil cur amach áirithe ag daoine ar Dhomhnach na Fola, 1913, nuair rinne póilíní i mBaile Átha Cliath ruathar ar lucht tacaíochta an ITGWU le linn Fhrithdhúnadh na bliana sin.

Ach is beag seans gur chuala mórán faoi Dhomhnach na Fola a tharla ar Chearnóg Trafalgar i Londain cothrom an ama seo den bhliain in 1887.

Nuair a chlis an córas caipitleach in 1873, rud ar athghlaodh ‘An Spealadh Fada’ (Long Depression), thit praghas an bhia – cruthaíodh neart imirce ón tuath i dtreo na gcathracha. Chuaigh fadhbanna sóisialta agus dífhostaíochta sna bailte i dtreis, agus, ar ball, tháinig borradh faoin ngluaiseacht shóisialach i Sasana sna 1880dí.

Sheas an ghluaiseacht in éadan droch-chaighdeáin maireachtála, droch-choinníollacha oibre agus bhochtaineacht lucht oibre na tíre. Thart faoin am céanna, bhí an ghluaiseacht ar son cearta talún agus neamhspleáchas na hÉireann go mór i mbéal lucht oibre Shasana.

Bhíodh sé de nós ag an Socialist Democratic Federation agus An Irish National League léirsithe rialta a eagrú ar Chearnóg Trafalgar, óir ba láthair lárnach agus shiombalach í. 

D’éirigh teannas idir an stát agus gluaiseacht na n-oibrithe de bharr na n-agóidí móra rialta a cháin córas caipitleach Shasana. Chinn an stát cosc ar léirsithe i Mí Dheireadh Fómhair 1887. Rinne an ghluaiseacht shóisialach agus gluaiseacht na n-oibrithe neamhaird ar an gcinneadh agus eagraíodh léirsiú don 13 Samhain.

Bhí sé mar sprioc ag an léirsiú cur i gcoinne an choisc ar shaoirse comhlachais agus aird a tharraingt ar an dífhostaíocht ollmhór i Londain. Chomh maith leis sin, bhí sé mar aidhm ag an léirsiú tacaíocht a léiriú do William O’Brien, an náisiúnaí agus gníomhaí talún Éireannach, a gabhadh tamaillín roimhe sin.

Bhí go leor Éireannach i measc na n-oibrithe in Oirthear Chathair Londain an tráth sin chomh maith – mar sin bhí bá ar leith ann do streachailt na nÉireannach. Chruthaigh an léirsiú nasc cumhachtach idir na hagóidí ar son chearta an luchta oibre i Sasana agus an dlúthpháirtíocht frith-choilíneach.

Ar an lá, bhailigh 10,000 duine ar Chearnóg Trafalgar. I measc na gcinnirí, bhí leithéidí Eleanor Marx, Annie Besant, William Morris agus George Bernard Shaw. Bhí buairt ar leith ar na húdaráis go gcruthófaí nasc idir an ghluaiseacht náisiúnach in Éirinn agus fearg an luchta oibre i Londain.

I Mí Dheireadh Fómhair scríobh ceannasaí Póilíní Chathair Londain, Sir Charles Warren, chuig Herbert Matthews, an Rúnaí Baile, ag lorg 20,000 constábla speisialta chun déileáil le cruinnithe sóisialach i Londain. D’áitigh Warren go raibh ‘contúirt ollmhór’ ann go ndéanfaí ionsaí ar an sealúchas agus go raibh na cainteoirí ag na cruinnithe ‘ag moladh do na haicmí bochta saibhreas na huasaicme a sciobadh’.

Cuireadh 2,000 póilíní agus 400 saighdiúir, chomh maith le póilíní ar chapaill, ar an gcearnóg an lá sin chun an léirsiú a chuir faoi chois. Rinne cinnirí na léirsitheoirí iarracht an chearnóg a shroicheadh, ach sheas fórsaí an stáit idir iad agus a sprioc.

Rinne na póilíní ruathar ar an slua sula i bhfad. Maraíodh beirt léirsitheoirí, gortaíodh go leor eile agus gabhadh 200 duine. Scríobh Edward Carpenter, sóisialach agus file, a bhí ann ar an lá ina chuimhní cinn faoin eachtra:

‘I was in the Square at the time. The crowd was a most good-humoured, easy going, smiling crowd; but presently it was transformed. A regiment of mounted police came cantering up. The order had gone forth that we were to be kept moving. To keep a crowd moving is I believe a technical term for the process of riding roughshod in all directions, scattering, frightening and batoning the people.’

Bhí uafás ar sciar maith den phobal mar gheall ar an méid a tharla ar an 13 Samhain ar Chearnóg Trafalgar. Bhí Alfred Linnell ar cheann de na daoine a básaíodh nuair a shatail ceann de chapaill na bpóilíní air. D’fhreastail na mílte ar a shochraid agus cháin leithéidí an scríbhneora George Bernard Shaw agus an cheannaire shóisialaigh Annie Besant an rialtas.

Spreag Domhnach na Fola tuilleadh gníomhaíochtaí sóisialacha ar son cearta oibrithe agus saoirse cainte ar fud na Breataine. Ba chor cinniúnach Domhnach na Fola, 1887. Laistigh de scór bliain nó mar sin, tháinig brú mór ar pholaiteoirí Liobrálacha córas leasa shóisialaigh a bhunú de bharr na streachailte leanúnaí lena n-áirítear eachtraí ar nós Dhomhnach na Fola.